First Previous (SCHEDULE 2) Next (SCHEDULE 4)

50 2001

CRIMINAL JUSTICE (THEFT AND FRAUD OFFENCES) ACT, 2001

SCHEDULE 3

Section 41.

Text in the Irish language of the Convention drawn up on the basis of Article K.3 of the Treaty on European Union, on the protection of the European Communities' financial interests done at Brussels on 26 July 1995

COINBHINSIÚN

arna dhréachtú ar bhonn Airteagal K.3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach maidir le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint

TÁ NA hARDPHÁIRTITHE CONARTHACHA sa Choinbhinsiún seo, Ballstáit den Aontas Eorpach,

AG TAGAIRT DÓIBH do Ghníomh ó Chomhairle an Aontais Eorpaigh an 29 Meitheamh 1995;

ÓS MIAN LEO a áirithiú go gcuidíonn a ndlíthe coiriúla go héifeachtach le leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint;

AG TABHAIRT DÁ nAIRE DÓIBH nach bhfuil calaois a dhéanann difear d'ioncam agus do chaiteachas an Chomhphobail teoranta do thír amháin i mórán cásanna, agus gur minic gur gréasáin choiriúla eagraithe údar na calaoise sin;

ÓS DEIMHIN LEO go n-éilíonn cosaint leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach go ndéanfar iompar calaoiseach a dhéanann díobháil do na leasanna sin a ionchúiseamh agus gur gá chun na críche sin sainmhíniú coiteann a ghlacadh;

ÓS DEIMHIN LEO gur gá iompar den sórt sin a dhéanamh inphionóis le pionóis choiriúla atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach, gan dochar don fhéidearthacht pionóis eile a chur i bhfeidhm i gcásanna iomchuí, agus gur gá ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha iompar den sórt sin a dhéanamh inphionóis le cailleadh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht as;

AG AITHINT DÓIBH go bhfuil ról tábhachtach ag gnóthais i réimsí arna maoiniú ag na Comhphobail Eorpacha agus nár chóir go néalóidís siúd a bhfuil cumhachtaí cinnteoireachta i ngnóthais acu óna bhfreagracht choiriúil in imthosca iomchuí;

ÓS É A RÚN DAINGEAN calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chomhrac le chéile trí oibleagáidí a ghlacadh ar láimh maidir le dlínse, eiseachadadh agus comhar frithpháirteach,

TAR ÉIS COMHAONTÚ AR NA FORÁLACHA SEO A LEANAS:

Airteagal 1

Forálacha ginearálta

1. Chun críocha an Choinbhinsiúin seo, is éard é calaois a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach:

(a) maidir le caiteachas, aon ghníomh nó neamhghníomh intinneach a bhaineann:

—  le húsáid nó tíolacadh ráiteas nó doiciméad atá bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán, arb é a néifeacht mídhílsiú nó coinneáil éagórach cistí as buiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó as buiséid arna mbainisteoireacht ag na Comhphobail Eorpacha nó thar a gceann,

—  le neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach ar a bhfuil an éifeacht chéanna,

—  le sraonadh cistí den sórt sin chun críocha eile seachas na críocha ar deonaíodh i dtosach báire chucu iad;

(b) maidir le hioncam, aon ghníomh nó neamhghníomh intinneach a bhaineann:

—  le húsáid nó tíolacadh ráiteas nó doiciméad atá bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán, arb é a néifeacht acmhainní bhuiséad ginearálta na gComhphobal Eorpach nó buiséad arna mbainisteoireacht ag na Comhphobail Eorpacha nó thar a gceann a laghdú go neamhdhíthiúil,

—  le neamhnochtadh faisnéise de shárú ar oibleagáid shonrach ar a bhfuil an éifeacht chéanna,

—  le sraonadh sochair arna fháil go dlíthiúil ar a bhfuil an éifeacht chéanna.

2. Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá agus is iomchuí chun forálacha mhír 1 a thrasuí ina dhlí coiriúil inmheánach ar dhóigh go ndéanfar cionta coiriúla den iompar dá dtagraítear sna forálacha sin.

3. Faoi réir Airteagal 2(2), glacfaidh gach Ballstát freisin na bearta is gá chun a áirithiú go ndéanfar cionta coiriúla de tharraingt suas nó soláthar intinneach ráiteas nó doiciméad bréagach, neamhbheacht nó neamhiomlán ar a bhfuil an éifeacht atá luaite i mír 1 mura bhfuil siad inphionóis cheana mar phríomhchion nó mar rannpháirteachas i gcalaois, gríosú chuici nó iarracht uirthi, mar atá calaois sainmhínithe i mír 1.

4. Féadfar cineál intinneach gnímh nó neamhghnímh dá dtagraítear i míreanna 1 agus 3 a infeiriú ó imthosca fíorasacha oibiachtúla.

Airteagal 2

Pionóis

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a áirithiú go mbeidh an t-iompar dá dtagraítear in Airteagal 1. maille le rannpháirteachas san iompar dá dtagraítear in Airteagal 1(1), gríosú chuige nó iarracht air, inphionóis le pionóis atá éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach lena n-áirítear, ar a laghad i gcásanna tromchúiseacha calaoise, pionóis lena mbaineann cailleadh saoirse a bhféadfaidh eiseachadadh teacht astu, ar an mbun tuisceana nach foláir a mheas mar chalaois thromchúiseach gach calaois a bhaineann le híosmhéid a shocrófar i ngach Ballstát. Ní fhéadfar an t-íosmhéid a shocrú ag méid is mó ná ECU 50 000.

2. Ar a shon sin, i gcásanna mionchalaoise a bhaineann le méid iomlán nach mó ná ECU 4 000 agus nach bhfuil imthosca tromchúiseacha ar leith i gceist iontu de réir a dhlíthe, féadfaidh Ballstát foráil do phionóis de chineál eile seachas na pionóis dá bhforáiltear i mír 1.

3. Féadfaidh Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag gníomhú di d'aon toil, an méid dá dtagraítear i mír 2 a athrú.

Airteagal 3

Dliteanas coiriúil ceannairí gnóthas

Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun gur féidir a dhearbhú, i geomhréir leis na prionsabail atá sainmhínithe ina dhlí náisiúnta, go bhfuil ceannairí gnóthas nó aon daoine a bhfuil cumhacht chinnteoireachta nó rialaithe acu laistigh de ghnóthas faoi dhliteanas coiriúil i geásanna calaoise a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, dá dtagraítear in Airteagal 1, arna déanamh ag duine faoina n-údarás thar ceann an ghnóthais.

Airteagal 4

Dlínse

1. Glacfaidh gach Ballstát na bearta is gá chun a dhlínse a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige de réir Airteagail 1 agus 2(1):

—  nuair is ar a chríoch a dhéantar, go hiomlán nó go páirteach, calaois, rannpháirteachas inti nó iarracht uirthi a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach, lena n-áirítear calaois a bhfuarthas a sochar ar an gcríoch sin,

—  nuair a chuidíonn duine ar a chríoch go feasach le calaois a dhéanamh ar chríoch aon Stáit eile nó nuair a aslaíonn sé go feasach é,

—  nuair is náisiúnach den Bhallstát i dtrácht an ciontóir, ar chuntar go bhféadfaidh dlí an Bhallstáit sin foráil go bhfuil an t-iompar inphionóis freisin sa tír inar tharla sé.

2. Tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a thabhairt. féadfaidh gach Ballstát a dhearbhú nach ndéanfaidh sé an riail á bhforáiltear sa tríú flease de mhír 1 den Airteagal seo a chur i bhfeidhm.

Airteagal 5

Eiseachadadh agus ionchúiseamh

1. Aon Bhallstát nach ndéanann a chuid náisiúnach a eiseachadadh faoina dhlí náisiúnta, glacfaidh sé na bearta is gá chun a dhlínse a bhunú i leith na gcionta atá bunaithe aige i gcomhréir le hAirteagail 1 agus 2(1) nuair a dhéanann a chuid náisiúnach iad lasmuigh dá chríoch.

2. Déanfaidh gach Ballstát, nuair a líomhnaítear go ndearna duine dá náisiúnaigh i mBallstát eile cion coiriúil lena mbaineann an tiompat atá tuairiscithe in Airteagail 1 agus 2(1) agus nuair nach neiseachadann sé an duine sin chuig an mBallstát eile de bhíthin a naisiúntachta amháin, an cás a chur faoi bhráid a n-údarás inniúil chun críocha ionchúisimh, más iomchuí. Chun gur féidir an t-ionchúiseamh a thabhairt ar aghaidh, seolfar na comhaid, an fhaisnéis agus ábhar eile a bhaineann leis an gcion de réir na nósanna imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 6 den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh. Coinneofar an Ballstát iarrthach ar an eolas faoin ionchúiseamh a thionscnáitear agus faoin toradh atá air.

3. Ní fhéadfaidh Ballstát an t-eiseachadadh a dhiúltú i gcás calaoise a dhéanann díobháil do leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach toise amháin gur cion é a bhaincann le cánacha nó dleachtanna custaim.

4. Chun críocha an Airteagail seo, forléireofar ‘náisiúnaigh Bhallstáit’ i gcomhréir le haon dearbhú arna dhéanamh aige faoi Airteagal 6(1)(b) den Choinbhinsiún Eorpach um Eiseachadadh agus le mír 1(c) den Airteagal sin.

Airteagal 6

Comhar

1. Má tá calaois mar atá sainmhínithe in Airteagal 1 ina cion coiriúil agus go mbaineann sí le dhá Bhallstát ar a laghad, comhoibreoidh na Ballstáit sin go héifeachtach san imscrúdú, san ionchúiseamh agus i bhforghníomhú an phionóis, mar shampla trí chúnamh dlíthiúil frithpháirteach, eiseachadadh, imeachtaí a aistriú nó pianbhreitheanna arna dtabhairt i mBallstát eile a fhorghníomhú.

2. Nuair atá dlínse ag níos mó ná Ballstát amháin agus caoi acu ionchúiseamh éifeachtach a dhéanamh arna bhunú ar na fíorais chéanna, comhoibreoidh na Ballstáit i dtrácht chun a chinneadh cé acu Ballstát a dhéanfaidh an ciontóir nó na ciontóirí a ionchúiseamh chun an t-ionchúiseamh a lárú i mBallstát amháin más féidir.

Airteagal 7

Ne bis in idem

1. Cuirfidh na Ballstáit an riail ‘ne bis in idem’ i bhfeidhm ina ndlíthe coiriúla náisiúnta; faoin riail sin, ní fhéadfar duine a bhfuil a thriail críochnaithe faoi dheireadh i mBallstát amháin a ionchúiseamh i mBallstát eile i leith na bhfíoras céanna, ar chuntar gur forghníomhaíodh aon phionós a gearradh, go bhfuil sé á fhorghníomhú fós nó nach féidir é a fhorghníomhú a thuilleadh faoi dhlíthe Bhallstát a ghearrtha.

2. Féadtaidh Ballstát, tráth an fhógra dá dtagraítear in Airteagal 11(2) a thabhairt, a dhearbhú nach mbeidh sé faoi cheangal ag mír 1 in aon chás amháin nó níos mó de na cásanna seo a leanas:

(a) más ar a chríoch féin, go hiomlán nó go páirteach, a tharla na fíorais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigríoch. Más go páirteach áfach, ní bheidh an eisceacht sin infheidhme má tharla na fíorais sin go páirteach ar chríoch an Bhallstáit inar tugadh an breithiúnas;

(b) más é atá sna fíorais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigríoch cion in éadan shlándáil an Bhallstáit sin nó in éadan leasa chomhriachtanaigh eile dá chuid;

(c) más oifigeach den Bhallstát sin a rinne. de shárú ar dhualgais a eifige, na fíorais ab ábhar don bhreithiúnas a tugadh ar an gcoigríoch.

3. Ní bheidh na heisceachtaí is ábhar do dhearbhú faoi mhír 2 infheidhme más rud é go ndearna an Ballstát i dtrácht, i leith na bhfíoras céanna, a iarraidh ar an mBallstát eile an t-ionchúiseamh a thionscnamh nó go ndearna sé eiseachadadh an duine lena mbaineann a dheonú.

4. Ní dhéanfaidh an tAirteagal seo difear do chomhaontuithe ábhartha déthaobhacha nó iltaobhacha atá curtha i gcrích idir Bhallstáit ná do dhearbhuithe ábhartha.

Airteagal 8

An Chúirt Bhreithiúnais

1. Ní foláir don Chomhairle aon díospóidí idir na Ballstáit maidir le léiriú nó cur i bhfeidhm an Choinbhinsiúin seo a phlé mar chéad chéim i gcomhréir leis an nós imeachta atá leagtha amach i dTeideal VI den Chonradh ar an Aontas Eorpach d'fhonn teacht ar réiteach.

Mura mbeidh réiteach faighte laistigh de thréimhse sé mhí, féadfaidh páirtí sa díospóid í a chur faoi bhráid Chúirt Bhreithiúnais na gComhphobal Eorpach.

2. Féadfar aon díospóid maidir le hAirteagal 1 nó 10 idir Ballstát amháin nó níos mó agus Coimisiún na gComhphobal Eorpach nárbh fhéidir a réiteach trí chaibidlíocht a chur faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais.

Airteagal 9

Forálacha inmheánacha

Ní choiscfidh aon fhoráil sa Choinbhinsiún seo na Ballstáit ar fhorálacha dlíthiúla inmheánacha a ghlacadh a théann thar na hoibleagáidí a leanann ón gCoinbhinsiún seo.

Airteagal 10

Páirtiú

1. Páirteoidh na Ballstáit le Coimisiún na gComhphobal Eorpach téacs na bhforálacha ag trasuí ina ndlí inmheánach na n-oibleagáidí a thiteann orthu de bhun fhorálacha an Choinbhinsiúin seo.

2. D'fhonn an Coinbhinsiún seo a chur i bhfeidhm, déanfaidh na hArdpháirtithe Conarthacha i gComhairle an Aontais Eorpaigh, an fhaisnéis nach mór a pháirtiú nó a mhalartú idir na Ballstáit nó idir na Ballstáit agus an Coimisiún agus rialacha mionsonraithe a páirtithe a shainiú.

Airteagal 11

Teacht i bhfeidhm

1. Beidh an Coinbhinsiún seo faoi réir a ghlactha ag na Ballstáit i gcomhréir lena rialacha bunreachtúla faoi seach.

2. Cuirfidh na Ballstáit in iúl d'Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaigh go bhfuil na nósanna imeachta is gá faoina rialacha bunreachtúla faoi seach chun an Coinbhinsiún seo a ghlacadh comhlíonta acu.

3. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm 90 lá tar éis don fhógra dá dtagraítear i mír 2 a bheith tugtha ag an mBallstát is déanaí a dhéanfaidh sin.

Airteagal 12

Aontachas

1. Beidh aontachas leis an gCoinbhinsiún seo ar oscailt d'aon Stát a thagann chun bheith ina Bhallstát den Aontas Eorpach.

2. Is téacs údarásach téacs an Choinbhinsiúin seo i dteanga an Stáit aontaigh, arna dhréachtú ag Comhairle an Aontais Eorpaigh.

3. Taiscfear na hionstraimí aontachais leis an taiscí.

4. Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm maidir le Stát aontach 90 lá tar éis dó a ionstraim aontachais a thaisceadh nó ar dháta an Choinbhinsiúin a theacht i bhfeidhm mura bhfuil sé tagtha i bhfeidhm fós tráth na tréimhse 90 lá sin a dhul in éag.

Airteagal 13

Taiscí

1. Is é Ardrúnaí Chomhairle an Aontais Eorpaidh taiscí an Choinbhinsiúin seo.

2. Foilseoidh an taiscí in Iris Oifigiúil na gComhphobal Eorpach faisnéis maidir leis an gCoinbhinsiún seo a ghlacadh agus aontachais leis, na dearbhuithe, na forchoimeádais agus gach fógra cile a bhaineann leis an gCoinbhinsiún seo.