|
||||
|
First | Previous (PART V The Special EU Programmes Body) | Next (PART VII The Foyle, Carlingford and Irish Lights Commission) |
BRITISH-IRISH AGREEMENT ACT, 1999
[GA] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
CUID VI An Foras Teanga | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Téacs i mBéarla. |
24. —Tá an téacs i mBéarla den alt seo agus d'ailt 25 go 30 leagtha amach sa Tábla a ghabhann eis an gCuid seo. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Mínithe (Cuid VI). |
25. —Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | déanfar “an Foras” a fhorléiriú de réir alt 26; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | ciallaíonn “an Chomhairle” an Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas nuair atá sí ag comhlíonadh feidhmeanna i ndáil leis an bhForas nó feidhmeanna de chuid an Fhorais. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Stádas an Fhorais. |
26. —(1) Sa Chuid seo, gairtear “an Foras” den chomhlacht forfheidhmithe le haghaidh teanga a bhunaítear leis an gComhaontú agus ar a dtugtar i mBéarla “The North/South Language Body” nó i nGaeilge “An Foras Teanga” nó in Ultais “Tha Boord o Leid”. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (2) Tabharfar aitheantas don Fhoras mar chomhlacht corpraithe agus mar chomhlacht ag a bhfuil na tréithe go léir de chuid comhlachta chorpraithe, lena n-áirítear comharbas suthain, an chumhacht chun talamh nó maoin eile a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt agus an chumhacht chun agairt a dhéanamh. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (3) Féadfar an Foras a agairt faoina ainm corpraithe. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Feidhmeanna an Fhorais. |
27. —(1) Is iad feidhmeanna an Fhorais, de réir mhír 1 d' Airteagal 2 den Chomhaontú, ná na feidhmeanna sin a shonraítear i gCuid 5 d'Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis an gComhaontú agus tá éifeacht le hailt 28 agus 41 chun críche na míre sin 1. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (2) De réir mhír 2 d'Airteagal 2 den Chomhaontú, beidh feidhm maidir leis an bhForas ag na socruithe a shonraítear i gCuid 5 agus i gCuid 7 d'Iarscríbhinn 2 a ghabhann leis an gComhaontú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (3) Beidh feidhm ag mír 1 d'Airteagal 3 den Chomhaontú maidir leis an bhForas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Feidhmeanna a aistriú chuig an bhForas. |
28. —(1) Déantar leis seo feidhmeanna Bhord na Gaeilge a aistriú chuig an bhForas. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (2) (a) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán, a mhéid a bhaineann na feidhmeanna sin le maoiniú na n-eagraíochtaí deonacha Gaeilge a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, a aistriú chuig an bhForas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (b) Féadfaidh an tAire le hordú, le comhaontú roimh ré ón gComhairle, an Tábla a ghabhann leis an alt seo a leasú trí thagairt d'aon eagraíocht Ghaeilge eile a chur leis an Tábla sin, trí thagairt d'eagraíocht den sórt sin a scriosadh as an Tábla sin nó trí iontráil maidir le heagraíocht den sórt sin sa Tábla sin a leasú. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (3) Déantar leis seo feidhmeanna an Aire Oideachais agus Eolaíochta— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (a) i ndáil le foilsitheoireacht ag an nGúm agus foilseacháin de chuid an Ghúim, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (b) i ndáil le forbairt téarmaíochta agus stóir focal ag an gCoiste Téarmaíochta, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | i nGaeilge, a aistriú chuig an bhForas. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (4) Déanfar tagairtí, nó tagairtí atá le forléiriú mar thagairtí— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (a) don Aire Ealaíon, Oidhreachta, Gaeltachta agus Oileán nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (b) don Aire Oideachais agus Eolaíochta nó don Roinn Stáit a bhfuil sé nó sí i gceannas uirthi, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | (c) do Bhord na Gaeilge, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] | in aon reacht nó in aon ionstraim arna déanamh faoi aon reacht agus a bhaineann le haon fheidhmeanna a aistrítear leis an alt seo a fhorléiriú, a mhéid a bhaineann siad leis na feidhmeanna sin, mar thagairtí don Fhoras. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN TáBLA | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
Bord na Gaeilge a dhíscaoileadh. |
29. —Díscaoiltear leis seo Bord na Gaeilge. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[GA] |
An tAcht um Bord na Gaeilge, 1978, a aisghairm. |
30. —Aisghairtear leis seo an tAcht um Bord na Gaeilge, 1978. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
AN TáBLA | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
TABLE | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
|