|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. TRATHANNA COISCITHE.) | Ar Aghaidh (CUID III. CLUBANNA.) |
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. CEADUCHAN. | |
[EN] |
Cosc ar dheocha meisciúla do dhíol gan ceadúnas. |
7. —(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, ní dhéanfidh éinne aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, ná do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, gan bheith ceadúnuithe go cuibhe chun iad do dhíol amhlaidh, ná in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann. |
[EN] | (2) Gach éinne dhéanfidh aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, no do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, gan bheith ceadúnuithe go cuibhe chun na deocha meisciúla san do dhíol amhlaidh agus gach éinne a dhéanfidh aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, no do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, mara n-íoca sé an fhíneáil sin, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí do chur air. | |
[EN] | (3) I dteanta aon phionóis eile a forchuirtar leis an alt so, éinne a ciontófar sa dara cionta no in aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so, no a ciontuíodh i gcionta fé alt 3 den Spirits (Ireland) Act, 1854, no fé alt 3 den Licensing Act, 1872, roimh rith an Achta so agus a ciontófar fén alt so, más sealbhóir é ar aon tsaghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol, caillfe sé an ceadúnas san. | |
[EN] | (4) Má ciontuítear éinne in aon chionta fén alt so féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é dhéanamh, a fhaisnéis go bhfuil i ngeallbhruid gach deoch mheisciúil a fuarthas ar seilbh ag an duine a ciontuíodh amhlaidh agus na hárthaí ina bhfuil an deoch san. | |
[EN] | (5) Ní déanfar oighrí, seiceadúirí, riarthóirí ná sannaithe aon duine cheadúnuithe a gheobhaidh bás roimh dhul in éag dá cheadúnas, ná iontaobhaí aon duine cheadúnuithe ar a dtabharfar breith mar dhuine ghnó-bhriste no a ndéanfar glana-suas ar a ghnó tré shocrú roimh dhul in éag dá cheadúnas, do chur fé aon phionós fén alt so mar gheall ar aon deocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun iad do dhíol no do chimeád chun iad do dhíol más san áitreabh a luaidhtear sa cheadúnas san a déanfar an díol no an taisbeáint no an cimeád san agus go ndéanfar é roimh shuidhe do Bhreitheamh na Cúirte Duithche sa líomatáiste cúirte ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte mar an gcéad uair tar éis ceithre lá déag o bhás an duine sin no o cheapa iontaobhaí i gcás a ghnó-bhriste no i gcás glana-suas a ghnótha tré shocrú, pe'ca aca é. | |
[EN] |
Cosc ar dhíol ar cáirde. |
8. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon tsealbhóir ceadúnais aon deoch mheisciúil do sholáthar chun í ól ina áitreabh ná d'éinne aon deoch mheisciúil d'ól san áitreabh in ar ceannuíodh í maran rud é— |
[EN] | (a) go n-íocfar as an digh mheisciúil in airgead síos sara soláthrófar í no le n-a linn sin, no | |
[EN] | (b) go n-ordófar agus go n-ólfar an deoch mheisciúil le linn béile bheith á ordú agus á chaitheamh, agus go n-íocfar aisti nuair a beifar ag íoc as an mbéile sin. | |
[EN] | (2) Gach sealbhóir ceadúnais a sholáthróidh agus gach éinne ólfidh aon deoch mheisciúil contrárdha don alt so beid ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a gciontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha má sé an chéad chionta acu é, agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, más sealbhóir ceadúnais an té a ciontófar, breacfar an ciontú ar a cheadúnas. | |
[EN] |
Díol dighe meisciúla i mbuidéil. |
9. —(1) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, a rá cá mhéid a bheidh na buidéil ina bhféadfar aon deoch mheisciúil áirithe do dhíol agus má bhíonn aon ordú den tsaghas san i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach an deoch mheisciúil a bheidh luaidhte san ordú do dhíol ná do sholáthar i mbuidéil d'aon mhéid seachas ceann de sna méideanna a bheidh ráite san ordú. |
[EN] | (2) Gach éinne a dhíolfidh no a sholáthróidh aon deoch mheisciúil contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin. | |
[EN] |
Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól san áitreabh. |
10. —Gach sealbhóir ceadúnais a dhéanfidh go feasach no a leigfidh d'éinne aon tsaghas dighe meisciúla do sholáthar do dhuine fé bhun ocht mblian ndéag d'aois chun go n-ólfidh an duine sin in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais í, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, breacfar an ciontú ar cheadúnas an té a ciontófar amhlaidh. |
[EN] |
Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól lasmuich den áitreabh. |
11. —(1) Gach éinne atá ina shealbhóir ar aon tsaghas ceadúnais le n-a n-údaruítear do deocha meisciúla do mhion-díol chun iad d'ól lasmuich den áitreabh agus a dhéanfidh go feasach, no a leigfidh d'éinne (ach mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) aon tsaghas dighe meisciúla do dhíol le héinne, no do sheachada d'éinne, fé bhun ocht mblian ndéag d'aois chun í ól lasmuich d'áitreabh an tsealbhóra ceadúnais, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar é phionósú dá réir sin. |
[EN] | (2) Gach éinne dhéanfidh (ach mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) éinne fé bhun ocht mblian ndéag d'aois do chur go haon áit ina ndintar deocha meisciúla do dhíol, do sheachada, no do roinnt chun aon tsaghas dighe meisciúla d'fháil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar é phionósú dá réir sin. | |
[EN] | (3) Gach éinne a gheobhfar ciontach ar an slí achmair i gcionta fén alt so, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, más sealbhóir ceadúnais é breacfar an ciontú ar a cheadúnas. | |
[EN] | (4) Ní bhainfidh an t-alt so— | |
[EN] | (a) le deocha meisciúla do sheachada in áit chomhnaithe no in áit oibre an cheannathóra, ná | |
[EN] | (b) le duine ceadúnuithe do chur duine dá theaghlach féin no a sheirbhísigh no a phrintísigh mar theachtaire chun deocha meisciúla a bheidh in árthaí séaluithe no corcálta do sheachada, ná | |
[EN] | (c) le deoch mheisciúil a seachadfar in árthach corcálta séaluithe nách lú ná piúnta an méid atá in ainm bheith ann do dhíol le duine os cionn cúig mblian ndéag d'aois no do sheachada dho, ná | |
[EN] | (d) le duine os cionn cúig mblian ndéag d'aois do chur ad iarraidh dighe meisciúla, má seachadtar an deoch san don duine sin in árthach corcálta séaluithe nách lú ná piúnta an méid atá in ainm bheith ann. | |
[EN] | (5) San alt so cialluíonn an focal “corcálta” dúnta le buaig no le stopóig, pe'ca de chorc no d'adhmad no de ghloine no d'abhar éigin eile atá sí déanta; cialluíonn an focal “séaluithe” daingnithe le haon tsubstaint nách féidir an corc, an bhuag, no an stopóg do tharrac amach gan í lot. | |
[EN] |
Fostú daoine óga. |
12. —Aon tsealbhóir ceadúnais a fhostóidh— |
[EN] | (a) aon chailín, eadhon drifiúr, leas-drifiúr, iníon, leas-iníon, no drifiúr chéile dho, atá in éintigheas leis agus atá fé bhun sé mblian ndéag d'aois, no | |
[EN] | (b) aon chailín eile fé bhun ocht mblian ndéag d'aois, no | |
[EN] | (c) aon gharsún fé bhun sé mblian ndéag d'aois nách príntíseach fé dhintiúir príntíseachta a dineadh roimh an 1adh lá de mhí na Samhna, 1924, | |
[EN] | chun aon tsaghas dighe meisciúla do dhíol chun í ól in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais, no a leigeann d'éinne acu san é sin do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, breacfar an ciontú ar cheadúnas an tsealbhóra ceadúnais a ciontófar amhlaidh. | |
[EN] |
Ol dighe in áitreabh ná fuil ceadúnaithe ach i gcóir ól lasmuich den áitreabh. |
13. —(1) Má dhineann éinne a cheannuigh aon deoch mheisciúil o shealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so an deoch san d'ól san áitreabh in ar díoladh leis í no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, beidh an sealbhóir ceadúnais sin ciontach i gcionta fén alt so más léir gur le n-a privité no le n-a thoil a dineadh an t-ól san agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus i gcás aon chionta ina dhiaidh sin beidh a cheadúnas i ngeallbhruid. |
[EN] | (2) Má dhineann éinne atá ar fostú ag sealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so a cheadú no a thoiliú go ndéanfí aon deoch mheisciúil a ceannuíodh ón sealbhóir ceadúnais sin d'ól san áitreabh in ar díoladh í no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, no más le n-a privité a hólfar í amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, mara n-íoctar an fhíneáil sin, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí. | |
[EN] | (3) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil, a ceannuíodh o shealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so, d'ól san áitreabh in ar díoladh í, no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air no, mara n-íoctar an fhíneáil sin, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí. | |
[EN] | (4) Má dhineann sealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so aon deoch mheisciúil do bhreith no d'iompar, no éinne eile d'fhostú no do cheadú chun í bhreith no í iompar, amach as áitreabh an tsealbhóra ceadúnais sin, no uaidh, chun go ndíolfí í thar a cheann no chun tairfe no sochair do, agus chun go ndéanfí í ól no í chaitheamh in aon tigh eile, no in aon chábán no seid, no in aon tsaghas eile foirgnimh in aon chor is leis an sealbhóir ceadúnais sin no atá ar cíos no in úsáid no ar seilbh aige, no ar no in aon áit, pe'ca tá sé dúnta isteach no ná fuil, agus pe'ca slí phuiblí í no nách ea, tuigfar gur dhin an té cheannuigh an deoch mheisciúil sin í ól in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais sin le n-a privité agus le n-a thoil, agus féadfar an sealbhóir sin do phíonósú dá réir sin fén alt so. | |
[EN] | In aon imeacht a bunófar fén bhfo-alt so, no le muinín as, ní bheidh sé riachtanach a chruthú go mba leis an sealbhóir ceadúnais an t-áitreabh no an áit no na háiteanna chun ar rugadh an deoch san chun í ól ná go rabhdar ar cíos no in úsáid no ar seilbh aige, má tugtar cruthúnas a chuirfidh ina luí ar an gcúirt a bheidh ag éisteacht na cúise gur chun dul o choiníollacha an cheadúnais a tugadh an deoch san ionta chun í ól ionta. | |
[EN] | (5) San alt so folóidh an focal “áitreabh in ar díoladh í” aon áitreabh buailte suas no in aice leis an áitreabh in ar díoladh an deoch go fírinneach agus is leis an sealbhóir ceadúnais céanna no atá fé n-a chúram no a húsáidtear le n-a chead. | |
[EN] | (6) Baineann an t-alt so le haon tsaghas ceadúnaisí le n-a n-údaruítear deocha meisciúla do mhion-díol chun iad d'ól lasmuich den áitreabh. | |
[EN] |
Buaine, léiriú agus luadh an Licensing (Ireland) Act, 1902. |
14. —(1) In ainneoin éinní contrárdha dho-san atá san Acht um Dhlithe atá ag Dul in Eug, 1924 , leanfidh an Licensing (Ireland) Act, 1902, mar a leasuítear é leis an alt so, i bhfeidhm, go dtí go gcinnfidh an tOireachtas a mhalairt. |
[EN] | (2) Nuair a bheidh an Licensing (Ireland) Act, 1902, á léiriú, tuigfar, o am rithte an Achta so agus dá éis sin, go gcialluíonn an focal “increase of population” méadú ar líon na ndaoine, do réir an áirimh dheiridh, a bheidh cúig is fiche per cent. ar a luíod os cionn an líon daoine a bhí ann do réir an áirimh a dineadh sa bhliain 1901. | |
[EN] | (3) San Acht so agus i ngach Acht eile den Oireachtas, pe'ca roimh an Acht so no ina dhiaidh a ritheadh é, folóidh an focal “The Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905” an Licensing (Ireland) Act, 1902. | |
[EN] |
Buan-chimeád ceadúnaisí áitreabhacha a scriosadh. |
15. —(1) Baineann an t-alt so le gach saghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh no lasmuich den áitreabh é) in áitreabh— |
[EN] | (a) atá suidhte lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath, agus | |
[EN] | (b) a scriosadh no dar dineadh damáiste i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, agus | |
[EN] | (c) ar ar dineadh an scrios no dar dineadh an damáiste i rith na coinbhliochta agus mar theangmhas sa choinbhliocht idir fórsaí armtha Rialtais Shealadaigh na hÉireann no Rialtais Shaorstáit Éireann agus daoine a bhí ag cur i gcoinnibh na bhfórsaí sin le hairm, agus | |
[EN] | (d) in ar cuireadh díol deocha meisciúla ar fionnraoi mar gheall ar an scrios no ar an damáiste sin. | |
[EN] | (2) Tuigfar (chun crícheanna athnuachainte agus chun crícheanna aon deimhnithe is gá i gcóir athnuachainte ach ní chun aon chríche eile) gach ceadúnas le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ag leanúint i bhfeidhm go dtí an t-am ina gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, agus é bheith dílsithe sa té a bhfuil teideal aige do réir dlí chun seilbh an áitreibh sin. | |
[EN] | (3) Go dtí go gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, féadfidh an té a bhfuil ceadúnas le n-a mbaineann an t-alt so dílsithe ann aon deimhniú breithimh is gá i gcóir athnuachainte d'iarraidh, agus féadfidh an chúirt an t-iarratas san do bhreithniú bíodh nách chun na cúirte dúithche ceadúcháin bliantúla a déanfar é. | |
[EN] | (4) Go dtí go gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, isé a bheidh in aon deimhniú i dtaobh stiúrú an ghnótha is gá i gcóir athnuachaint ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so ná deimhniú i dtaobh stiúrú an ghnótha ar feadh na tréimhse idir dáta na hathnuachainte deiridh a dineadh roimh scrios no damáiste an áitreibh cheadúnuithe agus dáta an scrios no an damáiste sin. | |
[EN] |
Breacfar ciontuithe áirithe ar an gceadúnas. |
16. —Má dintar sealbhóir aon tsaghas ceadúnais le n-a n-údaruítear deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh é no lasmuich de) do chiontú i gcionta in aghaidh aon achtacháin dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no in aghaidh aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh truailliú dighe, breacfar an ciontú ar cheadúnas an té a ciontófar amhlaidh. |
[EN] |
Na forálacha reachtúla i dtaobh ciontuithe do bhreaca á gcur i mbaint le ciontuithe do bhreaca fén |
17. —An fhoráil de sna Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh ciontuithe do bhreaca ar cheadúnaisí, bainfe sí le gach ciontú do bhreaca ar cheadúnaisí is gá do réir an Achta so a bhreaca ar cheadúnas an duine chiontuithe. |
[EN] |
Geallbhruide ceadúnaisí ar a mbeidh trí ciontuithe breactha. |
18. —(1) Má dintar sealbhóir aon tsaghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh é no lasmuich de), ceadúnas ar a bhfuil dhá chiontú breactha, do chiontú i gcionta ar gá, do réir an Achta so no do réir aon Achta eile, an ciontú ann do bhreaca, no a n-ordóidh an chúirt go dleathach é bhreaca, ar cheadúnas an duine a ciontófar ann, geallbhruidfar an ceadúnas san láithreach. |
[EN] | (2) Einne a ngeallbhruidfar a cheadúnas fén alt so, féadfa sé, laistigh de mhí tar éis an gheallbhruidthe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar pé slí a hordófar le rialacha cúirte, an geallbhruide sin do chur ar neamh-ní. | |
[EN] | (3) Ar éisteacht iarratais fén bhfo-alt san roimhe seo, más deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil sé ceart geallbhruide ceadúnas an iarratasóra do chur ar neamh-ní— | |
[EN] | (a) mar gheall ar chineál na gciontaí a bhfuil na ciontuithe ionta breactha ar cheadúnas an iarratasóra agus mar gheall ar a mbaineann leo, agus | |
[EN] | (b) mar gheall ar charachtar generálta an iarratasóra agus ar a oiriúnaí atá sé chun ceadúnas do bheith aige, | |
[EN] | buailfidh an chúirt amach as an gceadúnas san breaca cheann de sna ciontuithe atá breactha air, pé ceann is oiriúnach leis an gcúirt. | |
[EN] | (4) Aon ordú ón Ard-Chúirt fén bhfo-alt san roimhe seo le n-a mbuailfar breaca ciontú amach as ceadúnas, oibreoidh sé chun geallbhruide an cheadúnais sin fén alt so do chur ar neamhní o dháta an chiontuithe a dtáinig an geallbhruide dá dheascaibh. |