An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT AIRGID, 1925) Ar Aghaidh (CUID II. CUSTUIM AGUS MAL.)

28 1925

ACHT AIRGID, 1925

CUID I.

CAIN IONCUIM.

Cáin ioncuim agus barra-cháin i gcóir 1925-26.

1. —(1) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, éileofar cáin ioncuim do réir cheithre scillinge fén bpunt.

(2) I gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, éileofar barra-cháin do réir na rátaí céanna gur héilíodh í dá réir i gcóir na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.

(3) Na forálacha reachtúla agus na forálacha eile a bhí i bhfeidhm ar feadh na bliana dar thosach an 6adh lá d'Abrán, 1924, i dtaobh cánach ioncuim agus barra-chánach, beidh éifeacht acu uile agus fé seach, fé réir forálacha an Achta so, i dtaobh na cánach ioncuim agus na barra-chánach a héileofar mar adubhradh i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925.

Buanú ar an saoirse d'ioncum déarcaisí sa Bhreatain Mhóir agus i dTuaisceart Éireann.

2. —Deonfar na saoirsí céanna ón gcáin i gcóir na mblian uile agus fé seach dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1925, an 6adh lá d'Abrán, 1926, agus an 6adh lá d'Abrán, 1927, fé seach, a deonadh le halt 3 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), ón gcáin i gcóir na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1924.

Saoirse do phinsin agus d'aiscí mileata áirithe.

3. —(1) Aiscí mileata agus págh dí-shlógtha a deonadh d'oifigigh de sna Fórsaí Náisiúnta no d'Fhórsaí Cosanta Shaorstáit Éireann ar a ndí-shlóga beid saor agus tuigfar go rabhdar saor ón 5adh lá d'Abrán, 1923, o cháin ioncuim (le n-a n-áirítear barra-cháin) agus ní háireofar iad nuair a beifear ag áireamh ioncuim chun crícheanna na nAchtanna Cánach Ioncuim.

(2) Ar na pinsin chréachta agus mhí-chumais le n-a mbaineann alt 16 den Finance Act, 1919, áireofar gach pinsean agus aisce créachta a deonadh fén Acht Arm-Phinsean, 1923 (Uimh. 26 de 1923) , agus tuigfar gach pinsean agus aisce créachta den tsórt san do bheith ortha ón 5adh lá d'Abrán, 1922, agus léireofar an t-alt san 16 den Finance Act, 1919, agus beidh éifeacht aige dá réir sin.

(3) Má íoc éinne cáin ioncuim no barra-cháin thar mar a bheadh air a íoc dá mbeadh an t-alt so i bhfeidhm beidh teideal aige chun aisíoc na breise ar chruthú na ndátán chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta.

Saoirse do phroifit áirithe cumann talmhaíochta.

4. —(1) Aon phroifit no sochar airgid a thiocfidh chun cumainn talmhaíochta as taisbeántas no as seó a cuireadh ar bun chun crícheanna an chumainn beidh sé saor o cháin ioncuim más chun crícheanna an chumainn amháin a cuirfar é.

(2) San alt so cialluíonn an focal “cumann talmhaíochta” aon chumann no fundúireacht a bunuíodh mar mhaithe le talmhaíocht, le garnóireacht, le síolrú eallaigh stuic, no le foraoiseacht.

Folóidh an focal “interest” “íocaíocht.”

5. —I mír (b) den phrovíso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, tuigfar go bhfoluíonn an focal “interest” “íocaíocht.”

Faoiseamh o cháin a cáinmheasadh ar ioncum fé Chás V. de Sceideal D.

6. —Déanfar na Rialacha a bhaineann le Cás V de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht acu, fé is dá gcuirtí an Riail seo a leanas isteach ionta i ndiaidh Riail 4, sé sin le rá:—

“5.—Where a person who has been charged with tax in respect of income from a possession out of Saorstát Éireann proves that the total amount of tax, computed in accordance with Rule 1 of the Rules applicable to Cases I. and II. of Schedule D, which was paid in respect of that income for the first three complete years of assessment during which he was the owner of the possession exceeds the total amount which would have been paid if he had been assessed for each of those years on the actual amount of the income of each year, he shall be entitled to repayment of the excess.

An application for repayment under this Rule shall be made within twelve months after the end of the three years aforesaid, and shall be determined by the Special Commissioners, whose determination thereon shall be final and conclusive.”

Cáin ioncuim ar shaoránaigh a chomhnuíonn i gcéin o am go ham.

7. —Déanfar Riail 3 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceidil A, B, C, D, agus E den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aici, fé is dá gcuirtí na focail “Every citizen of Saorstát Éireann and” ina tosach.

Cuirfar teoranta áirithe aimsire níos sia ar aghaidh.

8. —(1) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar cáinmheas no céad-cháinmheas breise ar scór cánach ioncuim is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do leasú no do dhéanamh (pe'ca aca é) fé alt 125 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa.

(2) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar formhuirear ar scór cánach ioncuim is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do ghearra fé alt 126 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana gur ina haghaidh ba cheart éileamh do dhéanamh ar an té a cuirfar fé fhormhuirear.

(3) Fé réir forálacha an ailt seo, féadfar cáinmheas ar scór barra-chánach is inéilithe in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, do leasú, no féadfar cáinmheas no cáinmheas breise ar scór barrachánach is inéilithe mar adubhradh do dhéanamh, fé fho-alt (7) d'alt 7 den Income Tax Act, 1918, aon uair nách déanaí ná sé bliana tar éis deire na bliana cáinmheasa.

(4) Chun na gcrícheanna a bhaineann le cáin ioncuim no barracháin d'éileamh ar sheiceadúirí no ar riarthóirí duine mhairbh ar scór proifit no sochair airgid no ioncuim a tháinig no d'fhás chuige roimh a bhás, ní féadfar aon cheann de sna gníomhartha ná de sna nithe uile agus fé seach a luaidhtear sna fo-ailt sin roimhe seo den alt so do dhéanamh níos déanaí ná deire na tríú bliana tar éis na bliana cáinmheasa ina bhfuair an duine marbh bás.

Tuille aimsire chun faoisimh, etc., áirithe d'éileamh.

9. —(1) I gcás teangmhas den tsórt dá dtagartar in alt 25 (alt le n-a ndeontar faoiseamh o cháin ar scór ioncuim a carnadh fé iontaobhaisí) den Income Tax Act, 1918, do theacht sa bhliain dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aon bhliain cháinmheasa ina dhiaidh sin, léireofar an t-alt san, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “within six years after the end of the year of assessment” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “within three years after the end of the year of assessment” atá anois ann.

(2) Chó fada is bhaineann sé le héilithe ar aisíoc ar scór cánach ioncuim do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin, déanfar alt 41 (alt le n-a gcuirtar teora leis an aimsir i gcóir éilithe ar aisíoc) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “within six years next after the end of the year of assessment” do chur isteach ann in ionad na bhfocal “within three years next after the end of the year of assessment” atá anois ann.

(3) Chó fada is bhaineann sí le héilithe ar aisíoc ar scór cánach ioncuim do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana cáinmheasa ina dhiaidh sin, déanfar Riail 5 (Riail a bhaineann leis an aimsir chun liúntaisí d'éileamh) d'Uimh. V. de Sceideal A den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aici, fé is dá ndintí na focail “within six years after the expiration of the year of assessment” do chur inti in ionad na bhfocal “within three years after the expiration of the year of assessment” atá anois inti.

(4) In aon chás ina n-údaruítear leis na hAchtanna Cánach Ioncuim éileamh ar aisíoc cánach ioncuim do dhéanamh am áirithe no laistigh d'am áirithe (is giorra ná bliain) tar éis deire na bliana cáimheasa, féadfar an t-éileamh san do dhéanamh feasta áon uair laistigh de bhliain tar éis deire na bliana cáinmheasa.

Leasuithe áirithe maidir le pionóisí.

10. —(1) Aon uair laistigh de shé bliana tar éis an dáta ar a dtánathas fé aon fhíneáil no pionós fé sna hAchtanna Cánach Ioncuim, mar a leasuítear iad leis an Acht so, maidir no i mbaint leis an gcáin ioncuim no leis an mbarra-cháin do héilíodh in aghaidh na bliana dar tosach an 6adh lá d'Abrán, 1922, no in aghaidh aon bhliana ina dhiaidh sin, féadfar tosnú ar imeachta chun an fhíneáil no an pionós san do bhaint amach.

(2) Déanfar alt 30 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar éilithe calaoiseacha) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí na focail “five hundred pounds” i bhfo-alt (2) dhe in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa bhfo-alt san anois.

(3) Déanfar alt 107 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar fhaillí do thabhairt i seachada liostaí, faisnéisí, agus ráitisí) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá ndintí na focail “twenty pounds and treble the tax which he ought to be charged under this Act” do chur i mír (b) d'fho-alt (1) de in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa mhír sin anois.

(4) Déanfar alt 132 (alt le n-a bhforchuirtar pionóisí mar gheall ar mhaoin do chlaon-chasa go calaoiseach, etc.) den Income Tax Act, 1918, do léiriú, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí na focail “five hundred pounds” i bhfo-alt (2) dhe in ionad na bhfocal “fifty pounds” atá sa bhfo-alt san anois.

(5) Na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim le n-a bhforchuirtar pionóisí, no a bhaineann ar aon tslí eile le pionóisí, mar gheall ar ghníomhartha (a dineadh no a fágadh gan déanamh) maidir le cáin ioncuim, bainfid le pionóisí den tsórt chéanna mar gheall ar na gníomhartha dá samhail maidir le barra-cháin, agus oibreoid chun na pionóisí sin d'fhorchur, agus san fé réir forálacha fo-alt (4) d'alt 7 agus forálacha fo-alt (2) d'alt 8 den Income Tax Act, 1918, agus gan dochar dóibh.

An ráta cánach gur dá réir a déanfar aisíocanna áirithe.

11. —Aon aisíoc i gcáin ioncuim in aghaidh aon bhliana cáinmheasa, pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a tháinig deire na bliana san, aisíoc go mbeidh teideal ag éinne chuige ar scór aon lacáiste a lomháladh fé ailt 18 go 22 den Finance Act, 1920, no ar scór an luíoduithe ar an ráta cánach ar an gcéad dhá chéad is cúig púint fhichead d'ioncum ionchánuithe fé alt 23 den Acht san, is do réir an riail-ráta chánach i gcóir na bliana san a déanfar é, no do réir leath an ráta san, pe'ca aca é, ach beidh san fé réir pé ceartuithe is ceart i gcásanna ina dtabharfar faoiseamh fé Acht na gCánach Dúbalta (Faoiseamh), 1923 (Uimh. 8 de 1923) , no dá bhua: Ach i gcás éinne a chruthóidh, maidir le haon bhliain, go bhfuil sé gan ioncum ionchánuithe in aghaidh na bliana san de dheascaibh na lacáistí go bhfuil teideal aige chúcha, isé aisíoc a tabharfar do, má tugtar aon aisíoc do, ná aisíoc méid iomlán na cánach d'íoc sé, pe'ca tré lacáiste é no ar aon tslí eile, ar scór an ioncuim a bhí aige an bhliain sin.

Ceart athchomhairc i dtaobh ceisteanna buan-chomhnaí, comhnaí, agus gnáth-chomhnaí.

12. —(1) Einne ar a ngoillfidh breith na gCoimisinéirí Ioncuim ar aon cheist le n-a mbaineann an t-alt so, féadfa sé, tré fhógra i scríbhinn sa chéill sin do thabhairt do sna Coimisinéirí Ioncuim laistigh de dhá mhí ón dáta ar a dtabharfar fógra na breithe dho, a iarraidh go ndéanfidh na Coimisinéirí Speisialta a éileamh ar fhaoiseamh d'éisteacht agus breith do thabhairt air.

(2) Má dintar iarratas fén alt so, éistfidh na Coimisinéirí Speisialta an t-éileamh agus tabharfid breith air fé mar a dhéanfidís i gcás athchomhairc chúcha i gcoinnibh cáinmheasa agus na forálacha uile de sna hAchtanna Cánach Ioncuim a bhaineann le n-a leithéid d'athchomharc (forálacha ar a n-áirítear iad súd a bhaineann le cás d'aithris chun barúil na hArd-Chúirte d'fháil ar phonc dlí ach ná háirítear ortha forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918) agus aon atharuithe is gá déanta ortha, bainfid leis an scéal dá réir sin.

(3) Baineann an t-alt so leis na ceisteanna so a leanas:—

(a) aon cheist, i dtaobh buan-chomhnaí no gnáth-chomhnaí, a eireoidh fé mhír (a) de Riail 2 de sna Rialacha a bhaineann le Cás IV. de Sceideal D, no fé mhír (a) de Riail 3 de sna Rialacha a bhaineann le Cás V. de Sceideal D;

(b) aon cheist, i dtaobh comhnaí, a eireoidh—

(i) fé mhír (d) de Riail 2 de sna Rialacha Generálta a bhaineann le Sceideal C; no

(ii) fé Riail 7 de sna Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineann le Sceideal D maidir le héileamh ar aisíoc Cánach Ioncuim a déanfí ar na Coimisinéirí Ioncuim ag an té gur leis na stocanna, na cistí, na scaireanna, no na hurrúis agus 'na mbeadh teideal aige chun an ioncuim a thiocfadh asta san no 'na mbeadh teideal aige chun na mblianacht, na bpinsean, no na suim mbliantúil eile, pe'ca aca é, agus gur dineadh luíodú ar a ioncum mar gheall ar an gcáin ioncuim do cáinmheasadh agus do héilíodh fén Riail sin.

Beidh míniú ceangailte de bharántaisí dividendum, etc., ar as-bhaint chánach ioncuim.

13. —(1) Gach barántas, seic, no ordú eile a tarraiceofar no a déanfar no a thabharfidh le tuisgint gur tarraigeadh no gur dineadh é tar éis an 30adh lá de Mhí na Samhna, 1925, agus a cuirfar chun siúil no a seachadfar chun aon ús no dividendum d'íoc a bheidh á roinnt ag cuideachtain go bhfuil teideal acu chun cáin ioncuim do bhaint as an ús no as an dividendum san, beidh ráiteas i scríbhinn ceangailte dhe no ag gabháil leis ag taisbeáint—

(a) an mór-mhéid atá, ar bhaint na ceart-chánach ioncuim as, ar aon mhéid leis an méid a híocadh, agus

(b) ráta agus méid na cánach ioncuim a ghabhann leis an mór-mhéid sin, agus

(c) an méid glan a híocadh.

(2) Má dhineann cuideachta faillí in aon cheann d'fhorálacha an ailt seo do chó-líona, raghaidh an chuideachta fé fhíneáil deich bpunt ar scór gach cionta fé leith, ach ní raghaidh méid iomlán na bhfíneála a forchuirfar fén alt so ar aon chuideachtain mar gheall ar chiontaí maidir le haon íoc áirithe amháin no le haon roinnt áirithe amháin úis no dividenda, ní ragha sé thar céad punt.

(3) San alt so cialluíonn agus foluíonn an focal “cuideachta” cuideachta do réir brí an Companies (Consolidation) Act, 1908, agus cuideachta a bunuíodh le leitreacha paitinne, no le haon Reacht Briotáineach no Acht den Oireachtas no dá réir.

Luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc.

14. —Déanfar alt 6 (alt a bhaineann le luach saothair do dhaoine go bhfuil sé de chúram ortha ús, etc., d'íoc) den Acht Airgid, 1924 (Uimh. 27 de 1924) , do léiriú agus beidh éifeacht aige agus tuigfar go raibh éifeacht riamh aige fé is da ndintí an fo-alt so a leanas do chur ann in ionad an fho-ailt (1) atá anois ann, sé sin le rá:

“(1) Einne go bhfuil sé de chúram air aon ús, dividenda no íocaíochtaí bliantúla eile d'íoc is iníoctha amach as aon ioncum puiblí seachas ioncum Shaorstáit Éireann, no ar scór stocanna, cistí, scaireanna, no urrúsanna aon chuideachtan, cumainn, fionntair no gnótha choigríche, má chó-líonann sé na coiníollacha atá orduithe ag na Coimisinéirí Ioncuim fé fho-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923 ( Uimh. 21 de 1923 ), beidh teideal ag an duine sin chun liúntas d'fháil mar luach saothair, liúntas a háireofar tré fhéachaint ar mhéid na ndividenda, an úis, no na n-íocaíocht mbliantúil eile gur có-líonadh na coiníollacha san in a dtaobh, agus a shocróidh an tAire Airgid do réir ráta no rátaí nách lú in aon chás ná trí scillinge déag agus sé pingne in aghaidh gach míle punt den méid sin.”

Faisnéis i dtaobh éifeacht alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 .

15. —Maidir leis an méid d'alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925 ( Uimh. 5 de 1925 ), le n-a n-achtuítear go dtuigfar, chun crícheanna meas agus gearra rátaí áirithe, go bhfuil luacháil foirgintí áirithe fé sna hAchtanna Luachála luíoduithe dhá dtrian, faisnéistear agus achtuítear leis seo, chun deire do chur le hamhruis, ná baineann an méid sin agus ná bainfe sé leis an luach bliantúil 'na bhfuigfar amach, tré fhéachaint air, an cháin ar scór na bhfoirgintí sin fé Sceidil A agus B den Income Tax Act, 1918, agus ná hoibríonn agus ná hoibreoidh sé chun an luach san do luíodú, agus faisnéistear agus achtuítear fós leis seo go dtuigfar, in ainneoin an ailt sin 69 ach gan dochar don phrovíso a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 187 den Income Tax Act, 1918, gurb é is luach bliantúil do sna foirgintí sin, chun an cháin sin do dhéanamh amach, ná lán-mhéid na luachála ortha atá i bhfeidhm de thurus na huaire fé sna hAchtanna Luachála.