An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncuim.) Ar Aghaidh (CUID III. Diuitethe Bais.)

35 1926

ACHT AIRGID, 1926

CUID II.

Custuim agus Mal.

Deire le diúité máil ar lionn ubhall agus ar lionn pioraí.

6. —Na diúitéthe máil is ionmhuirearuithe fé alt 28 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh 28 de 1925 ) ar lionn ubhal agus ar lionn pioraí, scuirfid de bheith ionmhuirearuithe no inghearrtha an 1adh lá d'Iúl, 1926, agus as san amach, agus ní bheidh aon diúité máil ionmhuirearuithe ná inghearrtha ar lionn ubhall ná ar lionn pioraí a díolfar no a cimeádfar le díol i Saorstát Éireann ar an dáta san ná dá éis sin.

Diúité ar mhin choirce.

7. —Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum do réir dhá scilling agus reul an céad meáchaint ar an min choirce go léir a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin.

Diúité ar ghléasa aer-thelegrafa.

8. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité custum is có-ionann le trí déag ar fhichid is trian per cent. de luach na hearra ar gach gléas chun teachtaireachtaí no conbharsáidí eile do sheola agus do ghlaca, no chun a seolta amháin no chun a nglactha amháin, tré aer-thelegraf, pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán don ghléas san, agus ar gach fíor-chuid agus cabhair (ar a n-áirítear cásanna, caibinéadaí, agus gléasa coinnéala eile) den agus don ghléas san pe'ca déanta i bpáirt no go hiomlán do sna coda agus do sna cabhartha san, a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann an 22adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so muirearófar agus gearrfar é in áit agus in ionad aon diúité chustum eile do bheadh ionmhuirearuithe ar aon earra den tsórt san mara mbeadh so.

(3) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra is ionúsáidthe mar fhíor-chuid d'aon ghléas den tsórt san roimhráite no mar chabhair do, go bhfuil sí a hiomportáil chun í d'úsáid no go n-usáidtí agus go n-úsáidtear í chun críche éigin eile amháin, ansan, fé réir pé forálacha (más aon cheann) is oiriúnach leo d'fhorchur, déanfidh na Coimisinéirí Ioncuim ceachtar acu so (pe'ca aca is gá sa chás): leigfid an earra d'iomportáil gan an diúite a forchuirtar leis an alt so d'íoc no aisíocfid aon diúité den tsórt san a híocadh nuair a hiomportáladh í.

(4) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra a dlightear a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so, go bhfuil sí á hiomportáil chun í d'úsáid chun na críche seo amháin, eadhon, chun teagasg in aer-thelegrafaíocht do thabhairt no do ghlaca i scoil no i gcoláiste, féadfid, fé réir chólíona pé coiníollacha (más ann dóibh) is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an earra san gan an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc.

(5) Ní bhainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí a dlightear a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so, agus aon earraí den tsórt san a hath-iomportálfar isteach i Saorstát Éireann tar éis a n-easportála amach as beid saor ón diúité roimhráite má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim—

(a) nár hiomportáladh na hearraí sarar heasportáladh iad; no

(b) gur roimh an 22adh lá d'Abrán, 1926, a céadiomportáladh na hearraí; no

(c) gur ar an 22adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin a céadiomportáladh na hearraí, agus gur híocadh an diúité roimhráite ortha go cuibhe;

Ach ní tuigfar chun crícheanna na forála so gur hiomportáladh ná gur heasportáladh earraí nár hiomportáladh agus nár heasportáladh ach amháin ar turus fé bhanna.

(6) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon earra leath-dhéanta a dlightear a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so, gur chun tuille déantóireachta do dhéanamh uirthi agus chun i d'easportáil ina dhiaidh sin atá sí á hiomportáil, féadfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, a cheadú go n-iomportálfar an earra san gan an diúité roimhráite d'íoc.

(7) Tuigfar gurb é is luach d'aon earra chun crícheanna an ailt seo ná an praghas a thabharfadh iomportálaí ar an earra dá ndintí an earra do sheachada fé bhanna in áit na hiomportála agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, agus ar an luach san, mar a shocróidh na Coimisinéirí Ioncuim é, isea a híocfar diúité.

(8) San alt so foluíonn an focal “aer-thelegraf” aer-thelefón.

Méadú ar na diúitéthe breise ar bhiotáille neamh-aibidh.

9. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum breise ar bhiotáille neamh-aibidh a luaidhtear i gCuid II. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, muirearófar, gearrfar, agus íocfar an 22adh lá d'Iúl, 1926, agus as san amach, na diúitéthe custum breise ar bhiotáille neamh-aibidh a luaidhtear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(2) In ionad na ndiúitéthe máil breise ar bhiotáille neamhaibidh a luaidhtear i gCuid III. den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, muirearófar, gearrfar, agus íocfar, an 22adh lá d'Iúl, 1926, agus as san amach, an diúité máil breise ar bhiotáille neamh-aibidh a luaidhtear i gCuid II. den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

(3) Ní déanfar na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so do mhuirearú ná do ghearra ar aon mheascán, cumasc, ná ullamhóid ar a muirearuítear diúité tar éis a iomportála mar gheall ar an mbiotáille a bhíonn ann no a húsáidtear ina ullamhú no ina dhéanamh más meascán, cumasc, no ullamhóid é a admhuíonn na Coimisinéirí Ioncuim a húsáidtear chun crícheanna leighis.

(4) Má chuireann éinne ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim, i dtaobh aon bhiotáille ar ar híocadh an diúité a forchuirtar leis an alt so, gur biotáille í ná baineann na sriantachtaí léi atá san Immature Spirits (Restriction) Act, 1915, mar a leasuíodh é le haon Acht do rith no a rithfidh an tOireachtas sa bhliain airgeadais atá anois ann, agus gur seachadadh an bhiotáille sin do agus nár úsáid sé í ach amháin i ndéanamh no in ullamhú earra a admhuíonn na Coimisinéirí Ioncuim mar earra a húsáidtear chun crícheanna leighis no gur húsáideadh í chun crícheanna eolaíochta, beidh an duine sin i dteideal, fé réir chólíona na rialachán a dhin no a dhéanfidh na Coimisinéirí Ioncuim fé alt 4 den Finance Act, 1918, aisíoc d'fháil o sna Coimisinéirí Ioncuim i méid an diúité a forchuirtar leis an alt so agus do híocadh ar an mbiotáille do húsáideadh amhlaidh.

Diúitéthe breise ar fhíonta.

10. —(1) In ionad na ndiúitéthe custum atá ar fhíon fé láthair, déanfar (fé réir forálacha an Achta so) na diúitéthe custum so a leanas do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc an 22adh lá d'Abrán, 1926, agus as san amach, ar gach fíon a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, sé sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Nách mó ná 30 grád a bhiotáille phromhtha, an galún     ...     ...     ...     ...

0

5

0

Gur mó ná 30 grád ach nách mó ná 42 ghrád a bhiotáille phromtha, an galún     ...     ...

0

12

0

Agus in aghaidh gach gráid no cuid de ghrád thar an méid is aoirde a muirearuítear thuas, diúité breise, an galún     ...     ...     ...

0

1

0

Fíon drithleach sa bhuideul diúité breise, an galún     ...     ...     ...     ...     ...

1

5

0

Fíon nea-dhrithleach sa bhuideul, diúité breise, an galún     ...     ...     ...     ...

0

4

0

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a forchuirtar leis an alt so, agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

(3) Chun crícheanna an ailt seo tuigfar gur fíon drithleach a hiomportáladh sa bhuideul fíon a dineadh drithleach no fiuchúil agus a buideuladh sa stóras, agus ar a sheachada chun a ólta i Saorstát Éireann cuirfar é fé mhuirear an diúité a forchuirtar ar fhíon drithleach leis an alt so agus an t-am a hiontrálfar an fíon chun a ólta i Saorstát Éireann tuigfar gurb é sin am a hiomportáladh é.

(4) San alt so foluíonn an focal “fíon” dríodar fíona.

Diúitéthe nua iomportála do bhuanú.

11. —(1) Na diúitéthe nua iomportála a forchuireadh ar dtúis le halt 12 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh (tar éis an diúité ar phlátaí ceoil agus ar ghléasanna eile athsheinnte ceoil d'eisceacht) go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1926, le halt 23 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra agus d'íoc an 1adh lá san de Bhealtaine, 1926, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Bhealtaine, 1927, ach cimeádfar an eisceacht roimhráite agus déanfar eisceacht eile den diúité ar scannáin fholmha gan pictiúirí ortha.

(2) Más deimhin leis na Coimisinéirí Ioncuim gur cabhair chun oideachais aon scannán cinematografach áirithe a hiomportálfar isteach i Saorstát Éireann, déanfid, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an scannán san do leigint saor o íoc an diúité, ar scannáin chinematografacha, a háirítear ar na diúitéthe a buanuítear leis an alt so.

(3) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Na diúitéthe breise ar thorthaí tiormuithe do bhuanú.

12. —(1) Na diúitéthe breise, ar thorthaí tiormuithe, a forchuireadh ar dtúis le halt 8 den Finance (No. 2) Act, 1915, agus a buanuíodh go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1926, le halt 24 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), leanfar d'iad do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc an 1adh lá san de Lúnasa, 1926, agus ón lá san go dtí an 1adh lá de Lúnasa, 1927.

(2) Bainfidh forálacha alt 8 den Finance Act, 1919, leis na diúitéthe a buanuítear leis an alt so agus an focal “Saorstát Éireann” ionta in ionad an fhocail “Great Britain and Ireland.”

Saoirse bhreise ón diúité ar chóir ghléasta.

13. —An diúité a forchuirtar le halt 16 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ), ní muirearófar ná ní gearrfar é ar aon fhíorchoda d'fháscadáin a bheidh déanta ar fad no nách mor ar fad d'abhair neamh-fhighteacha.

Leasú ar alt 29 den Acht Airgid, 1924 .

14. —An méid d'fho-alt (1) d'alt 29 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), le n-a n-achtuítear ná bainfidh alt 6 den Customs and Inland Revenue Act, 1879, le hearraí a dlightear a chur fén diúité a forchuirtar le halt 22 den Acht Airgid, 1924 , adubhradh, scuirfe sé d'éifeacht do bheith aige, agus léireofar an t-alt san 29 agus beidh éifeacht aige fé is dá leigtí ar lár ann na tagairtí uile atá ann don diúité sin.

Leasú ar alt 15 den Acht Airgid, 1924 .

15. —Léireofar fo-alt (3) d'alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), agus beidh éifeacht aige fé is dá leightí ar lár ann an focal “caramel.”

Saoirse do shubstaintí áirithe ón diúité ar mhalartáin ghallúnaí.

16. —Ní déanfar an diúité custum a forchuirtar le halt 21 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ), ná an diúité custum a forchuirtar le halt 22 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ) do mhuirearú ná do ghearra ar aon tsubstaint acu so a leanas nuair a hiomportálfar í ar aon tslí eile ach mar chuid no mar tháthchuid d'aon earra no ullamhóid, sé sin le rá, sóide charbonáide, sóide shillicáide, sóda dóiteach, potáise carbonáide, pobual dóiteach, amóine, no bórax.

Saoirse d'earraí áirithe leighis o aon diúité.

17. —Earraí a dlightear a chur fé dhiúité fé alt 15 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ) no fé alt 16 den Acht san no fé alt 21 den Acht Airgid, 1925 ( Uimh. 28 de 1925 ) agus ná fuil aon táthchoda indiúite ionta ach sacairín i méid nách mó ná aon per cent., agus go gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim ina dtaobh ná fuilid ceaptha le húsáid ach mar gheall no mar chosc no mar leigheas ar ghalar, déanfar, fé réir chólíona pé coiníollacha is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim d'fhorchur, iad do leigint isteach gan aon diúité d'íoc ortha pe'ca le halt de sna hailt sin no le n-a mhalairt a forchuirtar é.

Saoirse do choimhlintí con ón diúité siamsa.

18. —An 1adh lá de Mhí na Samhna, 1926, agus dá éis, ní déanfar diúité siamsa do réir bhrí alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, do mhuirearú ná do ghearra ar íocaíochta chun dul isteach chun aon tsiamsa 'na gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim gur coimhlint no coimhlintí idir coin é go léir.

Biotáille do bhuidéala i stóraisí.

19. —(1) Léireofar alt 68 den Spirits Act, 1880, agus beidh éifeacht aige fé is ndintí an dá fho-alt so a leanas do chur isteach ann fé seach in ionad fo-alt (3) agus fo-alt (7) fé seach atá anois ann, sé sin le rá:—

“(3 If the spirits are for home consumption they must be drawn off into either—

(a) imperial or reputed quart bottles; or

(b) imperial or reputed pint bottles; or

(c) imperial one-half-pint bottles; or

(d) imperial one-quarter-pint bottles; or

(e) imperial one-eighth-pint bottles,

and packed in cases containing either—

(f) one or more dozen imperial or reputed quart bottles; or

(g) two or more dozen imperial or reputed pint bottles; or

(h) thirty-two imperial one-half-pint bottles or any multiple of thirty-two imperial one-half-pint bottles; or

(i) sixty-four imperial one-quarter-pint bottles or any multiple of sixty-four imperial one-quarter-pint bottles; or

(j) one hundred and twenty-eight imperial one-eighth-pint bottles or any multiple of one hundred and twenty-eight imperial one-eighth-pint bottles.

“(7) Spirits so bottled may not be removed for home consumption—

(a) by a distiller who is not licensed as a dealer, in a quantity less than—

(i) five dozen imperial or reputed quart bottles, or

(ii) ten dozen imperial or reputed pint bottles, or

(iii) one hundred and sixty imperial one-half-pint bottles, or

(iv) three hundred and twenty imperial one-quarter-pint bottles, or

(v) six hundred and forty imperial one-eighth-pint bottles;

(b) by any other person in a quantity less than—

(i) one dozen imperial or reputed quart bottles, or

(ii) ten dozen imperial or reputed pint bottles, or

(iii) thirty-two imperial one-half-pint bottles, or

(iv) sixty-four imperial one-quarter-pint bottles, or

(v) one hundred and twenty-eight imperial one-eighth-pint bottles.”

(2) Athghairmtear leis seo alt 3 den Customs and Inland Revenue Act, 1880, agus ina ionad san achtuítear leis seo, i dtaobh biotáille iasachta do buideuladh do réir rialachán na gCoimisinéirí Ioncuim in aon stóras custum no máil—

(a) i mbuidéil cháirt reachtúla no cháirt do réir cháile, no

(b) i mbuidéil phiúint reachtúla no phiúint do réir cháile, no

(c) i mbuidéil leath-phiúint reachtúla, no

(d) i mbuidéil cheathrú piúint reachtúla, no

(e) i mbuidéil ochtú piúint reachtúla,

agus do pacáladh i gcásanna ina bhfuil—

(f) dosaen no níos mó de bhuidéil cháirt reachtúla no cháirt do réir cháile, no

(g) dhá dhosaen no níos mó de bhuidéil phiúint reachtúla no phiúint do réir cháile, no

(h) dhá cheann déag ar fhichid de bhuidéil leath-phiúint reachtúla no aon iolrú ar dhá cheann déag ar fhichid de bhuidéil leath-phiúint reachtúla, no

(i) ceithre cinn is trí fichid de bhuidéil cheathrú piúint reachtúla no aon iolrú ar cheithre cinn is trí fichid de bhuidéil cheathrú piúint reachtúla, no

(j) céad is ocht gcinn fhichead de bhuidéil ochtú piúint reachtúla no aon iolrú ar chéad is ocht gcinn fhichead de bhuidéil ochtú piúint reachtúla,

go bhféadfar í d'iontráil agus d'fhuascailt chun a hólta i Saorstát Éireann agus, ar sheachada na biotáille sin chun a hólta i Saorstát Éireann, muirearófar an ráta so a leanas i dteanta na ndiúitéthe custum agus aon mhuirearacha eile uirthi, sé sin le rá:—

ar gach dosaen de bhuidéil cháirt reachtúla no cháirt do réir cháile no dhá dhosaen de bhuidéil phiúint reachtúla no phiúint do réir cháile no dhá cheann déag ar fhichid de bhuidéil leath-phiúint reachtúla no ceithre cinn is trí fichid de bhuidéil cheathrú piúint reachtúla, no céad is ocht gcinn fhichead de bhuidéil ochtú piúint reachtula -   -   -   -   -   -   -   leathreul,

agus tuigfar gur diúité custum no gur diúité máil an ráta san do réir mar a bheidh sé iníoctha ar bhiotáille a seachadadh o stóras custum no o stóras máil.

Diúitéthe méaduithe ar fheithiclí inneallghluaiste.

20. —(1) Na diúitéthe máil is ionmhuirir fé alt 13 den Finance Act, 1920, ar fheithiclí inneall-ghluaiste, muirearófar, gearrfar, agus íocfar iad an 1adh lá d'Eanair, 1927, agus ón lá san amach, do réir na rátaí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so in ionad na rátaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, adubhradh.

(2) Má íoctar diúité fen alt san 13 den Finance Act, 1920, an 22adh lá de Bhealtaine, 1926, no dá éis sin, agus roimh an 1adh lá d'Eanair, 1927, ar fheithicil den tsaghas a luaidhtear i bhfomhír (a) de mhír 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, muirearófar, gearrfar, agus íocfar an diúité sin do réir an ráta a luaidhtear sa bhfo-mhír sin (agus an luíodú air is dílis don tréimhse dar híocadh an diúité) in ionad an ráta a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, adubhradh

(3) Fo-ailt (2), (3) agus (5) den alt san 13 den Finance Act, 1920, mar a leasuítear agus a hoiriúnuítear é le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus fós gach ordú agus rialachán a dineadh fútha san roimhe seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, bainfid leis na diúitéthe sin nuair a muirearófar iad do réir na rátaí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so chó hiomlán agus bhainid leis na diúitéthe sin nuair a muirearuítear iad do réir na rátaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, adubhradh.

(4) Athghairmtear leis seo fo-alt (4) den alt san 13 den Finance Act, 1920, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná déanfar aon diúité do mhuirearú ná do ghearra fén alt san 13, mar a leasuítear leis an alt so é—

(a) ar chartacha salachair, ar innill scuabtha, ná ar innill uisce ná húsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre puiblí do ghlana, ná

(b) ar leaba-chóistí, ar rollóirí bóthair ná ar innill tóiteán, ná

(c) ar fheithiclí a chimeádann údarás áitiúil agus ná húsáidtear ach chun críche seirbhís bhríogáid tóiteán an údaráis áitiúla san.

(5) An Roads Act, 1920, agus gach ordú a dineadh fé roimhe seo agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire, bainfid leis na diúitéthe is ionmhuirir fén alt san 13 den Finance Act, 1920, nuair a muirearófar iad do réir na rátaí a luaidhtear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht so, chó hiomlán agus bhainid leis na diúitéthe sin nuair a muirearuítear iad do réir na rátaí a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, adubhradh, agus maidir le gach tagairt sa Roads Act, 1920, adubhradh, don alt san 13, déanfar, nuair a bhainfe sí leis na diúitéthe sin agus iad á muirearú do réir na rátaí a luaidhtear sa Tríú Sceideal san a ghabhann leis an Acht so, í do léiriú mar thagairt don alt san 13 mar a leasuítear leis an alt so é agus mar a dintar tríd sin é chur i mbaint.

Diúité máil ar cheadúnaisí tiomána gluaisteáin.

21. —(1) An táille cúig scillinge is iníoctha fé fho-alt (2) d'alt 3 den Motor Car Act, 1903, ar thógaint amach ceadúnais tiomána gluaisteáin, ní bheidh sí iníoctha ar aon cheadúnas den tsórt san a tógfar amach an 22adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin agus in ionad na táille sin muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité máil deich scillinge ar agus ag gach duine a thógfidh amach ceadúnas tiomána gluaisteáin fén alt san 3 an 22adh lá d'Abrán, 1926, no dá éis sin.

(2) Is ar thógaint amach an cheadúnais a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar an diúité sin agus an chomhairle a dheonfidh an ceadúnas isiad a bhaileoidh agus is leo a híocfar é agus íocfidh an chomhairle sin isteach sa Stát-Chiste é do réir pé treoracha a thabharfidh an tAire Airgid dóibh o am go ham.

(3) An 22adh lá d'Abrán, 1926, agus ón lá san amach, beidh ag gach comhairle chontae no chontae-bhuirge agus ag á n-oifigigh, laistigh dá gcontae no dá gcontae-bhuirg féin, chun an diúité a forchuirtar leis an alt so do bhailiú, na comhachta, na dualgaisí, agus na fiachaisí céanna atá ag na Coimisinéirí Ioncuim agus ag á n-oifigigh maidir le diúitéthe máil, agus gach achtachán i dtaobh diúitéthe máil agus i dtaobh pionóisí agus fíneálacha a bhaineann leo, bainfe sé leis an gcás dá réir sin.

Diúité ar cheadúnas geall-ghlacadóra.

22. —Déanfar diúité máil do réir na rátaí seo a leanas do mhuirearú, do ghearra, agus d'íoc as agus ar gach ceadúnas chun gníomhuithe agus chun gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir a tabharfar amach fé aon Acht a ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, sé sin le rá:—

(a) ar cheadúnas ina ndeirtar feidhm do bheith aige ar feadh bliana—deich bpúint,

(b) ar cheadúnas ina ndeirtar feidhm do bheith aige ar feadh aon tréimhse is giorra ná bliain—dhá phunt in aghaidh gach lae den tréimhse sin.

Diúité ar áitreabh cláruithe chun glactha geall.

23. —(1) Muirearófar, gearrfar, agus íocfar diúité máil d'fhiche punt ar chlárú agus fós ar gach athnuachaint ar chlárú aon áitribh in aon chlár d'áitreabhacha a bheidh á choinneáil suas fé aon Acht a ritheadh no a rithfar sa bhliain airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, chun a shocrú go gclárófar áitreabhacha ina mbíonn gnó glactha gcall ar siúl.

(2) An té a bheidh iontrálta sa chlár san mar dhílseanach ar an áitreabh gurb ionmhuirir an diúité ar a chlárú no ar athnuachaint a chláruithe, is air-sean a muirearófar agus a gearrfar agus isé a íocfidh an diúité a forchuirtar leis an alt so.

Diúité ar gheallta.

24. —(1) Gach geall-ghlacadóir a chuirfidh, a leagfidh no a dhéanfidh ar aon tslí eile aon gheallta an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1926, no dá éis sin, muirearófar agus gearrfar air, agus íocfa sé diúité máil (dá ngairmtear an diúité ar gheallta san Acht so) do réir na rátaí a luaidhtear ina dhiaidh seo anso ar mhéid gach gill a dhéanfa sé an 1adh lá san de Mhí na Samhna, 1926, no dá éis sin, sé sin le rá, más rás capall an ní is abhar don gheall agus má dintar an geall le linn rásanna gur ceann acu an rás san agus san áit ina bhfuil na rásanna san ar siúl, no más coimhlint chon no rás no rásanna ina leithéid sin de choimhlint an ní is abhar don gheall agus má dintar an geall le linn na coimhlinte sin no le linn na rásanna gur rás acu an choimhlint sin agus san áit ina bhfuil an choimhlint sin ar siúl, dó go leith per cent. de mhéid an ghill agus, i ngach cás eile, cúig per cent. de mhéid an ghill.

(2) Chun críche an ailt seo isé is méid gill ann ná an tsuim airgid go mbeidh teideal ag an ngeall-ghlacadóir, do réir téarmaí an ghill, chun é fháil, é choinneáil, no é chur i gcreidiúint do féin más i bhfabhar do a críochnófar an ní is abhar don gheall.

(3) Má cuirtar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim geall ar ab ionmhuirir an diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith tar éis tuitim ar lár ar aon chúis seachas có-aontú na bpáirtithe go raibh sé eatorra, no méid gill ar ab ionmhuirir an diúité a forchuirtar leis an alt so do bheith gan bailiú ag an ngeall-ghlacadóir agus nách dócha go mbaileoidh sé é, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an diúité do híocadh ar scór an ghill sin d'aisíoc no an diúité is ionmhuirir ar an ngeall san do mhaitheamh (pe'ca aca is gá sa chás).

(4) Gach éinne ná déanfidh no a leigfidh i bhfaillí aon tsuim is iníoctha aige ar scór an diúité a forchuirtar leis an alt so d'íoc beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

Rialacháin i dtaobh an diúité ar gheallta d'íoc.

25. —(1) Féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim rialacháin do dhéanamh chun a chur in áirithe go n-íocfar an diúité ar gheallta agus go generálta chun na forálacha den Acht so a bhaineann leis an diúité sin do chur in éifeacht agus go háirithe—

(a) chun geall-phaideanna cáin-íoctha do sholáthar, d'úsáid, agus do mhaoirseacht agus chun aisíocanna d'íoc ar scór paideanna den tsórt san a fágfar i bpáirt no go hiomlán gan úsáid, agus

(b) chun geall-ticéadaí cáin-íoctha do sholáthar, d'úsáid, agus d'agha-lot agus chun aisíocanna d'íoc ar scór ticéadaí den tsórt san ná húsáidfar, agus

(c) chun socruithe do dhéanamh le geall-ghlacadóirí le n-ar mian an diúité ar gheallta d'íoc do réir chuntaisí a thabharfid uatha agus chun urrús do ghlaca uatha, agus

(d) chun a éileamh ar gheall-ghlacadóirí a gcuid leabhar, cuntaisí, cruthúnachtaí, geall-phaideanna cáin-íoctha, geall-ticéadaí cáin-íoctha, agus scríbhinní eile a bhaineann leis an ngnó glactha geall a bhíonn ar siúl acu do thaisbeáint, agus chun a údarú d'oifigigh chustum agus máil aon scríbhinní den tsórt san do scrúdú agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta, agus

(e) chun maitheamh no aisíoc (pe'ca aca is gá sa chás) sa gheall-diúité do dheona do gheall-ghlacadóirí i gcásanna ina gcuirfar ina luighe ar na Coimisinéirí Ioncuim an t-iomlán no aon chuid den bhfiachas teagmhaiseach do bhí ar gheall-ghlacadóir de dheascaibh gill do chuir no do leag sé no do dhin sé ar aon tslí eile do bheith aistrithe ag an ngeall-ghlacadóir sin chun geall-ghlacadóra eile tré gheall nua do cuireadh, do leagadh, no do dineadh ar aon tslí eile ag an gcéad gheall-ghlacadóir sin leis an dara gheallghlacadóir sin.

(2) Gach éinne a sháróidh no ná cóilíonfidh rialachán a bheidh déanta fén alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

Comhacht chun dul isteach agus cuardach do scríbhinní.

26. —(1) Féadfidh aon oifigeach custum agus máil aon uair dul isteach in aon áitreabh go ndintar no go gcreideann an t-oifigeach san go ndintar gnó glactha geall ann agus féadfa sé cuardach ann d'aon leabhair, cuntaisí, leitreacha, agus scribhinní eile a gheobhfar ann agus a bhaineann no a chreideann an t-oifigeach san a bhaineann leis an ngnó glactha geall san agus iad d'iniúcha, agus cóipeanna do dhéanamh díobh no sleachta do thógaint asta agus féadfa sé fós a éileamh ar éinne a gheobhfar san áitreabh san gach scríbhinn san áitreabh san i dtaobh an ghnótha san do thaisbeáint.

(2) Gach éinne a chuirfidh i gcoinnibh oifigigh custum agus máil no a bhacfidh no a choiscfidh é agus é ag feidhmiú aon chirt no comhachta a bronntar ar an oifigeach san leis an alt so no a dhiúltóidh, gan leor-leathscéal dleathach, d'aon scríbhinn do thaisbeáint a éileoidh an t-oifigeach san air fén alt so do thaisbeáint, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chaoga punt do chur air.

Diúité ar cheadúnaisí deighleálaithe i ngéim.

27. —(1) Gach éinne a dhéanfidh, fé aon Acht a ritheadh no a rithfar i rith na bliana airgeadais dar tosach an 1adh lá d'Abrán, 1926, ceadúnas do thógaint amach no d'athnuachaint chun deighleáil i ngéim, muirearófar agus gearrfar air agus íocfa sé, ar an ócáid a luaidhtear ina dhiaidh seo anso, diúité máil de thrí púint ar scór gach ceadúnas a tógfar amach no a hathnuafar amhlaidh.

(2) An diúité a forchuirtar leis an alt so ar scór aon cheadúnais den tsórt san roimhráite, is le linn tógaint amach an cheadúnais sin agus fós ar dhéanamh gach athnuachainte ar an gceadúnas san a muirearófar, a gearrfar, agus a híocfar é agus is tré stampaí, ag taisbeáint méid an diúité sin, agus iad múnlaithe ar na ceadúnaisí agus ar na hathnuachaintí sin, a híocfar agus a baileofar é, agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an diúité agus leis na stampaí sin.

(3) Ní bheidh sé dleathach ceadúnas géim-dheighleála do thabhairt amach a dlightear a chur fén diúité a forchuirtar leis an alt so ná fós aon athnuachaint ar aon cheadúnas den tsórt san mara ndintar ná go dtí go ndéanfar an ceadúnas no an athnuachaint sin do stampáil go cuibhe fén alt so in aghaidh an diúité sin agus gach éinne a thabharfidh aon cheadúnas no athnuachaint den tsórt san amach contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig púint do chur air.