38 1926


Uimhir 38 de 1926.


ACHT UM GHEALL-CHUR, 1926.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GUR FEARRDE A REGLEÁLFAR AGUS A SRIANFAR DAOINE DAR GNÓ GEALLTA DO GHLACA AGUS CHUN REGLEÁIL AGUS SRIANADH DO DHÉANAMH MAIDIR LE SUIMITHEOIRÍ D'ÚSÁID, AGUS CHUN LEASÚ DO DHÉANAMH, CHUN NA gCRÍCHEANNA SAN AGUS CHUN CRÍCHEANNA EILE, AR AN DLÍ A BHAINEAS LE GEALL-CHUR AGUS LE TITHE GEALL. [28adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Airgid;

cialluíonn an focal “geall-ghlacadóir ceadúnuithe” duine (nách cólucht corparáideach ná cólucht neamh-ionchorparuithe de dhaoine) a bheidh ina shealbhóir ar cheadúnas geall-ghlacadóra a tugadh amach do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire;

cialluíonn an focal “áitreabh” aon tigh no foirgint eile agus foluíonn sé cuid teoranta de thigh no d'fhoirgint eile;

cialluíonn an focal “áitreabh cláruithe” áitreabh a bheidh cláruithe de thurus na huaire sa chlár d'oifigí glactha geall a bunófar agus a coinneofar suas fén Acht so;

cialluíonn an focal “dílseánach” an té a bheidh i dteideal aontseilbh an áitribh go n-úsáidtear an focal ina thaobh agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn sé roinnt daoine i gcótheideal na seilbhe sin, cialluíonn an focal “dílseánach cláruithe” duine a bheidh iontrálta de thurus na huaire sa chlár san d'oifigí glactha geall mar dhílseánach ar áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san agus, i ngach áit ina gceaduíonn an có-théacs é, foluíonn an focal san roinnt daoine a bheidh iontrálta sa chlár san mar chó-dhílseánaigh ar an áitreabh a bheidh cláruithe amhlaidh;

cialluíonn an focal “suimitheoir” apparatus no có-ghléasa tré n-ar féidir do gach duine fé leith d'aon mhéid daoine airgead do chur ina gheall ar ní atá le teacht ar na téarmaí, an méid a bhéarfidh an lucht curtha geall go n-eireoidh leo, go bhfuil sé ag brath ar an méid iomlán no le háireamh tré fhéachaint chun an méid iomlán a cuireadh ina gheall ar an ní sin tríd an apparatus no tríd an gcó-ghléasa cé nách ar aon tora amháin a bheidh ar an ní sin a cuirfí an t-iomlán agus foluíonn an focal san gach oifig, ticéad, breacthóir, agus rud eile a chabhruíonn no a bhaineann le hoibriú an apparatuis no an chó-ghléasa san, foluíonn an focal “geall” stáca agus léireofar dá réir sin focail atá gaolmhar do;

nuair a húsáidtear an focal “orduithe” maidir leis an gCúirt Dúithche no le ball den Ghárda Síochána cialluíonn sé orduithe ag an Aire Dlí agus Cirt agus nuair a húsáidtear é maidir leis na Coimisinéirí Ioncuim cialluíonn sé orduithe ag an Aire Airgid.

Toirmeasc ar ghníomhú mar gheall-ghlacadóir gan ceadúnas.

2. —(1) Ní dhéanfidh éinne gnó ná gníomhú mar gheallghlacadóir ná a thabhairt le tuisgint ná a chur in úil gur geallghlacadóir no geall-ghlacadóir ceadúnuithe é mara mbeidh ceadúnas geall-ghlacadóra aige a deonadh do fén Acht so agus a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

(2) Gach éinne a dhéanfidh gnó no a ghníomhóidh mar gheallghlacadóir contrárdha don alt so agus gach éinne a thabharfidh le tuisgint no a chuirfidh in úil gur geall-ghlacadóir no geallghlacadóir ceadúnuithe é contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

Deimhniú oiriúnachta pearsanta.

3. —(1) Einne (nách cólucht corparáideach ná cólucht neamhionchorparuithe de dhaoine) gur mian leis ceadúnas geallghlacadóra d'fháil féadfa sé deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta pearsanta san Acht so) gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnas geall-ghlacadóra bheith aige d'iarraidh sa tslí orduithe ar Cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil oifig aige atá cláruithe fén Acht so no ina bhfuil sé ar aigne a leithéid a bheith aige, no mara bhfuil aon oifig den tsórt san aige agus ná fuil sé ar aigne a leithéid a bheith aige ar Cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil gnáthchomhnaí air. Ní foláir beirt Fheadhmannach Síochána don cheanntar ina gcomhnuíonn an t-iarratasóir do bheith ag aontú leis an iarratas san agus deimhneoid a n-aontú tríd an iarratas do shighniú; agus coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh dháta déanta an iarratais cuirfidh an t-iarratasóir i dhá bpáipeur nuachta ar a laighead a léightear sa cheanntar fógrán go bhfuil sé chun an ceadúnas geall-ghlacadóra san d'iarraidh.

(2) Aon cheannphort den Ghárda Síochána ar a n-iarrfar deimhniú oiriúnachta pearsanta go cuibhe fén alt so, déanfa sé ceachtar den dá ní seo a leanas laistigh de cheithre lá déag tar éis an t-iarratas san d'fháil, pé ní acu is dó leis ina aigne féin is ceart, sé sin le rá, deimhniú do thabhairt don iarratasóir, sa bhfuirm orduithe, gur duine ceart oiriúnach é chun ceadúnas geall-ghlacadóra do bheith aige no, ar aon scór no scóranna dá n-údaruítear ina dhiaidh seo anso, diúltú don deimhniú san do thabhairt uaidh.

Scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta pearsanta do dhiúltú.

4. —Féadfar deimhniú oiriúnachta pearsanta do dhiúltú ar aon scór no scóranna acu so a leanas agus ní har aon scór eile in aon chor, sé sin le rá:—

(a) go bhfuil dlite ar an iarratasóir, le linn iarrtha an deimhnithe dho, riaráiste aon diúité is iníoctha de thurus na huaire ar gheallta no ina dtaobh;

(b) gur ciontuíodh an t-iarratasóir roimhe sin i gcoir no i gcionta fén Acht so no gur ciontuíodh é, o thosach feidhme an Achta so, i gcionta fé aon Acht a bhaineann le cearrbhachas no le tithe cearrbhachais;

(c) gur ceiliúradh fén Acht so ceadúnas geall-ghlacadóra a bhí ar seilbh ag an iarratasóir roimhe sin;

(d) gur daingníodh, de bharr athchomhairc chun na Cúirte Dúithche, diúltú a dhin ceannphort den Ghárda Síochána roimhe sin do dheimhniú oiriúnachta pearsanta do thabhairt uaidh;

(e) mar gheall ar a charachtar ghenerálta no ar a bhéasa aitheanta nách duine oiriúnach chun ceadúnas geallghlacadóra do bheith aige an t-iarratasóir.

Ceadúnaisí geallghlacadóra do thabhairt amach.

5. —(1) Einne dá dtabharfar deimhniú oiriúnachta pearsanta féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis tabhairt-amach an deimhnithe sin, ceadúnas geall-ghlacadóra d'iarraidh i scríbhinn ar na Coimisinéirí Ioncuim sa bhfuirm orduithe i gcóir pé tréimhse nách sia ná bliain agus dar tosach pé dáta nách déanaí ná ceithre lá déag tar éis dáta an iarratais a luadhfa sé san iarratas.

(2) Nuair a seachadfar iarratas den tsórt san roimhráite do sna Coimisinéirí Ioncuim agus a íocfidh an t-iarratasóir leis na Coimisinéirí Ioncuim an diúité máil a bheidh do réir dlí de thurus na huaire le n'íoc ag lucht ceadúnas geall-ghlacadóra do thógaint amach i gcóir na tréimhse a luaidhtear san iarratas, tabharfidh na Coimisinéirí Ioncuim amach don iarratasóir ceadúnas geallghlacadóra ina mbeidh sé ráite go mbeidh an ceadúnas san i bhfeidhm ar feadh pé tréimhse nách sia ná bliain agus dar tosach pé dáta nách déanaí ná ceithre lá déag tar éis dáta an iarratais sin a luadhadh chuige sin san iarratas san.

(3) Beidh gach ceadúnas geall-ghlacadóra sa bhfuirm orduithe agus oibreoidh sé chun a údarú agus déarfar ann go n-údaruíonn sé don té dá dtabharfar amach é (agus ainmneofar ann é) gníomhú agus gnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir faid a fhanfidh an ceadúnas i bhfeidhm ach san fé réir na sriantachtaí agus na dtoirmeasc uile agus gan dochar dóibh a bheidh forchurtha le dlí de thurus na huaire maidir leis na háiteanna ina bhféadfar gnó glactha geall do dhéanamh.

(4) Mara gceiliúrtar agus go dtí go gceiliúrfar fén Acht so é fanfidh gach ceadúnas geall-ghlacadóra i bhfeidhm ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte ann chuige sin.

An clár d'oifigí glactha geall.

6. —(1) Cimeádfidh na Coimisinéirí Ioncuim clár (dá ngairmtear an clár d'oifigí glactha geall san Acht so) sa bhfuirm orduithe, d'áitreabhacha ina mbeidh gnó glactha geall á dhéanamh agus cláróid ann gach áitreabh a bheidh ortha, de bhua an Achta so, a chlárú ann.

(2) Iontrálfar sa chlár d'oifigí glactha geall, maidir le gach áitreabh a bheidh cláruithe ann, ainm a dhílseánaigh, tuairisc chruinn ar an áitreabh, agus pé mion-innste eile a bheidh orduithe.

Deimhniú oiriúnachta áitribh.

7. —(1) Einne gur mian leis aon áitreabh dar dílseánach é do chlárú no a chlárú do bhuanú sa chlár d'oifigí glactha geall, féadfa sé deimhniú (dá ngairmtear deimhniú oiriúnachta áitribh san Acht so) go bhfuil an t-áitreabh san oiriúnach chun a chláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall d'iarraidh sa tslí orduithe ar cheannphort Ghárda Síochána an cheanntair ina bhfuil an t-áitreabh suidhte. Ní foláir beirt Fheadhmannach Síochána don cheanntar ina gcomhnuíonn an t-iarratasóir do bheith ag aontú leis an iarratas san agus deimhneoid a n-aontú tríd an iarratas do shighniú; agus coicíos ar a laighead no mí ar a mhéid roimh dháta déanta an iarratais cuirfidh an t-iarratasóir i dhá bpáipeur nuachta ar a laighead a léightear sa cheanntar fógrán go bhfuil sé chun an deimhniú san d'iarraidh.

(2) Aon cheannphort den Ghárda Síochána ar a n-iarrfar deimhniú oiriúnachta áitribh go cuibhe fén alt so, más deimhin leis gur geall-ghlacadóir ceadúnuithe an t-iarratasóir no gur sealbhóir é ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta a tugadh amach tar éis dáta an iarratais no seacht lá ar a mhéid roimhe sin, déanfa sé ceachtar den dá ní seo a leanas laistigh de cheithre lá déag tar éis do an t-iarratas san d'fháil, pé ní acu is dó leis ina aigne féin is ceart, sé sin le rá, deimhniú do thabhairt don iarratasóir, sa bhfuirm orduithe, go bhfuil an t-áitreabh le n-a mbaineann an t-iarratas oiriúnach chun a chláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall no, ar aon scór no scóranna dá n-údaruítear ina dhiaidh seo anso, diúltú don deimhniú san do thabhairt uaidh.

Scóranna ar ar féidir deimhniú oiriúnachta áitribh do dhiúltú.

8. —Féadfar deimhniú oiriúnachta áitribh do dhiúltú ar aon scór no scóranna acu so a leanas agus ní har aon scór eile in aon chor, sé sin le rá:—

(a) nách geall-ghlacadóir ceadúnuithe ná sealbhóir deimhniú oiriúnachta pearsanta an t-iarratasóir;

(b) nách é an t-iarratasóir dílseánach an áitribh;

(c) go bhfuil an t-áitreabh ana-chomhgarach d'áit adhartha Dé, d'fhundúireacht chreidimh, do scoil, do bhureau fostaíochta, do mhonarchain no d'oibreacha, no d'áit eile den tsórt san gur ann no in aice leis a chruinníonn sluaite móra daoine, no go bhfuil an t-áitreabh i líomatáiste chomhnathóireachta;

(d) go bhfuil an t-áitreabh ana-chomhgarach d'áitreabh is eol a bheith á ghnáthú ag lucht droch-fhuadair;

(e) go bhfuil slí isteach san áitreabh chun áitribh eile;

(f) gur cláruíodh an t-áitreabh cheana sa chlár d'oifigí glactha geall agus gur baineadh as an gclár san é do réir ordú ón gcúirt;

(g) go bhfuil an t-áitreabh cláruithe sa chlár d'áitreabhacha glactha geall agus le linn a bheith cláruithe amhlaidh gur thárla nea-rialtachtaí de dheascaibh an t-áitreabh do bheith ana-chomhgarach d'áitreabh fé cheadúnas chun deocha meisciúla do dhíol;

(h) gur ciontuíodh an t-iarratasóir roimhe sin i gcionta fén Acht so no fé aon Acht eile maidir leis an áitreabh no maidir le haon áitreabh cláruithe eile dar dhílseánach cláruithe é nuair a dineadh an cionta;

(i) má tá an t-áitreabh no má bhí sé roimhe sin cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall, gur thárla uair éigin le linn an t-iarratasóir do bheith ina dhílseánach chláruithe ar an áitreabh gur dineadh gnó glactha na ngeall ann ar chuma mhí-ordúil no i slí a chur fé ndeár mórán daoine bheith ag cruinniú agus ag leadránacht san áitreabh no lasmuich de no a mheall iad chuige sin;

(j) go bhfuil an t-iarratasóir ina dhílseánach chláruithe ar áitreabh chláruithe eile no go raibh roimhe sin agus go bhfuil gnó glactha na ngeall á dhéanamh no, le linn an t-iarratasóir do bheith ina dhílseánach chláruithe amhlaidh, go raibh an gnó san á dhéanamh san áitreabh san ar chuma mhí-ordúil no i slí a chur fé ndeár mórán daoine bheith ag cruinniú agus ag leadránacht san áitreabh no lasmuich de no a mheall iad chuige sin.

Clárú sa chlár d'oifigí glactha geall.

9. —(1) Aon gheall-ghlacadóir ceadúnuithe dar tugadh deimhniú oiriúnachta áitribh i dtaobh aon áitribh dar dílseánach é féadfa sé, laistigh de lá is fiche tar éis tabhairt-amach an deimhnithe sin, a iarraidh ar na Coimisinéirí Ioncuim i scríbhinn sa bhfuirm orduithe an t-áitreabh a luaidhtear sa deimhniú san do chlárú no a chlárú d'athnuachaint sa chlár d'oifigí glactha geall agus, nuair a seachadfar an t-iarratas san do sna Coimisinéirí Ioncuim agus a íocfidh an t-iarratasóir leis na Coimisinéirí Ioncuim an diúité máil is gá do réir dlí de thurus na huaire a íoc nuair a cláruítear áitreabh no a hathnuaitear clárú áitribh sa chlár d'oifigí glactha geall, cláróidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san no athnuafid a chlárú sa chlár d'oifigí glactha geall agus tabharfid amach don iarratasóir deimhniú sa bhfuirm orduithe ar an gclárú san no ar an athnuachaint sin ar chlárú.

(2) Mara ndintar agus go dtí go ndéanfar é bhaint as an gclár fén Acht so no dá bhua, leanfidh aon áitreabh a clárófar sa chlár d'oifigí glactha geall de bheith cláruithe amhlaidh go meán oíche an chéad 31adh lá de Dheire Fomhair tar éis a chláruithe agus bainfar as an gclár san ansan é (marar hathnuadh an clárú fén Acht so).

(3) Gach athnuachaint ar chlárú aon áitribh sa chlár d'oifigí glactha geall tosnóidh sí agus raghaidh sí in éifeacht o dhul in éag do chlárú an áitribh sin no don athnuachaint is déanaí a dineadh ar an gclárú san (pe'ca aca is gá sa chás) sa chlár san agus, mara ndintar agus go dtí go ndéanfar é bhaint as an gclár fén Acht so no dá bhua, leanfidh an t-áitreabh san de bheith cláruithe amhlaidh go meán oíche an chéad 31adh lá de Dheire Fomhair tar éis tosach feidhme na hathnuachainte sin agus bainfar as an gclár san ansan é (mar n-athnuaitear an clárú arís fén Acht so).

(4) Isé am ina n-iarrfar go n-athnuafí clárú aon áitribh sa chlár d'oifigí glactha geall ná roimh dhul in éag ach ní níos luatha ná ceithre lá déag roimh dhul in éag do chlárú no don athnuachaint is déanaí a dineadh ar chlárú an áitribh sin sa chlár san.

Athchomharc i gcoinnibh deimhniú do dhiúltú.

10. —(1) Má dhiúltuíonn ceannphort den Ghárda Síochána do dheimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitribh do thabhairt uaidh, ansan, ar a éileamh san don té d'iarr an deimhniú laistigh de shé lá tar éis an diúltuithe déanfa sé ráiteas i scríbhinn do thabhairt don iarratasóir sin sa bhfuirm orduithe i dtaobh na scóranna ar ar dhiúltuigh sé don deimhniú do thabhairt uaidh.

(2) Einne dar dhiúltuigh ceannphort den Ghárda Síochána deimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitribh, féadfa sé athchomharc do dhéanamh sa bhfuirm orduithe chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin laistigh de lá is fiche tar éis ráiteas i scríbhinn d'fháil ón gceannphort san i dtaobh na scóranna ar ar dineadh an diúltú san.

(3) Gach éinne a dhéanfidh athchomharc chun na Cúirte Dúithche fén alt so déanfa sé, sa tslí orduithe agus laistigh den aimsir orduithe, fógra i dtaobh an athchomhairc sin do thabhairt don cheannphort san den Ghárda Síochána agus fós do sna Coimisinéirí Ioncuim.

(4) Ar éisteacht aon athchomhairc den tsórt san féadfidh an Chúirt Dúithche diúltú an deimhnithe do dhaingniú no do nealomháil, agus, má nea-lomhálann an Chúirt Dúithche amhlaidh diúltú a dineadh um an deimhniú, déanfidh an ceannphort san den Ghárda Síochána deimhniú oiriúnachta pearsanta no deimhniú oiriúnachta áitribh, pe'ca aca is gá sa chás, do thabhairt don athchomharcóir laistigh de thrí lá tar éis na nea-lomhála san.

(5) Bainfidh na forálacha so a leanas le gach athchomharc fén alt so, sé sin le rá:—

(a) ní héistfar aon pháirtí i gcoinnibh an athchomhairc ach ceannphort an Ghárda Síochána agus na Coimisinéirí Ioncuim;

(b) bainfidh alt 27 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, leis an athchomharc sa tslí chéanna ina mbaineann sé leis na himeachta a bhaineann le hioncum dúithche;

(c) aon scór chun diúltuithe a luaidhtear sa ráiteas scríbhte i dtaobh scóranna chun diúltuithe féadfar é sin agus ní féadfar aon scór eile do chur i gcoinnibh an athchomhairc;

(d) má daingnítear an diúltú féadfidh an Chúirt a ordú don athchomharcóir costaisí cheannphort an Ghárda Síochána d'íoc agus féadfa sí méid na gcostaisí sin do mheas;

(e) ní luighfidh aon athchomharc chun na Cúirte Cuarda fé alt 84 den Acht Cúirteanna Breithiúnais, 1924 ( Uimh. 10 de 1924 ).

Ceadúnaisí sealadacha agus clárú sealadach go breith ar athchomharc.

11. —(1) Má dhiúltuíonn ceannphort den Ghárda Síochána do ghéille d'iarratas ar dheimhniú oiriúnachta pearsanta agus go lóisteálfar athchomharc chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin, ansan, má ba gheall-ghlacadóir ceadúnuithe an t-iarratasóir le linn an t-iarratas do dhéanamh agus ar feadh naoi mí ar a laighead roimhe sin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, gan íoc aon diúité ach fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, ceadúnas sealadach geall-ghlacadóra do thabhairt amach don iarratasóir sin i gcóir pé tréimhse is oiriúnach leo ach gan í dhul thar dheire na seacht lá tar éis breith a bheith tabhartha ar an athchomharc san agus faid a bheidh gach ceadúnas sealadach geall-ghlacadóra den tsórt san i bhfeidhm beidh sé ina cheadúnas gheall-ghlacadóra do réir bhrí an Achta so.

(2) Má dhiúltuíonn ceannphort an Ghárda Síochána do ghéille d'iarratas ar dheimhniú oiriúnachta áitribh i dtaobh áitribh is áitreabh cláruithe ar dháta an iarratais sin, agus go lóisteálfar athchomharc chun na Cúirte Dúithche i gcoinnibh an diúltuithe sin, féadfidh na Coimisinéirí Ioncuim, gan íoc aon diúité ach fé réir pé coiníollacha is oiriúnach leo d'fhorchur, an t-áitreabh san do choinneáil ar an gclár d'oifigí glactha geall go dtí go dtabharfar breith ar an athchomharc san.

Féadfidh an chúirt ceadúnaisí no clárú do chur ar ceal.

12. —(1) Má ciontuítear geall-ghlacadóir ceadúnuithe in aon choir no in aon chionta fén Acht so no fé aon Acht eile agus gur dó leis an gCúirt a chiontóidh no gur ina láthair a ciontófar an geall-ghlacadóir sin amhlaidh, maidir leis an gcoir no leis an gcionta san, gur ní é de shaghas no de charachtar no a dineadh ina leithéid de chás go mbeadh an geall-ghlacadóir a dhin é ina dhuine neamh-oiriúnach chun leanúint i seilbh cheadúnais gheallghlacadóra, féadfidh an Chúirt sin an ceadúnas geall-ghlacadóra a bhí ag an ngeall-ghlacadóir sin do cheiliúra nuair a bheidh sí ag tabhairt breithe air.

(2) Má ciontuítear dílseánach cláruithe aon áitribh chláruithe i gcionta fé aon alt den Acht so maidir leis an áitreabh san agus, mar gheall ar shaghas agus ar charachtar an chionta agus mar gheall ar an gcás in ar dineadh é, gur dó leis an gCúirt a chiontóidh no gur ina láthair a ciontófar an dílseánach san ná fuil sé oiriúnach go leanfadh an t-áitreabh san de bheith cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall, féadfidh an Chúirt sin, le linn breith do thabhairt ar an dílseánach san agus i dteanta no d'éamais an ceadúnas geall-ghlacadóra a bheidh ar seilbh aige do cheiliúra, a ordú go mbainfar an t-áitreabh san as an gclár d'oifigí glactha geall.

(3) Má dhineann cúirt ceadúnas geall-ghlacadóra do cheiliúra fén alt so no má orduíonn cúirt fén alt so aon áitreabh cláruithe do bhaint as an gclár d'oifigí glactha geall, déanfidh clárathóir, cléireach, no príomh-oifigeach eile na cúirte sin an ceiliúra san no an t-ordú san (pe'ca aca é) do chur in úil do sna Coimisinéirí Ioncuim agus leis sin cuirfidh na Coimisinéirí Ioncuim an ceiliúra san ar breaca no bainfid an t-áitreabh san as an gclár d'oifigí glactha geall, pe'ca aca is gá sa chás.

(4) Má ceiliúrtar ceadúnas geall-ghlacadóra fén alt so déanfidh an geall-ghlacadóir no an duine eile go mbeidh an ceadúnas san ar seilbh no i gcimeád aige le linn an cheiliúrtha san an ceadúnas san do sheachada d'oifigeach custum agus máil laistigh de sheacht lá tar éis an cheiliúrtha san agus cuirfidh an t-oifigeach san an ceadúnas san ar ceal láithreach, agus gach geall-ghlacadóir no duine eile den tsórt san ná seachadfidh an ceadúnas san amhlaidh beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de dheich bpúint do chur air.

Aitreabh do bhaint as clár d'oifigí glactha geall.

13. —(1) Má scuireann dílseánach cláruithe aonair aon áitribh chláruithe de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnuithe no de bheith ina dhílseánach ar an áitreabh san, bainfidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(2) Má bhíonn roinnt daoine cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh chláruithe ar aon áitreabh cláruithe agus go scuirfidh na daoine sin uile de bheith ina ndílseánaigh ar an áitreabh san, bainfidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(3) Má bhíonn roinnt daoine cláruithe sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh chláruithe ar aon áitreabh cláruithe agus go scuirfidh gach duine no aon duine no daoine acu san de bheith ina gheall-ghlacadóir no ina ngeall-ghlacadóirí ceadúnuithe, bainfidh na Coimisinéirí Ioncuim an t-áitreabh san as an gclár d'oifigí glactha geall láithreach ar fháil eolais dóibh ar an scur san.

(4) Má bhaineann na Coimisinéirí Ioncuim aon áitreabh cláruithe as an gclár d'oifigí glactha geall fén alt so no do réir ordú ón gcúirt, ansan, an té ba dhílseánach cláruithe ar an áitreabh san díreach sarar baineadh an t-áitreabh san as an gclár amhlaidh déanfa sé, ar éileamh i scríbhinn a seachadfar ag an áitreabh san no a cuirfar tríd an bpost chun an áitribh sin, an deimhniú is déanaí ar chlárú no ar athnuachaint chlárú an áitribh sin do sheachada do sna Coimisinéirí Ioncuim no do chur chucha agus gach duine den tsórt san ná déanfidh an deimhniú san do sheachada dhóibh no do chur chúcha amhlaidh laistigh de sheacht lá tar éis an éilimh sin beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil d'fhiche punt do chur air.

Forálacha i dtaobh có-dhílseánach cláruithe.

14. —(1) Féadfar beirt gheall-ghlacadóirí ceadúnuithe no níos mó do chlárú sa chlár d'oifigí glactha geall mar chó-dhílseánaigh ar aon áitreabh a bheidh cláruithe sa chlár san.

(2) Má thagann geall-ghlacadóir ceadúnuithe chun bheith ina dhílseánach, i dteanta an dílseánaigh no na ndílseánach cláruithe, ar aon áitreabh cláruithe, agus go gcruthófar na dátáin agus aontú an dílseánaigh no na ndílseánach cláruithe chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim déanfidh na Coimisinéirí Ioncuim an geallghlacadóir ceadúnuithe sin d'iontráil sa chlár d'oifigí glactha geall mar dhílseánach chláruithe ar an áitreabh san i dteanta an duine no na ndaoine a bheidh cláruithe cheana mar dhílseánach no mar dhílseánaigh den tsórt san.

(3) Má scuireann éinne amháin de chó-dhílseánaigh chláruithe uile agus fé seach aon áitribh chláruithe de bheith ar dhuine de dhílseánaigh an áitribh sin agus go gcruthófar na dátáin agus aontú na ndílseánach no an dílseánaigh chláruithe eile chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncuim déanfidh na Coimisinéirí Ioncuim ainm an dílseánaigh chláruithe a céad-luaidhtear do bhaint as an gcuid den chlár d'oifigí glactha geall a bhaineann leis an áitreabh san.

Cead gnó do dhéanamh in áitreabh cláruithe.

15. —(1) Beidh sé dleathach do dhílseánach chláruithe aon áitribh chláruithe faid a leanfa sé de bheith ina gheall-ghlacadóir cheadúnuithe gnó glactha geall do dhéanamh san áitreabh san fé réir forálacha an Achta so.

(2) Ní dhéanfidh éinne ach dílseánach cláruithe an áitribh aon cheárd, gairm, ná gnó in aon chor do chleachta in aon áitreabh cláruithe.

(3) Ní chleachtfidh dílseánach cláruithe aon áitribh chláruithe san áitreabh san, ná ní cheadóidh sé go gcleachtfí ann, ná go n-úsáidfí é chun go gcleachtfí ann, aon cheárd, gairm ná gnó in aon chor ach amháin an gnó glactha geall a dhineann an dílseánach cláruithe ann.

(4) Ní bhunóidh dílseánach cláruithe aon áitribh chláruithe ná ní chimeádfa sé ar siúl san áitreabh san aon tarrac (lasmuich dá ghnó glactha geall amháin do dhéanamh) a dhéanfadh no is dócha a dhéanfadh daoine do thabhairt no do mhealla chun cruinniú le chéile istigh san áitreabh san no lasmuich de.

(5) Ní bhainfidh an Betting Houses Act, 1853, le háitreabhacha cláruithe.

(6) Gach éinne a chleachtfidh aon cheárd, gairm, no gnó in aon áitreabh cláruithe no a cheadóidh a leithéid do chleachta ann no a cheadóidh aon áitreabh cláruithe d'úsáid chun a leithéid do chleachta ann contrárdha don alt so no a bhunóidh no a chimeádfidh ar siúl in aon áitreabh cláruithe aon tarrac contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chéad punt do chur air.

Uaire gnótha in áitreabh cláruithe.

16. —(1) Ní déanfar áitreabh cláruithe d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun gnó do dhéanamh aon uair aon Domhnach, Lá Nodlag, ná Aoine an Chéasta ná roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a sé a chlog tráthnóna aon lá eile.

(2) Má dintar agus nuair a déanfar aon áitreabh cláruithe d'oscailt no do chimeád ar oscailt contrárdha don alt so beidh dílseánach cláruithe an áitribh sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chaoga punt do chur air.

An deimhniú ar chlárú do bheith ar taisbeáint.

17. —(1) Cuirfidh dílseánach cláruithe aon áitribh chláruithe fé ndeár an deimhniú ar chlárú an áitribh sin no, má athnuadhadh an clárú san, an deimhniú is déanaí ar athnuachaint chlárú an áitribh sin do bheith ar taisbeáint go so-fheicse san áitreabh san gach aon uair a bheidh an t-áitreabh san ar oscailt chun gnó do dhéanamh.

(2) Gach dílseánach cláruithe ná cólíonfidh an t-alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de dheich bpúint do chur air maraon le fíneáil mháil eile de deich bpúint, i gcás cionta leanúnaigh, in aghaidh gach lae a leanfidh an cionta.

Taisbeánfar ceadúnaisí geallghlacadóra nuair a héileofar san.

18. —(1) Féadfidh aon oifigeach custuim agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána a éileamh ar éinne a thabharfa sé fé ndeara a bheith i mbun no ag déanamh gnó glactha geall a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint, agus más rud é go n-eiteoidh an duine sin no ná déanfa sé an ceadúnas san do thaisbeáint, no má thaisbeánann an duine sin an ceadúnas san ach go n-eiteoidh sé no ná déanfa sé a leigint don oifigeach no don bhall san an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(2) Einne ar a n-éileofar go dleathach fén alt so a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint agus a eiteoidh no ná déanfidh an ceadúnas san do thaisbeáint no a thaisbeánfidh an ceadúnas san ach ná déanfidh no a eiteoidh a leigint don oifigeach custuim agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do dhin an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú, féadfidh an t-oifigeach no an ball san a ainm agus a sheola d'éileamh ar an duine sin agus más rud é go n-eiteoidh no ná déanfidh an duine sin a ainm do thabhairt uaidh, no ná déanfidh no go n-eiteoidh sé a sheola do thabhairt uaidh, no go dtabharfa sé uaidh ainm no seola atá bréagach no mí-threorach, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so.

(3) Féadfidh aon bhall den Ghárda Síochána gabháil gan barántas do dhéanamh—

(a) ar éinne a eiteoidh no ná déanfidh a cheadúnas geall ghlacadóra do thaisbeáint nuair a héileofar air go dleathach fén alt so an ceadúnas san do thaisbeáint, no a thaisbeánfidh an ceadúnas san ach a eiteoidh no ná déanfidh a leigint don oifigeach custum agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do dhin an t-éileamh an ceadúnas san do léigheamh agus do scrúdú, no

(b) ar éinne a eiteoidh no ná déanfidh a ainm do thabhairt uaidh no a eiteoidh no ná déanfidh a sheola do thabhairt uaidh nuair a héileofar a ainm agus a sheola air go dleathach fén alt so, no a thabharfidh uaidh ainm no seola atá bréagach no mí-threorach go bhfios don oifigeach custum agus máil no don bhall den Ghárda Síochána do dhin an t-éileamh.

(4) Einne a bheidh ciontach i gcionta fén alt so dlighfar, ar a chiontú ann ar an slí achmair, fíneáil mháil d'fhiche punt do chur air.

(5) Einne ná déanfidh, toisc nách geall-ghlacadóir ceadúnuithe é, a cheadúnas geall-ghlacadóra do thaisbeáint nuair a héileofar air go dleathach fén alt so an ceadúnas san do thaisbeáint tuigfar do réir bhrí an ailt seo nár thaisbeáin sé a cheadúnas geallghlacadóra.

Comhachta chun dul isteach agus lorgaireacht do dhéanamh.

19. —(1) Féadfidh aon oifigeach custuim agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána dul isteach in aon áitreabh cláruithe aon uair a bheidh an t-áitreabh san no a bheidh amhras ar an oifigeach no ar an mball san an t-áitreabh san do bheith ar oscailt chun aon ghnó do dhéanamh, agus pé cuardach agus lorgaireacht do dhéanamh ann is dó leis an oifigeach no leis an mball san is ceart agus pé ceisteanna is dó leis an oifigeach no leis an mball san is ceart i dtaobh an áitribh sin agus i dtaobh an ghnótha a dintar ann do chur chun éinne a gheobhfar san áitreabh san.

(2) Féadfidh aon oifigeach custum agus máil aon uair dul isteach in aon áitreabh (nách áitreabh cláruithe) ina ndintar no go bhfuil amhras ar an oifigeach san go ndintar ann gnó glactha geall, agus pé cuardach agus lorgaireacht do dhéanamh ann is dó leis an oifigeach san is ceart, agus a ainm agus a sheola d'éileamh ar éinne a gheobhfar san áitreabh san, agus pé ceisteanna is dó leis an oifigeach san is ceart i dtaobh an áitribh sin agus i dtaobh an ghnótha a dintar ann do chur chun éinne den tsórt san.

(3) Gach éinne a dhéanfidh éinní acu so a leanas, sé sin le rá:—

(a) aon oifigeach custum agus máil no aon bhall den Ghárda Síochána do bhac no do chosc agus é ag feidhmiú aon chomhachta dá mbronntar ar an oifigeach no ar an mball san leis an alt so, no

(b) faillí no diúltú um fhreagra do thabhairt, chó fada le n-a eolas agus le n-a chumas, ar aon cheist a chuirfidh aon oifigeach no ball den tsórt san chuige i bhfeidhmiú comhachta a bronntar chuige sin leis an alt so, no

(c) freagra is eol do a bheith bréagach no mí-threorach do thabhairt ar aon cheist den tsórt san, no

(d) nuair a héileofar a ainm no a sheola air ag aon oifigeach den tsórt san i bhfeidhmiú comhachta a bronntar chuige sin leis an alt so, faillí no diúltú um a ainm do thabhairt uaidh, no faillí no diúltú um a sheola do thabhairt uaidh, no ainm no seola, bréagach no míthreorach, do thabhairt uaidh,

beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfar fíneáil mháil d'fhiche punt do chur air.

Cosaint do dhaoine ar fostú ag geallghlacadóirí.

20. —(1) Chun crícheanna an Achta so ní tuigfar duine do bheith ag gníomhú ná ag déanamh gnótha mar gheall-ghlacadóir de bhrí é bheith ar fostú ag geall-ghlacadóir ceadúnuithe chun gníomhuithe mar chléireach no mar chongantóir do agus dá bhrí sin amháin más rud é ná dineann an duine sin ach gníomhú mar chléireach no mar chongantóir den tsórt san in áitreabh cláruithe dar dílseánach cláruithe an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin no i láthair pearsan an gheall-ghlacadóra cheadúnuithe sin agus ná fuil luach saothair an duine sin i bpáirt no go hiomlán ag brath ar an méid gnótha no proifite a dhineann an geall-ghlacadóir ceadúnuithe sin ná ná háirítear é i bpáirt no go hiomlán tré fhéachaint chun an chéanna.

(2) Beidh sé dleathach do dílseánach chláruithe áitribh chláruithe cléirigh agus congantóirí do bheith ar fostú aige san áitreabh san fé mar a bheidh riachtanach do réir réasúin chun a ghnó do dhéanamh mar gheall-ghlacadóir san áitreabh san, ach gan luacha saothair fé seach na gcléireach agus na gcongantóirí sin do bheith ag brath i bpáirt no go hiomlán ar an méid gnótha no proifite a dhineann an geall-ghlacadóir sin agus gan iad d'áireamh i bpáirt no go hiomlán tré fhéachaint chun an chéanna.

(3) Einne a bheidh ar fostú ag dílseánach cláruithe áitribh chláruithe mar chléireach no mar chongantóir san áitreabh san agus 'na mbeidh a fhostú mar chléireach no mar chongantóir den tsórt san dleathach fén bhfo-alt san roimhe seo, ní tuigfar chun crícheanna an Achta so é bheith ag gníomhú ná ag déanamh gnótha mar gheall-ghlacadóir de bhrí é bheith ag gníomhú mar chléireach no mar chongantóir den tsórt san agus dá bhrí sin amháin.

Toirmiscthear geall do chur le daoine lasmuich de Shaorstát Éireann.

21. —(1) Ní bheidh sé dleathach d'éinne agus é i Saorstát Éireann geall do chur ná do dhéanamh ná tabhairt fé gheall do chur no do dhéanamh le duine a bheidh lasmuich de Shaorstát Éireann an uair sin ná éinne a bheidh lasmuich de Shaorstát Éireann de thurus na huaire d'fhostú ná comhacht ná ordú do thabhairt do chun geall do chur no do dhéanamh do no ar a shon, ná tabhairt fé éinne den tsórt san d'fhostú no comhacht no ordú do thabhairt do chuige sin.

(2) Gach éinne a chuirfidh no a dhéanfidh geall, no a thabharfidh fé gheall do chur no do dhéanamh, contrárdha don alt so, no a fhostóidh éinne no a thabharfidh comhacht no ordú dho chun geall do chur no do dhéanamh, contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil do chéad punt do chur air.

Comhachta don Aire Puist agus Telegrafa.

22. —(1) Féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa aon phacáid phuist do choinneáil 'na mbeidh amhras scéala le n-a mbaineann an t-alt so do bheith inti agus cuirfe sé chun na gCoimisinéirí Ioncuim gach pacáid phuist a coinneofar amhlaidh agus féadfidh na Coimisinéirí sin an phacáid d'oscailt agus do scrúdú agus má gheibhid inti aon scéala le n-a mbaineann an t-alt so féadfid an phacáid agus a mbeidh inti do choinneáil chun cúiseamh do dhéanamh, agus mara bhfaghaid aon scéala den tsórt san inti cuirfid an phacáid agus a mbeidh inti tríd an bpost chun an té chun ar seoladh í.

(2) Má gheibheann an tAire Puist agus Telegrafa, le cur chun siúil tríd an telegraf, teachtaireacht a dheabhruíonn a bheith ina scéala le n-a mbaineann an t-alt so, féadfa sé cóip den teachtaireacht san do chur chun na gCoimisinéirí Ioncuim maraon le pé eolas ina taobh is oiriúnach leis a chur chúcha no a iarrfidh na Coimisinéirí Ioncuim.

(3) Féadfidh an tAire Puist agus Telegrafa, tar éis do dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncuim, rialacháin do dhéanamh chun na comhachta d'fheidhmiú agus chun na dualgaisí do dhéanamh a bronntar no a forchuirtar air leis an alt so.

(4) Baineann an t-alt so le gach scéala o dhuine i Saorstát Éireann (dá ngairmtear an seoltóir ina dhiaidh seo anso) chun duine lasmuich de Shaorstát Éireann (dá ngairmtear an seolaí ina dhiaidh seo anso) tré n-a dtugann an seoltóir le tuisgint ar a shon féin no ar son duine eile go bhfuil sé ag cur no ag déanamh gill leis an seolaí no tré n-a dtugann an seoltóir le tuisgint go bhfuil sé ag fostú an tseolaí no ag tabhairt comhachta no orduithe dho chun geall do chur no do dhéanamh don tseoltóir no d'éinne eile no ar a shon.

(5) Sa mhéid go mbaineann an t-alt so le pacáidí puist léighfar agus léireofar é i dteanta na Post Office Acts, 1908 to 1920, agus sa mhéid go mbaineann sé le telegrama léighfar agus léireofar é mar éinní amháin leis na Telegraph Acts, 1863 to 1920.

Toirmiscthear suimitheoirí neacheadúnuithe.

23. —(1) Fé réir na n-eisceacht a luaidhtear ina dhiaidh seo anso ní bheidh sé dleathach d'éinne suimitheoir do chur ar bun, do choinneáil ar siúl, ná d'oibriú ach sa mhéid agus sa tslí go n-údarófar an cur-ar-bun, an choinneáil-ar-siúl agus an t-oibriú san le ceadúnas a deonfar chuige sin fén Acht so.

(2) Gach éinne a chuirfidh ar bun, a choinneoidh ar siúl no a oibreoidh suimitheoir contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfar fíneáil mháil de chúig céad punt do chur air.

(3) Ní bhainfidh an t-alt so le haon tsuimitheoir a cuirfar ar bun, a coinneofar ar siúl agus a hoibreofar ag na Coimisinéirí Ioncuim fé údarás a bheidh bronnta ortha ag an Aire chuige sin fén Acht so.

Deona ceadúnaisí suimitheora.

24. —(1) Más oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é féadfidh an tAire ceadúnaisí (dá ngairmtear ceadúnaisí suimitheora san Acht so) do dheona do pé daoine is oiriúnach leis chun suimitheoirí do chur ar bun, do choinneáil ar siúl agus d'oibriú, agus oibreoidh gach ceadúnas den tsórt san chun a údarú don duine dá ndeonfar é (agus a ainmneofar sa cheadúnas) suimitheoir do chur ar bun, do choinneáil ar siúl agus d'oibriú san áit agus ar an ócáid no ar na hócáidí no ar feadh na tréimhse a bheidh luaidhte ann ach san fé réir na gcoiníoll, na sriantacht, agus na rialachán a bheidh luaidhte sa cheadúnas no a bheidh, de bhua an Achta so, ionchorparuithe leis an gceadúnas.

(2) Féadfidh an tAire a éileamh ar son deona aon cheadúnais tsuimitheora pé suim no suimeanna is oiriúnach leis a éileamh ar an gceadúnas san, agus féadfar an tsuim no na suimeanna a héileofar amhlaidh d'íoc ina híocaíocht amháin no ina sreath d'íocaíochtaí tréimhsiúla agus féadfa sí bheith ar mhéid shocruithe no ar mhéid atharathach agus sa chás dheiridh sin féadfar í áireamh tré fhéachaint chun na suimeanna do cuireadh ina ngill tríd an suimitheoir le n-a mbaineann an ceadúnas.

(3) Féadfar ceadúnas suimitheora do dheona i gcóir aon áit no áiteanna áirithe no i gcóir gach áite d'aicme no de shaghas no de shaghasanna, áirithe i Saorstát Éireann no in aon pháirt áirithe de Shaorstát Éireann agus féadfar é dheona i gcóir ócáide no ócáidí áirithe no i gcóir gach ócáide d'aicme no d'aicmí, no de shaghas no de shaghasanna, áirithe a eireoidh i rith tréimhse áirithe fé mar a bheidh oiriúnach dar leis an Aire.

(4) Féadfidh an tAire pé sriantachtaí agus coiníollacha is oiriúnach leis do chur le gach ceadúnas suimitheora fé leith a dheonfa sé.

Suimitheoirí a cuirfar ar bun ag na Coimisinéirí Ioncuim.

25. —(1) Féadfidh an tAire a údarú do sna Coimisinéirí Ioncuim suimitheoir do chur ar bun, do choinneáil ar siúl agus d'oibriú i pé áiteanna agus ar pé ócáidí is oiriúnach leis, no, más oiriúnach leis an Aire é, i pé áit agus ar pé ócáidí is oiriúnach leis na Coimisinéirí Ioncuim le toil an Aire.

(2) Ní údaróidh an t-alt so suimitheoir do chur ar bun in aon áit gan toil an té gur leis an áit no go bhfuil úsáid na háite sin no dul isteach chun na háite sin fé n-a stiúra.

Cad déanfar le táillí agus le proifit shuimitheora.

26. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste no socrófar chun tairbhe dho ar pé slí a ordóidh an tAire Airgid gach táille a híocfar ar dheona ceadúnaisí suimitheora fén Acht so agus gach proifit a gheobhaidh na Coimisinéirí Ioncuim as suimitheoirí d'oibriú fén Acht so.

Rialacháin i dtaobh suimitheoirí.

27. —(1) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun smacht do chimeád agus chun regleáil do dhéanamh ar shuimitheoirí do chur ar bun, do choinneáil ar siúl agus d'oibriú fé cheadúnaisí suimitheora, agus tuigfar gach rialachán den tsórt san do bheith ionchorparuithe le gach ceadúnas suimitheora a bheidh i bhfeidhm le linn feidhm an rialacháin sin.

(2) Féadfidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh chun regleáil do dhéanamh agus chun smacht do chimeád ar oibriú suimitheoirí a bheidh curtha ar bun ag na Coimisinéirí Ioncuim fén Acht so agus ar úsáid na suimitheoirí sin ag an bpuiblíocht no ag daoine den phuiblíocht dar féidir dul isteach sna háiteanna ina mbeidh na suimitheoirí sin curtha ar bun.

(3) Le haon rialachán a déanfar fén alt so féadfar a fhoráil go mbeidh aon tsárú no brise air ina chionta a bheidh intrialta ar an slí achmair agus a ordú cadé an fhíneáil no an fhíneáil is mó a féadfar a chur ar dhaoine a gheobhfar ciontach ar a gciontú sa chionta san ar an slí achmair agus féadfar a fhoráil leis fós go mbeidh an fhíneáil sin ina fíneáil mháil.

Rialacháin.

28. —(1) Féadfidh an tAire Airgid, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda a bhaineann leis na Coimisinéirí Ioncuim agus dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

(2) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda a bhaineann le baill den Ghárda Síochána no leis an gCúirt Dúithche agus dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.

Costaisí.

29. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é íocfar amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas gach costas fé n-a raghfar ag cur an Achta so i bhfeidhm.

Gearr-theideal, tosach feidhme agus buaine.

30. —Féadfar an tAcht um Gheall-Chur, 1926 , do ghairm den Acht so, agus tiocfa sé i ngníomh an 1adh lá de Mhí na Samhna, 1926, agus leanfa sé i bhfeidhm go ceann dhá bhlian ón dáta san agus ragha sé in éag ansan.