Ar Aghaidh (CUID I. Co-dheanamh, Airgeadas agus Feidhmeanna Generalta Bhuird Sholathair an Leictreachais.)

27 1927


Uimhir 27 de 1927.


ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927.


ACHT CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN GEINIÚINT, IOMPAR, ROINNT AGUS SOLÁTHAR LEICTREACHAIS AR FUAID SHAORSTÁIT ÉIREANN D'ATH-CHÓGHLÉASA AGUS DO REGLEÁIL AGUS GO hÁIRITHE CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN LEICTREACHAS DO GHEINIÚINT SNA hOIBREACHA DO DHIN AN STÁT FÉ ACHT LEICTREACHAIS NA SIONAINNE, 1925 , AGUS CHUN AN LEICTREACHAS SAN D'IOMPAR, DO ROINNT, AGUS DO SHOLÁTHAR AGUS, CHUN NA CRÍCHE SIN, CHUN SOCRÚ DO DHÉANAMH CHUN NA hOIBREACHA SAN DO BHAINISTÍ, DO RIARA, AGUS DO STIÚRA D'FHONN IAD D'OIBRIÚ GO hÉIFEACHTÚIL AGUS GO hECONOMICIÚIL AGUS I gCÓIR NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE SIN ROIMHRÁITE NO A ÉIREOIDH LE N-A LINN NO ASTA AGUS CHUN AN tACHT LEICTREACHAIS SIN NA SIONAINNE, 1925, DO LEASÚ. [28adh Bealtaine, 1927.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Roimhra.

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an focal “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais a ceapfar fén Acht so;

cialluíonn an focal “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

cialluíonn agus foluíonn an focal “oibreacha na Sionainne” gach obair, pé saghas í agus pé áit di, a dineadh fé Acht Leictreachais na Sionainne, 1925 (Uimh. 26 de 1925) chun leictreachais do dhéanamh agus do gheiniúint le huisce-chomhacht a gheibhtear o uiscí Abha na Sionainne agus an leictreachas a dintar amhlaidh d'iompar agus do sholáthar ina mhór-choda agus fós na tailte agus na háitreabhacha a thóg an tAire do réir na gcomhacht a bronntar air chuige sin leis an Acht roimhráite ach gan aon tailte d'áireamh a thóg an tAire fén Acht san agus a shocruigh seisean fé alt 12 den Acht san a bheith ina dtailte iomarcacha, agus gan aon tailte d'áireamh a thóg an tAire chun críche speisialta fén Acht san mar a leasuítear leis an Acht so é;

cialluíonn an focal “cóir iompair leictreachais oibreacha na Sionainne” an chuid sin d'oibreacha na Sionainne a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun an leictreachas a dintar in oibreacha na Sionainne d'iompar agus do sholáthar ina mhór-choda;

cialluíonn an focal “gnóthaire údaruithe” duine dá mbeidh sé údaruithe de thurus na huaire le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon ordú sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin) no le hordú speisialta a bheidh déanta ag an mBord fén Acht so leictreachas do gheimiúint, do roinnt agus do sholáthar no do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht in aon líomatáiste áirithe agus fós 'na mbeidh aige de thurus na huaire, de bhua an Achta no an Orduithe sin, an t-aon-cheart chun leictreachas do sholáthar amhlaidh sa líomatáiste sin;

cialluíonn an focal “gnóthaire ceaduithe” éinne dar deonadh cead, agus 'na mbeidh an cead san aige i bhfeidhm, fén Acht so chun leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar no do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht i gcoitinne no d'aicmí no do dhaoine áirithe den phuiblíocht chun gach críche no chun críche no crícheanna áirithe i líomatáiste áirithe;

cialluíonn an focal “gnóthaire reachtúil” éinne dá mbeidh sé údaruithe le haon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no le haon Acht príobháideach den Oireachtas no le haon Ordú Sealadach no eile do dineadh fé údarás reachtúil (pe'ca roimh bhunú Shaorstáit Éireann é no dá éis sin) leictreachas do gheiniúint chun aon chríche;

cialluítear agus foluítear leis an bhfocal “gnó”—

(a) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire údaruithe 'na bhfuil údarás aige leictreachas do gheiniúint, do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht, an gléasra, an mheaisínteacht agus na hoibreacha leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do gheiniúint, agus na línte, an t-apparatus agus na fearaistí leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint leis an ngléasra, leis an meaisínteacht agus leis na hoibreacha san agus i gcóbhaint leis na línte, leis an apparatus agus leis na fearaistí sin,

(b) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire údaruithe ná fuil údaruithe ach chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht, na línte, an t-apparatus, agus na fearaistí leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar don phuiblíocht agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint leis na línte, leis an apparatus, agus leis na fearaistí sin, agus

(c) nuair a húsáidtear é maidir le gnóthaire reachtúil, an gléasra, an mheaisínteacht agus na hoibreacha leictreachais a úsáideann an gnóthaire sin ag geiniúint leictreachais chun na críche chun a ndintar le hAcht no le hOrdú ceaptha an ghnóthaire sin comhacht do thabhairt don ghnóthaire sin chun leictreachas do gheiniúint, agus fós na háitreabhacha a úsáideann an gnóthaire sin i gcó-bhaint le leictreachas do gheiniúint chun na críche roimhráite;

cialluíonn agus foluíonn an focal “cóir roinneacháin” an chuid sin de ghnó a húsáidtear no atá ceaptha le húsáid chun leictreachas do roinnt agus do sholáthar d'úsáidirí;

cialluíonn agus foluíonn an focal “cóir iompair” na línte, na polaí, na piolóirí, agus na hatharúcháin leictreachais agus an t-apparatus leictreachais eile a húsáidtear i gcó-bhaint le leictreachas d'iompar ó stáisiún gheiniúna go dtí cóir roinneacháin agus fós na háitreabhacha a húsáidtear i gcó-bhaint leis an apparatus san;

cialluíonn an focal “stáisiún geiniúna” stáisiún chun leictreachas do gheiniúint;

cialluíonn an focal “soláthar i mór-choda” soláthar leictreachais le húsáid chun é d'ath-dhíol le húsáidirí;

foluíonn an focal “sráid” aon chearnóg, cúirt, clamhsa, prímhbhealach, lána, bóthar, bealach, no aon phasáiste no áit phuiblí;

cialluíonn an focal “líomatáiste soláthair” líomatáiste ina mbeidh údarás de thurus na huaire ag gnóthaire údaruithe leictreachas do sholáthar don phuiblíocht agus fós ina mbeidh an t-aon-cheart aige de thurus na huaire chun leictreachas do sholáthar amhlaidh;

foluíonn an focal “údarás áitiúil” comhairle chontae, comhairle chontae-bhuirge no bhuirge eile, comhairle bhailecheanntair, comhairle thuathcheanntair, agus coimisinéirí baile, agus aon chólucht puiblí atá bunuithe le haon reacht no fé chun aon cheann d'fheidhmeanna aon chinn de sna cóluchtaí a luaidhtear thuas do chólíona.