|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931) | Ar Aghaidh (CUID II. Eolas do Bhailiu agus d'Fhoillsiu i dtaobh Ime bheidh a Choimead ar Laimh.) |
ACHT TORA DÉIRÍOCHTA, 1931
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Roimhra. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus luadh. |
1. —Féadfar an tAcht Tora Déiríochta, 1931 , do ghairm den Acht so, agus féadfar na hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Tora Déiríochta, 1924 agus 1927, agus den Acht so le chéile. |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaíochta: | |
[EN] | cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Tora Déiríochta, 1924 (Uimh. 58 de 1924) ; | |
[EN] | tá an bhrí sin leis an bhfocal “im” atá leis sa Phríomh-Acht; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “dílseánach cláruithe” duine is dílseánach cláruithe do réir bhrí an Phríomh-Achta ar áitreabh atá cláruithe i gclár ar bith a choimeádann an tAire do réir an Phríomh-Achta; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “trádálaí ime” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san im do dhíol ina mhór-choda no ina mhion-choda i dteanta no d'éamais aon ghnótha eile; | |
[EN] | cialluíonn an focal “stórálaí” duine dheineann, mar thrádáil no chun brabúis, an gnó san earraí do stóráil do dhaoine eile; | |
[EN] | cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fé Chuid II den Acht so. |