|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VIII. Foralacha Airgeadais.) | Ar Aghaidh (DARA SCEIDEAL. Orduithe Ceannaigh Eigeanta.) |
ACHT NA dTITHE (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1931
[EN] | ||
[EN] |
CEAD SCEIDEAL. Orduithe Reiteachta. | |
1. Is sa bhfuirm orduithe bheidh ordú réiteachta agus beidh tuairisc ann do réir mhapa ar an líomatáiste le n-a mbaineann agus socrófar leis, do réir an dáta ar a dtiocfaidh i ngníomh, an tréimhse, nách giorra ná ocht lá fichead ón dáta san, gur laistigh di éilíonn an t-údarás áitiúil na foirgintí sa líomatáiste d'fhágaint chun go leagfar iad, agus chuige sin féadfar malairt tréimhsí do shocrú leis i gcóir malairt foirgintí. | ||
2. Sara gcuiridh an t-údarás áitiúil an t-ordú fé bhráid an Aire déanfaid— | ||
(a) fógra sa bhfuirm orduithe d'fhoillsiú i bpáipeur no i bpáipéirí nuachta léightear ina gceanntar á rá go ndearnadh an t-ordú san agus ag tabhairt tuairisce ar an líomatáiste luaidhtear ann agus ag ainmniú áite ina bhféadfar cóip den ordú agus den mhapa luaidhtear ann d'fheicsint gach tráth réasúnta; agus | ||
(b) fógra do sheirbheáil ar gach duine is únaer, léasaí, agus sealbhaire (ach amháin tionóntaithe ar feadh míosa no tréimhse is lugha ná mí) ar aon fhoirgint atá sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú, agus fós ar gach morgáistí uirthi sa mhéid gur féidir do réir réasúin na morgáistithe sin d'fháil amach, fógra sa bhfuirm orduithe ag luadh éifeachta an orduithe agus á rá go bhfuiltear chun é do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú, agus ag luadh na haimsire gur laistigh di féadfar agus na slí ina bhféadfar agóidí do chur ina choinnibh. | ||
3. Déanfaidh an t-údarás áitiúil, chó luath agus is féidir é tar éis na fógraí is gá do thabhairt, an t-ordú do chur fé bhráid an Aire chun é do dhaingniú. | ||
4. Mara ndeinidh éinne de sna daoine gur gá fógraí do sheirbheáil ortha aon agóid do chur i gcoinnibh an orduithe go cuibhe, no má deintear gach agóid a cuirfear ina choinnibh amhlaidh do tharrac siar féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú; ach in aon chás eile cuirfidh fé ndeár, sara ndaingneoidh an t-ordú, fiosrú áitiúil puiblí do dhéanamh agus breithneoidh aon agóid nár tarraigeadh siar agus fós tuarasgabháil an té do rinne an fiosrú, agus féadfaidh ansan an t-ordú do dhaingniú go n-atharú no gan atharú: ach ní bhainfidh an t-ordú, mar a dhaingneoidh an tAire é, le haon fhoirgint ná bainfeadh an t-ordú léi dá ndaingnítí é gan atharú do dhéanamh air. | ||
5. Féadfaidh an tAire ordú do dhaingniú in ainneoin gurb é éifeacht na n-atharuithe do rinne sé tré aon fhoirgintí do dhúnadh amach as an líomatáiste réiteachta ná dhá líomatáiste ar leithligh no níos mó do dhéanamh den líomatáiste sin, agus in aon chás den tsórt san beidh feidhm ag na forálacha den Acht so, bhaineann leis an éifeacht a bheidh ag ordú nuair a bheidh sé daingnithe agus leis na nithe bheidh le déanamh tar éis an orduithe do dhaingniú, fé is dá mb'aon líomatáiste réiteachta amháin na líomatáistí sin. |