Ar Aghaidh (SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.)

14 1935


Uimhir 14 de 1935.


ACHT NA nEACHTRANNACH, 1935.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH I dTAOBH EACHTRANNACH DO RIALÚ AGUS I dTAOBH NITHE EILE BHAINEAS LE hEACHTRANNAIGH.

[10adh Abrán, 1935.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:—

Mínithe go generálta.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin a dhéanfaidh an tAire fén Acht so.

Míniú ar “eachtrannach.”

2. —San Acht so cialluíonn an focal “eachtrannach” duine nách saoránach de Shaorstát Éireann.

Cearta eachtrannach maidir le maoin.

3. —(1) Féadfaidh eachtrannach gach saghas maoine réalta agus pearsanta i Saorstát Éireann no fé réir dhlí Shaorstáit Éireann do thógaint, d'fháil, do shealbhú agus do chur de láimh sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ina bhféadfadh saoránach de Shaorstát Éireann an mhaoin sin do thógaint, d'fháil, do shealbhú no do chur de láimh.

(2) Féadfar teideal chun aon tsaghas maoine réalta no pearsanta i Saorstát Éireann no fé réir dhlí Shaorstáit Éireann d'fháil tré eachtrannach no uaidh no i gcomharbas do sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ar gach slí ina bhféadfaí an mhaoin sin d'fháil tré shaoránach de Shaorstát Éireann no uaidh no i gcomharbas do.

(3) Ní oibrecidh éinní san alt so—

(a) chun eachtrannaigh do cháiliú chun aon oifige no chun aon reachtshaoirse cathrach, páirliminte no eile ná beadh sé cáilithe chúichi dá mba na hachtófaí an t-alt so, no

(b) chun eachtrannaigh do cháiliú chun bheith ina únaer ar luing no ar aon scair i luing a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, no

(c) chun eachtrannaigh do cháiliú chun bheith ina únaer ar aon aer-árthach a bheidh cláruithe i Saorstát Éireann, no

(d) chun aon eachtrannaigh do cháiliú chun aon chirt no príbhléide bronntar le hAcht den Oireachtas (ar n-a rith roimh an Acht so no dá éis) ar aon aicme no drong daoine, pe'ca mar shaoránaigh no mar náisiúnaigh de Shaorstát Éireann no in aon tslí eile tuairiscítear iad, nách duine dhíobh an t-eachtrannach san an t-am a bheidh i gceist.

Eachtrannaigh do bheith fé réir dhlí Shaorstáit Éireann.

4. —Beidh eachtrannach freagarthach i láthair dlí Shaorstáit Éireann agus intrialta fén dlí sin sa tslí chéanna agus sa mhéid chéanna ar gach slí ina mbeidh saoránach de Shaorstát Éireann freagarthach agus intrialta amhlaidh.

Eachtrannaigh do rialú.

5. —(1) Féadfaidh an tAire, más dóich leis agus pé uair is dóich leis gur ceart é, gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh le hordú (dá ngairmtear ordú eachtrannach san Acht so) maidir le gach eachtrannach no maidir le heachtrannaigh de náisiúntacht áirithe no, neachtar acu, d'aicme áirithe, no maidir le heachtrannaigh áirithe, sé sin le rá:—

(a) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh le n-a moaineann an t-ordú teacht i dtír no teacht isteach i Saorstát Éireann;

(b) srian do chur le heachtrannaigh, agus coinníollacha do chur ortha, maidir le teacht i dtír no teacht isteach i Saorstát Éireann, agus ortha san srian agus coinníollacha á chur ortha gan teacht i dtír ná teacht isteach amhlaidh ach in áiteanna áirithe no gan teacht i dtír ná teacht isteach amhlaidh in áiteanna áirithe;

(c) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin Saorstát Éireann d'fhágaint agus chuige sin a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin dul ar bord loingis no aer-árthach i Saorstát Éireann;

(d) srian do chur leis na heachtrannaigh sin, agus coinníollacha do chur ortha, maidir le himeacht as Saorstát Éireann agus ortha san srian agus coinníollacha á chur ortha gan imeacht amhlaidh ach o áiteanna áirithe no ar shaghsanna áirithe córach taistil no gan imeacht amhlaidh o áiteanna áirithe no ar shaghsanna áirithe córach taistil;

(e) socrú do dhéanamh chun na n-eachtrannach san do dhúnadh amach no d'ionnarbadh agus do dhúnadh amach as Saorstát Éireann agus socrú do dhéanamh agus údarás do thabhairt chun an Aire do dhéanamh orduithe chuige sin;

(f) a cheangal ar na heachtrannaigh sin comhnaí no fanúint i gceanntracha no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann;

(g) a thoirmeasc ar na heachtrannaigh sin comhnaí no fanúint i gceanntracha no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann;

(h) a cheangal ar na heachtrannaigh sin forálacha áirithe i dtaobh cláruithe, atharú áite comhnaithe, taistil, fostaíochta, slí bheatha, agus nithe eile dá sórt san do chólíonadh faid a bheid i Saorstát Éireann.

(2) Féadfaidh forálacha chun gach críche no aon chríche acu so leanas bheith in ordú eachtrannach, sé sin le rá:—

(a) chun oblagáidí do chur ar mháistrí long ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, ar na píolótaí no na daoine eile i mbun aer-árthach ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, ar chuideachtana bóthair iarainn go ngabhann a línte bóthair iarainn trasna talamh-theorann Shaorstáit Éireann, agus ar na tiománuithe no na dacine eile i mbun feithiclí bóthair ag teacht isteach i Saorstát Éireann no ag imeacht as, agus chun srian do chur leo, pé oblagáidí agus pé srian is dóich leis an Aire is gá chun lánéifeachta do thabhairt don ordú san no chun a chur in áirithe go ndéanfar dá réir;

(b) chun na gcomhacht san uile (ar a n-áirmhítear comhachta gabhála agus coinneála) do bhronnadh ar an Aire agus ar oifigigh don Aire, ar oifigigh chustum agus máil agus ar fhórsaí míleata agus póilíneachta an Stáit is dóich leis an Aire is gá chun lán-éifeachta do thabhairt don ordú san no chun a chur in áirithe go ndéanfar dá réir;

(c) chun a chinneadh cadé an náisiúntacht a cuirfear i leith eachtrannach nách fios no nách deimhin cad is náisiúntacht dóibh;

(d) i gcás orduithe eachtrannach le n-a ndeintear socrú chun eachtrannach do dhúnadh amach no d'ionnarbadh agus do dhúnadh amach—chun oibriú an orduithe sin agus gach orduithe do rinneadh fé do bhuanú d'ainneoin aon atharuithe i náisiúntacht na n-eachtrannach no an eachtrannaigh le n-a mbaineann an t-ordú san no na t-ordú do rinneadh fé;

(e) chun a cheangal ar lucht tithe aoigheachta no ósta agus ar dhaoine eile bheireann lóistín no cóir chodlata uatha ar luach saothair in áitreabhacha atá ar únaeracht no ar seilbh acu cláir do choimeád de dhaoine bheidh ar lóistín no chodlóidh sna tithe aoigheachta no ósta no sna háitreabhacha san agus leigint d'oifigigh don Aire agus do bhaill d'fhórsaí póilíneachta an Stáit na cláir sin d'iniúchadh agus cóipeanna dhíobh do dhéanamh no sleachta do thógaint asta.

(3) Más rud é, in aon imeachta, coiriúil no síbhialta, go n-eireoidh aon cheist fé ordú eachtrannach no fé ordú do rinneadh fé ordú eachtrannach no maidir le haon cheann acu i dtaobh ce'ca eachtrannach aon duine áirithe no nách eadh no ce'ca eachtrannach de náisiúntacht áirithe no d'aicme áirithe é no nách eadh no ce'ca eachtrannach áirithe luaidhtear san ordú san é no nách eadh is ar an duine sin a bheidh a chruthú nách eachtrannach é, no nách eachtrannach de náisiúntacht no d'aicme áirithe é, no nách é an t-eachtrannach áirithe sin é (pe'ca aca é).

(4) Ní bhainfidh ordú eachtrannach le haon duine acu so leanas, sé sin le rá:—

(a) ceann aon mhisiúin thaidhleoireachta bheidh údaruithe go cuibhe do Shaorstát Éireann, baill de theaghlach an chinn sin, agus gach ball d'fhoirinn taidhleoireachta an mhisiúin sin gur cuireadh a cheapadh mar bhall den tsórt san in úil don Aire Gnóthaí Coigríche go hoifigiúil no agá mbeidh aon teideal eile chun saoirsí taidhleoireachta agus céile agus clann an bhaill sin;

(b) an t-árd-chonsul agus aon chonsul no leas-chonsul i Saorstát Éireann o thír ar bith eile agus céile agus clann an árd-chonsuil, an chonsuil no an leas-chonsuil sin.

(c) éinne ná baineann aon mhír de sna míreanna san roimhe seo den fho-alt so leis agus go ndearbhófar, le hordú dhéanfaidh an tAire Gnóthaí Coigríche, gur ionadaí oifigiúil i Saorstát Éireann do rialtas tíre eile é.

(5) Eachtrannach a bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann agus a bhí ina chomhnaí amhlaidh ann ar feadh tréimhse (cuid di roimh an Acht so do rith agus cuid di ina dhiaidh no, neachtar acu, í uile ina dhiaidh) nár ghiorra ná cúig bliana agus a bheidh de thurus na huaire ar fostú i Saorstát Éireann no ag gabháil do ghnó no ag cleachtadh gairme i Saorstát Éireann ní déanfar é d'ionnarbadh as Saorstát Éireann fé ordú eachtrannach ná fé ordú déanfar fé ordú eachtrannach maran rud é—

(a) go mbeidh téarma pian-tseirbhíse no príosúntachta do chuir Cúirt i Saorstát Éireann air caithte no á chaitheamh ag an eachtrannach san, no

(b) gur mhol Cúirt i Saorstát Éireann, gur díotáladh no gur cúisíodh an t-eachtrannach san ina láthair in aon choir no cionta, an t-eachtrannach san d'ionnarbadh no

(c) go mbeidh fógra ráithe i scríbhinn i dtaobh an ionnarba san tugtha ag an Aire don eachtrannach san.

(6) Gach ordú do rinneadh fé sna Aliens Restriction Acts, 1914 and 1919, agus atá i bhfeidhm ar dháta an Achta so do rith féadfar é do leasú no do cheiliúradh le hordú eachtrannach, agus go dtí go gceiliúrfar amhlaidh é, agus fé réir aon leasuithe den tsórt san, leanfaidh i bhfeidhm agus tuigfear gur fén Acht so do rinneadh é agus beidh ina ordú eachtrannach do réir bhrí an Achta so.

(7) Féadfaidh an tAire aon uair, le hordú, ordú eachtrannach do rinneadh roimhe sin do cheiliúradh no do leasú.

(8) Leagfar fé bhráid gach Tighe den Oireachtas, chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, gach ordú eachtrannach agus gach ordú ag ceiliúradh no ag leasú orduithe eachtrannach agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(9) Pé uair is i dtaobh eachtrannach d'aicme áirithe déanfar ordú déanfar fé ordú eachtrannach foillseofar an t-ordú san san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.

Sárú ar ordú eachtrannach.

6. —(1) Gach duine dhéanfaidh éinní, pe'ca tré ghníomh no tré fhaillí é, is sárú ar aon fhoráil d'ordú eachtrannach do rinneadh no tuigtear do rinneadh fén Acht so no d'ordú do rinneadh fé ordú eachtrannach beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí, agus an Chúirt gur os a comhair a ciontófar an duine sin féadfaidh, i dteanta no in ionad aon fhíneála no príosúntachta den tsórt san, a ordú don duine sin dul fé bhannaí, go n-urraí no dá n-éamuis, á cheangal ar an duine sin déanamh do réir forálacha no aon cheann d'fhorálacha an orduithe sin.

(2) Gach duine go dteipfidh air déanamh do réir orduithe ón gCúirt a déanfar fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so á cheangal air dul fé bhannaí beidh sé ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh téarma ar bith nách sia ná sé mhí.

Barántaisí cuardaigh.

7. —(1) Pé uair is deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar fhaisnéis thiomanta oifigigh den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, go bhfuil sé riachtanach chó fada le réasún, chun na gcrícheanna bhaineann le foirfheidhmiú orduithe eachtrannach no orduithe do rinneadh fé ordú eachtrannach, go gcuardódh baill den Ghárda Síochána aon talamh, foirgint, áitreabh no áit áirithe eile féadfaidh an Breitheamh san barántas cuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt so do thabhairt amach don oifigeach san.

(2) Barántas cuardaigh do bhéarfaidh Breitheamh den Chúirt Dúithche amach fén alt so déarfaidh agus déanfaidh a údarú do bhall ainmnithe den Ghárda Síochána nách ísle céim ná ceannphort, agus pé baill eile den Ghárda Síochána is dóich leis is ceart ina theanta, dul isteach agus cuardach do dhéanamh, aon uair laistigh d'ocht n-uaire is dachad a' chluig tar éis an bharántais chuardaigh sin do thabhairt amach, agus san le héigin más gá é, ar an talamh no sa bhfoirgint, san áitreabh no san áit a bheidh luaidhte sa bharántas chuardaigh sin agus gach duine no aon duine do gheobhfar san áit sin do chuardach agus do cheistniú agus do ghabháil.

Srian le heachtrannaigh d'atharú a n-ainme.

8. —(1) Ach amháin i gcás agus sa mhéid go n-údarófar é le ceadúnas do bhéarfar amach fén Acht so ní bheidh sé dleathach d'aon eachtrannach a bheidh de thurus na huaire bliain is fiche d'aois no os a chionn aon ainm seachas an ainm do bheirtí air de ghnáth agus i gcoitinne pé lá acu so is déanaí, sé sin le rá, an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no an lá roimh an dáta ar ar shlánuigh sé a bhliain is fiche, do ghlacadh ná d'úsáid ná a thabhairt le tuisgint í bheith glactha no á húsáid aige ná leanúint d'í thabhairt air féin ná d'úsáid tar éis an lae cheaptha.

(2) Ach amháin i gcás agus sa mhéid go n-údarófar é le ceadúnas do bhéarfar amach fén Acht so ní bheidh sé dleathach d'eachtrannach, ina aonar ná i bpáirtíocht le duine no le daoine eile, bheith ag gabháil d'aon trádáil no gnó ná leanúint de bheith ag gabháil d'aon trádáil no gnó tar éis an lae cheaptha fé aon ainm no teideal seachas an ainm no an teideal fé n-a raibh no fé n-a mbeidh an trádáil no an gnó san ar siúl—

(a) más roimh an lá ceaptha (pe'ca roimh an Acht so do rith é no dá éis) do thosnuigh no thosnóidh an t-eachtrannach san, ina aonar no i bpáirtíocht le duine no daoine eile, ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san—pé lá acu so leanas is déanaí, sé sin le rá, an 6adh lá de Mhí na Nodlag, 1922, no an lá do thosnuigh no thosnóidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san amhlaidh, no

(b) más ar an lá ceaptha no dá éis a thosnóidh an t-eachtrannach san amhlaidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san—an lá thosnóidh amhlaidh ar bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san.

(3) I gcás trádála no gnótha dá mbeidh beirt no níes mó ag gabháil i bpáirtíocht fé theideal no fé ainm is ionann nách mór agus cónascadh d'ainmneacha fé seach na ndaoine sin ní hatharú, chun crícheanna an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo den alt so, ar an teideal no ar an ainm sin aon atharú sa teideal no san ainm sin a déanfar mar gheall ar atharú i mballraíocht na páirtíochta san agus a bheidh nách mór do réir an atharuithe sin.

(4) Ní sárú ar an alt so bean do ghlacadh ainme a fir chéile ar phósadh dhi ná í d'úsáid na hainme sin tar éis pósta dhi.

(5) Gach duine dhéanfaidh éinní contrárdha don alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae a leanfar den chionta.

(6) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá nách túisce ná trí mhí tar éis dáta an orduithe sin do cheapadh chun bheith ina lá cheaptha chun críche an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo agus san alt so agus sa chéad alt san ina dhiaidh seo cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá ceapfar amhlaidh.

Ceadúnaisí chun eachtrannach d'atharú a n-ainme.

9. —(1) Eachtrannach gur mian leis—

(a) leanúint d'ainm d'úsáid tar éis an lae cheaptha go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so leanúint amhlaidh d'í d'úsáid, no

(b) ainm do ghlacadh no d'úsáid tar éis an lae cheaptha go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so í do ghlacadh no d'úsáid amhlaidh, no

(c) bheith ag gabháil no leanúint de bheith ag gabháil, tar éis an lae ceaptha, do thrádáil no do ghnó (ina aonar no i bpáirtíocht le duine no daoine eile) fé theideal no fé ainm go dtoirmeasctar air leis an alt deiridh sin roimhe seo den Acht so leanúint de bheith ag gabháil amhlaidh don ghnó san fé,

féadfa sé ceadúnas d'iarraidh sa bhfuirm agus sa tslí orduithe ar an Aire, roimh an lá ceaptha no dá éis, chun leanúint den ainm sin d'úsáid, no chun na hainme sin do ghlacadh agus d'úsáid, no chun bheith ag gabháil no leanúint de bheith ag gabháil don trádáil no don ghnó san, pe'ca aca é, fén dteideal no fén ainm sin.

(2) Féadfaidh an tAire ceadúnas a hiarrfar fén alt so do thabhairt amach no diúltú d'é thabhairt amach, fé mar is rogha leis féin, agus má bheireann sé amach aon cheadúnas den tsórt san féadfaidh pé coinníollacha do chur ag gabháil leis an gceadúnas san is dóich leis is ceart agus a luadhfa sé ann.

(3) Ceadúnas do bhéarfar amach fén alt so déarfaidh agus déanfaidh a údarú don cheadúnaí bheidh ainmnithe ann leanúint d'ainm áirithe d'úsáid. no ainm áirithe do ghlacadh agus d'úsáid, no leanúint de bheith ag gabháil do thrádáil no do ghnó áirithe fé theideal no fé ainm áirithe no bheith ag gabháil do thrádáil no do ghnó áirithe fé theideal áirithe, pe'ca aca is gá sa chás, ar dháta an cheadúnais sin no ar aon dáta is déanaí ná san a luadhfar ann agus as san amach agus, in aon chás, fé réir pé coinníollacha luadhfar sa cheadúnas san.

(4) Eileofar agus íocfar ar gach ceadúnas do thabhairt amach fén alt so pé táille ordóidh an tAire le toliú an Aire Airgid.

(5) Is i pé slí ordóidh an tAire Airgid o am go ham a baileofar agus a glacfar gach táille is iníoctha alos ceadúnaisí do bhéarfar amach fén alt so agus íocfar isteach sa Stát-Chiste no cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste í do réir orduithe an Aire sin.

(6) Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir le haon táillí is iníoctha fén alt so.

(7) Féadfaidh an tAire aon uair mar is rogha leis féin ceadúnas do thug sé amach fén alt so do cheiliúradh.

(8) Chó luath agus is féidir é tar éis ceadúnais do bhéarfar amach fén alt so do thabhairt amach no do cheiliúradh foillseoidh an tAire san Iris Oifigiúil fógra i dtaobh an cheadúnais sin do thabhairt amach no do cheiliúradh (pe'ca aca é) maraon le pé mion-innste i dtaobh an cheadúnais sin is dóich leis an Aire is ceart chun a thaisbeáint, i gcás ceadúnas do thabhairt amach, cé hé an duine no cadé an trádáil no an gnó gur maidir leis do tugadh an ceadúnas san amach no cad is brí generálta don cheadúnas san no chun a thaisbeáint, i gcás ceadúnas do cheiliúradh, cadé an ceadúnas áirithe do ceiliúradh.

Comhacht chun saoránach de thíortha áirithe do shaoradh o fheidhm forálacha den Acht so, etc.

10. —(1) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú, saoirse o fheidhm aon fhorála no forálacha den Acht so no d'aon ordú eachtrannach do thabhairt do shaoránaigh is géilliúnaigh no náisiúnaigh d'aon tír gur deimhin leis an Ard-Chomhairle ina taobh, ag féachaint do chúrsaí uile an cháis agus go sonnrách do dhlithe na tíre sin maidir le hinimircigh, gur ceart an tsaoirse luadhfar san ordú san do dheonadh.

(2) Gach ordú dhéanfaidh an Ard-Chomhairle fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.

(3) Féadfaidh an Ard-Chomhairle aon uair, le hordú, aon ordú do rinneadar roimhe sin fén alt so do cheiliúradh,

Rialacháin.

11. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh i dtaobh aon ní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú ach ní déanfar aon rialachán den tsórt san i dtaobh méide táille gan toiliú an Aire Airgid.

(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid amhlaidh, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

Ciontaí do chúiseamh.

12. —Féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire, mar chúisitheoir, gach cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do chúiseamh.

Costaisí.

13. —Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a raghaidh an tAire ag cur an Achta so i bhfeidhm do.

Athghairm.

14. —Na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so athghairmtear leis seo iad sa mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san.

Gearr-theideal.

15. —Féadfar Acht na nEachtrannach, 1935 , do ghairm den Acht so.