|
||||
|
ACHT NA dTITHE AGUS NA SCLÁBHAITHE, 1937
[EN] | |||
[EN] |
CUID III. Acht na Sclabhaithe, 1936 , do Leasu. | ||
[EN] |
Míniú chun crícheanna Coda III. |
10. —Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” Acht na Sclábhaithe, 1936 (Uimh. 24 de 1936) . | |
[EN] |
Ailt 16 agus 17 den Phríomh-Acht do leasú agus forálacha iarmartacha. |
11. —(1) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 den Phríomh-Acht tré mhír (c) den fho-alt san do scriosadh amach, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. | |
[EN] | (2) Leasuítear leis seo fo-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht tré sna focail seo leanas do chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin, sé sin le rá:— | ||
[EN] | “ach má bhíonn aon chíos dlite ar an iostán san ní déanfar an t-ordú dílsiúcháin sin mara ndeintear ná go dtí go ndéanfar— | ||
[EN] | (i) méid an chíosa bheidh dlite d'íoc leis an mbord sláinte sin maran mó ná cíos ráithe é, no | ||
[EN] | (ii) suim nach lugha ná cíos ráithe d'íoc leis an mbord sláinte sin ar cuntas an méid cíosa bheidh dlite más mó san ná cíos ráithe.” | ||
[EN] | agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin. | ||
[EN] | (3) Má dheineann bord sláinte ceanntair shláinte chontae ordú dílsiúcháin, fé fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht mar a leasuítear san leis an alt so, i dtaobh iostáin go mbeidh aon tsuim (dá ngairmtear an riaráiste sa bhfo-alt so) dlite air alos cíosa tráth déanta an orduithe dhílsiúcháin sin, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | ||
[EN] | (a) chun crícheanna an fho-ailt seo— | ||
[EN] | cialluíonn an abairt “an phrímh-bhlianacht” an bhlianacht inchríochnuithe luaidhtear maidir leis an iostán san sa scéim cheannaigh (do réir bhrí an Phríomh-Achta) a bhaineann leis an iostán san, | ||
[EN] | cialluíonn an abairt “laetheanta gála” na laetheanta luadhfar san ordú dílsiúcháin sin do réir mhíre (b) d'fho-alt (2) den alt san 17; | ||
[EN] | (b) íocfar an riaráiste leis an mbord sláinte sin fé cheann pé méid blian (dá ngairmtear an tréimhse chistiúcháin sa bhfo-alt so) a cheapfaidh an bord sláinte sin, ag tosnú i dtosach na tréimhse íocaíochta (do réir bhrí an fho-ailt sin (2)) i leith an iostáin sin agus ag críochnú tráth nach déanaí ná deireadh na tréimhse sin, agus má orduíonn an bord sláinte sin amhlaidh íocfar é go n-ús do réir pé ráta (nach mó na 4¾per cent. sa bhliain) a cheapfaidh an bord sláinte sin don cheanntar sláinte chontae sin; | ||
[EN] | (c) déanfar an riaráiste agus aon ús a bheidh air d'íoc tré bhlianacht (dá ngairmtear an bhlianacht chistiúcháin sa bhfo-alt so) a bheidh iníoctha i rith na tréimhse cistiúcháin; | ||
[EN] | (d) isé an méid seo leanas a bheidh sa bhlianacht chistiúcháin, eadhon,— | ||
[EN] | (i) má orduíonn an bord sláinte sin an riaráiste sin d'íoc go n-ús air, pé méid is dóich leis an mbord sláinte sin is leor chun an riaráiste, go n-ús do réir an ráta bheidh ceaptha amhlaidh, d'íoc i rith na tréimhse cistiúcháin ina thráthchoda codroma ar na laetheanta gála bheidh sa tréimhse chistiúcháin, no | ||
[EN] | (ii) in aon chás eile, pé méid is có-ionann leis an riaráiste ar n-a roinnt ar uimhir is có-ionann leis an uimhir de bhlianta bheidh sa tréimhse chistiúcháin; | ||
[EN] | (e) beidh íoc na blianachta cistiúcháin leis an mbord sláinte sin ina mhuirear ar an iostán san de bhuadh na míre seo; | ||
[EN] | (f) íocfar an bhlianacht chistiúcháin ina tráthchoda codroma ar na laetheanta gála bheidh sa tréimhse chistiúcháin, agus i rith na tréimhse cistiúcháin beidh sé ina choinníoll de sna coinníollacha reachtúla bhainfidh leis an iostán san tráthchuid den bhlianacht chistiúcháin d'íoc go féiltiúil leis an mbord sláinte sin gach lá gála i rith na tréimhse cistiúcháin, agus déanfar an abairt “tráthchuid de bhlianacht” atá in ailt 22 agus 24 den Phríomh-Acht do léiriú mar abairt a fholuíonn tráthchuid den bhlianacht chistiúcháin; | ||
[EN] | (g) déanfar an tagairt atá in alt 27 den Phríomh-Acht do bhlianacht cheannaigh an iostáin do léiriú i rith na tréimhse cistiúcháin mar thagairt don phrímhbhlianacht agus í méaduithe de shuim is có-ionann leis an mblianacht chistiúcháin;, | ||
[EN] | (h) nuair bheidh méid na blianachta cistiúcháin no méid aon tráthchoda den bhlianacht chistiúcháin á dhéanamh amach ní tabharfar áird ar aon chodán de phingin is luath na leath-phingin agus áirmheofar mar phingin aon chodán de phingin is có-ionann le leath-phingin no is mó ná leath-phingin; | ||
[EN] | (i) déarfar san ordú dilsiúcháin sin go mbainfidh forálacha an fho-ailt seo leis an iostán san agus luadhfar an tréimhse chistiúcháin ann agus méid na blianachta cistiúcháin agus an méid a bheidh i dtráthchuid di. | ||
|