Ar Aghaidh (AN CHEAD SCEIDEAL. FIRST SCHEDULE. ÉIRE. HIGH COURT OF JUSTICE. 1937. No. 250 P.)

13 1943


Uimhir 13 de 1943.


ACHT SILTIN CHEANNTAR NA FORGHASA, 1943.

[An tionntódh oifigeamhail.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN OIBREACHA SILTIN AN CHEANNTAIR SHILTIN DAR TEIDEAL CEANNTAR NA FORGHASA D'FHEABHSÚ AGUS DO DHEISIÚ AGUS DO CHOTHABHÁIL, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I gCÓIR NITHE IOMDHA EILE BHAINEAS LEIS AN gCEANNTAR SAN AGUS LEIS NA hOIBREACHA SILTIN ANN. [27adh Abrán, 1943.]

ACHTUITEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Airgeadais;

cialluíonn an abairt “na Coimisinéirí” Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn;

calluíonn an abairt “Comhairle an Chláir” Comhairle Chontae an Chláir;

cialluíonn an abairt “Comhairle na Gaillimhe” Comhairle Chontae na Gaillimhe;

cialluíonn an abairt “na Comhairlí” Comhairle an Chláir agus Comhairle na Gaillimhe;

cialluíonn an abairt “an Toiliú Sceidealta” an Toiliú, a bhfuil cóip de leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so, do rinne na páirtithe (seachas an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe) san aicsean san Ard-Chúirt a luaidhtear i mbárr an Toilithe sin, toiliú lenar glacadh agus da ndearnadh riail den Ard-Chúirt an 29adh lá de Dheireadh Fómhair, 1941;

calluíonn an abairt “Ceanntar na Forghasa” an ceanntar siltin do bunuíodh leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860, agus ar ar thug an moladh san Ceanntar na Forghasa;

cialluíonn an abairt “an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860,” an Moladh Deiridh do rinne na Coimisinéirí ar an dáta san maidir le Ceanntar na Forghasa.

Comhairle an Chláir do thógaint tailimh.

2. —(1) Is dleathach do Chomhairle an Chláir na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do thógaint i mbith-dhílse, do réir cláis (A) de mhír 1 den Toiliú Sceidealta agus tré chó-aontú no go héigeanta, agus iad saor agus glan o gach cíos, blianacht, muirear, agus eire ar bith ar phraghas sé púint déag an t-acra reachtúil.

(2) Is dleathach do na Comhairlí gach duine fé leith de dhílseánaigh na dtailte luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do shaoradh o na rátaí siltin uile bheidh dlite no ag teacht chun bheith dlite do na Comhairlí ón dílseánach san, maidir lena chuid-sean de na tailte sin, ar dháta aistrithe an chéanna chun Comhairle an Chláir.

(3) Is dleathach do Chomhairle an Chláir gach duine fé leith de shealbhairí na dtailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis seo do shaoradh ón ráta dealbhais uile bheidh dlite no ag teacht chun bheith dlite don Comhairle sin ón sealbhaire sin, maidir lena chuid-sean de na tailte sin, ar dháta aistrithe an chéanna chun na Comhairle sin, agus chun na críche sin is dleathach don Chomhairle sin gach cion-roinnt riachtanach do dhéanamh ar an ráta dealbhais i gcás aon ghabháltais rátuithe áirithe ná beidh ach cuid de isna tailte sin.

(4) Nuair a bheidh na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so aistrithe chun Comhairle an Chláir, beid ina gcuid d'oibreacha siltin Cheanntar na Forghasa agus féadfaidh na Comhairlí iad d'úsáid mar thaisc-iomar tuile no chun aon chríche eile bhainfidh le hoibriú no cothabháil na n-oibreacha siltin sin.

(5) Beidh feidhm ag ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú no arna oiriúnú le hachtacháin iaraimseardha no fútha, maidir le Comhairle an Chláir do thógaint go héigeanta oiread de na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ná tógfar tré chó-aontú agus, chun críche na feidhme sin, is tuigthe gurb iad Comhairle an Chláir bunathóir an ghnóthais.

Rann-íoo ón Aire i leith praghas na dtailte tógfar.

3. —(1) Má dhéanann Comhairle an Chláir na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do thógaint fén Acht so féadfaidh an tAire pé suim, nach mó ná dhá mhíle agus cúig céad punt agus a mheasfaidh is ceart, d'íoc leis an gComhairle sin as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) An t-airgead uile íocfaidh an tAire le Comhairle an Chláir fén alt so úsáidfidh an Chomhairle sin é mar rann-íoc i leith an phraghais íocfaidh an Chomhairle sin as na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so ar iad do thógaint fén Acht so.

(3) An t-airgead íocfaidh an tAire fén alt so le Comhairle an Chláir is tuigthe é íoc i nglanadh agus i gcólíonadh na hoblagáide forchuirtear, le Clás (A) de mhír 2 den Toiliú Sceidealta, ar na Coimisinéirí chun suim de dhá mhíle agus cúig céad punt do ranníoc, agus léireofar gach tagairt atá sa Toiliú Sceidealta don tsuim de dhá mhíle agus cúig céad punt a sholáthróidh na Coimisinéirí mar thagairt don airgead íocfaidh an tAire le Comhairle an Chláir fén alt so.

Na Comhairlí do sholáthar £6,000.

4. —(1) Féadfaidh na Comhairlí, de bhun cláis (C) de mhír 1 den Toiliú Sceidealta, suim ná raghaidh thar sé mhíle punt do sholáthar as a gcistí contae fé seach chun na gcrícheanna luaidhtear sa Chlás san (C).

(2) Airgead a sholáthróidh na Comhairlí fén alt so soláthrófar é amhlaidh sna cionúireachtaí so leanas, sé sin le rá, soláthróidh Comhairle an Chláir ·98841 den airgead san agus soláthróidh Comhairle na Gaillimhe ·01159 de.

(3) Déanfar an t-airgead a shóláthróidh na Comhairlí fen alt so d'úsáid chun na gcrícheanna uile agus fé seach a luaidhtear i gclás (C) de mhír 1 den Toiliú Sceidealta.

(4) Déanfaidh Comhairle na Gaillimhe pé cuid (más ann) de na costais a luaidhtear fén mír-cheann “Sixthly” i gclás (C) de mhír 1 den Toiliú Sceidealta ná beidh glanta as an airgead a sholáthróidh na Comhairlí fén alt so do chruinniú agus d'íoc tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(5) Chun an t-airgead do sholáthar a húdaruítear dóibh a sholáthar fén alt so is cead go dtógfadh Comhairle an Chláir agus go dtabharfadh an tAire ar iasacht as an gCiste Iasachtaí Áitiúla suim nach mó ná méid an airgid a húdaruítear a sholáthar amhlaidh, fé is dá mba chríoch a luaidhtear in Airteagal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, soláthar an airgid sin.

(6) Féadfaidh Comhairle na Gaillimhe an t-airgead a húdaruítear dóibh a sholáthar fén alt so do chruinniú tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán no is cead, chun an t-airgead san do sholáthar, go dtógfadh an Chomhairle sin agus go dtabharfadh an tAire ar iasacht as an gCiste Iasachtaí Áitiúla suim nach mó ná méid an airgid sin fé is dá mba chríoch a luaidhtear in Airteagal 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, soláthar an airgid sin.

(7) Airgead a thógfaidh ceachtar de na Comhairlí ar iasacht fén alt so ní háirmheofar é mar chuid d'fhiacha na Comhairle sin chun crícheanna Airteagail 22 den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898.

Na Coimisinéirí do dhéanamh oibreacha.

5. —(1) Is dleathach do na Coimisinéirí dul isteach ar na tailte i gCeanntar na Forghasa agus na hoibreacha luaidhtear i gclásanna (D) agus (F), fé seach, de mhír 2 den Toiliú Sceidealta do dhéanamh agus do chríochnú ann agus, chun na críche sin, beidh ag na Coimisinéirí agus is cead go n-oibreoidís, gach ceann no aon cheann no cinn de na comhachta do bheirtear dóibh leis na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1886 agus 1924, maidir le hoibreacha siltin do dhéanamh no do dheisiú.

(2) Deimhniú fé láimh innealltóra arna cheapadh chuige sin ag na Coimisinéirí á dheimhniú gur scrúduigh sé na hoibreacha do rinne na Coimisinéirí fén alt so agus go bhfuil ar na hoibreacha san na hoibreacha uile luaidhtear i gclásanna (D) agus (F) fé seach de mhír 2 den Toiliú Sceidealta agus go bhfuilid críochnuithe chun a shástachta, beidh sé ina fhianaise dho-chlaoite chun gach críche ar na hoibreacha san a luaidhtear sna clásanna san fé seach do bheith críochnuithe go cuibhe ag na Coimisinéirí do réir an Toilithe Sceidealta.

Na hoibreacha nua d'ionchorprú in oibreacha siltin na Forghasa.

6. —(1) Ar bheith críochnuithe do na hoibreacha (dá ngairmtear na hoibreacha nua san alt so) a luaidhtear i gclásanna (D) agus (F) fé seach de mhír 2 den Toiliú Sceidealta, ansan, na hoibreacha san agus na hoibreacha siltin (dá ngairmtear na seanoibreacha san alt so) a luaidhtear i Sceideal B a ghabhann leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860, isiad san in éineacht, chun gach críche, oibreacha siltin Cheanntar na Forghasa feasta ach san, i dtaca leis na seanoibreacha dhe, sa mhéid amháin go mbeidh na hoibreacha san riachtanach chun crícheanna an Cheanntair sin.

(2) Chun éifeacht a thabhairt don fho-alt san roimhe seo den alt so déanfaidh na Coimisinéirí, le hordú dhéanfaid nuair a bheidh na hoibreacha nua críochnuithe, Sceideal B a ghabhann leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860, do leasú i slí go mbeidh na hoibreacha siltin a tuairiscítear sa Sceideal san B arna leasú leis an ordú san có dhéanta de na sean-oibreacha (sa mhéid go mbeidh na hoibreacha san riachtanach chun crícheanna Cheanntar na Forghasa) agus de na hoibreacha nua.

Na Coimisinéirí do dhéanamh orduithe mhuirir.

7. —(1) Chó luath agus is féidir é tar éis dáta an Achta so do rith déanfaidh na Coimisinéirí ordú (dá ngairmtear san alt so agus in áiteanna eile san Acht so an t-ordú muirir fén Acht so) lena muirearófar do réir an ailt seo na suimeana so leanas (dá ngairmtear san alt so na suimeanna muirearuithe) maraon le hús ortha o dháta an orduithe do réir an ráta ghenerálta bhaineann le hiasachtaí siltin a thug na Coimisinéirí na tráthanna do rinneadar na réimhíocanna dá bhfuil an tsuim chaipitiúil a luaidhtear i mír (a) den fho-alt so códhéanta, sé sin le rá:—

(a) an tsuim chaipitiúil d'aon mhíle dhéag, céad agus dhá phunt sheachtód, aon scilling déag, agus trí pingne luaidhtear i gclás (B) de mhír 2 den Toiliú Sceidealta, agus

(b) an tsuim de dhá chéad agus dhá phunt ochtód, deich scillinge, agus cheithre pingne atá dlite do na Coimisinéirí ar scór an réimhíoca do thugadar d'iontaobhaithe Cheanntar na Forghasa sa bhliain 1918, agus

(c) suim is có-ionann le cúig seachtód fén gcéad de mhéid iomlán na gcostas agus an chaiteachais (arna meas ag na Coimisinéirí) a bhainfidh no a ghabhfaidh leis an ordú d'ullmhú agus do chríochnú.

(2) Beidh feidhm agus éifeacht ag na forálacha so leanas maidir leis an ordú muirir fén Acht so, sé sin le rá:—

(a) déarfaidh agus déanfaidh an t-ordú san na plásáin no na paistí tailimh uile agus fé seach atá sna tailte luaidhtear i Sceideal A a ghabhann leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860 (ach amháin na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so) do chur fé mhuirear íoctha na suimeanna muirearuithe agus an úis ortha le comhairle na contae ina bhfuil an plásán no an paiste tré dhachad íocaíochta leath-bhliantúla codroma ar na laetheanta ceapfar leis an ordú, agus an chéad lá aca san do bheith, chó comhgarach agus is caothúil, sé mhí tar éis dáta an orduithe sin;

(b) leagfaidh na Coimisinéirí amach san ordú san na plásáin agus na paistí tailimh uile agus fé seach a bheidh á muirearú leis de bhun na míre sin roimhe seo den fho-alt so agus, fós, na cionúireachta deachúla ina mbeidh na plásáin no na paistí sin le muirearú amhlaidh;

(c) áirmheofar agus ceapfar na cionúireachta deachúla san ag na Coimisinéirí agus, gan aon ordú eile, isiad san na cionúireachta ina mbeidh ar na plásáin agus na paistí uile agus fé seach san rann-íoc do dhéanamh i leith íoctha na suimeanna muirearuithe agus an úis ortha agus i leith an ráta chothabhála siltin i gCeanntar na Forghasa agus ní bheidh ar aon phlásán ná paiste den tsórt san cionúireacht is mó ná san de na suimeanna muirearuithe no den ús no den ráta san do rann-íoc;

(d) nuair a bheidh na cionúireachta deachúla san á n-áireamh ag na Coimisinéirí bhéarfaid áird chuibhe ar na tailte tuairiscítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so do bheith dúnta amach o na tailte bheidh á muirearú leis an ordú san, agús féadfaidh na Coimisinéirí áird a thabhairt ar na cóipeanna bheidh ar seilbh aca de na mapaí agus na leabhair luachálaithe agus na scríbhinní eile do hullmhuíodh maidir le bunú Cheanntar na Forghasa;

(e) déanfaidh agus déarfaidh an t-ordú san freisin a chur mar mhuirear ar chistí contae fe seach Chomhairle an Chláir agus Chomhairle na Gaillimhe na suimeanna muirearuithe agus an t-ús ortha d'íoc, na tráthanna agus sa tslí luadhfar san ordú san, leis na Coimisinéirí, go rátúil sna cionúireachta (a luadhfar san ordú san) ina mbeidh méideanna na suimeanna muirearuithe agus an úis ortha á muirearú leis an ordú san ar thailte i gcontae an Chláir agus ar thailte i gcontae na Gaillimhe.

(3) Maithtear leis seo an t-ús uile bheidh dlite don Chiste Iasachtaí Áitiúla ar dháta an orduithe mhuirir fén Acht so o cheachtar de na Comhairlí maidir leis an suim chaipitiúil d'aon mhíle dhéag, céad agus dhá phunt sheachtód, aon scilling déag agus trí pingne is cuid de na suimeanna muirearuithe, agus dá réir sin ní bheidh an t-ús san iníoctha ná ionbhainte amach.

(4) Dearbhuítear leis seo gurb í an tsuim de dhá chéad agus dhá phunt ochtód, deich scillinge agus cheithre pingne, is cuid de na suimeanna muirearuithe, an méid iomlán (d'ainneoin aon úis pheannaidigh no puntáiste bheidh fásta) atá dlite ar dháta an Achta so do rith do na Coimisinéirí ar scór an réimhíoca do thugadar d'iontaobhaithe Cheanntar na Forghasa sa bhliain 1918.

(5) An tsuim a cuirfear sna suimeanna muirearuithe maidir leis na costais agus an caiteachas a bhainfidh no a ghabhfaidh leis an ordú muirir fén Acht so d'ullmhú agus do chríochnú, réimhíocfar as an gCiste Iasachtaí Áitiúla í agus beidh sí ionaisíoctha agus ionbhainte amach sa tslí foráltar leis an Acht so.

(6) An cion de na suimeanna muirearuithe agus an t-ús ortha a muirearófar ar chiste contae cheachtar de na Comhairli leis an ordú muirir fén Acht so, íocfaidh an Chomhairle sin é leis na Coimisinéirí na tráthanna agus sa tslí luadhfar san ordú san agus íocfaidh an Chomhairle sin amhlaidh é as airgead a bhaileoidh an Chomhairle sin o dhílseánaigh no sealbhairí na bplásán no na bpaistí tailimh uile agus fé seach, i gcontae na Comhairle sin, ar a mbeidh na suimeanna muirearuithe agus an t-ús ortha á muirearú leis an ordú san agus, maran leor agus sa mhéid nach leor an t-airgead a baileofar amhlaidh, déanfaidh an Chomhairle sin an t-easnamh d'íoc amhlaidh as an gciste contae agus cruinneofar é tríd an ráta dealbhais mar mhuirear ar an gcontae iomlán.

(7) Mar bhreis agus gan docharú ar aon tslí eile chun é bhaint amach fé aon Acht eile, féadfaidh na Coimisinéirí airgead is iníoctha leis na Coimisinéirí ag ceachtar de na Comhairlí fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so do bhaint den Chomhairle sin trí aicsean dlí.

Comhachta agus dualgais na gComhairlí maidir le hairgead is iníoctha leo fén Acht so.

8. —(1) Gach ceann riamh de na cearta agus na comhachta agus na leighseanna do bheirtear do na Coimisinéirí leis an Drainage Maintenance Act, 1886, chun suimeanna arna muirearú le hordú muirir fén Acht san do bhaint amach, beid ag Comhairle an Chláir agus ag Comhairle na Gaillimhe ar leithligh agus féadfaid iad d'fheidhmiú chun na suimeanna muirearófar leis an ordú muirir fén Acht so ar thalamh atá ina gcontae do bhaint amach.

(2) Gach suim a muirearófar ar phlásán no paiste tailimh leis an ordú muirir fén Acht so beidh sí inghearrtha ar dhílseánach no (marab é an dílseánach san an sealbhaire freisin) ar shealbhaire an phlásáin no an phaiste sin agus iníoctha aige agus ionbhainte dhe, agus déanfaidh na Coimisinéirí pé cionroinnt is gá chun éifeacht do thabhairt don fho-alt so, ach beidh freagarthacht shealbhaire fén alt so gan dochar d'aon cheart chun aon tsuim den tsórt san íocfa sé do bhaint as an gcíos is iníoctha aige.

(3) Beidh de dhualgas ar gach ceann fé leith de na Comhairlí go mbaileoidís o dhílseánach no (marab é an dílseánach an sealbhaire freisin) o shealbhaire gach plásáin no paiste tailimh a muirearófar leis an ordú muirir fén Acht so agus a bheidh ina gcontae na suimeanna uile is iníoctha ag an dílseánach san leis an gComhairle sin fén ordú san, agus déanfar agus féadfar gach suim den tsórt san do bhailiú agus do bhaint amach sa tslí ina ndéantar agus inar féidir an ráta dealbhais do bhailiú agus do bhaint amach.

(4) Bainfidh alt 54 den Drainage and Improvement of Lands Act (Ireland), 1863, leis an airgead uile a leagfar agus a cuirfear mar ráta agus mar cháin ar dhílseánaigh aon phlásáin no paiste tailimh de bhun an mhuirir a cuirfear ar an bplásán no ar an bpaiste sin leis an ordú muirir fén Acht so.

Ordú áirithe agus comhachta, etc., áirithe do bhuan-choimeád.

9. —(1) Ní dhéanfaidh éinní atá san Acht so dochar ná deifir do bhailíocht ná d'oibriú an Orduithe dar dáta an 17adh lá de Mhí na Samhna, 1931, do rinne an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe fé alt 20 den Local Government Act, 1898, arna leasú le halt 3 den Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 ( Uimh. 46 de 1924 ), agus lena ndearnadh gnó iontaobhaithe Cheanntar na Forghasa d'aistriú chun na gComhairlí.

(2) Ní déanfar comhachta, dualgais ná freagarthachta na gComhairlí maidir le Ceanntar na Forghasa agus le hoibreacha siltin an chéanna d'fhionnraighe ná d'fhoirceannadh, ná ní déanfar deifir dóibh, trí na Coimisinéirí d'fheidhmiú aon cheann de na comhachta do bheirtear dóibh leis an Acht so, ach ar dháta an orduithe mhuirir fén Acht so agus dá éis bainfidh comhachta, dualgais agus freagarthachta na gComhairlí, maidir le hoibreacha siltin do chothabháil sa Cheanntar san, leis na hoibreacha siltin a luaidhtear i Sceideal B a ghabhann leis an Moladh Deiridh dar dáta an 30adh lá de Dheireadh Fómhair, 1860, arna leasú ag na Coimisinéirí fén Acht so, agus ní bhainfid ach leis na hoibreacha san.

Ordú muirir fó na hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924.

10. —D'ainneoin éinní atá sna hAchtanna chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1866 agus 1924, ní dhéanfaidh na Coimisinéirí aon ordú muirir fé na hAchtanna san maidir le hoibreacha do rinneadar roimhe seo i gCeanntar na Forghasa fén Acht chun Dréineáil do Choinneáil Suas, 1924 (Uimh. 46 de 1924) .

Cosaint do na Coimisinéirí, na hiontaobhaithe agus na Comhairlí.

11. —Ní luighfidh aon aicsean ná imeacht eile ná ní bheidh aon airgead damáiste ionbhainte amach i gCúirt ar bith i gcoinnibh na gComhairlí, in éineacht no ar leith, ná i gcoinnibh na gCoimisinéirí ná i gcoinnibh iontaobhaithe Cheanntar na Forghasa i dtaobh éinní do rinneadh no do fágadh gan déanamh aca no ag aon taobh aca maidir le Ceanntar na Forghasa tráth ar bith (pé aca roimh dháta an Achta so do rith no dá éis sin é) roimh dháta an orduithe mhuirir fén Acht so.

Costais.

12. —Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt leis an Acht so is as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, sa mhéid go gceadóidh an tAire é, a híocfar costais féna raghaidh na Coimisinéirí chun an tAcht so do chur i bhfeidhm (ar a n-áirmhítear costais déanta agus críochnuithe na n-oibreacha luaidhtear i gclásanna (D) agus (F), fé seach, de mhír 2 den Toiliú Sceidealta).

Gearr-theideal.

13. —Féadfar Acht Siltin Cheanntar na Forghasa, 1943 , do ghairm den Acht so.