An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA nUACHTARLANN (TÓGAINT), 1943) Ar Aghaidh (CUID II. An Chuideachta do Thogaint Aitreabh Uachtarlainne agus Airneise ionta.)

17 1943

ACHT NA nUACHTARLANN (TÓGAINT), 1943

CUID I.

Reamhraiteach agus Generalta.

Gearr-theideal.

1. —Féadfar Acht na nUachtarlann (Tógaint), 1943 , do ghairm den Acht so.

Mínithe generálta.

2. —San Acht so—

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Talmhaidheachta;

cialluíonn an abairt “an Chuideachta” Cuideachta na Déirí-Dheighleála, Teoranta;

foluíonn an focal “uachtarlann” aon mhonarcha no gléasra chun táirgthe no seach-tháirgthe bainne do dhéanamh agus aon stáisiún no ionad cruinnithe amh-bhainne, ach ní fholuíonn sé uachtarlann le cumann arna chlárú fén Industrial and Provident Societies Act, 1893, ar táirgeoirí bainne a chomhaltaí;

cialluíonn an abairt “áitreabh uachtarlainne” aon talamh ar a bhfuil uachtarlann suidhte agus foluíonn sí aon talamh a húsáidtear maidir leis an uachtarlainn sin;

cialluíonn an focal “dílseánach” maidir le háitreabh uachtarlainne an duine is únaer ar an uachtarlainn a seoltar san áitreabh san;

cialluíonn an focal “áirnéis” inneallra gléasra, feisteas agus gach saghas eile áirnéise, do-aistrithe agus so-aistrithe.

Scríbhinní do sheirbheáil.

3. —(1) I gcás ina gceaduítear no ina gceangailtear leis an Acht so aon scríbhinn do sheirbheáil ar aon duine beidh feidhm ag na forálacha so leanas maidir leis an scríbhinn sin do sheirbheáil, sé sin le rá:—

(a) féadfar an scríbhinn sin do sheirbheáil—

(i) trína seachadadh don duine sin, no

(ii) trína cur leis an bpost i leitir bheidh dírithe chun an duine sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn no ina ndéanann gnó de ghnáth,

(b) i gcás an duine sin do bheith as láthair no thar lear no gan a sheoladh do bheith ar eolas no ar fáil trí fhiosrú réasúnach, féadfar an scríbhinn sin do sheirbheáil—

(i) trína seachadadh do ghníomhaire don duine sin, no

(ii) trína cur leis an bpost i leitir a bheidh dírithe chun gníomhaire don duine sin ag an seoladh ina gcomhnuíonn an gníomhaire sin de gnáth.

(2) Chun crícheanna an ailt seo is tuigthe cuideachta arna clárú fé na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1924, do dhéanamh gnótha ina hoifig chláruithe agus is tuigthe gach cólucht corpruithe eile agus gach cólucht nea-chorpruithe do dhéanamh gnótha ina phríomh-oifig no ina phríomh-áit ghnótha sa Stát.

Ciontaí do chúiseamh.

4. —Féadfaidh an tAire no an Chuideachta cionta fé aon alt no fo-alt den Acht so do chúiseamh.

Asbhaintí maidir le fiacha Stáit ón bpraghas is iníoctha fé orduithe díola no fé orduithe díola (leas uachtarach).

5. —(1) Má thárlann, sara mbeidh an t-airgead glan íoctha leis an díoltóir a bheidh dlite dhó i leith an phraghais is iníoctha fé ordú díola no fé ordú díola (leas uachtarach), go mbeidh deimhniú curtha ag údarás Stáit chun na Cuideachtan á dheimhniú suim áirithe (dá ngairmtear na fiacha Stáit sa bhfo-alt so) do bheith dlite agus ag dul don údarás Stáit sin ón díoltóir, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

(a) má bhíonn na fiacha Stáit có-mhéid leis an airgead glan san no níos mó ná é, íocfaidh an Chuideachta an t-airgead glan san uile leis an údarás Stáit sin.

(b) má bhíonn na fiacha Stáit níos lugha ná an t-airgead glan san, bainfidh an Chuideachta as an airgead glan san suim is có-mhéid le méid na bhfiacha Stáit agus íocfaid an tsuim a hasbhainfear amhlaidh leis an údarás Stáit sin,

(c) is tuigthe aon íocaíocht a dhéanfaidh an Chuideachta leis an údarás Stáit sin fén bhfo-alt so do bheith—

(i) ina híocaíocht fén ordú ag an gCuideachtain leis an díoltóir, agus

(ii) ina híocaíocht ag an díoltóir leis an údarás Stáit sin.

Chun crícheanna an fho-ailt seo is tuigthe gurb é is méid don airgead ghlan a bheidh dlite don díoltóir i leith an phraghais is iníoctha fé ordú díola no fé ordú díola (leas uachtarach) ná suim is có-ionann leis an bpraghas san lugha-de—

(I) an méid is gá chun eirí (más ann) do ghlanadh, agus

(II) an méid is gá chun íoctha aon chaiteachais is iníoctha ag an díoltóir, agus

(III) i gcás an praghas san do chinneadh trí eadráin fén Acht so agus an t-eadránaidhe dá ordú don díoltóir suim d'íoc i leith costaisí agus caiteachais na Cuideachtan sna himeachta eadrána no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas san na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, an méid is iníoctha leis an gCuideachtain fén ordú.

(3) Is tuigthe gur údarás Stáit chun crícheanna an ailt seo gach ceann aca so leanas, sé sin le rá:—

(a) Aire Stáit,

(b) Na Coimisinéirí Ioncuim,

(c) Coimisiún Talmhan na hÉireann,

(d) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblidhe in Éirinn.

Costais an Aire.

6. —(1) Na costais uile féna raghaidh an tAire chun an tAcht so do riaradh íocfar iad, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

(2) I gcás an tAire do dhul fé aon chostais chun an tAcht so do riaradh, féadfa sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, a cheangal ar an gCuideachtain na costais sin uile no aon chuid díobh (mar is oiriúnach leis) d'aisíoc leis, agus déanfaidh an Chuideachta do réir aon cheanglais den tsórt san.

(3) An t-airgead go léir a híocfar leis an Aire fé fho-alt (2) den alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe dhó do réir orduithe an Aire Airgeadais.