|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Generalta.) | Ar Aghaidh (CUID III. An Chuideachta do Thogaint Leasanna Uachtaracha in Aitreibh Uachtarlainne a Thogfaid chuca fe Chuid II.) |
ACHT NA nUACHTARLANN (TÓGAINT), 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. An Chuideachta do Thogaint Aitreabh Uachtarlainne agus Airneise ionta. | |
[EN] |
Sonnraí maidir le háitreabh uachtarlainne agus áirnéis ann. |
7. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fógra do sheirbheáil ar dhílseánach aon áitreibh uachtarlainne áirithe á cheangal ar an dílseánach san go dtabharfadh sé don Chuideachtain laistigh de thréimhse áirithe (nach giorra ná fiche lá o dháta seirbheála an fhógra san)— |
[EN] | (a) achmaireacht (maraon le cóipeanna de gach scríbhinn dá mbeidh achmaireacht déanta) ar a theideal chun an áitreibh uachtarlainne sin, agus | |
[EN] | (b) liost de na baill áirnéise san áítreabh uachtarlainne sin, agus | |
[EN] | (c) ráiteas á rá cé aca atá aon chuid den áirnéis sin ar seilbh aige fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh no ná fuil agus, má tá, cadé an chuid é, maraon le sonnraí na gconnartha san, más ann. | |
[EN] | (2) I gcás dílseánach áitreibh uachtarlainne do chólíonadh fógra seirbheálfar air fén alt so, íocfaidh an Chuideachta leis na costais uile a bheidh curtha suas aige go riachtanach agus go cuibhe maidir leis an gcólíonadh san fé cheann tríocha lá tar éis na costais sin do mheas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt. | |
[EN] | (3) Má thárlann do dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so go mainneoidh no go bhfailleoidh an fógra san do chólíonadh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air. | |
[EN] | (4) I gcás— | |
[EN] | (a) duine do chiontú i gcionta fé fho-alt (3) den alt so toisc é do mhainneachtain no d'fhailliú na nithe bheidh luaidhte i bhfógra seirbheálfar air fén alt so do dhéanamh laistigh den am a bheidh luaidhte sa bhfógra, agus | |
[EN] | (b) na nithe sin d'fhanúint gan déanamh aige tar éis dáta an chiontuithe sin,beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chéadchiontuithe sin, fhanfaidh na nithe sin gan déanamh aige, agus beidh an cionta san ina chionta leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua do bhunú ina thaobh o am go ham. | |
[EN] |
Aitreabh uachtarlainne do scrúdú. |
8. —(1) Féadfaidh duine údaruithe dul isteach aon tráth réasúnach in aon áitreabh uachtarlainne agus an t-áitreabh san agus aon áirnéis ann do scrúdú. |
[EN] | (2) Má bhacann no má choisceann éinne duine údaruithe agus é ag feidhmiú aon chomhachta do bheirtear do dhuine údaruithe leis an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air. | |
[EN] | (3) San alt so cialluíonn an abairt “duine údaruithe” duine arna cheapadh ag an gCuideachtain chun bheith ina dhuine údaruithe chun crícheanna an ailt seo. | |
[EN] |
Orduithe díola maidir le háitreabh uachtarlainne agus áirnéis ann. |
9. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar iarratas ón gCuideachtain agus le toiliú an Aire Airgeadais, ordú (dá ngairmtear ordú díola san Acht so) do dhéanamh á cheangal go ndíolfadh dílseánach aon áitreibh uachtarlainne áirithe leis an gCuideachtain agus a gceannódh an Chuideachta ón dílseánach san ar phraghas a cinnfear fén alt so— |
[EN] | (a) estát agus leas an dílseánaigh sin san áitreabh uachtar lainne sin, saor o eirí, agus | |
[EN] | (b) an áirnéis uile san áitreabh uachtarlainne sin nach fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh a bheidh ar seilbh, agus | |
[EN] | (c) cearta an dílseánaigh sin fé gach connradh den tsórt san (más ann). | |
[EN] | (2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú díola dréacht den ordú bheartuithe. | |
[EN] | (3) San Acht so cialluíonn an abairt “an díoltóir”, maidir le haon ordú díola, an duine ar a gceanglófar leis an ordú díola áitreabh uachtarlainne agus áirnéis agus cearta is abhar don ordú do dhíol. | |
[EN] | (4) Féadfaidh pé coinníollacha bheith in ordú díola mheasfaidh an tAire is gá no is cuibhe chun éifeacht do thabhairt dó. | |
[EN] | (5) Aon uair a bheidh ar intinn ag an Aire ordú díola do dhéanamh maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann, déanfa sé, deich lá ar a laghad roimh an ordú do dhéanamh, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus éinne a mbeidh aon éileamh aige a bhainfidh le hestát agus leas an díoltóra san áitreabh uáchtarlainne no san áirnéis sin i bhfuirm morgáiste no eile, agus a mbeidh sonnraí a éilimh tugtha aige don Chuideachtain seacht lá ar a dhéanaighe tar éis dáta foillsithe an fhógra san amhlaidh, beidh sé i dteideal cúis do phlé leis an Aire no, má bhíonn an praghas a bheidh le n-íoc ar an áitreabh uachtarlainne agus an áirnéis sin le cinneadh ag eadránaidhe, leis an eadránaidhe maidir leis an bpraghas san. | |
[EN] | (6) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann, cuirfidh fé ndear cóipeanna den ordú arna séalú lena shéala oifigiúil do sheirbheáil ar an díoltóir agus ar an gCuideachtain, agus is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a seirbheálfar cóip den ordú ar an díoltóir, có-aontú do bheith déanta idir an díoltóir agus an Chuideachta chun an t-áitreabh uachtarlainne sin maraon leis an áirnéis ann nach fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh a bheidh ar seilbh agus cearta an díoltóra fé gach connradh den tsórt san (más ann) do dhíol do réir téarmaí an orduithe. | |
[EN] | (7) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus an áirnéis ann déanfar an praghas a bheidh le n-íoc ortha do chinneadh do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) i gcás an díoltóir agus an Chuideachta do chó-aontú i dtaobh an phraghais sin, agus dá chur san in iúl don Aire fiche lá ar a dhéanaighe tar éis cóip den ordú do sheirbheáil ar an díoltóir, agus an tAire do dhaingniú an chó-aontuithe sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus breithniú do dhéanamh ar aon chúis a pléifear leis maidir leis an bpraghas san fé fho-alt (5) den alt so, isé an praghas ar a gcó-aontófar amhlaidh an praghas san, | |
[EN] | (b) in aon chás eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) cinnfear an praghás san ag eadránaidhe agus ní bheidh dul thar a chinneadh-sean, agus isé bheidh ina eadránaidhe ná pé duine ar a gcó-aontóidh an díoltóir agus an Chuideachta no, cheal có-aontuithe, eadránaidhe oifigiúil chun crícheanna an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, | |
[EN] | (ii) nuair a bheidh an praghas san á chinneadh cuirfidh an t-eadránaidhe san áireamh an dea-thoil a bheidh ag gabháil le gnó ar bith a bheidh ar siúl san áitreabh uachtarlainne sin, | |
[EN] | (iii) féadfaidh an t-eadránaidhe, maidir le costais agus caiteachas na bpáirtithe in aon imeachta fén mír seo, a ordú lena mholadh agus as a chomhairle féin— | |
[EN] | (I) go n-íocfadh an Chuideachta suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais an díoltóra, no | |
[EN] | (II) go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan, no | |
[EN] | (III) go n-íocfadh an Chuideachta costais agus caiteachas an díoltóra arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no | |
[EN] | (IV) go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no | |
[EN] | (V) go mbeadh an díoltóir agus an Chuideachta fé seach freagarthach ina gcostais agus ina gcaiteachas féin, | |
[EN] | (iv) i gcás an t-eadránaidhe dá ordú go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, féadfaidh an Chuideachta an méid is iníoctha leo fén ordú do bhaint as an bpraghas san, | |
[EN] | (v) íocfaidh an tAire leis an eadránaidhe pé luach saothair agus costais (más ann) a ordóidh an tAire Airgeadais. | |
[EN] | (8) Má dhéanann an tAire ordú díola maidir le haon áitreabh uachtarlainne áirithe agus áirnéis ann agus cearta fé chonnartha cíosa no cíos-cheannaigh (más ann) agus go gcríochnófar an díol do réir an orduithe, íocfaidh an Chuideachta leis an díoltóir na costais uile bheidh curtha suas go riachtanach agus go cuibhe ag an díoltoir maidir leis an díol san (ach amháin, i gcás praghas an áitreibh uachtarlainne agus na háirnéise agus na gceart san do chinneadh le headráin, costais an díoltóra san eadráin), lugha-de méid aon chostas a bheidh íoctha no iníoctha ag an gCuideachtain fé alt 7 den Acht so maidir leis an áitreabh uachtarlainne agus an áirnéis agus na cearta san. | |
[EN] | (9) Aon uachtarlann a thógfaidh an Chuideachta chuca fén alt so is tuigthe, chun crícheanna Achta na nUachtarlann, 1928 ( Uimh. 26 de 1928 ), í thógaint chuca le hairgead arna sholáthar ag an Oireachtas. |