|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. An Chuideachta do Thogaint Aitreabh Uachtarlainne agus Airneise ionta.) |
ACHT NA nUACHTARLANN (TÓGAINT), 1943
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. An Chuideachta do Thogaint Leasanna Uachtaracha in Aitreibh Uachtarlainne a Thogfaid chuca fe Chuid II. | |
[EN] |
Míníthe chun crícheanna Coda III. |
10. —Sa Chuid seo den Acht so— |
[EN] | cialluíonn an abairt “áitreabh léas-seilbhe tógtha” aon áitreabh uachtarlainne a mbeidh leas léas-seilbhe (lena n-áirmhítear leas fé aon chonnradh tionóntachta) ann díolta no le díol leis an gCuideachtain fé ordú díola; | |
[EN] | cialluíonn an abairt “leas uachtarach” maidir le haon áitreibh léas-seilbhe tógtha aon estát no leas ann is uachtaraighe ná an leas léas-seilbhe ann a bheidh díolta no le díol leis an gCuideachtain. | |
[EN] |
Sonnraí ar leasanna uachtaracha in áitreibh léasseilbhe tógtha. |
11. —(1) Féadfaidh an Chuideachta, le toiliú an Aire agus an Aire Airgeadais, fógra do sheirbheáil ar éinne bheidh i dteideal leasa uachtaraigh in aon áitreabh léas-seilbhe tógtha á cheangal ar an duine sin achmaireacht (maraon le cóipeanna de na scríbhinní uile dá mbeidh achmaireacht déanta) ar a theideal chun an-leasa uachtaraigh sin do thabhairt don chuideachtain laistigh de thréimhse áirithe (nach giorra ná fiche lá o dháta seirbheála an fhógra san). |
[EN] | (2) I gcás duine do chólíonadh fógra seirbheálfar air fén alt so íocfaidh an Chuideachta leis na costais uile bheidh curtha suas aige go riachtanach agus go cuibhe maidir leis an gcólíonadh san fé cheann tríocha lá tar éis na costais sin do mheas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt. | |
[EN] | (3) Má thárlann do dhuine ar bith ar a seirbheálfar fógra fén alt so go mainneoidh no go bhfailleoidh an fógra san do chólíonadh beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná fiche punt do chur air. | |
[EN] | (4) I gcás— | |
[EN] | (a) duine do chiontú i gcionta fé fho-alt (3) den alt so toisc é do mhainneachtain no d'fhailliú na nithe bheidh luaidhte i bhfógra seirbheálfar air fén alt so do dhéanamh laistigh den am a bheidh luaidhte sa bhfógra, agus | |
[EN] | (b) na nithe sin d'fhanúint gan déanamh aige tar éis dáta an chiontuithe sin, | |
[EN] | beidh an duine sin ciontach i gcionta fén bhfo-alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil nach mó ná cúig púint do chur air in aghaidh gach lae, tar éis dáta an chéadchiontuithe sin, fhanfaidh na nithe sin gan déanamh aige, agus beidh an cionta san ina chionta leanúnach agus dá réir sin féadfar imeachta nua do bhunú ina thaobh o am go ham. | |
[EN] |
Díol leasanna uachtaracha in áitreibh léasseilbhe tógtha. |
12. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é féadfaidh, ar iarratas ón gCuideachtain agus le toiliú an Aire Airgeadais, ordú (dá ngairmtear ordú díola (leas uachtarach) san Acht so) do dhéanamh á cheangal go ndíolfadh an duine, bheidh i dteideal aon leasa uachtaraigh in aon áitreabh léas-seilbhe tógtha, leis an gCuideachtain agus go gceannódh an Chuideachta ón duine sin, ar phraghas a cinnfear fén alt so, an leas uachtarach san saor o eirí. |
[EN] | (2) Beidh ag gabháil le gach iarratas ar ordú díola (leas uachtarach) dréacht den ordú bheartuithe. | |
[EN] | (3) San Acht so cialluíonn an abairt “an díoltóir”, maidir le haon ordú díola (leas uachtarach), an duine ar a gceanglófar leis an ordú an leas uachtarach lena mbainfidh an t-ordú do dhíol. | |
[EN] | (4) Féadfaidh pé coinníollacha bheith in ordú díola (leas uachtarach) a mheasfaidh an tAire is gá no is cuibhe chun lánéifeacht do thabhairt dó. | |
[EN] | (5) Aon uair a bheidh ar intinn ag an Aire ordú díola (leas uachtarach) do dhéanamh maidir le haon leas uachtarach áirithe, déanfa sé, deich lá ar a laghad roimh an ordú do dhéanamh, fógra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil i dtaobh é bheith ar intinn an t-ordú san do dhéanamh, agus éinne a mbeidh aon éileamh aige a bhainfidh leis an leas nachtarach san i bhfuirm morgáiste no eile, agus a mbeidh sonnraí a éilimh tugtha aige don Chuideachtain seacht lá ar a dhéanaighe tar éis dáta foillsithe an fhógra san amhlaidh, beidh sé i dteideal cúis do phlé leis an Aire no, má bhíonn an praghas a bheidh le n-íoc ar an leas uachtarach san le cinneadh ag eadránaidhe, leis an eadránaidhe maidir leis an bpraghas san. | |
[EN] | (6) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe, cuirfidh fé ndear cóipeanna den ordú arna séalú lena shéala oifigiúil do sheirbheáil ar an díoltóir agus ar an gCuideachtain, agus is tuigthe, amhail ar an dáta agus ón dáta ar a seirbheálfar cóip den ordú ar an díoltóir, có-aontú do bheith déanta idir an díoltóir agus an Chuideachta chun an leas uachtarach san do dhíol do réir téarmaí an orduithe. | |
[EN] | (7) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe, déanfar an praghas a bheidh le n-íoc ar an leas san do chinneadh do réir na bhforálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (a) i gcás an díoltóir agus an Chuideachta do chó-aontú i dtaobh an phraghais sin agus dá chur san in iúl don Aire fiche lá ar a dhéanaighe tar éis cóip den ordú do sheirbheáil ar an díoltóir, agus an tAire do dhaingniú an chó-aontuithe sin tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus breithniú do dhéanamh ar aon chúis a pléifear maidir leis an bpraghas san fé fho-alt (5) den alt so, isé an praghas ar a gcó-aontófar amhlaidh an praghas san, | |
[EN] | (b) in aon chás eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:— | |
[EN] | (i) cinnfear an praghas san ag eadránaidhe agus ní bheidh dul thar a chinneadh-sean, agus isé bheidh ina eadránaidhe ná pé duine ar a gcó-aontóidh an díoltóir agus an Chuideachta no, cheal có-aontuithe, eadránaidhe oifigiúil chun crícheanna an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, | |
[EN] | (ii) is mar a shocróidh an t-eadránaidhe as a chomhairle féin a bheidh maidir le costais an díoltóra agus na Cuideachtan in aon imeachta fén mír seo, agus féadfaidh an t-eadránaidhe lena mholadh a ordú go n-íocfadh an Chuideachta costais sin an díoltóra no go n-íocfadh an díoltóir costais sin na Cuideachtan agus féadfaidh, i gceachtar cás, méid na gcostas san do cheapadh, | |
[EN] | (iii) féadfaidh an t-eadránaidhe, maidir le costais agus caiteachas na bpáirtithe in aon imeachta fén mír seo, a ordú lena mholadh agus as a chomhairle féin— | |
[EN] | (I) go n-íocfadh an Chuideachta suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais an díoltóra, no | |
[EN] | (II) go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan, no | |
[EN] | (III) go n-íocfadh an Chuideachta costais agus caiteachas an díoltóra arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no | |
[EN] | (IV) go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, no | |
[EN] | (V) go mbeadh an díoltóir agus an Chuideachta fé seach freagarthach ina gcostais agus ina gcaiteachas féin, | |
[EN] | (iv) i gcás an t-eadránaidhe dá ordú go n-íocfadh an díoltóir suim (a thomhaisfidh an t-eadránaidhe) i leith costas agus caiteachais na Cuideachtan no dá ordú go n-íocfadh an díoltóir costais agus caiteachas na Cuideachtan arna meas ag Máistir Measaireachta don Ard-Chúirt, féadfaidh an Chuideachta an méid is iníoctha leo fén ordú do bhaint as an bpraghas san. | |
[EN] | (8) Má dhéanann an tAire ordú díola (leas uachtarach) maidir le haon leas uachtarach áirithe agus go gcríochnófar díol an leasa uachtaraigh sin do réir an orduithe íocfaidh an Chuideachta leis an díoltóir na costais uile bheidh curtha suas go riachtanach agus go cuibhe ag an díoltóir maidir leis an díol san (ach amháin, i gcás praghas an leasa uachtaraigh sin do chinneadh le headráin, costais an díoltóra san eadráin), lugha-de méid aon chostas a bheidh íoctha no iníoctha ag an gCuideachtain fé alt 11 den Acht so maidir leis an leas uachtarach san. |