|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944) | Ar Aghaidh (CUID II. Priomh-Bhord na mBan Cabhartha.) |
ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Generalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal agus tosach feidhme. |
1. —(1) Féadfar Acht na mBan Cabhartha, 1944 , do ghairm den Acht so. |
[EN] | (2) Tiocfaidh an tAcht so i ngníomh an 1adh lá d'Eanar, 1945. | |
[EN] |
Mínithe. |
2. —San Acht so— |
[EN] | an lá ceaptha. |
cialluíonn an abairt “an lá ceaptha” an lá thiocfaidh an tAcht so i ngníomh, eadhon, an 1adh lá d'Eanar, 1945; |
[EN] | an Bord. |
cialluíonn an abairt “an Bord” Príomh-Bhord na mBan Cabhartha bunuítear leis an Acht so; |
[EN] | an sean-Bhord. |
cialluíonn an abairt “an sean-Bhord” an Bord a mbeidh Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so) á riaradh aca roimh an lá ceaptha; |
[EN] | an sean rolla. |
cialluíonn an abairt “an sean-rolla” an rolla atá á choimeád ag an sean-Bhord de dhaoine arna ndeimhniú fé Achtanna na mBan Cabhartha, 1918 agus 1931 (a hathghairmtear leis an Acht so); |
[EN] | údarás áitiúil. |
cialluíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun crícheanna an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ); |
[EN] | tigh máithreachais. |
tá leis an abairt “tigh máithreachais” an bhrí atá léi san Acht um Chlárú Tithe Máithreachais, 1934 (Uimh. 14 de 1934) ; |
[EN] | dochtúir oifigiúil. |
cialluíonn an abairt “dochtúir oifigiúil” príomh-dhochtúir oifigiúil sláinte do chontae-bhuirg no dochtúir oifigiúil contae (do réir mar oireann); |
[EN] | bean chabhartha. |
cialluíonn an abairt “bean chabhartha” bean arna clárú sa rolla de mhná cabhartha; |
suaitheantas mná cabhartha. |
cialluíonn an abairt “suaitheantas mná cabhartha” suaitheantas do bhéarfaidh an Bord amach fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 44 den Acht so; | |
deimhniú mná cabhartha. |
cialluíonn an abairt “deimhniú mná cabhartha” deimhniú do bhéarfaidh an Bord amach fé alt 31 den Acht so; | |
an tAire. |
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Riaghaltais Aiteamhail agus Sláinte Poiblidhe; | |
“orduithe.” |
cialluíonn rud do bheith “orduithe” é bheith orduithe le rialacha déanfar fén Acht so; | |
imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha. |
cialluíonn an abairt “imeachta chun ainm do bhaint den rolla de mhná cabhartha” imeachta bunófar fé rialacha déanfar chun crícheanna ailt 25 den Acht so; | |
an rolla de mhná cabhartha. |
cialluíonn an abairt “an rolla de mhná cabhartha” an rolla bheidh á choimeád ag an mBord fé alt 23 den Acht so; | |
rialacha déanfar fén Acht so. |
cialluíonn an abairt “rialacha déanfar fén Acht so” rialacha déanfar fé alt 18 den Acht so. | |
[EN] |
An t-údarás maoirseachta áitiúil. |
3. —Beidh gach comhairle chontae agus bárdas contae-bhuirge ina údarás maoirseachta áitiúil chun crícheanna an Achta so don cheanntar is ionann agus an chontae no an chontae-bhuirg sin. |
[EN] |
Athghairm agus cúlghairm. |
4. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm a mhéid a luaidhtear sa tríú colún den Sceideal san. |
[EN] | (2) Cúlghairmtear leis seo Ordú Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha, 1923. |