An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Cumhachta agus Dualgais Áirithe de chuid an Bhuird.) Ar Aghaidh (CUID VII Ilghneitheach.)

12 1945

AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1945

CUID VI.

Reamhiocanna don Bhord as an bPríomh-chiste.

An tAire Airgeadais do thabhairt réamhíocanna don Bhord.

38. —(1) I dteannta na suimeanna a ceangaltar ar na Aire Airgeadais nó a húdaraítear dó leis na hAchta Leictreachtais (Soláthar), 1927 go 1942, do réamhíoc leis an mBord, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (fá réir na dteorann a forchuirtear leis an gcéad fhó-alt ina dhiaidh seo den alt so) a theastós ón mBord chun aon chríche éireos as comhlíonadh a fheadhmanna fá na hAchta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, nó fán Acht so, seachas críocha nó feadhmanna fán Acht so a ndéantar socrú follas ina leith leis an Acht so chun an tAire Airgeadais do thabhairt réamhíocanna nó deontaisí don Bhord, do réamhíoc leis an mBord as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis, fé mar iarrfas agus nuair iarrfas an Bord air é.

(2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a réamhíocfar leis an mBord fán bhfó-alt san roimhe seo den alt so thar suim seacht milleon agus chúig céad míle punt, agus ní raghaidh an tsuim a réamhíocfar amhlaidh chun aon scéim cheadaithe áirithe do chur i ngníomh thar an tsuim ordóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, chuige sin leis an ordú ceadúcháin a bhainfeas leis an scéim cheadaithe sin nó le hordú ina dhiaidh sin ag leasú an orduithe cheadúcháin sin sa tslí sin.

Airgead do sholáthar le haghaidh réamhíocanna as an bPríomh-Chiste.

39. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun socrú do dhéanamh chun suimeanna do réamhíoc as an bPríomh-Chiste fán Acht so nó chun na suimeanna uile a réamhíocfar amhlaidh nó aon chuid díobh d'aisíoc leis an gCiste sin nó chun aon urrúis do bhéarfar amach fán alt so do ghlanadh sa mhéid ná fuil aon tsocrú eile déanta ina thaobh san, airgead d'fháil ar iasacht tri pé urrúis do thabhairt amach a mheasfaidh is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna uile gheobhfar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc bun-airgid agus úis gach urrúis do bhéarfar amach fán alt so.

An Bord d'aisíoc réamhíocanna a híocfar amach as an bPríomh-Chiste.

40. —(1) Gach suim a réamhíocfar as an bPríomh-Chiste leis an mBord fán Acht so (seachas suimeanna is inaisíoctha leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas) beidh sí inaisíoctha ag an mBord pé trátha, i pé slí, agus go n-ús do réir pé ráta ordóidh an tAire Airgeadais, agus gach suim den tsórt san maraon leis an ús uirthi tiocfaidh chun bheith agus beidh láithreach ina céad-mhuirear ar na hoibreacha dhéanfaidh an Bord fán Acht so (ar a n-áirítear oibreacha dhéanfaidh an Bord de bhun scéime ceadaithe) agus ina muirear so-ghluaiste ar an maoin go léir de gach aon tsaghas (ach amháin na hoibreacha san a dhéanfaidh an Bord amhlaidh) a bheas dílsithe sa Bhord nó ar únaeracht ag an mBord ó am go ham.

(2) Ní oibreoidh aon mhuirear so-ghluaiste cruthnaítear leis an bhfó-alt san roimhe seo den alt so chun cosc nó srian do chur leis an mBord do choimhithiú aon mhaoine lena mbainfidh an muirear so-ghluaiste sin nó do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh cuibhe cumhacht agus dualgas reachtúil an Bhuird.

(3) Gach muirear (sonnruch nó so-ghluaiste) a cruthnaítear leis an alt so beidh sé arna dhílsiú san Aire Airgeadais agus féadfaidh an tAire sin é d'fhorfheidhmiú do réir foirme cuibhe an dlí aon uair is dóigh leis is ceart san do dhéanamh agus pé acu bheas aon ús nó aon chaipiteal nó aon tráthchuid de chaipiteal a bheas urraithe leis an muirear san dlite agus gan íoc nó ná beidh.

(4) An t-airgead go léir íocfaidh an Bord nó bainfear den Bhord i leith aisíoctha chaipitil nó íoctha úis suime do réamhíocadh leis an mBord fán alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó do chur chun tairbhe don Stát-Chiste pé tráth agus i pé slí ordóidh an tAire Airgeadais.