|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CUANTA, 1946) | Ar Aghaidh (CUID II. Comhaltai agus Nos Imeachta Udarais Chuain.) |
AN tACHT CUANTA, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Réamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearrtheideal. |
1. —Féadfar an tAcht Cuanta, 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Míníthe. |
2. —(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt— |
[EN] | aerárthach, aerodróm. |
tá leis na focail “aerárthach” agus “aerodróm” na bríonna atá leo faoi seach san Acht um Aerloingseoireacht agus Aeriompar, 1936 (Uimh. 40 de 1936) ; |
[EN] | cruinniú bliantiúil. |
tá leis an abairt “cruinniú bliantúil” an bhrí a ceaptar di le fo-alt (1) d'alt 20 den Acht seo; |
[EN] | comhalta comhlachais tráchtála. |
tá leis an abairt “comhalta comhlachais tráchtála” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | an bailitheoir rátaí. |
ciallaíonn an abairt “an bailitheoir rátaí” an bailitheoir rátaí nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) faoi alt 38 den Acht seo do chuan; |
[EN] | comhalta tofa. |
tá leis an abairt “comhalta tofa” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | bliain toghcháin. |
ciallaíonn an abairt “bliain toghcháin” bliain is bliain toghcháin chun críocha an Achta seo maidir leis an údarás cuain iomchuí do réir ailt 9 den Acht seo; |
[EN] | an Bainisteoir Ginearálta. |
ciallaíonn an abairt “an Bainisteoir Ginearálta” an Bainisteoir Ginearálta faoi alt 39 den Acht seo ar chuan; |
[EN] | earraí. |
folaíonn an focal “earraí” beodhíle, mianraí, bathair, airnéisí agus marsantas de gach saghas; |
[EN] | rátaí earraí. |
tá leis an abairt “rátaí earraí” an bhrí a ceaptar di le mír (b) d'alt 94 den Acht seo; |
[EN] | duga grábhála. |
folaíonn an abairt “duga grábhála” aon fhánán paiteanta, greadall, sásar nó obair eile dá samhail; |
[EN] | cuan. |
ciallaíonn an focal “cuan” cuan údaráis chuain; |
[EN] | údarás cuain. |
ciallaíonn an abairt “údarás cuain” comhlucht a luaitear sa chéad cholún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, ach— |
[EN] | (a) i gcás comhairle cheantair uirbigh Chill Ruis, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil piara na Ceapaighe i gCill Ruis, agus | |
[EN] | (b) i gcás comhairle cheantair uirbigh Eochaille, léireofar an abairt mar abairt a thagraíos don chomhairle sin ag gníomhú dhóibh mar an gcomhlucht atá ag cothabháil Cuan Eochaille; | |
[EN] | an máistir cuain. |
ciallaíonn an abairt “an máistir cuain” an máistir cuain nó an máistir cuain agus bailitheoir rátaí (do réir mar bheas) do chuan faoi alt 38 den Acht seo; |
[EN] | ordú cuan-rátaí. |
tá leis an abairt “ordú cuan-rátaí” an bhrí a ceaptar di le halt 104 den Acht seo; |
[EN] | ordú cuanoibreacha. |
tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha” an bhrí a ceaptar di le halt 134 den Acht seo; |
[EN] | comhalta lucht oibre. |
tá leis an abairt “comhalta lucht oibre” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | comhalta beodhíle. |
tá leis an abairt “comhalta beodhíle” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | údarás áitiúil. |
ciallaíonn an abairt “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941 ( Uimh. 23 de 1941 ); |
[EN] | comhalta údaráis áitiúil. |
tá leis an abairt “comhalta údaráis áitiúil” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | comhalta monaróirí. |
tá leis an abairt “comhalta monaróirí” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; |
[EN] | máistir. |
ciallaíonn an focal “máistir” an duine i gceannas nó i gcúram an árthaigh ar maidir léi a húsáidtear an focal sin, ach ní fholaíonn sé píolóití; |
an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála; | |
comhalta ainmnithe. |
tá leis an abairt “comhalta ainmnithe” an bhrí a ceaptar di le halt 7 den Acht seo; | |
oifig an bhailitheora rátaí. |
ciallaíonn an abairt “oifig an bhailitheora rátaí” an áit nó aon cheann de na háiteanna a ainmneos an t-údarás cuain iomchuí ó am go ham chun rátaí is inéilithe acu a íoc ann; | |
únaor. |
folaíonn an focal “únaer,” maidir le hearraí, aon chonsíneoir, consíní, loingseoir nó gníomhaire chun na hearraí sin a dhíol nó a choimeád; | |
údarás píolóiteachta. |
tá leis an abairt “údarás píolóiteachta” an bhrí atá leis an abairt “pilotage authority” sa Pilotage Act, 1913; | |
ordaithe. |
ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; | |
príomh-oifig. |
ciallaíonn an focal “príomh-oifig” an phríomh-oifig a bheas á cothabháil ag údarás cuain faoi alt 147 den Acht seo; | |
ordú cuanoibreacha sealadach. |
tá leis an abairt “ordú cuan-oibreacha sealadach” an bhrí a ceaptar di le halt 135 den Acht seo; | |
rátaí. |
folaíonn an focal “rátaí” rátaí tonnáiste, rátaí earraí agus rátaí seirbhíse; | |
an rúnaí. |
ciallaíonn an abairt “an rúnaí” an rúnaí faoi alt 38 den Acht seo do chuan; | |
rátaí seirbhíse. |
tá leis an abairt “rátaí seirbhíse” an bhrí a ceaptar di le mír (c) d'alt 94 den Acht seo; | |
rátaí tonnáiste. |
tá leis an abairt “rátaí tonnáiste” an bhrí a ceaptar di le mír (a) d'alt 94 den Acht seo; | |
árthach. |
folaíonn an focal “árthach” long, bád nó árthach eile d'aon tsaghas. | |
(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú ar aon fhoráil, folaíonn sí, i gcás inar iomchuí é, tagairt do shárú ar an bhforáil sin trí fhaillí nó diúltú a thabhairt i gcomhlíonadh na forála sin. | ||
(3) Aon tagairt atá san Acht seo do theoranta cuain léireofar í— | ||
(a) i gcás cuain a mbeidh ordú cuan-oibreacha ag ceapadh a theoranta i bhfeidhm de thuras na huaire ina thaobh —mar thagairt do theoranta an chuain arna gceapadh leis an ordú sin, ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuan-oibreacha eile, agus | ||
(b) in aon chás eile, mar thagairt— | ||
(i) más é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta Poirt Bhaile Atha Cliath do réir bhrí ailt 2 den Dublin Port and Docks Act, 1869, agus | ||
(ii) murab é Cuan Bhaile Atha Cliath an cuan—do theoranta an chuain mar a bhí díreach roimh an Acht seo a rith, | ||
ach sin faoi réir aon athruithe ar an gcéanna a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire faoi aon ordú cuanoibreacha eile. | ||
[EN] |
Costais. |
3. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |
[EN] |
Forála ginearálta maidir le rialacháin. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní nó rud dá dtagartar san Acht seo mar ní nó rud atá ordaithe nó le hordú. |
[EN] | (2) Aon chumhacht a bheirtear don Aire leis an Acht seo chun rialacháin a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht chun na rialacháin sin a dhéanamh maidir le húdaráis chuain i gcoitinne nó maidir le haon údarás cuain sonraithe amháin nó níos mó agus chun rialacháin difriúla a dhéanamh maidir le húdaráis chuain difriúla. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm dlí do réir a dtéarmaí ag rialacháin a dhéanfas an tAire faoin Acht seo. | |
[EN] |
Foráil shealadach maidir le comhaltas údasás airithe cuain. |
5. —D'ainneoin aon ní dá bhfuil in aon alt eile den Acht seo nó in aon achtachán eile, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le húdarás cuain (nach údarás áitiúil) ar feadh na tréimhse dar tosach lá an Achta seo a rith agus dar críoch an lá roimh an dara Déardaom i Mí Dheireadh Fómhair sa bhliain a ceapfar faoi alt 6 den Acht seo maidir leis an údarás cuain: |
[EN] | (a) faoi réir míre (b) den alt seo, beidh an t-údarás cuain comhdhéanta de na daoine a bhí ag gníomhú mar chomhaltaí dhe díreach roimh an Acht seo a rith; | |
[EN] | (b) aon uair a éagfas aon duine de na daoine sin nó a éireos sé as bheith ina chomhalta, líonfar an folúntas a tharlós dá dhroim sin tríd an gcuid eile de na daoine sin do chomhthoghadh duine chun an folúntas a líonadh; | |
[EN] | (c) i gcás feidhm a bheith ag aon fhorála dá bhfuil in ailt 37 go 52 agus in alt 55 den Commissioners Clauses Act, 1847, maidir leis an údarás cuain díreach roimh an Acht seo a rith, ansin, leanfaidh na forála sin, faoi réir aon athruithe a bheas déanta iontu leis an achtachán ar dá bhuaidh a bhí feidhm acu amhlaidh, d'fheidhm a bheith acu maidir leis an údarás cuain. |