|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946) | Ar Aghaidh (CUID II. Al Chuirt Oibreachais.) |
AN tACHT CAIDRIMH THIONSCAIL, 1946
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta. | |
[EN] |
Gearr-theideal. |
1. —Féadfar an tAcht Caidrimh Thionscail, 1946 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
2. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Aire. |
[EN] |
Mínithe go ginearálta. |
3. —San Acht seo— |
[EN] | an Chúirt. |
ciallaíonn an abairt “an Chúirt” an Chúirt Oibreachais; |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála; |
[EN] | ordaithe. |
ciallaíonn rud a bheith “ordaithe” é a bheith ordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo; |
comhchomhairle thionscail chláraithe. |
tá leis an abairt “comhchomhairle thionscail chláraithe” an bhrí a bheirtear di le halt 59 den Acht seo; | |
aighneas ceirde. |
ciallaíonn an abairt “aighneas ceirde” aon aighneas nó diospóid idir fhostóirí agus oibrithe nó idir oibrithe agus oibrithe maidir le fostaíocht nó neamhfhostaíocht, nó le téarmaí fostaíochta, nó le coinníollacha fostaíochta, dhuine ar bith; | |
ceardchumann. |
ciallaíonn an focal “ceardchumann” ceardchumann ag a mbeidh ceadúnas margántaíochta arna dheonadh faoin Acht Ceardchumann, 1941 (Uimh. 22 de 1941) . | |
[EN] |
“oibrí”. |
4. —(1) San Acht seo (ach amháin Cuid VI) ciallaíonn an focal “oibrí” duine ar bith ceithre bliana déag d'aois nó os a chionn a mbeidh conradh déanta aige nó a bheas ag obair faoi chonradh le fostóir pé acu conradh do shaothar láimhe nó d'obair chléireachais nó eile é, agus pé acu sainráite nó intuigthe nó ó bhéal nó i scríbhinn dó, agus pé acu conradh seirbhíse nó príntíseachta é nó conradh chun aon obair nó saothar a dhéanamh go pearsanta, seachas— |
[EN] | (a) duine a bheas ar fostú ag an Stát nó faoin Stát, nó | |
[EN] | (b) múinteoir i meánscoil, nó | |
[EN] | (c) múinteoir i scoil náisiúnta, nó | |
[EN] | (d) duine a bheas ar fostú ag údarás áitiúil in aon oifig nó fostaíocht, nó | |
[EN] | (e) oifigeach nó seirbhíseach do choiste gairm-oideachais, nó | |
[EN] | (f) oifigeach nó seirbhíseach do choiste talmhaíochta, nó | |
[EN] | (g) oifigeach do choiste freastail scoile, nó | |
[EN] | (h) oibrí talmhaíochta do réir bhrí an Achta um Páigh Thalmhaíochta, 1936 ( Uimh. 53 de 1936 ). | |
[EN] | (2) Chun críocha an ailt seo, is údarás áitiúil gach ceann de na comhlachta seo a leanas (pé acu corpraithe nó neamhchorpraithe dhó)— | |
[EN] | (a) comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh, údarás cúnaimh phoiblí, coimisinéirí baile, údarás sláintíochta poirt, | |
[EN] | (b) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord arna cheapadh (pé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis é) le reacht nó faoi reacht chun feadhma nó aon chuid d'fheadhma comhlachta nó comhlachtaí acu sin a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a chomhlíonadh, agus | |
[EN] | (c) coiste nó comhchoiste nó bord nó comhbhord de chomhlacht nó de chomhlachta, nó arna cheapadh ag comhlacht nó ag comhlachta, acu sin a luaitear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo, ach gan coiste gairm-oideachais, coiste talmhaíochta ná coiste freastail scoile a áireamh. | |
[EN] |
Rialacháin. |
5. —Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh maidir le haon ní dá dtagartar san Acht seo mar ní ordaithe. |
[EN] |
Rialacháin a chur faoi bhráid Tithe an Oireachtais. |
6. —Gach rialachán a déanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a chur faoina bhráid, rún a rith ag cur an rialacháin ar neamhbhrí, beidh an rialachán arna chur ar neamhbhrí dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin. |
[EN] |
Ionchúisimh ag an Aire. |
7. —Féadfaidh an tAire cion faoi aon alt nó fo-alt san Acht seo a ionchúiseamh. |
[EN] |
Athghairm. |
8. —Déantar leis seo na hachtacháin a sonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Costais. |
9. —Na costais faoi na raghfar cun an tAcht seo a riaradh déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad a íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas. |