An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN TRIU SCEIDEAL. Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo Dhlithe maidir le Folcadh Poibli.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

AN CEATHRU SCEIDEAL.

Nithe a bhfeadfar Socru a dheanamh ina dtaobh le Fo-Dhlithe maidir le Folcan Snamha no Ait Folcaidh nach Udaras Slaintiochta ata a Chothabhail.

Alt 42.

1. Rialú ar iompar daoine a bheas ag taithí an fholcáin snámha nó na háite folcaidh.

2. A áirithiú gur uisce íon an t-uisce sa bhfolcán snámha nó san áit folcaidh agus gur leor agus gur glan an chóiríocht ann.

3. Saoráidí leor-dhóthanacha a chur ar fáil chun daoine a ghlanadh sar a n-úsáidfid an folcán snámha nó an áit folcaidh, agus a thabhairt go n-úsáidfear na saoráidí sin.

4. Gardaí tarrthála agus trealamh agus fearais a chur ar fáil chun daoine a tharrtháil ó bháthadh agus forchúraim a ghlacadh in aghaidh baoil tionóiscí.

5. Cóiríocht ar leith a chur ar fáil le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag fireannaigh.

6. Cóiríocht ar leith a chur ar fáil le haghaidh dí-éaduithe agus éaduithe ag buachaillí faoi bhun ocht mbliana d'aois ag baineannaigh.