An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948) Ar Aghaidh (CUID II. Siltean.)

3 1948

AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (SEIRBHÍSÍ SLÁINTÍOCHTA), 1948

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, léiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1948 , a ghairm den Acht seo.

(2) Léireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931.

(3) Féadfar na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948, a ghairm de na hAchta Sláinte Poiblí, 1878 go 1931, agus den Acht seo le chéile.

Minithe.

2. —(1) San Acht seo—

Acht 1878.

ciallaíonn an abairt “Acht 1878” an Public Health (Ireland) Act, 1878;

na hAchta.

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Rialtais Áitiúil (Seirbhísí Sláintíochta), 1878 go 1948;

achtachán.

folaíonn an focal “achtachán” aon ionstraim arna déanamh faoi Acht;

an tAire.

ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;

teaghas sealadach.

ciallaíonn an abairt “teaghas sealadach”—

(a) aon tealta, nó

(b) aon vean nó cóir iompair eile (ar rotha nó gan rotha), nó

(c) aon tsiúntán, creascán nó déanmhas dá shamhail, nó

(d) aon árthach ar uiscí intíre,

a húsáidtear chun a áitithe ag daoine nó atá arna dhéanamh nó arna oiriúnú chuige sin.

árthach.

folaíonn an focal “árthach” aon long, bád, báirse nó lictéir.

(2) Aon tagairt atá san Acht seo do shárú aon fhorála, folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do shárú na forála sin trína neamhchomhlíonadh nó trí dhiúltú dá comhlíonadh.

Tosach feidhme.

3. —Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin alt 34) i ngníomh pé lá nó laethanta a ceapfar chuige sin le hordú nó le horduithe ón Aire faoin alt seo, go ginearálta nó maidir le haon chríoch nó foráil áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh do chríocha éagsúla agus d'fhorála éagsúla.

Athghairm.

4. —Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm sa mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.

Feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878.

5. —Beidh feidhm ag ailt 219 go 223 d'Acht 1878 maidir le fo-dhlithe a déanfar faoin Acht seo.

Rialacháin agus fo-dhlithe láithreacha do leanúint i bhfeidhm.

6. —Gach rialachán nó fo-dhlí a rinneadh faoi achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an athghairm sin, is tuigthe, ar an athghairm sin a dhéanamh agus dá éis sin, é a bheith ina rialachán nó ina fho-dhlí (pé acu é) arna dhéanamh faoin alt iomchuí den Acht seo agus beidh éifeacht aige agus féadfar é a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.

Rialacháin a leagadh faoi bhráid Tithe an Oireachtais

7. —Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar faoi bhráid gach Tí den Oireachtas é a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán arna neamhniú dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

Cúlghairm nó leasú ar ordú a dhéanfas an tAire faoin Acht seo.

8. —Gach cumhacht a bheirtear leis an Acht seo don Aire chun aon ordú a dhéanamh, léireofar í mar chumhacht a fholaíos cumhacht chun aon ordú a déanfar faoin gcumhacht sin a chúlghairm nó a leasú agus chun ordú eile a dhéanamh in ionad aon orduithe a cúlghairmtear amhlaidh.

Costais an Aire.

9. —Na costais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.