Ar Aghaidh (Sceideal (A). DEONTAIS.)

13 1948


Uimhir 13 de 1948.


AN tACHT LEITHREASA, 1948.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO CHUR SUIM ÁIRITHE AS AN bPRÍOMH-CHISTE CHUN SEIRBHÍSE NA BLIANA DAR CRÍOCH AN tAONÚ LÁ TRÍOCHAD DE MHÁRTA, MÍLE NAOI gCÉAD A NAOI CEATHRACHAD, DO LEITHREASÚ NA SUIMEANNA A DEONADH LEIS AN ACHT PRÍOMH-CHISTE, 1948 , AGUS LEIS AN ACHT SEO CHUN NA SEIRBHÍSÍ SOLÁTHAIR AGUS NA CRÍOCHA CUÍ AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE ÁIRITHE MAIDIR LE hIASACHT d'FHÁIL. [4ú Lúnasa, 1948.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Deontais as an bPríomh-Chiste.

£45,927,774 d'eisiúint as an bPríomh-Chiste i gcóir na bliana 1948-49.

1. —Féadfaidh an tAire Airgeadais suim cheathracha agus chúig mhilliún, naoi gcéad, fiche agus seacht míle, seacht gcéad, seachtó agus cheithre puint d'eisiúint as an bPríomh-Chiste agus í a chur chun slánuithe an tsoláthair a deonadh i gcóir seirbhíse na bliana dar críoch an t-aonú lá tríochad de Mhárta, míle naoi gcéad a naoi ceathrachad.

Cumhacht don Aire Airgeadais chun suim nach mó ná £45,927,774 a thógaint ar iasacht.

2. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon tsuim nó suimeanna nach mó san iomlán ná ceathracha agus chúig mhilliún, naoi gcéad, fiche agus seacht míle, seacht gcéad, seachtó agus cheithre puint a thógaint ar iasacht ó dhuine ar bith agus féadfaidh Banc na hÉireann an céanna d'airleacan don Aire Airgeadais, agus chun an céanna a thógaint ar iasacht féadfaidh an tAire Airgeadais urrúis ar bith a chruthnú agus d'eisiúint agus iad faoi pé ráta úis, agus fós faoi réir pé coinníoll i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile, is oiriúnach leis.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis a bheas muirear bun-airgid agus úis urrús ar bith a heiseofar faoin Acht seo agus muirear na gcostas faoina raghfar i dtaobh na n-urrús sin d'eisiúint.

(3) Faoi réir fho-ailt (4) den alt seo, déanfar aon airgead a cruinneofar trí urrúis arna n-eisiúint faoin Acht seo a chur i gcreidiúnas do chuntas an Stát-Chiste agus beidh sé ina chuid den Phríomh-Chiste agus beidh sé ar fáil in aon tslí ina mbeidh an Príomh-Chiste ar fáil.

(4) Déanfar toradh aon airgid a gheofar ar iasacht ó Rialtas Stát Aontaithe Ameirice nó ó aon ghníomhaireacht dá gcuid sin a chur i gcreidiúnas do chuntas an Aire Airgeadais le Banc Ceannais na hÉireann.

Deontais a Leithreasu.

Suimeanna a vótáladh i gcóir seirbhísí soláthair, eadhon, £72,066,931 a leithreasú.

3. —(1) Na suimeanna uile a deontar as an bPríomh-Chiste, leis an Acht seo agus leis an Acht eile a luaitear i Sceideal (A) a ghabhas leis an Acht seo, chun slánuithe an tsoláthair a deonadh agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim seachtó agus dhá mhilliún, seasca agus sé mhíle, naoi gcéad, tríocha agus aon phunt, déantar iad a leithreasú agus is tuigthe iad a bheith arna leithreasú amhail ó dháta na nAcht a luaitear sa Sceideal sin (A) a rith chun na seirbhísí agus na gcríoch a luaitear i Sceideal (B) a ghabhas leis sin. An achomaireacht ar sceidil agus na sceidil a ghabhas léi sin, maraon leis an nóta (más ann) a ghabhas leis na sceidil sin, is tuigthe gur cuid den Acht seo iad amhail is dá mbeidís i gcorp an Achta seo.

(2) I dteannta na suimeanna a deontar as an bPríomh-Chiste agus dá dtagartar sa bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo, féadfar na suimeanna a taispeántar faoi seach sa cholún deiridh de Sceideal (B) a ghabhas leis seo agus a ndéanann a n-iomlán, mar is léir ón Sceideal sin, suim trí mhilliún, dhá chéad, ochtó agus ocht míle, dhá chéad, seachtó agus dhá phunt d'úsáid as aon airgead a hordaítear faoi alt 2 den Public Accounts and Charges Act, 1891, d'úsáid mar leithreasa-i-gcabhair do na deontais i gcóir na seirbhísí agus na gcríoch a sonraítear sa Sceideal sin.

Gearrtheideal.

4. —Féadfar an tAcht Leithreasa, 1948 , a ghairm den Acht seo.

An Achomaireacht ar Sceidil (A) agus (B) da dTagartar san Acht seo.