|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948) | Ar Aghaidh (CUID II. Leasuithe ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta | |
[EN] |
Gearrtheideal agus comhlua. |
1. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1948 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1948, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938, agus de Chuid II den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (3) Féadfar na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1948, a ghairm de na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1947, agus de Chuid III den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (4) Féadfar na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948, a ghairm de na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1946, agus de Chuid IV den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (5) Féadfar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1948, a ghairm de na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1940, agus de Chuid V den Acht seo le chéile. | |
[EN] | (6) Féadfar na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1948, a ghairm de na h Achta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 go 1947, agus de Chuid VI den Acht seo le chéile. | |
[EN] |
Mínithe i gcoitinne. |
2. —San Acht seo— |
[EN] | an tAire. |
ciallaíonn an abairt “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh; |
Ordú 1947. |
ciallaíonn an abairt “Ordú 1947” an tOrdú um Scéimeanna Leasa Shóisialaigh (Forlíontais Airgid), 1947 (R. &O. R., Uimh. 76 de 1947), arna leasú leis an Ordú i dtaobh an Orduithe um Scéimeanna Leasa Shóisialaigh (Forlíontais airgid), 1947 (An Chéad Leasú), 1947 (R. &O. R., Uimh. 307 de 1947), agus leis an Ordú i dtaobh an Orduithe um Scéimeanna Leasa Shóisialaigh (Forlíontais Airgid), 1947 (An Dara Leasú), 1947 (R. & O. R., Uimh. 366 de 1947). | |
[EN] |
Athghairm agus cúlghairm. |
3. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) d'aon Chuid den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear i gcolún (3) den Chuid sin agus amhail ar na dátaí agus ó na dátaí faoi seach a sonraítear i gcolún (4) den Chuid sin. |
[EN] | (2) Cúlghairmtear leis seo na hOrduithe a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |
[EN] |
Scor d'fhorlíontais d'íoc faoi Ordú 1947. |
4. —Ní déanfar aon íocaíocht faoi aon fhoráil d'Ordú 1947 dá luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha i leith aon tseachtaine nó lae is déanaí ná an tseachtain nó an lá (pé acu é) a sonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin. |