|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Reamhraiteach agus Ginearalta) | Ar Aghaidh (Caibidil II. Leasuithe ar na hAchta go bhfeidhm amhail ón 7ú lá d'Eanáir, 1949.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1948
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Leasuithe ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938. | |
[EN] |
Caibidil I. Réamhráiteach agus Ginearálta. | |
[EN] |
Tosach feidhme Caibidile II de Chuid II. |
5. —Tiocfaidh Caibidil II den Chuid seo i ngníomh an 7ú lá d'Eanáir, 1949. |
[EN] |
Léiriú Goda II. |
6. —(1) Sa Chuid seo— |
[EN] | Acht 1924. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1924” Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924) ; |
[EN] | Acht 1932. |
ciallaíonn an abairt “Acht 1932” Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932) ; |
[EN] | na hAchta. |
ciallaíonn an abairt “na hAchta” Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1938; |
Pinsean. |
ciallaíonn an focal “pinsean” pinsean is iníoctha faoi na hAchta. | |
(2) Léireofar mar aon ní amháin an Chuid seo agus na hAchta. | ||
[EN] |
Athbhreithniú agus réamhchoigeartú ar phinsin. |
7. —(1) San alt seo— |
[EN] | ciallaíonn an abairt “pinsean láithreach” pinsean— | |
[EN] | (a) is iníoctha ar dháta an Achta seo a rith, nó | |
[EN] | (b) a thosnós ar fhaibhriú roimh an 7ú lá d'Eanáir, 1949; | |
[EN] | ciallaíonn an abairt “an nua-ráta seachtainiúil iomchuí”, maidir le pinsean láithreach, an ráta seachtainiúil ag a mbeidh feidhm, ag féachaint do Chaibidil II den Chuid seo, maidir leis an bpinsean sin má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an 6ú lá d'Eanáir, 1949. | |
[EN] | (2) Raghaidh gach oifigeach pinsin i gceann gach pinsean láithreach ina líomatáiste d'athbhreithniú agus, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, coigeartóidh sé, le héifeacht amhail ón 7ú lá d'Eanáir, 1949, an pinsean sin ar an nua-ráta seachtainiúil iomchuí, agus má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an 6ú lá d'Eanáir, 1949, beidh sé, faoi réir forál na nAcht agus Caibidile II den Chuid seo, iníoctha, amhail ar an 7ú lá d'Eanáir, 1949, agus ón lá sin amach, do réir an ráta sheachtainiúil ar ar coigeartaíodh amhlaidh é. | |
[EN] | (3) Chun críocha an athbhreithnithe agus an choigeartuithe ar phinsean láithreach faoin alt seo, déanfar an tagairt d'acmhainn bhliantúil an phinsinéara, atá sa Táible d'alt 9 den Acht seo, a léiriú mar thagairt d'acmhainn bhliantúil an phinsinéara mar bhí sin arna cinneadh ar dháta an athbhreithnithe agus an choigeartuithe. | |
[EN] |
Deimhnithe breithe. |
8. —Más gá, chun críocha na nAcht, aois aon duine a chruthú trí dheimhniú breithe a thabhairt ar aird, beidh duine ar bith, ar é do thíolacadh foréilimh scríofa a bheas i pé foirm agus ina mbeidh pé sonraí a ordós an tAire Sláinte agus ar é d'íoc táille réalach, i dteideal cóip dheimhnithe d'fháil d'iontráil na breithe i gclár na mbreitheanna faoi láimh an chláraitheora, an ardchláraitheora nó an duine eile a mbeidh sin faoina choimeád agus, má hiarrtar sin, déanfaidh an cláraitheoir, an t-ard-chláraitheoir nó an duine eile a mbeidh an clár faoina choimeád, foirmeacha le haghaidh an fhoréilimh sin a sholáthar in aisce. |