|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 22 de 1948. | ||
[EN] |
ACHT PHOBLACHT NA hÉIREANN, 1948. | |
ACHT D'ATHGHAIRM AN ACHTA ÚDARÁIS FHEIDHMIÚCHÁIN (CAIDREAMH COIGRÍCHE), 1936 , DÁ DHEARBHU GUR POBLACHT NA hÉIREANN IS GNÉTHUAIRISC AR AN STÁT, AGUS DÁ CHUMASÚ DON UACHTARÁN CUMHACHT CHOMHALLACH NÓ AON FHEIDHM D'FHEADHMA COMHALLACHA AN STÁIT MAIDIR LENA CHAIDREAMH EACHTRACH D'OIBRIÚ. [21ú Nollaig, 1948.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 , d'athghairm. |
1. —Athghairmtear leis seo an tAcht Údaráis Fheidhmiúcháin (Caidreamh Coigríche), 1936 (Uimh. 58 de 1936) . |
[EN] |
Poblacht na hÉireann. |
2. —Dearbhaítear leis seo gur Poblacht na hÉireann is gnéthuairisc ar an Stát. |
[EN] |
An tUachtarán d'oibriú cumhachta comhallaí nó aon fheidhme d'fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach. |
3. —Féadfaidh an tUachtarán, le húdarás agus ar chomhairle an Rialtais, cumhacht chomhallach nó aon fheidhm d'fheadhma comhallacha an Stáit maidir lena chaidreamh eachtrach d'oibriú. |
[EN] |
Tosach feidhme. |
4. —Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an Rialtas le hordú. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
5. —Féadfar Acht Phoblacht na hÉireann, 1948 , a ghairm den Acht seo. |