An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT AIRGEADAIS, 1949) Ar Aghaidh (CUID II. Custaim agus Mal.)

13 1949

AN tACHT AIRGEADAIS, 1949

CUID I.

Cain Ioncaim.

Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1949-50.

1. —(1) Muireófar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, do réir sé scillinge agus sé pingne sa phunt.

(2) Muirearófar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, ar ioncam aon duine ar mó ná míle agus chúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is dó réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í don bhliain dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, a muirearófar amhlaidh í.

(3) Faoi réir forál an Achta seo, beidh éifeacht, maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a muirearófar mar adúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1949, ag na forála ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm, an 5ú lá d'Aibreán, 1949, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.

Riail 4 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D a leasú.

2. —Beidh éifeacht ag Riail 4 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, arna leasú le halt 31 den Finance Act, 1920, amhail is dá ndéantaí i mír (1) di na focail ó thosach na míre go dtí an focal “paid,” sa tríú háit a bhfuil an focal sin, a scrios agus na focail seo a leanas a chur ina n-ionad:

“Where any company has paid corporation profits tax in respect of any accounting period, the amount so paid shall, in computing for purposes of income tax the profits or gains of the company, be allowed to be deducted as an expense incurred in that accounting period.”

An liúntas i leith caitheamh agus comailt sásra a leathnú.

3. —(1) Ar fud Rialach 6 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944) ) agus Rialach 7 de na Rialacha a bhaineas le Cásanna I agus II de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, léireofar tagairtí do bhrabúis nó gnóthachain trádála mar thagairtí a fholaíos tagairtí do na brabúis nó na gnóthachain, pé acu faoi Sceideal D is inmheasúnuithe iad nó nach ea as gairm, fostaíocht, nó oifig, agus beidh feidhm agus éifeacht ag na Rialacha sin 6 agus 7 dá réir sin.

(2) Athghairmtear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936) .

Alt 19 den Finance Act, 1920, a leasú.

4. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 19 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith gaolta a ghlacas cúram leanaí baintrigh nó leanaí baintrí), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “one hundred pounds” in ionad na bhfocal “forty-five pounds”.

Alt 20 den Finance Act, 1920, a leasú.

5. —Forléireofar alt 20 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith máthar atá ina baintrigh, etc.), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “one hundred pounds” in ionad na bhfocal “forty-five pounds”.

Alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú.

6. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920 (a bhaineas le hasbhaintí i leith leanaí), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “living at any time during the year of assessment” in ionad na bhfocal “living at the commencement of the year of assessment”.

Alt 22 den Finance Act, 1920, a leasú.

7. —Forléireofar fo-alt (1) d'alt 22 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 5 den Acht Airgeadais, 1944 ( Uimh. 18 de 1944 ) (a bhaineas le hasbhaintí i leith gaolta cleithiúnacha), agus beidh éifeacht aige, amhail is dá gcuirtí na focail “fifty pounds” in ionad na bhfocal “twenty-five pounds”.

Alt 2 den Acht Airgeadais, 1937, a leasú.

8. —Más rud é, trí mheáin d'aon tsórt (lena n-áirítear meáin neamhdhíreacha nó meáin is sreath oibríocht, agus pé acu roimh an Acht seo a rith a glacadh nó dá éis sin a glacfar iad) go dtioc faidh trádáil, a bhí á seoladh aon uair roimh ghlacadh na meán sin ag aon duine ina aonar nó i gcomhpháirtíocht, chun bheith ina trádáil atá á seoladh ag leanbh nó leanaí leis an duine sin nó i bhfoirm chomhpháirtíochta inar comhpháirtithe an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) is tuigthe chun críocha ailt 2 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937) , gur socraíocht, ar tuigthe gurb é an duine sin an socraitheoir ina leith, na meáin sin,

(b) is tuigthe, chun críocha an ailt sin 2, na brabúis nó na gnóthachain as an trádáil tar éis na meáin sin a ghlacadh, a mhéid a thiocfaid chun linbh nó leanaí leis an duine sin nó chun an duine sin agus leanbh nó leanaí leis an duine sin (do réir mar bheas), a bheith comhionann leis an ioncam a thiocfadh chun an duine sin dá mba nach nglacfaí na meáin sin, agus

(c) is tuigthe go bhfolaíonn an focal “ioncam”, sa chéad áit a bhfuil sé san alt sin 2, na brabúis nó na gnóthachain sin, a mhéid a thiocfaid chun linbh nó leanaí leis an duine sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, folaíonn an focal “leanbh” leas-leanbh, ucht-leanbh agus leanbh neamhdhlisteanach.

(3) Is é méid d'ioncam duine as brabúis nó gnóthachain trádála ar tuigthe, de bhuaidh fo-ailt (1) den alt seo, gurb ioncam le duine eile é, i gcás an duine céad-luaite a bheith ag gabháil go gníomhach do sheoladh na trádála, ná méid iomlán an ioncaim sin lúide suim (dá ngairmtear an tsuim iomchuí i bhfo-alt (4) den alt seo) is ionann agus an méid a lamhálfaí nuair a bheadh na brabúis nó na gnóthachain sin á ríomh i leith an duine chéadluaite dá mba rud é, in ionad é a bheith ina dhuine a bhí ag gabháil do sheoladh na trádála, go mba dhuine é a bhí ar fostú ag duine nó daoine a bhí ag seoladh na trádála.

(4) Is tuigthe gur brabúis nó gnóthachain a thig chun an duine chéad-luaite dá dtagartar i bhfo-alt (3) den alt seo, as oifig nó fostaíocht do réir bhrí Sceidil E den Income Tax Act, 1918, an tsuim iomchuí.