|
||||
|
AN tACHT AIRGEADAIS, 1950
[EN] | ||
[EN] |
AN DARA SCEIDEAL. FAOISEAMH COMHARAIOCHTA O CHANACHAS DUBALTA I LEITH CANACH IONCAIM, FORCHANACH AGUS CANACH BRABUS CORPARAIDE NA hÉIREANN AGUS I LEITH CANACH IONCAIM CHONAIDHM NA STAT AONTAITHE, LENA nAIRITEAR FORCHANACHA. | |
Cuid I. COINBHINSIUN IDIR RIALTAS NA hÉIREANN AGUS RIALTAS STAT AONTAITHE MHEIRICE CHUN CANACHAS DUBALTA A SHEACHAINT AGUS COSC A CHUR LE hIOMGHABHAIL FIOSCACH I LEITH CANACHA AR IONCAM. | ||
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas Stát Aontaithe Mheirice, | ||
D'fhonn Coinbhinsiún a dhéanamh chun cánachas dúbalta a sheachaint agus cosc a chur le hiomghabháil fioscach i leith cánacha ar ioncam, | ||
Tar éis na daoine seo a leanas a cheapadh mar Lánchumhachtóirí uathu chun na críche sin: | ||
Rialtas na hÉireann: | ||
Pádraig Mac Giollagáin, Aire Airgeadais; | ||
Seán Mac Giolla Bhrighde, Aire Gnóthaí Eachtracha; | ||
Rialtas Stát Aontaithe Mheirice: | ||
George A. Garrett, Toscaire Urghnáthach agus Aire Lánchumhachtach Stát Aontaithe Mheirice i mBaile Atha Cliath; | ||
Noch do rinne, ar iad do thaispeáint a lánchumhacht faoi seach, a fríth i bhfoirm mhaith chuí, comhaontú mar leanas: | ||
Airteagal I. | ||
(1) Is iad cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo: | ||
(a) I Stáit Aontaithe Mheirice: | ||
Cánacha ioncaim na Cónaidhme, lena n-áirítear forchánacha (dá ngairmtear cáin na Stát Aontaithe anseo feasta). | ||
(b) In Éirinn: | ||
An cháin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus an cháin bhrabús corparáide (dá ngairmtear cáin Éireannach anseo feasta). | ||
(2) Bainfidh an Coinbhinsiún seo freisin le haon chánacha eile a bheas go substainteach i gcosúlacht leis na cánacha sin agus a fhorchuirfeas ceachtar. Páirtí Conarthach tar éis dáta sínithe an Choinbhinsiúin seo. | ||
Airteagal II. | ||
(1) Sa Choinbhinsiún seo, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt— | ||
(a) ciallaíonn an téarma “na Stáit Aontaithe” Stáit Aontaithe Mheirice agus, nuair a húsáidtear é i gcéill gheografach, ciallaíonn sé na Stáit, Críocha Alasca agus Hawaii, agus Ceantar Columbia. | ||
(b) Ciallaíonn an téarma “Éire” Poblacht na hÉireann agus tá brí chomhréire leis an téarma “Éireannach.” | ||
(c) Ciallaíonn an téarma “críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “Críocha an Pháirtí Chonarthaigh eile” na Stáit Aontaithe nó Éire do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||
(d) Ciallaíonn an téarma “corparáid de chuid na Stát Aontaithe” corparáid, comhlachas nó entitas eile dá samhail sin a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe nó faoi dhlithe na Stát Aontaithe. | ||
(e) Ciallaíonn an téarma “corparáid Éireannach” aon chineál pearsan dlitheanaí a cruthnaíodh faoi dhlithe na hÉireann. | ||
(f) Ciallaíonn na téarmaí “corparáid de chuid Phairtí Chonarthaigh” agus “corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” corparáid de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid Éireannach do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||
(g) Ciallaíonn an téarma “cónaitheoir in Éirinn” aon phearsa (seachas saoránach de chuid na Stát Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe) a bhfuil cónaí air in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí agus nach bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe. Is tuígthe gur in Éirinn atá cónaí ar chorparáid más in Éirinn a bainistítear agus a rialaítear a gnó. | ||
(h) Ciallaíonn an téarma “conaitheoir sna Stáit Aontaithe” aon duine a bhfuil cónaí air sna Stáit Aontaithe chun críocha cánach na Stát Aontaithe agus nach bhfuil cónaí air in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí, agus aon chorparáid de chuid na Stát Aontaithe agus aon chomhpháirtíocht a cruthnaíodh nó a heagraíodh sna Stáit Aontaithe, nó faoi dhlithe na Stát Aontaithe, is corparáid nó comhpháirtíocht nach bhfuil cónaí uirthi in Éirinn chun críocha cánach Eireannaí. | ||
(i) Ciallaíonn an téarma “fiontar Éireannach” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir in Éirinn. | ||
(j) Ciallaíonn an téarma “fiontar de chuid na Stát Aontaithe” fiontar nó gnóthas tionscail nó tráchtála a sheolas cónaitheoir sna Stáit Aontaithe. | ||
(k) Ciallaíonn na téarmaí “fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha” agus “fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile” fiontar de chuid na Stát Aontaithe nó fiontar Éireannach, do réir mar éilíos an comhthéacs. | ||
(l) Ciallaíonn an téarma “buan-bhunachas”, nuair a húsáidtear é maidir le fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, brainse, bainistíocht, monarcha nó áit sheasta eile ghnótha, ach ní fholaíonn sé gníomhaireacht mura bhfuil ag an ngníomhaire, agus mura bhfeidhmíonn sé de ghnáth, údarás, ginearálta chun conartha d'iomairliú agus a chríochnú thar ceann an fhiontar sin nó mura bhfuil stoc marsantais aige as a líonann sé orduithe go rialta thar a cheann. Ní measfar buan-bhunachas a bheith ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile ar an aon-chúis go bhfuil deighleála gnótha á ndéanamh aige i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin trí ghníomhaire coimisiúin nó brócaer bona fide ag gníomhú dhó i ngnáth-chúrsa a ghnótha sa cháil sin. Má bhíonn áit sheasta ghnótha ar cothabháil ag fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile go heisiach chun earraí nó marsantas a cheannach, ní bhéarfaidh sin amháin gur buan-bhunachas leis an bhfiontar sin an áit sheasta ghnótha sin. Má bhíonn ag gabháil le corparáid cheann de na Páirtithe Conarthacha fo-chorparáid is corparáid de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile nó atá ag gabháil do cheird nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin (pé acu trí bhuanbhunachas é nó ar shlí eile) ní bhéarfaidh sin amháin gur buan-bhunachas leis an gcorparáid bhunaidh an fhochorparáid sin. | ||
(2) Chun críocha Airteagal VI, VII, VIII, IX agus XIV, ní measfar cónaitheoir in Éirinn a bheith ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe in aon bhliain inchánach mura bhfuil buan-bhunachas ag an gcónaitheoir sin agus a láthair suímh sna Stáit Aontaithe sa bhliain inchánach sin. Cuirfidh Éire an prionsapal céanna i bhfeidhm, mutatis mutandis, i gcás cónaitheora sna Stáit Aontaithe. | ||
(3) Nuair a bheas feidhm á tabhairt d'fhorála an Choinbhinsiúin seo ag ceann de na Páirtithe Conarthacha, aon téarma nach mínítear ar shí eile beidh leis, mura n-éilí an comhthéacs a mhalairt, an bhrí atá leis faoi na dlithe de chuid an Pháirtí Chonarthaigh sin a bhaineas leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. | ||
Airteagal III. | ||
(1) Ní bheidh fiontar Éireannach faoi réir cánach na Stát Aontaithe i leith a bhrabús tionscail nó tráchtála mura bhfuil sé ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ansin. Má bhíonn sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfar cáin na Stát Aontaithe d'fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin as gach bunadh sna Stáit Aontaithe. | ||
(2) Ní bheidh fiontar de chuid na Stát Aontaithe faoi réir cánach Eireannaí i leith a bhrabús tionscaíl nó tráchtála mura bhfuil sé ag gabháil do cheird nó gnó in Éirinn trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh ansin. Má bhíonn sé ag gabháil do cheird nó gnó amhlaidh, féadfar cáin Éireannach d'fhorchur ar ioncam uile an fhiontair sin ó gach bunadh in Éirinn. | ||
(3) I gcás fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheith ag gabháil do cheird nó gnó i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile trí bhuan-bhunachas a bhfuil a láthair suímh sna críocha sin, cuirfear i leith an bhuan-bhuanachais sin na brabúis tionscail nó tráchtála a mbeadh súil go saothródh sé iad dá mba fiontar neamhspleách é a bhí ag gabháil do na gníomhachta céanna nó gníomhachta dá samhail faoi na coinníollacha céanna nó coinníollacha dá samhail agus a bhí ag deighleáil, ar raon láimhe uaidh, leis an bhfiontar ar buan-bhunachas de é, agus measfar, faoi réir dlí an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, gur ioncam as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin na brabúis a cuirfear i leith an bhuan-bhunachais sin amhlaidh. | ||
(4) Nuair a beifear á chinneadh cad iad na brabúis tionscail nó tráchtála as bunaidh laistigh de chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a fuair fiontar de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní measfar aon bhrabúis a theacht as ceannach earraí nó marsantais laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin a bheas déanta ag an bhfiontar sin agus as an gceannach sin amháin. | ||
Airteagal IV. | ||
Má dhéanann fiontar cheann de na Páirtithe Conarthacha, de bhíthin é a bheith páirteach i mbainistí, rialú nó caipiteal fiontair de chuid an Pháirtí Chonarthaigh eile, coinníollacha, ina gcaidreamh tráchtála nó airgeadais, a shocrú leis an bhfiontar deiridh sin nó d'fhorchur air, agus go mbeidh na coinníollacha sin difriúil leis na coinníollacha a déanfaí le fiontar neamhspleách, ansin, aon bhrabúis d'fhaibhreodh sa ghnáth-shlí chun ceann de na fiontair ach nár fhaibhrigh amhlaidh de bhíthin na gcoinníollacha sin, féadfar iad d'áireamh ar bhrabúis an fhiontair sin agus cáin a chur orthu dá réir sin. | ||
Airteagal V. | ||
(1) D'ainneoin forál Airteagal III agus IV den Choinbhinsiún seo, na brabúis a gheobhas duine is cónaitheoir in Éirinn, nó a gheobhas corparáid Éireannach, as oibriú long a bheas doiciméadaithe nó aerarthaí a bheas cláraithe faoi dhlithe na hÉireann, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe. | ||
(2) D'ainneoin forál Airteagal III agus IV den Choinbhinsiúin seo, na brabúis a gheobhas saoránach de na Stáit Aontaithe nach gcónaíonn in Éirinn, nó a gheobhas corparáid de chuid na Stát Aontaithe, as oibriú long a bheas doiciméadaithe nó aerárthaí a bheas cláraithe faoi dhlithe na Stát Aontaithe, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach. | ||
(3) Ní measfar go ndéanann an tAirteagal seo difir don chomhshocraíocht idir Éire agus na Stáit Aontaithe, lena ndéantar socrú chun díolmhadh comharaíochta ó cháin ioncaim a bheith ag brabúis loingseoireachta, a rinneadh idir Rialtas na Stát Aontaithe agus, Rialtas na hÉireann trí mhalairtiú Nótaí dar dáta Lúnasa 24, 1933 agus Eanáir 8, 1934. | ||
Airteagal VI. | ||
(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad ráta cánach na Stát Aontaithe ar dhíbhinní, ó chorparáid de chuid na Stát Aontaithe, a gheobhas cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na díbhinní sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll nach mó ná chúig faoin gcéad an ráta cánach sin más é atá sa chónaitheoir sin corparáid a rialaíos go díreach nó go neamhdhíreach 95 faoin gcéad ar a laghad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid a íocas an díbhinn agus nach bhfaightear thar 25 faoin gcéad d'ioncam comhlán chorparáid íoctha na díbhinne as ús agus díbhinní, seachas ús agus díbhinní ó na fo-chorparáidí féin. Ní bheidh feidhm ag an laghdú sin sa ráta go dtí chúig faoin gcéad má bhíonn caidreamh an dá chorparáid arna chomhshocrú nó á chothabháil go príomha d'fhonn an ráta laghdaithe sin d'fháil. | ||
(2) Aon díbhinní as bunaidh in Éirinn a gheobhas duine (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na díbhinní sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach. | ||
(3) Féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha an tAirteagal seo d'fhorceannadh trí fhógra scríofa á fhorceannadh a thabhairt don Pháirtí Conarthach eile, trí mheáin taidhleoireachta, an tríochadú lá de Mheitheamh, nó roimhe sin, in aon bhliain chaileandair tar éis na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus sa chás sin scoirfidh mír (1) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin na Stát Aontaithe ar an gcéad lá d'Eanáir agus dá éis sin agus scoirfidh mír (2) de seo d'éifeacht a bheith aici maidir le cáin Éireannach ar an séú lá d'Aibreán agus dá éis sin sa chéad bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin. | ||
Airteagal VII. | ||
(1) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon tsaghas eile fiachaís), as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a gheobhas cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis an ús sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den tsórt sin arna íoc ag corparáid de chuid na Stát Aontaithe le corparáid a bhfuil a cónaí in Éirinn agus a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis. | ||
(2) Aon ús (ar bhannaí, urrúis, nótaí, bintiúir, nó aon tsaghas eile fiachais), as bunaidh in Éirinn, a gheobhas cónaitheoir sna Stát Aontaithe atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach; ach ní bheidh feidhm ag an díolúine sin maidir le hús den tsórt sin arna íoc ag corparáid a bhfuil a cónaí in Éirinn le corparáid de chuid na Stát Aontaithe a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir i gcorparáid íoctha an úis. | ||
Airteagal VIII. | ||
(1) Aon rí-chíosa agus suimeanna eile a híocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a bheith de phríbhléid úsáid a dhéanamh, de chóipchirt, paitinní, dearachta, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a bheas á bhfáil as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na rí-chíosa nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe. | ||
(2) Aon rí-chíosa agus suimeanna eile a híocfar mar chomaoin as úsáid a dhéanamh, nó as é a bheith de phríbhléid úsáid a dhéanamh de chóipchirt, paitinní, dearachta, próiseanna agus foirmlí rúnda, trádmharcanna agus maoin eile dá samhail sin, agus a bheas á bhfáil as bunaidh in Éirinn ag cónaitheoir sna Stát Aontaithe atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na rí-chíosa nó na suimeanna eile sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach. | ||
(3) Chun críocha an Airteagail seo measfar go bhfolaíonn an téarma “rí-chíosa” cíosóireachta i leith scannán pictiúirí reatha. | ||
Airteagal IX. | ||
(1) Ní mó ná 15 faoin gcéad ráta cánach na Stát Aontaithe ar rí-chíosa, i leith mianaigh nó coiréil d'oibriú nó i leith ábhar maoine nádúrtha a bhaint ar shlí eile, agus ar chíosóireachta, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a bheas á bhfáil as bunaidh sna Stáit Aontaithe ag cónaitheoir in Éirinn atá faoi réir cánach Eireannaí maidir leis na rí-chíosa agus na cíosóireachta sin agus nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe: ar choinníoll go bhféad faidh aon chónaitheoir den tsórt sin a ghlacadh de roghain bheith faoi réir cánach na Stát Aontaithe in aghaidh aon bhliana áirithe amhail is dá mbeadh an cónaitheoir sin ina chónaí agus ag gabháil do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe. | ||
(2) Aon rí-chíosa, i leith mianaigh nó coiréil d'oibriú nó i leith ábhar maoine nádúrtha a bhaint ar shlí eile, agus aon chíosóireachta, as maoin réadach nó as leas i maoin réadach, a bheas á bhfáil as bunaidh in Éirinn ag duine (a) is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, (b) atá faoi réir cánach na Stát Aontaithe maidir leis na rí-chíosa agus na cíosóireachta sin, agus (c) nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó in Éirinn, beid díolmhaithe ó fhorcháin Éireannach. | ||
Airteagal X. | ||
(1) Aon tuarastal, páigh, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfas Rialtas Stát Aontaithe Mheíríce le duine (seachas saoránach d'Éirinn nach saoránach de na Stát Aontaithe freisin) i leith seirbhísí a rinneadh do na Stáit Aontaithe i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach. | ||
(2) Aon tuarastal, páigh, luach saothair dá samhail sin, nó pinsean, a íocfas Rialtas na hÉireann le duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe nach saoránach d'Éirinn freisin) i leith seirbhísí a rinneadh d'Éirinn i gcomhlíonadh feidhmeanna rialtais, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe. | ||
(3) Ní bheidh feidhm ag forála an Airteagail seo maidir le híocaíochta i leith seirbhísí a rinneadh i ndáil le haon cheird nó gnó a sheolas ceachtar de na Páirtithe Conarthacha le haghaidh brabúis. | ||
Airteagal XI. | ||
(1) Beidh duine is cónaitheoir in Éirinn díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar chúiteamh i seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh i rith na bliana inchánach, laistigh de na Stáit Aontaithe, más rud é (a) go bhfuil sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 183 lá a chaitheamh sna Stáit Aontaithe i rith na bliana inchánach sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann pearsan a chónaíos in Éirinn a rinneadh na seirbhísí sin. | ||
(2) Beidh duine is cónaitheoir sna Stát Aontaithe díolmhaithe ó cháin Éireannach ar bhrabúis, sochair oifige, nó luach saothair eile i leith seirbhíse pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla) a rinneadh in Éirinn, in aon bhliain mheasúnuithe, más rud é (a) go bhfuil sé tar éis tréimhse nó tréimhsí nach mó san iomlán ná 183 lá a chaitheamh in Éirinn i rith na bliana measúnuithe sin, agus (b) gur le haghaidh nó thar ceann pearsan a chónaíos sna Stáit Aontaithe a rinneadh na seirbhísí sin. | ||
Airteagal XII. | ||
(1) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X) agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a gheobhas duine is cónaitheoir in Éirinn, beidh sé díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe. | ||
(2) Aon phinsean (seachas pinsean lena mbaineann Airteagal X) agus aon bhlianacht saoil, as bunaidh in Éirinn, a gheobhas duine is cónaitheoir sna Stát Aontaithe, beidh sé díolmhaithe ó cháin Éireannach. | ||
(3) Ciallaíonn an téarma “blianacht saoil” suim áirithe is iníoctha go tréimsiúil ag tráthanna áirithe, ar feadh saoil nó ar feadh tréimhse sonraithe nó tréimhse infhionnta, faoi oblagáid chun na híocaíochta a dhéanamh i gcomaoin airgid a híocadh. | ||
Airteagal XIII. | ||
(1) Faoi réir ailt 131 de Chód Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe mar bheas éifeacht aige an lá a bheas an Coinbhinsiún seo tar éis teacht in éifeacht, lamhálfar cáin Éireannach mar chreidmheas i gcoinne cánach na Stát Aontaithe. Chuige sin, measfar fáltaí díbhinne d'íoc corparáid is cónaitheoir in Éirinn a bheith tar éis an cháin ioncaim Éireannach d'íoc is iomchuí don díbhinn sin má roghnaíonn an fáltaí sin méid na cánach ioncaim Eireannaí sin d'áireamh ar a ioncam comhlán chun críocha cánach na Stát Aontaithe. Chun críocha an Airteagail seo amháin, aon ioncam, as bunaidh sa Riocht Aontaithe, a gheobhas duine a chónaíos in Éirinn, measfar gur ioncam as bunaidh in Éirinn é má tá an t-ioncam sin gan bheith faoi réir cánach ioncaim na Ríochta Aontaithe. | ||
(2) Faoi réir pé forál (nach ndéanfaidh difir dá phrionsapal ginearálta seo) a hachtófar in Éirinn, déanfar cáin de chuid na Stát Aontaithe. is iníoctha i leith ioncaim as bunaidh sna Stáit Aontaithe, a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon chánach Eireannaí is iníoctha i leith an ioncaim sin. I gcás inar gnáth-dhíbhinn d'íoc corparáid de chuid na Stát Aontaithe an t-ioncam sin, áireofar sa chreidhmeas sin (i dteannta aon chánach ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a baineadh as an díbhinn sin nó a forchuireadh uirthi) an cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a forchuireadh ar an gcorparáid sin i leith a brabús, agus i gcás inar díbhinn í a híocadh ar scaireanna tosaíochta rannpháirteacha, agus a ionadaíos díbhinn do réir an ráta shocair chun a bhfuil teideal ag na scaireanna maraon le rannpháirteachas breise i mbrabúis, déanfar an cháin sin ar bhrabúis d'áireamh chomh maith, sa mhéid go bhfuil breis ag an díbhinn ar an ráta socair sin. | ||
(3) Chun críocha an Airteagail seo, measfar, maidir le cúiteamh, brabúis, sochar oifige agus luach saothair eile as seirbhísí pearsanta (lena n-áirítear seirbhísí gairmiúla), gur ioncam iad as bunaidh laistigh de chríocha an Pháirtí Chonarthaigh ina ndearnadh na seirbhísí sin. | ||
Airteagal XIV. | ||
Beidh cónaitheoir in Éirinn nach bhfuil ag gabháil do cheird ná gnó sna Stáit Aontaithe díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar ghnóthachain as sócmhainní caipitiúla a dhíol nó a mhalairtiú. | ||
Airteagal XV. | ||
(1) Aon díbhinní agus ús a íocfas corparáid Éireannach an chéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, beid díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ach amháin nuair is saoránach de na Stáit Aontaithe nó cónaitheoir sna Stáit Aontaithe nó corparáid de chuid na Stát Aontaithe an fáltaí. | ||
(2) Aon díbhinní agus ús a íocfas corparáíd de chuid na Stát Aontaithe, an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa chéad bhliain mheasúnuithe a sonraítear in Airteagal XXII (2) (b) (i) den Choinbhinsiún seo, beid díolmhaithe ó cháin Éireannach ach amháin nuair is cónaitheoir in Éirinn an fáltaí. | ||
Airteagal XVI. | ||
Beidh corparáid Éireannach díolmhaithe ó cháin na Stát Aontaithe ar a tuilleamh, a brabúis, a hioncam nó a barrachas, carnaithe nó neamh-dháilithe, más daoine is cónaitheoirí in Éirinn a rialaíos go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deiridh na bliana inchánach, níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir sa chorparáid sin. | ||
Airteagal XVII. | ||
(1) An dliteanas, i leith cánach ioncaim na Stát Aontaithe d'aon bhliain inchánach a thosnaigh roimh an 1ú Eanáir, 1936, atá ar aon duine (seachas saoránach de na Stáit Aontaithe) a chónaíos in Éirinn, nó ar aon chorparáid Éireannach, agus a bheas gan íoc ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, féadfar é a choigeartú ar fhoras a bheas chun sástachta Choimisinéir Ioncaim Intíre na Stát Aontaithe: ar choinníoll nach mbeidh an méid a bheas le híoc chun an dliteanas sin a ghlanadh níos mó ná méid an dliteanais a cinnfí dá mbeadh— | ||
(a) Acht Ioncaim na Stát Aontaithe, 1936, ach amháin i gcás corparáide Eireannaí ina raibh níos mó ná 50 faoin gcéad den chumhacht vótála go léir dá rialú go díreach nó go neamhdhíreach, ar feadh leath deíridh na bliana inchánach, ag saoránaigh de na Stáit Aontaithe, nó cónaitheoirí sna Stáit Aontaithe, agus | ||
(b) Airteagail XV agus XVI den Choinbhinsiún seo, in éifeacht don bhliain sin. Mura raibh an cáin-íocóir ag gabháil, do réir bhrí an Achta Ioncaim sin, do cheird nó gnó sna Stáit Aontaithe agus mura raibh oifig ná áit ghnótha aige ann i rith na bliana inchánach, ní bheidh an méid úis agus pionós níos mó ná 50 faoin gcéad de mhéid na cánach ar ríomhadh an t-ús agus na pionóis sin ina leith. | ||
(2) An cháin ioncaim de chuid na Stát Aontaithe a bheas, ar dháta an Choinbhinsiúin seo a shíniú, gan íoc i leith aon bhliana inchánach i thosnaigh tar éis an t-aonú lá tríochad de Nollaig, 1935, agus roimh an gcéad lá d'Eanáir sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, í gcás duine a chónaíos in Éirinn, nó i gcás aon chorparáide Eireannaí, cínnfear í amhail is dá mbeadh forála Airteagal XV agus XVI den Choinbhinsiún seo in éifeacht don bhliain inchánach sin. | ||
(3) Ní bheidh feidhm ag forála míre (1) den Arteagal seo— | ||
(a) mura gcomhadaí an cáin-íocóir leis an gCoimisinéir Ioncaim Intíre, ar nó roimh an aonú lá tríochad de Nollaig sa dara bliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, iarratas á iarraidh an dliteanas sin i leith cánach a choigeartú amhlaidh agus mura dtuga sé pé eolas a iarrfas an Coimisinéir; ná | ||
(b) in aon chás ina bhfuil an Coimisinéir sásta gur calaois le hintinn an cháin d'iomghabháil is cúis le haon easnamh cánach. | ||
Airteagal XVIII. | ||
Aon ollamh nó múinteoir as críocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a bhéarfas cuairt ar chríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile chun bheith ag múinteoireacht, ar feadh treimhse nach sia ná dhá bhliain, in ollscoil, coláiste, scoil nó foras oideachais eile i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile sin, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile é á dhíolmhadh ó cháin ar a luach saothair as an múinteoireacht sin don tréimse sin. | ||
Airteagal XIX. | ||
Aon mhac léinn nó príntíseach gnótha ó chríocha cheann de na Páirtithe Conarthacha a bheas ag fáil oideachais nó tréineála lánaimsire i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, déanfaidh an Páirtí Conarthach eile sin é a dhíolmhadh ó cháin ar íocaíochta a bhéarfar dó ó phearsain laistigh de chríocha an chéad Pháirtí Chonarthaigh sin chun críocha a chothabhála, a oideachais nó a thréineála. | ||
Airteagal XX. | ||
(1) Déanfaidh údaráis chánachais na bPáirtithe Conarthacha pé eolas (is eolas a bheas ar fáil faoi dhlithe cánachais na bPáirtithe Conarthacha faoi seach) a mhalairtiú is gá chun forála an Choinbhinsiúin seo a chur i gcrích nó chun calaois a chosc nó forála reachtúla a riaradh i gcoinne seachanta dlíthiúla maidir leis na cánacha is ábhar don Choinbhinsiún seo. Aon eolas a malairteofar amhlaidh, coimeádfar ina rún é agus ní nochtfar é d'aon duine seachas na daoine a mbeidh baint acu le measúnú agus bailiú na gcánach is ábhar don Choinbhinsiún seo. Ní malairteofar aon eolas a nochtfadh aon rún ceirde ná aon phróis cheirde. | ||
(2) Mar a húsáidtear é san Airteagal seo, ciallaíonn an téarma “údaráis chánachais”, i gcás na Stát Aontaithe, an Coimisinéir Ioncaim Intíre nó a ionadaí údaraithe agus, i gcás na hÉireann, na Coimisinéirí Ioncaim nó a n-ionadaí údaraithe. | ||
Airteagal XXI. | ||
(1) Faid a bheas náisiúnaigh cheann de na Páirtithe Conarthacha ina gcónaí i gcríocha an Pháirtí Chonarthaigh eile, ní déanfar, sna críocha sin, iad a chur faoi chánacha seachas mar, ná thar mar, a cuirtear ar náisiúnaigh an Pháirtí Chonarthaigh eile sin a chónaíos ina chríocha. | ||
(2) Ciallaíonn an téarma “náisiúnaigh”, mar a húsáidtear é san Airteagal seo— | ||
(a) Maidir le hEirínn, gach saoránach d'Éirinn; agus | ||
(b) Maidir leis na Stáit Aontaithe, saoránaigh de na Stáit Aontaithe; | ||
agus folaíonn sé gach pearsa dhlíthiúil, comhpháirtíocht agus comhlachas a gheibheann a stáideas sa cháil sin ó na dlithe, nó a cruthnaíodh nó a heagraíodh faoi na dlithe, atá i bhfeidhm in aon chríocha de chuid na bPáirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo. | ||
Airteagal XXII. | ||
(1) Déanfar an Coinbhinsiún seo a dhaingniú agus na hionstraimí daingniúcháin a mhalairtiú i Washington, Ceantar Columbia, a luaithe is féidir. | ||
(2) Ar na daingniúcháin a mhalairtiú, beidh éifeacht ag an gCoinbhinsiún seo— | ||
(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánach a thosnós ar an gcéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin; | ||
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin agus blianta dá éis sin; | ||
(ii) maidir le forcháin Éireannach, don bhliain mheasúnuithe a thosnós ar an 6ú lá d'Aibreán díreach roimh an mbliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus blianta dá éis sin; agus | ||
(iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach, d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an gcéad lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin. | ||
Airteagal XXIII. | ||
(1) Leanfaidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige ar feadh tréimhse éiginnte ach féadfaidh ceachtar de na Páirtithe Conarthacha, ar nó roimh an 30ú lá de Mheitheamh in aon bhliain chaileandair i ndiaidh na bliana caileandair a malairteofar na hionstraimí daingniúcháin, fógra forceannta a thabhairt, trí mheáin taidhleoireachta, don Pháirtí Conarthach eile, agus má déantar amhlaidh scoirfidh an Coinbhinsiún seo d'éifeacht a bheith aige— | ||
(a) maidir le cáin na Stát Aontaithe, do na blianta inchánach a thosnós ar an gcéad lá d'Eanáir, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin; | ||
(b) (i) maidir le cáin ioncaim Éireannach, d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin; (ii) maidir le forcháin Éireannach, d'aon bhliain mheasúnuithe a thosnós an 6ú lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair a bhéarfar an fógra sin; agus (iii) maidir le cáin bhrabús corparáide Éireannach d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a thosnós ar an gcéad lá d'Aibreán, nó dá éis, sa bhliain chaileandair díreach i ndiaidh na bliana caileandair a bhéarfar an fógra sin agus don chuid neamhchaite d'aon tréimhse chuntasaíochta inmhuirir a bheas ar rith ar an dáta sin. | ||
(2) Má foirceanntar an Coinbhinsiún seo nó aon Airteagal de, ní bheidh d'éifeacht aige sin go n-athbheofar aon chonradh ná comshocraíocht a cealaítear leis an gCoinbhinsiún seo nó le conartha a rinneadh roimhe seo idir na Páirtithe Conarthacha. | ||
DA FHIANU SIN tá na Lánchumhachtóirí thuas-ainmnithe tar éis an Coinbhinsiún seo a shíniú agus a séalaí a ghreamú dhe. | ||
Arna dhéanamh i mBaile Atha Cliath, i ndúblach, an tríú lá déag seo de Mheán Fómhair, 1949. | ||
Thar ceann Rialtas na hÉireann: | ||
P. MAC GIOLLAGÁIN | ||
SEÁN MAC GIOLLA BHRIGHDE. | ||
Thar Ceann Rialtas Stát Aontaithe Mheirice: | ||
GEORGE A. GARRETT. | ||
CUID II. FORALA MAIDIR LE FAOISEAMH O CHAIN IONCAIM (LENA nAIRITEAR FORCHAIN) AGUS O CHAIN BHRABUS CORP-ARAIDE I BHFOIRM CHREIDMHEASA I LEITH CANACH NA STAT AONTAITHE. | ||
Leiriu. | ||
1. Sa Chuid seo den Sceideal— | ||
ciallaíonn an abairt “an Coinbhinsiún” an coinbhinsiún atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal seo; | ||
folaíonn an abairt “cáin ioncaim” forcháin ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt; | ||
ciallaíonn an abairt “ioncam”, maidir le cáin bhrabús corparáide, brabúis; | ||
ciallaíonn an abairt “na cánacha Eireannacha” cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) agus cáin bhrabús corparáide; | ||
tá leis an abairt “cáin na Stát Aontaithe” an bhrí atá léi in Airteagal I den Choinbhinsiún. | ||
Ginearalta. | ||
2.—(1) Faoi réir forál na Coda seo den Sceideal seo, más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh creidmheas le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Eireannacha is inmhuirir i leith aon ioncaim, déanfar méid na gcánach Éireannach is inmhuirir amhlaidh a laghdú méid an chreidmheasa. | ||
(2) Aon chreidmheas a lamhálfar, úsáidfear ar dtús é chun laghdú a dhéanamh ar mhéid aon chánach brabús corparáide is inmhuirir i leith an ioncaim agus, sa mhéid nach féidir é d'úsáid amhlaidh, chun laghdú a dhéanamh ar an gcáin ioncaim is inmhuirir ina leith sin. | ||
(3) Ní údaraíonn aon ní sa mhír seo creidmheas a lamháil i gcoinne aon chánach Eireannaí nach bhfuil creidmheas inlamhálta ina coinne faoin gCoinbhinsiún. | ||
Ceanglais maidir le corpru agus conai. | ||
3.—(1) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide mura bhfuil an chuideachta, a bhfuil an cháin bhrabús corparáide inmhuirir i leith a hioncaim, corpraithe le dlithe, nó faoi dhlithe, an Stáit. | ||
(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe mura bhfuil an phearsa, a bhfuil an cháin inmhuirir i leith a ioncaim, ina chónaí sa Stát don bhliain sin. | ||
Teora leis an gCreidmheas iomlan—cain bhrabus corparaide. | ||
4. An méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach brabús corparáide do cháin na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, ní raghaidh sé thar an gcáin bhrabús corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin. | ||
Teora leis an gcreidmheas iomlan—cain ioncaim. | ||
5.—(1) An méid creidmheasa a lamhálfar i gcoinne cánach ioncaim do cháin na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, ní raghaidh sé thar an tsuim a gheofaí trí mhéid an ioncaim sin a ríomh do réir na nAcht Cánach Ioncaim (lena n-áirítear an tAcht seo) agus trína chur ansin faoi mhuirear cánach ioncaim don bhliain mheasúnuithe a bhfuil creidmheas le lamháil ina haghaidh, ach sin do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá— | ||
(a) i gcás pearsan a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a ioncam, ráta a fionnfar tríd an gcáin ioncaim is iníoctha ag an bpearsa sin don bhliain sin a roinnt ar mhéid iomlán ioncaim na pearsan sin don bhliain sin; | ||
(b) i gcás pearsan a bhfuil forcháin inmhuirir ar a ioncam, suim na rátaí seo a leanas— | ||
(i) an ráta dob iomchuí ina chás dá mbeadh cáin ioncaim, ach nach mbeadh forcháin, inmhuirir ar a ioncam; agus | ||
(ii) an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha aige don bhliain sin a roinnt ar mhéid a ioncaim iomlán don bhliain sin; | ||
Ar choinníoll, más rud é, faoin gCoinbhinsiún, nach bhfuil creidmheas le lamháil i gcoinne forchánach don bhliain, go ríomhfar an ráta i ngach cás mar ríomhtar é i gcás pearsan a bhfuil cáin ioncaim, ach nach bhfuil forcháin, inmhuirir ar a n-ioncam, agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, nach bhfuil creidmheas le lamháil ach amháin i gcoinne forchánach don bhliain, gurb é ráta a bheas ann an ráta a fionnfar tríd an bhforcháin is iníoctha ag an bpearsa áirithe don bhliain a roinnt ar mhéid a ioncaim iomláin don bhliain. | ||
(2) Chun an ráta sin a chinneadh, déanfar an cháin is iníoctha ag aon phearsa d'aon bhliain a ríomh gan aird ar aon fhaoíseamh i leith préimheanna árachais saoil agus gan aon laghdú ar an gcéanna i leith aon chreidmheasa a lamháladh nó atá le lamháil faoin gCoinbhinsiún, ach measfar í a bheith arna laghdú méid aon chánach atá an phearsa áirithe i dteideal, ar shlí seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile, agus measfar ioncam iomlán aon phearsan a bheith arna laghdú méid aon ioncaim a bhfuil an phearsa sin i dteideal cáin ioncaim a mhuirearú air mar adúradh. | ||
(3) I gcás ina mbeidh creidmheas i leith cánach na Stát Aontaithe le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forála na fo-mhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi fhorála ailt 3 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941) , arna leasú le halt 2 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), ní lamhálfar an faoiseamh sin. | ||
6. Gan dochar d'fhorála na míre deiridh roimhe seo, ní raghaidh an creidmheas iomlán a lamhálfar do phearsa i gcoinne cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe thar an gcáin ioncaim iomlán is iníoctha ag an bpearsa áirithe don bhliain mheasúnuithe sin, lúide aon cháin atá an phearsa sin i dteideal, seachas faoi Riail 20 de na Rialacha Ginearálta, a mhuirearú i gcoinne aon phearsan eile. | ||
Eifeacht liuntais no creidmheasa ar riomh ioncaim. | ||
7.—(1) Faoi réir forál na míre seo, i gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, ní déanfar aon asbhaint in aghaidh cánach na Stát Aontaithe (pé acu i leith an ioncaim sin nó aon ioncaim eile é) nuair a bheas méid an ioncaim sin á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide. | ||
(2) Má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid de cháin na Stat Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur i gcuntas agus méid na creidiúna á ríomh. | ||
(3) D'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den mhír seo, i gcás nach féidir cuid de cháin na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi fho-mhír (2) den mhír seo, le háireamh mar ní a mhéadaíos méid an ioncaim) a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun críocha cánach brabús corparáide, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin den cháin sin na Stát Aontaithe. | ||
8.—(1) I gcás ina mbeidh creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim. | ||
(2) I gcás ina mbeidh an cháin ioncaim is iníoctha ag brath ar an méid a fuarthas sa Stát, déanfar an méid sin d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú méid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim. | ||
(3) I gcás nach mbeidh feidhm ag an bhfo-mhír dheiridh roimhe seo— | ||
(a) ní déanfar aon asbhaint i leith cánach na Stát Aontaithe (pé acu i leith an ioncaim chéanna nó aon ioncaim eile é); agus | ||
(b) má bhíonn díbhinn ar áireamh san ioncam agus más rud é, faoin gCoinbhinsiún, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur i gcuntas nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, áireofar méid an ioncaim amhail is dá mbeadh sé arna mhéadú an méid de cháin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a bheas le cur i gcuntas agus méid an chreidmheasa á ríomh; ach | ||
(c) d'ainneoin aon ní sna forála roimhe seo den fho-mhír seo, i gcás ina mbeidh aon chuid de cháin na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (lena n-áirítear aon cháin den tsórt sin a bheas, faoi chlásal (b) den fho-mhír seo, le háireamh mar ní a mhéadaíos méid an ioncaim) le lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach brabús corparáide, nó nach féidir í a lamháil mar chreidmheas i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha, déanfar, chun críocha cánach ioncaim, méid an ioncaim d'áireamh amhail is dá mbeadh sé arna laghdú an chuid sin de cháin sin na na Stát Aontaithe. | ||
(4) Maidir le hioncam iomlán pearsan a ríomh chun an ráta a chinneadh a luaitear i mír 5 den Chuid seo den Sceideal seo, beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den mhír seo faoi réir na modhnuithe seo a leanas— | ||
(a) in ionad na tagairte i bhfo-mhír (2) do mhéid an chreidmheasa is inlamhálta i gcoinne cánach ioncaim, cuirfear tagairt do mhéid cánach na Stát Aontaithe i leith an ioncaim (agus, i gcás díbhinne, gan áireamh a dhéanamh ar cháin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne), agus | ||
(b) ní bheidh feidhm ag clásail (b) agus (c) d'fho-mhír (3), | ||
agus, faoi réir na modhnuithe sin, beidh éifeacht acu maidir leis an ioncam go léir a bhfuil creidmheas le lamháil ina chás in aghaidh cánach Stát Aontaithe. | ||
Forala speisialta maidir le dibhinni. | ||
9. Más rud é, i gcás aon díbhinne, go mbeidh cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith na díbhinne, le cur san áireamh, faoin gCoinbhinsiún, nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na díbhinne, is í cáin de chuid na Stát Aontaithe, nach inmhuirir amhlaidh, a cuirfear san áireamh ná an cháin a thiteas ar an gcomhlucht corpraithe a íocas an díbhinn i leith na mbrabús iomchuí, sa mhéid go bhfuil sí inchurtha le ceart i leith na cionúireachta de na brabúis iomchuí is ionann agus an díbhinn. | ||
Is iad na brabúis iomchuí— | ||
(a) má híoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe, brabúis na tréimhse sin; | ||
(b) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ach go n-íoctar í as brabúis sonraithe, na brabúis sin; | ||
(c) mura n-íoctar an díbhinn in aghaidh tréimhse sonraithe ná as brabúis sonraithe, brabúis na tréimhse deiridh dár hullmhaíodh cuntais an chomhluchta chorpraithe agus a chríochnaigh sar a raibh an díbhinn iníoctha: | ||
Ar choinníoll, má tharlann, i gcás a thiocfas faoi fho-mhír (a) nó fo-mhír (c) den mhír seo, go mbeidh an díbhinn iomlán níos mó ná a mbeidh ar fáil le dáiliú de bhrabúis na tréimhse a luaitear sa bhfomhír sin (a) nó sa bhfo-mhír sin (c), pé acu é, gurb iad is brabúis iomchuí brabúis na tréimhse sin móide an oiread a bheas ar fáil le dáiliú de bhrabúis tréimhsí roimhe sin (seachas brabúis a dáileadh roimhe sin nó a háiríodh roimhe sin mar bhrabúis iomchuí chun críocha na mírc seo) agus is comhionann leis an mbarrachas; agus chun críocha an choinníll seo cuirfear san áireamh ar dtús brabúis na tréimhse is déanaí roimhe sin, ansin brabúis na tréimhse i déanaí roimhe sin arís, agus mar sin de. | ||
10.—I gcás— | ||
(a) ina bhforálann an Coinbhinsiún go bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí áirithe, agus nach bhfuil, maidir le díbhinní d'aicmí eile, cáin na Stát Aontaithe, nach inmhuirir go díreach ná trí asbhaint i leith díbhinní, le cur san áireamh nuair a beifear á bhreithniú an bhfuil aon chreidmheas le lamháil, agus, má tá, cad é an méid é, i gcoinne na gcánach Éireannach i leith na ndíbhinní; agus | ||
(b) ina n-íocfar díbhinn nach d'aicme a bhforálann an Coinbhinsiún amhlaidh ina taobh, | ||
ansin, má híoctar an díbhinn le cuideachta a rialaíos, go díreach nó go neamhdhíreach, méid nach lú ná leath na cumhachta vótála i gcuideachta íoctha na díbhinne, lamhálfar creidmheas amhail is dá mba dhíbhinn í d'aicme a bhforálann an Coinbhinsiún amhlaidh ina taobh. | ||
Ilghneitheach. | ||
11. Ní lamhálfar creidmheas faoin gCoinbhinsiún i gcoinne na gcánach Éireannach is inmhuirir i leith aon ioncaim le haon phearsa, más é rogha na pearsan áirithe nach lamhálfaí creidmheas i leith an ioncaim sin. | ||
12. Más rud é, faoin gCoinbhinsiún, gur féidir faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sna Stáit Aontaithe i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé, maidir leis an measúnú le haghaidh cánach ioncaím nó cánach brabús corparáide a rinneadh i leith an ioncaim, nach i leith a mhéid iomláin a rinneadh é nó go bhfuil sé neamhchruinn ag féachaint don chreidmheas, más ann, atá le tabhairt faoin gCoinbhinsiún, féadfar aon mheasúnuithe breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go ndéanfar méid iomlán an ioncaim a mheasúnú agus go dtabharfar an creidmheas cuí, más ann, ina leith, agus i gcás an t-ioncam a chur ar iontaoibh aon phearsan sa Stát chun a íoctha, féadfar aon mheasúnú breise den tsórt sin i leith cánach ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás VI de Sceideal D. | ||
13.—(1) Faoi réir forál míre 14 den Chuid seo den Sceideal seo, aon éileamh a déanfar ar liúntas i bhfoirm chreidmheasa in aghaidh cánach na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, cuirfear i scríbhinn é go dtí an cigire cánach tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnuithe iomchuí, agus, má dhéanann an cigire cánach agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfear agus cinnfear í ag na Coimisinéirí Speisialta amhail is dá mb'achomharc chucu é i gcoinne measúnuithe i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin, leis na modhnuithe is gá, ag na forála de na hAchta Cánach Ioncaim a bhaineas le hathéisteacht achomhairc nó le sonrú cáis le haghaidh tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí. | ||
(2) Sa mhír seo, ciallaíonn an abairt “an bhliain mheasúnuithe iomchuí”, maidir le creidmheas in aghaidh cánach na Stát Aontaithe i leith aon ioncaim, an bhliain mheasúnuithe a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin, nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú uirthi dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir ina leith. | ||
14. Má tharlann aon chreidmheas, a bheirtear faoin gCoinbhinsiún, a bheith iomarcach nó neamhdhóthaineach de dhroim aon choigeartuithe ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó sna Stáit Aontaithe, ansin, aon ní sna hAchta Cánach Ioncaim, nó sna hachtacháin a bhaineas le cáin bhrabús corporáide, a theorannaíos an t-am chun measúnuithe nó éilithe ar fhaoisimh a dhéanamh, ní bheidh feidhm aige maidir le haon mheasúnú nó éileamh a thiocfas den choigeartú agus is measúnú nó éileamh a déanfar tráth nach déanaí ná sé bliana ón uair a rinneadh gach measúnú, coigeartú agus cinneadh eile den tsórt sin ba ghá chun a chinneadh an bhfuil aon chreidmheas le tabhairt, agus, má tá, cad é an méid é. |