|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cain Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Bais.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Mal. | |
[EN] |
Deireadh le rátaí fábhair dleacht custam ar thobac neamonaraithe. |
5. —Scoirfidh alt 15 den Acht Airgeadais, 1949 ( Uimh. 13 de 1949 ), d'éifeacht a bheith aige amhail ar an 31ú lá d'Iúil, 1950, agus ón lá sin amach, ach amháin maidir le— |
[EN] | (a) tobac neamonaraithe a bheas i mbanna-stóras ar an dáta sin, agus | |
[EN] | (b) tobac neamonaraithe a gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur ceannaíodh an tobac sin roimh an dáta sin chun é d'allmhuiriú isteach sa Stát. | |
[EN] |
Dleacht shiamsa —siamsa a n-úsáidtear na fáltais as chun críocha oideachais, daoncharadais, nó cárthannachta. |
6. —Déantar leis seo fo-alt (4) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1943 ( Uimh. 16 de 1943 ), a leasú maidir le siamsaí a comófar an 1ú lá de Lúnasa, 1950, nó dá éis, tríd an bhfocal “caoga” a cur in ionad an fhocail “tríocha.” |
[EN] |
Dleacht shiamsa—siamsa ar iomrascáil amaitéarach atá ann. |
7. —Ní déanfar dleacht shiamsa do réir bhrí ailt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin iardain, a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochta chun dul isteach go dtí aon tsiamsa a gcruthófar ina thaobh chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim é a bheith arna chur ar bun ag Comhlachas Iomrascála Amaitéaraí na hÉireann nó ag club atá cleamhnaithe leis an gcomhlachas sin nó atá go díreach faoin na rialú agus gurb é amháin atá sa tsiamsa taispeántas iomrascála nach ndéantar aige, ná i ndáil leis, aon airgead a dhámhachtain ná d'íoc le haon duine de na rannpháirtithe nó de na hiomaitheoirí, pé acu mar dhuais, mar luach saothair, nó ar shlí eile é. |
[EN] |
Ceadúnais mheasadóirí— díolúine. |
8. —(1) Ar an 6ú lá d'Iúil, 1950, agus dá éis, féadfaidh duine a bheas údaraithe chun ceantanna a sheoladh— |
[EN] | (a) de bhuaidh ceadúnais cheantálaí a deonadh faoi alt 8 den Acht um Cheantálaithe agus Luachálaithe Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947) , agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, nó | |
[EN] | (b) de bhuaidh ceada cheantála a deonadh faoi alt 9 den Acht sin agus a bheas i bhfeidhm de thuras na huaire, | |
[EN] | gníomhú mar mheasadóir do réir bhrí an Appraisers Licences Act, 1806, gan bheith ceadúnaithe faoin Acht sin. | |
[EN] | (2) Beidh alt 7 den Appraisers Licences Act, 1806, arna athghairm amhail ar an 6ú lá d'Iúil, 1950, agus ón lá sin amach. | |
[EN] |
Rialacháin maidir le baeradróma, aerárthaí, etc. |
9. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, pé socrú a dhéanamh is dóigh leis a bheith riachtanach nó fóirstineach chun aon chríche nó gach críche acu seo a leanas:— |
[EN] | (a) feidhm a thabhairt, faoi réir pé modhnuithe is iomchuí leis, d'aon cheann d'fhorála na nAcht Custam i gcás aeradróm agus i gcás aerárthaí agus daoine, earraí, postanna, stóranna agus bagáiste a hiomprófar iontu, a díbharcófar nó a díluchtófar astu nó a barcófar nó a luchtófar orthu; | |
[EN] | (b) oiriúnú nó modhnú a dhéanamh ar aon cheann d'fhorála na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin i gcás aeradróm agus i gcás aerárthaí agus daoine, earraí, postanna, stóranna agus bagáiste a hiomprófar orthu, a díbharcofar nó a díluchtófar astu nó a barcófar nó a luchtófar orthu; | |
[EN] | (c) smuglaeracht d'aer a chosc; | |
[EN] | (d) forála Choinbhinsiúin Chicago, a mhéid a bhainid leis na Custaim, a chur i gcrích. | |
[EN] | Sa bhfo-alt seo, tá leis an abairt “Coinbhinsiún Chicago” an bhrí atá léi i gCuid II den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1946 (Uimh. 23 de 1946) , arna leasú le halt 9 den Acht Aerloingseoireachta agus Aeriompair, 1950 ( Uimh. 4 de 1950 ). | |
[EN] | (2) Má sháraíonn duine ar bith, trí ghníomh nó neamhghníomh, aon rialachán faoin alt seo, beidh sé, i dteannta aon phionóis eile a dlífear a chur air, ciontach i gcion i gcoinne na nAcht Custam agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil Chustam nach mó ná céad punt a chur air agus féadfar é a choinneáil nó imeachta a bhunú ina choinne trí thoghairm. | |
[EN] | (3) Aon earraí a mbeidh cion faoin alt seo déanta ina leith, forghéillfear iad maraon leis na haerárthaí, na longa, na báid, na feithiclí, na hainmhithe agus na nithe eile go léir a húsáideadh á n-iompar. | |
[EN] | (4) Ar an chéad rialacháin faoin alt seo a dhéanamh chun na críocha a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, scoirfidh rialacháin 61 agus 63 de na Rialacháin um Aer Loingseoireacht (Ginearálta), 1930 (R. & O. R., Uimh. 26 de 1930 ), d'éifeacht a bheith acu, |