An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID III. Dleachta Bais.) Ar Aghaidh (CUID V. Faoiseamh o Chanachas Dubalta: Cain Ioncaim, Forchain Agus Cain Bhrabus Corparaide.)

18 1950

AN tACHT AIRGEADAIS, 1950

CUID IV.

Cain Bhrabus Corparaide.

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint í bhfeidhm.

11. —(1) Déanfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a sonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929) , arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932) , agus le fo-alt (2) den alt seo, a thabhairt in aghaidh na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1950, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1952.

(2) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1929, arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931, agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1932, a leasú tuilleadh tríd an bhfocal agus an mhír seo a leanas a chur isteach i ndeireadh an fho-ailt sin:—

“ná

(f) i gcás cuideachtan a sheolas gnóthas iarnróid, le haon bhrabúis de chuid na cuideachtan sin.”