|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID VII. Ilghneitheach.) | Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtachain a hAthghairmtear.) |
ACHT NA nALTRAN, 1950
[EN] | ||
[EN] |
CUID VIII. Forala Diomuana. | |
[EN] |
Maoin, etc., chomhlucht díscaoilte. |
69. —An mhaoin uile, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe i gcomhlucht díscaoilte nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas don chomhlucht sin, agus gach ceart, cumhacht agus pribhléid a ghabhas nó a bhaineas le haon mhaoin den tsórt sin, tiocfaid chun bheith agus beid, ar an dáta bunuithe, agus gan tíolacadh ná sannadh ar bith, dílsithe sa Bhord nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh chun an eastáit, an téarma, nó an leasa uile chun a raibh an céanna, díreach roimh an dáta bunuithe, dílsithe sa chomhlucht sin nó dá gcuid féin acu nó ar teachtadh ar iontaobhas dóibh. |
[EN] | (2) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear dliteanais neamhleachtaithe as torta nó as sáruithe conartha) a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, dlite ó chomhlucht díscaoilte agus gan íoc acu, nó tabhaithe agus gan fuascailt acu, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, ar an dáta bunuithe, ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó fuasclóidh an Bord é agus féadfar é a ghnóthú ón mBord nó é a chur i bhfeidhm ina gcoinne. | |
[EN] | (3) Gach ábhar i gcaingean a haistrítear leis an alt seo, féadfaidh an Bord agra a dhéanamh ina leith, é a ghnóthú nó é a chur i bhfeidhm ina n-ainm féin, agus ní gá don Bhord fógra a thabhairt don phearsa atá faoi cheangal ag an ábhar i gcaingean sin i dtaobh an aistrithe a déantar leis an alt seo. | |
[EN] |
Conartha leanúnacha comhlucht díscaoilte a choimeád i bhfeidhm. |
70. —Gach banna, ráthaíocht nó urrús eile de chineál leanúnach a bhí déanta nó a bhí tugtha ag comhlucht díscaoilte do phearsa ar bith, nó ag pearsa ar bith do chomhlucht díscaoilte, agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe, agus gach conradh nó comhaontú i scríbhinn a rinneadh idir comhlucht díscaoilte agus pearsa eile agus nach raibh forghníomhaithe agus comhlánaithe go hiomlán roimh an dáta sin, leanfaidh sé, d'ainneoin an comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh, de bheith i bhfeidhm ar an dáta sin agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht aige amhail is dá gcuirtí ainm an Bhoird ann in ionad ainme an chomhluchta dhíscaoilte, agus beidh an t-urrús, an conradh nó an comhaontú sin inchurtha i bhfeidhm dá réir sin ag an mBord nó ina gcoinne. |
[EN] |
Leanúint d'imeachta ar feitheamh. |
71. —Aon imeachta a tionscnadh ag comhlucht díscaoilte nó ina gcoinne agus a bheas ar feitheamh díreach roimh an dáta bunuithe, beid inleanta ag an mBord nó ina gcoinne agus in ainm an Bhoird agus ní raghaid ar ceal de dhroim comhlucht díscaoilte a dhíscaoileadh, agus go háirithe aon imeachta chun ainm aon duine a bhaint den chlár a coimeádtar de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó den rolla de mhná cabhartha a coimeádtar de bhun Achta 1944 is imeachta a bhí ar feitheamh díreach roimh an dáta bunuithe, tiocfaid chun bheith ina n-imeachta, agus leanfar díobh mar imeachta, faoin Acht seo chun ainm an duine sin a bhaint de chlár na n-altran. |
[EN] |
Oifigigh chomhlucht díscaoilte. |
72. —Gach duine a bhí, direach roimh an dáta bunuithe, ina oifigeach ar íocaíocht ag chomhlucht díscaoilte, aistreofar chun an Bhoird é agus tiocfaidh sé chun bheith ina oifigeach don Bhord ar an dáta bunuithe. |
[EN] |
Socrú sealadach i dtaobh liúntas nó aiscí d'oifigigh agus seirbhísigh Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha. |
73. —Go dtí go dtiocfaidh scéim pinsin i bhfeidhm de bhun ailt 40 den Acht seo, bainfidh forála fo-ailt (4) d'alt 17 d'Acht 1944 le hoifigigh agus seirbhísigh don Bhord a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha agus measfar, chun na críche sin agus chun na críche sin amháin, an fo-alt sin (4) a bheith gan athghairm leis an Acht seo. |
[EN] |
Clárú faoin Nurses Registration (Ireland) Act, 1919. |
74. —Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, na daoine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, cláraithe sa chlár a bhí á choimeád de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, a chlárú i gclár na n-altran agus, mura gcláraítear na daoine sin amhlaidh ar an dáta bunuithe agus go dtí go gclárófar iad amhlaidh measfar iad a bheith cláraithe i gclár na n-altran. |
[EN] |
Clárú faoi Acht 1944. |
75. —Déanfaidh an Bord, do réir rialacha, na daoine a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, cláraithe sa rolla de mhná cabhartha a bhí á choimeád de bhun Achta 1944, a chlárú i gclár na n-altran agus, mura gcláraítear na daoine sin amhlaidh ar an dáta bunuithe agus go dtí go gclárófar iad amhlaidh, measfar iad a bheith cláraithe i gclár na n-altran. |
[EN] |
Daoine a baineadh den chlár faoin Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó faoi Acht 1944, a chlárú i gclár na n-altran. |
76. —Más dóigh leis an mBord, i gcás duine a raibh a ainm, díreach roimh an dáta bunuithe, bainte den chlár a bhí á choimeád de bhun an Nurses Registration (Ireland) Act, 1919, nó den rolla de mhná cabhartha a bhí á choimeád de bhun Achta 1944, gur ceart an duine sin a chlárú, féadfaidh an Bord an duine sin a chlárú i gclár na n-altran agus, beidh feidhm, maidir leis an gclárú sin i gclár na n-altran, ag an méid den Acht seo, agus de na rialacha, a bhaineas le hainm a chur thar n-ais i gclár na n-altran. |
[EN] |
Rialacha a leanúint d'éifeacht a bheith acu, agus feidhm a bheith ag forála áirithe d'Acht 1944. |
77. —(1) Go dtí go ndéanfaidh an Bord rialacha faoin Acht seo maidir le haon ní áirithe, beidh éifeacht, maidir leis an ní sin agus faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na rialacha a rinneadh nó a meastar a rinneadh ag comhlucht díscaoilte amhail is dá mba rialacha iad a rinneadh go cuí ag an mBord faoin Acht seo. |
[EN] | (2) Go dtí go ndéanfar rialacha chun críocha ailt 46 den Acht seo agus chun críocha alt 42 agus 43 den Acht seo, a mhéid a bhaineas na hailt sin le roinn na mban cabhartha,— | |
[EN] | (a) is iad forais ar a bhféadfaidh an Coiste a mholadh ainm altran a bhaint de roinn na mban cabhartha na forais atá leagtha amach ag míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (3) d'alt 25 d'Acht 1944 nó aon cheann acu; | |
[EN] | (b) is iad coinníollacha atá ordaithe chun críocha ailt 42 den Acht seo na coinníollacha atá leagtha amach ag míreanna (a), (b), (c), (d) agus (e) d'fho-alt (1) d'alt 24 d'Acht 1944; | |
[EN] | (c) aon chlárú a déanfar faoi alt 43 den Acht seo déanfar é faoi réim na gcoinníollacha atá leagtha amach ag míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (2) d'alt 24 d'Acht 1944; | |
[EN] | (d) bainfidh forála fo-ailt (3) d'alt 24 d'Acht 1944 le duine a chlárú i roinn na mban cabhartha; agus | |
[EN] | (e) chun críche na bhforál roimhe seo den alt seo agus chun na críche sin amháin measfar na míreanna sin d'ailt 24 agus 25 d'Acht 1944 agus an fo-alt sin d'alt 24 d'Acht 1944 a bheith gan athghairm leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Go dtí go ndéanfar rialacha chun críocha ailt 43 den Acht seo, ní forléireofar aon ní mar ní a chuireas toirmeasc le daoine a hoileadh agus a ghnóthaigh scrúduithe lasmuigh den Stát a chlárú i gclár na n-altran do réir socruithe a bhí á n-oibriú ag comhlucht díscaoilte agus a bhí i bhfeidhm díreach roimh an dáta bunuithe. | |
[EN] |
Ráiteas ar fháltais agus caiteachas comhlucht díscaoilte. |
78. —(1) Ullmhóidh an Bord, i leith gach comhluchta dhíscaoilte, ráiteas ar fháltais agus caiteachas, lena n-áirítear dliteanais, don tréimhse (nó don chuid de thréimhse) chuntasaíochta ag an gcomhlucht sin a chríochnaigh díreach roimh an dáta bunuithe agus ní foláir cruinneas gach ráitis den tsórt sin a bheith deimhnithe ag iniúchóir rialtais áitiúil a cheapfas an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin. |
[EN] | (2) Má thaispeánann an ráiteas a ullmhós an Bord faoin alt seo i leith Príomh-Bhord na mBan Cabhartha go bhfuil iarmhéid ann i gcoinne an Bhoird sin, beidh feidhm ag alt 22 d'Acht 1944 maidir leis an iarmhéid amhail is dá mba iarmhéid den tsórt a luaitear san alt sin é, faoi réir an mhodhnuithe go ndéanfar tagairtí san alt sin do Phríomh-Bhord na mBan Cabhartha d'fhorléiriú mar thagairtí don Bhord, agus measfar, chun na críche sin agus chun na críche sin amháin, an t-alt sin 22 a bheith gan athghairm leis an Acht seo. | |
[EN] | (3) Cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, cad é an táille a bheas le n-íoc ag an mBord i ndáil leis na ráitis a hullmhófar faoin alt seo a dheimhniú de bhun an ailt seo ag iniúchóir rialtais áitiúil, agus íocfaidh an Bord an táille a cinnfear amhlaidh leis an Aire Rialtais Áitiúil agus air sin déanfaidh seisean í d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó i a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais. | |
[EN] |
Ospidéil agus forais a ceadaíodh roimh an dáta bunuithe. |
79. —Aon ospidéal nó foras a bhí, díreach roimh an dáta bunuithe, ceadaithe mar ionad oiriúnach chun críocha oiliúna, measfar, faoi réir forál an Achta seo agus na rialacha, é a bheith ceadaithe chun críocha an Achta seo. |
[EN] |
Achtacháin d'oiriúnú, etc. |
80. —(1) Féadfaidh an tAire, le hordú, aon achtachán nó aon ionstraim a rinneadh faoi aon achtachán, a bhí i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo agus a bhaineas le haon ní nó rud lena mbaineann an tAcht seo nó dá ndéanann an tAcht seo difir, d'oiriúnú agus a mhodhnú mar is dóigh leis is oiriúnach nó is fóirstineach chun an tAcht seo a chur in éifeacht nó chun go bhféadfaidh an tAcht seo lán-fheidm agus lán-eifeacht a bheith aige. |
[EN] | (2) Faoi réir aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanfas an tAire faoi fho-alt (1) den alt seo, agus gan dochar don chéanna, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas maidir le gach achtachán (pé acu a bhaineas nó nach mbaineann sé le haon ní nó rud lena mbaineann an tAcht seo) a bheas i bhfeidhm i dtosach feidhme an Achta seo, is é sin le rá, déanfar tagairtí ann don rolla de mhná cabhartha d'fhorléiriú mar thagairtí do roinn na mban cabhartha. | |
[EN] | (3) Tiocfaidh fo-alt (2) den alt seo i ngníomh ar an dáta bunuithe. | |
[EN] | (4) Gach ordú a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an t-ordú a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an orduithe, beidh an t-ordú arna neamhniú dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú sin. | |
[EN] |
Forála maidir le Cáin Ioncaim is inmhuirir ar chomhluchta díscaoilte. |
81. —(1) Leanfaidh comhlucht díscaoilte, ar an dáta bunuithe agus dá éis, de bheith faoi dhliteanas faoi na hAchta Cánach Ioncaim chun aon ráiteas, tuairisceán nó sonraí d'ullmhú agus a sheachadadh ag bheas ag teastáil chun críocha na nAcht sin d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós an 5ú lá d'Aibreán i ndiaidh an dáta bhunuithe nó a chríochnós roimhe sin. |
[EN] | (2) Féadfar measúnuithe i leith cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnuithe a chríochnós an 5ú lá d'Aibreán i ndiaidh an dáta bhunuithe, nó a chríochnós roimhe sin, a dhéanamh ar chomhlucht díscaoilte ar an dáta bunuithe nó dá éis, agus an cháin ioncaim i leith aon mheasúnuithe den tsórt sin a déanfar amhlaidh agus a bheas ina mheasúnú críochnaitheach dochloíte, measfar, ar í a bheith dlite agus iníoctha, í a theacht chun bheith dlite agus iníochta roimh an dáta bunuithe. | |
[EN] | (3) Chun críocha fo-alt (1) agus (2) den alt seo, measfar an t-oifigeach a bheas ag comhlíonadh dualgas rúnaí don Bhord a bheith ina rúnaí do chomhlucht díscaoilte nó ina oifigeach eile ag comhlíonadh dualgas rúnaí don chomhlucht díscaoilte sin. |