16 1951

Uimhir 16 de 1951.


AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1951.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHTACHÁN ATÁ ANN MAIDIR LE PINSIN SEAN-AOISE AGUS PINSIN DO DHAILL. [17 ú Iúil, 1951.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Léiriú.

1. —(1) San Acht seo—

Acht 1908.

ciallaíonn “Acht 1908” an Old Age Pensions Act, 1908;

Acht 1924.

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1924 (Uimh. 19 de 1924) ;

Acht 1948.

ciallaíonn “Acht 1948” an t Acht Leasa Shóisialaigh, 1948 (Uimh. 17 de 1948) ;

na hAchta.

ciallaíonn “na hAchta” Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1948;

an tAire.

ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shósialaigh;

pinsean.

ciallaíonn “pinsean” pinsean faoi na hAchta.

(2) Forléireofar mar aon ní amháin an tAcht seo agus na hAchta.

Srian le halt 4 (3) d'Acht 1908.

2. —(1) Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo, ní bhainfidh fo-alt (3) d'alt 4 d'Acht 1908 le haon tsannadh (arna dhéanamh roimh an Acht seo a rith nó arna dhéanamh dá éis sin)—

(a) is sannadh chun linbh nó leanaí leis an sannóir, agus

(b) arb é atá sa mhaoin a háirítear ann feirm thalún (i dteannta nó d'éagmais an stoic agus na n-áirnéisí air) nach mó ná tríocha punt a luacháil inrátuithe (agus na foirgnimh air d'áireamh) agus arb é an sannóir a áititheoir nó arb é an sennóir a únaer agus a áititheoir.

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le sannadh ag duine a bhí, tráth ar bith laistigh de na trí bliana dar críoch dáta déanta an éilimh iomchuí ar phinsin nó an iarratais iomchuí ar mhéadú pinsin, ina únaer agus ina áititheoir ar aon tailte talmhaíochta ar mhó ná tríocha punt a luacháil inrátuithe nó iomlán a luachála inrátuithe, nó ina áititheoir ar na tailte sin nó ina únaer agus ina áititheoir ar chuid de na tailte sin agus ina áititheoir ar an gcuid eile de na tailte sin.

(3) San alt seo, folaíonn “sannadh” aon tsórt tíolactha, aistrithe nó idirbhirt eile trína scarann duine le húnaeracht nó seilbh mhaoine.

Nithe nach n-áiritear mar acmhainn.

3. —(1) Nuair a bheas acmhainn aon duine á ríomh chun críocha na nAcht, arna leasú leis an Acht seo—

(a) ní cuirfear san áireamh suim aon liúntais, liúntais speisialta, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais ná pinsin chréachta faoi na h Achta Arm-Phinsean, 1923 go 1949, ná suim aon teaglama ar na liúntais sin agus na pinsin sin, ach amháin sa mhéid gur mó ná ochtó punt sa bhliain an tsuim sin,

(b) ní cuirfear san áireamh suim aon chúnaimh a gheibhtear ó eagras carthanúil amháin nó níos mó, ach amháin sa mhéid gur mó ná caoga is dhá phunt cúig scillinge sa bhliain an tsuim sin.

(2) I bhfo-alt (1) den alt seo, ciallaíonn “eagras carthanúil” comhlucht nach chun brabúis a dhéanamh a bhíos gníomhachta ar siúl aige (ach gan aon údarás poiblí ná údarás áitiúil d'áireamh) agus ar ceann dá fheidhmeanna cabhrú le daoine i nganntan trí dheontais airgid a thabhairt dóibh.

Rátaí pinsean a mhéadú.

4. —(1) Amhail ón lá ceaptha, déanfar, faoi réir ailt 13 d'Acht 1948 arna leasú leis an alt seo, pinsean d'íoc do réir an ráta atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo, in ionad an ráta a cinneadh le halt 9 d'Acht 1948.

AN TAIBLE.

An Rata Pinsin.

Acmhainn an Eilitheora nó an Phinsinéara

An Ráta Pinsin sa tseachtain

Má tá acmhainn bhliantúil an éilitheora nó an phinsinéara, arna ríomh faoi na hAchta mar leasaítear iad leis an Acht seo—

scillinge

gan bheith níos mó ná £22 2s. 6d.    ...    ...    ...    ...    ...

20

níos mó ná

£22

2s.

6d.

gan bheith níos mó ná

£35

2s.

6d.

15

,,

,,

,,

£35

2s.

5d.

,,

,,

,,

,,

,,

£52

5s.

0d.

10

,,

,,

,,

£52

5s.

0d.

,,

,,

,,

,,

,,

£65

5s.

0d.

5

,,

,,

,,

£65

5s.

0d.

     ...     ...     ...     ...     ...     ...

Neamhní

(2) Amhail ón lá ceaptha—

(a) cuirfear na focail “seasca agus cúig punt cúig scillinge” in ionad na bhfocal “caoga agus dhá phunt agus chúig scillinge” i bhfo-alt (1) d'alt 8 d'Acht 1924, arna leasú le halt 10 d'Acht 1948;

(b) déanfar an tagairt i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 13 d'Acht 1948 do Chaibidil II de Chuid II den Acht sin d'fhorléiriú mar thagairt a fholaíos tagairt d'fho-alt (1) den alt seo.

(3) Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh chun bheith ina lá ceaptha chun críocha an ailt seo agus an chéad ailt ina dhiaidh seo.

Athbhreithniú agus coigeartú ionchasach ar phinsin.

5. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “pinsean láithreach” pinsean—

(a) is iníoctha ar dháta an Achta seo a rith, nó

(b) a thosnós ar fhaibhriú roimh an lá ceaptha;

ciallaíonn “an nua-ráta seachtainiúil iomchuí,” maidir le pinsean láithreach, ráta seachtainiúil ag a mbeidh feidhm, ag féachaint d'alt 4 den Acht seo, maidir leis an bpinsean sin má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an lae roimh an lá ceaptha.

(2) A luaithe is féidir tar éis an tAcht seo a rith, raghaidh gach oifigeach pinsin i gceann gach pinsean láithreach ina cheantar d'athbhreithniú agus faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, coigeartóidh sé, le héifeacht amhail ón lá ceaptha an pinsean sin ar an nua-ráta seachtainiúil iomchuí, agus má leanann an pinsean sin de bheith iníoctha tar éis an lae roimh an lá ceaptha, beidh sé, faoi réir forál na nAcht agus an Achta seo, iníoctha, amhail ar an lá ceaptha agus ón lá sin amach, do réir an ráta sheachtainiúil ar ar coigeartaíodh amhlaidh é.

(3) (a) Chun críocha an athbhreithnithe agus an choigeartuithe ar phinsean láithreach faoin alt seo, déanfar an tagairt d'acmhainn bhliantúil an phinsinéara, atá sa Táible a ghabhas le halt 4 den Acht seo, d'fhorléiriú mar thagairt d'acmhainn bhliantúil an phinsinéara mar bhí sin arna cinneadh ar dháta an athbhreithnithe agus an choigeartuithe.

(b) Má bhíonn pinsean láithreach iníoctha, de bhuaidh ailt 13 d'Acht 1948, do réir ráta is ionann agus an nua-ráta seachtainiúil iomchuí, nó is mó ná é, ní déanfar an pinsean a choigeartú faoin alt seo.

Gearrtheideal agus comhlua.

6. —(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1951 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1951, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1948, agus den Acht seo le chéile.