4 1952


Uimhir 4 de 1952.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ MÉADÚ A DHÉANAMH AR NA SUIMEANNA IOMLÁNA A FÉADFAR D'AIRLEACAN CHUN CRÍOCHA GINEARÁLTA BHORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS AGUS CHUN TUATH-LÍOMATÁISTÍ A LEICTRIÚ, DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN PINSIN ÁIRITHE IS INÍOCTHA FAOI NA h ACHTA LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR), 1927 GO 1949, A MHÉADÚ, DO LEASÚ NA nACHT SIN I SLITE ÁIRITHE, DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH TEORANTA AOISE D'OIFIGÍ ATÁ AG DAOINE ÁIRITHE A hAISTRÍODH CHUN SEIRBHÍSE AN BHOIRD, AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [25ú Márta, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

Acht 1949.

ciallaíonn an abairt“Acht 1949”an t Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1949 (Uimh. 12 de 1949) ;

An tsuim iomchuí.

ciallaíonn an abairt“an tsuim iomchuí”maidir le pinsean—

(a) más mó ná £100 sa bhliain méid an phinsin, 50 faoin gcéad de mhéid an phinsean,

(b) más mó ná £100 sa bhliain ach nach mó ná £125 sa bhliain méid an phinsin, £50 sa bhliain,

(c) más mó ná £125 sa bhliain ach nach mó ná £150 sa bhliain méid an phinsin, 40 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(d) más mó ná £150 sa bhliain ach nach mó ná £200 sa bhliain méid an phinsin, £60 sa bhliain,

(e) más mó ná £200 sa bhliain ach nach mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, 30 faoin gcéad de mhéid an phinsin,

(f) más mó ná £346 3s. 1d. sa bhliain méid an phinsin, dóthain chun méid an phinsin a thabhairt go dtí £450 sa bhliain;

gnóthaire údaraithe agus gnóthas.

tá leis an abairt“gnóthaire údaraithe”an bhrí atá léi sa Phríomh-Acht agus tá leis an bhfocal“gnóthas”an bhrí atá leis an bhfocal“gnó”sa Phríomh-Acht;

an Bord.

ciallaíonn an abairt“an Bord”Bord Soláthair an Leictreachais;

scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe.

ciallaíonn an abairt“scéim aoisliúntais na lámh-oibrithe”an scéim atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas le hOrdú Bhord Soláthair an Leictreachais (Daingniú ar Scéim Aoisliúntais na Lámh-Oibrithe), 1943 (R. & O. R., Uimh. 183 de 1943);

pinsean.

ciallaíonn an focal“pinsean”pinsean, is iníoctha le duine nach bhfuil i seirbhís an Bhoird, faoi na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1949, nó faoi scéim a rinneadh de bhun Achta Aoisliúntais 1942, nó fúthu araon;

an Príomh-Acht.

ciallaíonn an abairt“an Príomh-Acht”an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927) ;

an dáta iomchuí.

ciallaíonn an abairt“an dáta iomchuí”—

(a) i gcás duine lena mbaineann scéim aoisliúntais na lámhoibrithe nó a haicmeofaí nó a bheadh aicmithe mar lámh-oibrí chun críocha na scéime sin dá mbaineadh an scéim sin leis, an 23ú lá de Mheán Fómhair, 1946;

(b) in aon chás eile, an lú lá d'Aibreán, 1946;

Acht Aois. liúntais 1942.

ciallaíonn an abairt“Acht Aoisliúntais 1942”Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) .

Méadú ar airleacain faoi alt 38 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 .

2. —(1) Ní bheidh méid iomlán na suimeanna a hairleacfar leis an mBord faoi alt 38 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ), (a bhaineas le hairleacain chun críocha ginearálta) níos mó ná ceathracha agus cúig mhilliún, cúig céad míle punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (2) den alt sin amhail is dá gcuirtí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear sa bhfo-alt sin.

(2) Cúlghairmtear leis seo alt 16 d'Acht 1949.

Méadú ar airleacain faoi alt 41 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 .

3. —Ní bheidh méid iomlán na suimeanna a hairleacfar faoi alt 41 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ), chun tuath-líomatáistí a leictriú, níos mó ná ocht millún punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) den alt sin amhail is dá gcuirtí an tsuim sin in ionad na suime a luaitear sa bhfo-alt sin.

Méadú ar phinsin áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta iomchuí.

4. —(1) Baineann an talt seo le pinsean is lú ná £450 sa bhliain (nach pinsean lena mbaineann alt 16 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ( Uimh. 3 de 1950 )) a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh roimh an dáta iomchuí agus a cinneadd mar chionúireacht de luach saothair an duine áirithe.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú, le héifeacht ón lú lá d'Aibreán, 1949 (agus an lá sin d'áireamh), an tsuim nó an méid seo a leanas, pé acu is lú:—

(a) an tsuim iomchuí, nó

(b) an méid a dhéanfadh an pinsean cóimhéid leis an bpinsean dob iníoctha, ar scor dó, leis an duine áirithe dá mbeadh, i gcaitheamh na gcúig bliana díreach roimh scor dó, luach saothair á íoc leis do réir an ráta nó an scála luach saothair a bhain le fostaí don Bhord dá chomh-chéim agus dá chomh-sheirbhís ar an dáta iomchuí.

Méadú ar phinsin áirithe i leith seirbhíse a chríochnaigh tar éis an dáta iomchuí.

5. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean—

(a) a deonadh i leith seirbhíse a chríochnaigh ar an dáta iomchuí nó dá éis, agus

(b) a cinneadh mar chionúireacht de luach saothair an duine áirithe, agus

(c) a cinneadh amhlaidh i leith tréimhse a thosnaigh roimh an dáta iomchuí.

(2) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú, le héifeacht ó dháta tosnuithe an phinsin nó ón lú lá d'Aibreán, 1949 (agus an dáta nó an lá sin d'áireamh), pé acu sin is déanaí, den mhéid a dhéanfadh an pinsean sin cóimhéid leis an bpinsean dob iníoctha, ar scor dó, leis an duine áirithe dá mbeadh, i gcaitheamh na gcúig bliana díreach roimh an dáta iomchuí luach saothair á íoc leis do réir an ráta nó an scála luach saothair a a bhain leis ar an dáta iomchuí.

Liúntas forlíontach a chur le pinsin áirithe.

6. —(1) Baineann an t-alt seo le pinsean a deonadh roimh dháta an Achta seo a rith nó a deonfar ar dháta nach déanaí ná trí bliana i ndiaidh dáta a rite agus a cinneadh nó a cinnfear ar shlí seachas mar chionúireacht de luach saothair an duine áirithe.

(2) Is cead don Bhord, más oiriúnach leis, go ndeonfadh agus go n-íoefadh sé, le héifeacht ó dháta tosnuithe an phinsin nó ón lú lá d'Aibreán, 1949, pé aou sin is déanaí, mar bhreis ar phinsean lena mbaineann an t-alt seo, liúntas forlíontach saoil de pé méid is cuí leis an mBord ag féachaint do na himthosca go léir, ach faoi réir na dtórainn nach mbeidh an liúntas sin níos mó ná an tsuim iomchuí agus nach mbeidh comhiomlán an phinsin agus an liúntais fhorlíontaigh níos mó ná an pinsean uasta is iníoctha faoi scéim aoisliúntais na lám-oibrithe.

Díospóidí a tharchur chun Binse.

7. —Aon díospóid a éireos maidir le méadú faoi alt 4 nó alt 5 den Acht seo déanfar, ar an mBord nó an pinsinéir áirithe dá iarraidh sin, í a tharchur, lena cinneadh, chun an Bhinse a bunaíodh faoi Acht Aoisliúntais 1942 nó chun an Bhinse a bunaíodh faoi Acht 1949, pé acu is iomchuí, agus beidh breith an Bhinse ar an díospóid sin ina breith chríochnaitheach agus ina ceangal ar gach n-aon lena mbainfidh.

An tráth a thosnós méadú faoi alt 16 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1950 .

8. —Beidh éifeacht ag méadú faoi alt 16 d'Acht na bPinsean (Méadú), 1950 ( Uimh. 3 de 1950 ), (a dhéanas socrú chun pinsin áirithe is iníoctha ag an mBord a mhéadú), ó dháta tosnuithe an phinsin nó ón lú lá d'Aibreán, 1949 (agus an dáta nó an lá sin d'áireamh), pé acu is déanaí.

Tórainn aoise d'oifigí áirithe.

9. —(1) Féadfaidh an Bord a dhearbhú gur aois shonraithe an tórainn aoise le haghaidh oifigí i seirbhís an Bhoird ag daoine a haistríodh, faoi fho-alt (9) nó fo-alt (11) d'alt 39 den Phríomh-Acht, chun seirbhíse an Bhoird ó sheirbhís ghnóthaire údaraithe agus ag a raibh, de bhuaidh an aistrithe sin, ceart chun sochar aoisliúntais is iníoctha ag an mBord, nó le haghaidh pé oifigí acu sin a bhaineas le haicme, tuairisc nó grád sonraithe nó le haghaidh oifige nó oifigí sonraithe acu sin.

(2) Tiocfaidh gach dearbhú faoin alt seo i bhfeidhm sé mhí tar éis an lae a déanfar é.

(3) I gcás dearbhú faoin alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le haon oifig áirithe, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

(a) má bhíonn duine i seilbh na hoifige sin an lá a thiocfas an dearbhú sin i bhfeidhm agus má tharlann an lá sin go sroichfidh an duine sin an aois, nó go mbeidh sé thar an aois, a mbeidh sonraithe sa dearbhú sin gurb í an tórainn aoise í le haghaidh na hoifige sin, scoirfidh an duine sin den oifig sin a shealbhú an lá sin a thiocfas an dearbhú sin i bhfeidhm;

(b) má tharlann lá ar bith i ndiaidh an lae a thiocfas an dearbhú sin i bhfeidhm go sroichfidh aon duine a bheas i seilbh oifige den tsórt sin an aois a mbeidh sonraithe sa dearbhú sin gurb í an tórainn aoise í le haghaidh na hoifige sin, scoirfidh an duine sin den oifig sin a shealbhú an lá sin i ndiaidh an lae a thiocfas an dearbhú sin i bhfeidhm.

(4) Ní dhearbhóidh an Bord gurb í an tórainn aoise le haghaidh aon oifige aois is lú ná an ghnáth-aois scoir faoin scéim aoisliúntais a bhaineas le daoine i seilbh oifige den tsórt céanna.

Alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942 a leasú.

10. —(1) San alt seo, ciallaíonn an abairt“an gnáth-dháta scoir”an dáta a sonraítear sa scéim aoisliúntais iomchuí mar ghnáth-dháta scoir d'fhostaithe, nó d'aicme áirithe fostaithe, lena mbaineann an scéim.

(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942, agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is dá scriostaí na focail“arna críochnú ar dháta an scortha den fhostaíocht sin mar gheall ar aois nó easláinte agus seirbhís den tsórt sin amháin a thuillfidh sochair aoisliúntais faoin scéim sin nó a bheidh ináirithe ina gcóir”agus go gcuirfí ina n-ionad na focail“arna críochnú ar an ngnáth-dháta scoir nó ar dháta an scortha den fhostaíocht sin mar gheall ar easláinte (pé dáta acu sin is túisce) agus seirbhís den tsórt sin amháin a thuillfeas sochair aoisliúntais faoin scéim sin nó a bheas ináirithe ina gcóir, agus nach ndéanfar, nuair a bheas faid na seirbhíse sin á ríomh, í d'áireamh ach go dtí deireadh an mhí chríochnaithe dheiridh di”.

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) d'alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942, agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is dá scriostaí na focail“arna críochnú ar dháta an scortha den fhostaíocht sin mar gheall ar aois nó easláinte agus seirbhís den tsórt sin amháin a thuillfidh sochair aoisliúntais faoin scéim nó a bheidh ináirithe ina gcóir” agus go gcuirfí ina n-ionad na focail“arna críochnú ar an ngnáth-dháta scoir nó ar dháta an scortha den fhostaíocht sin mar gheall ar easláinte (pé dáta acu sin is túisce) agus seirbhís den tsórt sin amháin a thuillfeas sochair aoisliúntais faoin scéim sin nó a bheas ináirithe ina gcóir, agus nach ndéanfar, nuair bheas faid na seirbhíse sin á ríomh, í d'áireamh ach go dtí deireadh an mhí chríochnaithe dheiridh di”.

(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 7 d'Acht Aoisliúntais 1942, agus measfar éifeacht a bheith riamh aige, amhail is dá ndéantaí—

(a) na focail “ar dháta a roghnuithe amhlaidh agus dá éis” a scrios as mír (a) agus na focail “ó dháta a roghnuithe amhlaidh suas go dtí deireadh an mhí chríochnaithe dheiridh dá sheirbhís iaraimseartha díreach roimh a ghnáth-dháta scoir nó dáta a scortha den fhostaíocht sin mar gheall ar easláinte (pé dáta acu sin is túisce)” a chur ina n-ionad;

 (b) an focal“uile”a scrios as mír (b) agus na focail“suas go dtí deireadh an mhí chríochnaithe dheiridh di”a chur ina ionad;

 (c) na focail“suas go dtí deireadh an mhí chríochnaithe dheiridh di”a chur isteach i mír (c) i ndiaidh na bhfocal“ach ní níos mó ná san”.

Bailíocht scéimeanna aois-liúntais faoi Acht Aoisliúntais 1942.

11. —Chun amhras a sheachaint, achtaítear leis seo go bhfuil, agus go raibh riamh, feidhm dlí ag gach ceann de na scéimeanna seo a leanas:—

(a) an scéim atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas le hOrdú Bhord Soláthair an Leictreachais (Daingniú ar Scéim Aoisliúntais na bhFostaithe Coiteanna), 1943 (R. & O.R., Uimh. 182 de 1943), agus

(b) an scéim atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhas le hOrdú Bhord Soláthair an Leictreachais (Daingniú ar Scéim Aoisliúntais na Lámh-Oibrithe), 1943 (R. & O.R., Uimh. 183 de 1943),

sa bhfoirm ina bhfuil an scéim sin leagtha amach amhlaidh.

Cumhacht chun roghnú maidir le sochar faoi scéim aois-liúntais a tharraingt siar.

12. —(1) Duine ar bith—

(a) a rinne iarratas faoi fho-alt (2) d'alt 13 d'Acht Aoisliúntais 1942 nó faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1942 ( Uimh. 27 de 1942 ), nó faoi fho-alt (3) d'alt 9, nó fo-alt (3) d'alt 10, d'Acht 1949, agus

(b) a bheas, ar dháta an Achta seo a rith, i seirbhís an Bhoird, agus

(c) má fuair sé sochar faoi aon alt acu sin, a aisíocfas méid an tsochair sin,

féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chur chun an Bhoird mí ar a dhéanaí tar éis dáta an Achta seo a rith, an t-iarratas sin a tharraingt siar.

(2) Duine a tharraingeos siar, do réir fo-ailt (1) den alt seo, iarratas chun an Bhoird, déileálfar leis, chun críocha an ailt faoina ndearnadh a iarratas, mar dhuine nach ndearna aon iarratas den tsórt sin.

Caiteachais.

13. —Déanfar méadú ar phinsin faoin Acht seo d'íoc mar chuid de chaiteachais ghinearálta an Bhoird.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

14. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1952, a ghairm de na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1949, agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1949, agus an tAcht seo.