|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID III. An Bord Iascaigh Mhara.) | Ar Aghaidh (CUID V. Comhlachas Iascaigh Mhara na hÉireann, Teoranta, a Dhiscaoileadh.) |
AN tACHT IASCAIGH MHARA, 1952
[EN] | ||
[EN] |
CUID IV. An Comhlachas Iascaigh Mhara. | |
[EN] |
Bunú. |
23. —(1) Beidh comhlucht ann ar a dtabharfar An Comhlachas Iascaigh Mhara (dá ngairmtear an Comhlachas san Acht seo). |
[EN] | (2) Aon duine a bhíos ag gabháil d'iascach mara nó ag seoladh gnótha sa trádáil imdhala éisc, beidh sé i dteideal bheith ina chomhalta den Chomhlachas. | |
[EN] | (3) Na daoine a bhí, díreach roimh thosach feidhme na Coda seo, ina gcomhaltaí den chomhlucht díscaoilte (mar mínítear sin le halt 25) agus a bhí tuairiscithe ina scair-chlár mar iascairí, beid ina gcomhaltaí den Chomhlachas ar é a bhunú. | |
[EN] | (4) Bainfidh forála an Dara Sceidil leis an gComhlacas. | |
[EN] |
Feidhmeanna. |
24. —Is iad feidhmeanna an Chomhlachais leasa a chomhaltaí agus an tionscail iascaigh mhara i gcoitinne a chur ar aghaidh agus pé uiríolla is cuí leis a dhéanamh leis an mBord ina leith sin. |