|
||||
|
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil V. Leasuithe ar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1948. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Caibidil V, Cuid VI). |
93. —(1) Sa Chaibidil seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “na hAchta” na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta 1933 go 1948; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933) ; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935) ; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1940” an t Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940 (Uimh. 4 de 1940) . | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta mar aon ní amháin. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 10 den Phríomh-Acht. |
94. —(1) I bhfo-alt (3) d'alt 10 den Phríomh-Acht— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (I) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (a):— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(a) go bhfuil sé, ar dháta an iarratais, ina chónaí sa Stát agus go raibh sé, tráth ar bith, ina chónaí sa Stát ar feadh tréimhse leanúnaí de shé mhí ar a laghad;” | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (II) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (c):— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(c) nach bhfuil a acmhainn, arna ríomh do réir an Achta seo, níos mó, más i mbaile-líomatáiste atá cónaí air, ná nócha agus ocht bpuint agus sé scillinge déag nó, más in áit eile sa Stát atá cónaí air, seachtó agus dhá phunt agus sé scillinge déag sa bhliain;”. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 15 den Phríomh-Acht. |
95. —(1) I mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 15 den Phríomh-Acht (an mhír a cuireadh isteach le fo-alt (1) d'alt 7 d'Acht 1940), cuirfear na focail “in aon bhaile-líomatáiste” in ionad na bhfocal “sa bhaile-líomatáiste sin” i bhfo-mhíreanna (i), (ii) agus (iii). | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 19 den Phríomh-Acht. |
96. —(1) I mír (a) d'alt 19 den Phríomh-Acht cuirfear an focal “trí” in ionad an fhocail “sé”. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Athrú ar na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta. |
97. —(1) Sa Phríomh-Acht, cuirfear isteach an méid seo a leanas mar Sceideal an Achta sin in ionad an Sceidil a cuireadh isteach le fo-alt (2) d'alt 32 d'Acht 1948:— | ||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ” | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 4 d'Acht 1935. |
98. —(1) Cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fo-ailt (1 d'alt 4 d'Acht 1935:— | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | “(1) I gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 25ú lá de Mheitheamh, 1952, agus dár críoch an lá roimh an lá a bheas sonraithe le hordú faoi fho-alt (1A) den alt seo, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt “cleithiúnaí aosaithe”— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás fir phósta, a bhean chéile, má tá sí ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige agus nach bhfuil sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, ná sochar easpa oibre faoi Scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais a bunaíodh faoi na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948, á fháil aici, agus nach bhfuil sí i bhfostaíocht rialta ar pháigh seachas chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin ná ag gabháil d'aon ghnó is ghnáth a dhéanamh le haghaidh brabúis, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás mná pósta, a fear céile mura féidir leis mar gheall ar easláine choirp nó mheabhrach é féin a chothú agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aicise, agus, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás baintreach fir nó fir neamhphósta, aon bhaineannach atá ina cónaí leis chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin agus atá á cothabháil aige agus nach bhfuil sochar dífhostaíochta faoi na hAchta Arachais Dífhostaíochta, 1920 go 1952, ná sochar easpa oibre faoi scéim Arachais Dífhostaíochta Ghnótha an Arachais adúradh á fháil aici agus nach bhfuil i bhfostaíocht rialta ar pháigh seachas chun aire a thabhairt dá leanaí cleithiúnacha sin ná ag gabháil d'aon ghnó is gnáth a dhéanamh le haghaidh brabúis; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt ‘ leanbh cleithiúnach, ’ maidir le duine, aon leanbh nach bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán aige agus atá á chothabháil go hiomlán nó go formhór ar chostas an duine sin nó leanbh a bhfuil ceithre bliana déag d'aois slán aige agus nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán aige agus atá á chothabháil amhlaidh agus atá ag fáil teagaisc lán-aimsire i scoil lae; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | forléireofar tagairtí do chleithiúnaithe mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cleithiúnacha, do réir mar is gá sa chás. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (1A) Ar pé lá agus tar éis pé lae a shonrós an tAire le hordú faoin bhfo-alt seo, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt ‘ cleithiúnaí aosaithe ’— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás fir phósta, a bhean chéile má tá sí ina cónaí leis nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás mná pósta, a fear céile mura féidir leis, mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, é féin a chothú agus go bhfuil sé á chothabháil go hiomlán nó go formhór aicise, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) i gcás baintreach fir nó fir neamhphósta, aon bhaineannach (a bhfuil sé bliana déag d'aois slán aici) atá ag tabhairt aire dá leanaí cleithiúnacha sin agus atá á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn an abairt ‘ leanbh cleithiúnach ’, maidir le duine, aon leanbh nach bhfuil sé bliana déag d'aois slán aige agus a bhfuil gnáth-chónaí air sa Stát agus nach bhfuil ar coinneáil i scoil cheartúcháin ná i scoil saothair agus a chónaíos go rialta leis an duine sin; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | forléireofar tagairtí do chleithiúnaithe mar thagairtí do chleithiúnaithe aosaithe nó do leanaí cleithiúnacha, do réir mar is gá sa chás; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | aon leanbh a huchtófar faoi aon Acht a dhéanas socrú i dtaobh leanaí d'uchtáil (pé acu roimh thosach feidhme an fho-ailt seo nó dá éis sin a rithfear é), áireofar é feasta amhail is dá mba é leanbh an uchtóra nó na n-uchtóirí é a rugadh dó, di nó dóibh de phósadh dleathach agus nár leanbh dhuine ar bith eile é; | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, déanfar aon cheist i dtaobh cónaí rialta linbh a chinneadh do réir fo-ailt (2) d'alt 5 den Acht Liúntas Leanaí (Leasú), 1946 (Uimh. 8 de 1946) , agus na rialacha faoin bhfo-alt sin.” | |||||||||||||||||||||||||||||||
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952. | ||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Aois a shlánú. |
99. —(1) Chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta 1933 go 1952, measfar nach bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán ag duine go dtí tosach an lae atá cothrom ocht mbliana déag ón lá a rugadh é, agus mar sin d'aon aois eile. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Cónaí. |
100. —(1) I gcás teach le bardas nó comhairle líomatáiste uirbigh a bheith lasmuigh den líomatáiste sin, measfar, chun críocha na nAcht um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, duine atá ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa tigh sin a bheith ina chónaí nó ina ghnáth-chónaí sa líomatáiste uirbeach sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo iad seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 17 den Phríomh-Acht arna leasú le fo-alt (1) d'alt 32 d'Acht 1948, | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) ailt 33 agus 34 d'Acht 1948. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 25ú lá de Mheitheamh, 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Feidhm forál áirithe den Acht seo. |
101. —Féadfar, le rialacháin, feidhm maidir le cúnamh dífhostaíochta a thabhairt d'aon chuid d'fhorála alt 29 agus 41 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon fheidhm den tsórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forál atá sna hAchta. |