|
||||
|
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil VII. Leasú ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942. | |
[EN] |
Leasú ar an Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942. |
122. —(1) Leasaítear leis seo mar leanas an tAcht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) :— |
[EN] | (i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad míre (a) d'alt 24:— | |
[EN] | “(a) ranníoca seachtainiúla d'íoc trí stampaí greamaitheacha (dá ngairmtear stampaí arachais fhorlíontaigh san Acht seo) a greamófar de leabhair nó de chártaí (dá ngairmtear faoi seach san Acht seo leabhair dífhostaíochta forlíontacha agus cártaí dífhostaíochta forlíontacha) nó ar shlí eile, agus i dtaobh na slí ina mbeidh, na dtráth a bheas, agus na gcoinnioll faoina mbeidh stampaí árachais fhorlíontaigh le greamú nó íocaíochtaí le déanamh ar shlí eile”; | |
[EN] | (ii) cuirfear an fhoráil seo a leanas isteach ag deireadh ailt 24:— | |
[EN] | “Aon rialacháin faoin alt seo a fhorálfas go mbeidh ranníoca seachtainiúla le n-íoc, de roghain na ndaoine a dhlífeas iad d'íoc— | |
[EN] | (a) trí stampaí árachais fhorlíontaigh, nó | |
[EN] | (b) ar shlí éigin eile a tharraingeodh níos mó caiteachais riaracháin ar na Ranna Stáit iomchuí ná mar tarraingeofaí dá mba trí stampaí árachais fhorlíontaigh a híocfaí na ranníoca, | |
[EN] | féadfaidh, le toiliú an Aire Airgeadais, foráil a bheith iontu go mbeidh na táillí ordaithe iníoctha leis an Aire ag aon duine a ghlacfas aon tslí eile den tsórt sin agus go mbeid inghnóthuithe uaidh ag an Aire. Ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin agus baileofar agus glacfar gach táille den tsórt sin i pé slí a threorós an tAire Airgeadais ó am go ham agus íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste iad do réir treoracha an Aire sin.” | |
[EN] | (iii) i bhfo-alt (3) d'alt 43 cuirfear na focail “nó ar shlí eile” isteach i ndiaidh na bhfocal “dá leabhar díomhaointis fhorlíontaigh” , | |
[EN] | (iv) i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 52 cuirfear na focail “eolas a bheith curtha” in ionad na bhfocal “seilbh nó fáil do bheith” agus cuirfear na focail “leis an Aire” isteach i ndiaidh an fhocail “leor”. | |
[EN] | (2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an lá ceaptha. | |
[EN] |
Feidhm forál áirithe den Acht seo. |
123. —Féadfar, le rialacháin, feidhm maidir le hárachas i gcoinne breac-dhífhostaíochta faoin Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 (Uimh. 7 de 1942) , a thabhairt d'aon chuid d'fhorála alt 29 agus 41 go 48 den Acht seo nó d'fhorála a rinneadh faoi na hailt sin, agus féadfaidh aon fheidhm den tsórt sin a bheith ina feidhm mhodhnaithe nó ina feidhm gan modhnú agus a bheith i dteannta nó in ionad forál atá san Acht Arachais (Breac-Dhíomhaointeas), 1942 . |