|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (Caibidil II. Leasuithe ar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1951.) | Ar Aghaidh (Caibidil IV. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Dífhostaíochta, 1920 go 1948.) |
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1952
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Caibidil III. Leasuithe ar na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Léiriú (Caibidil III, Cuid VI). |
85. —(1) Sa Chaibidil seo, ciallaíonn “an Príomh-Acht” an National Insurance Act, 1911. | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Forléireofar an Chaibidil seo agus na hAchta um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1950, mar aon ní amháin. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Rátaí sochar breoiteachta agus míchumais. |
86. —(1) Is é an gnáth-ráta sochair bhreoiteachta, ar feadh iomláine na tréimhse fiche agus sé seachtaine, agus an ráta sochair mhíchumais— | ||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) suim fiche agus ceithre scillinge sa tseachtain i gcás fir, mná singile nó baintrí nó i gcás mná pósta atá ina cónaí ar leithligh óna fear céile agus nach bhféadann aon chúnamh airgid d'fháil óna fear céile nó i gcás mná pósta a bhfuil teideal aici chun méaduithe i leith linbh cháilithe nó i leith gach duine de bheirt leanaí cáilithe nó i leith fir chéile, agus | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) suim ocht scillinge déag sa tseachtain i gcás aon mhná pósta eile. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) I bhfo-alt (1) d'alt 12 den National Health Insurance Act, 1918 (arna leasú le fo-alt (3) d'alt 18 d'Acht 1948), cuirfear na focail “eighteen shillings” in ionad na bhfocal “sixteen shillings and sixpence” agus na bhfocal “thirteen shillings and sixpence”. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais a mhéadú dhá scilling déag i gcás duine lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo i leith aon tréimhse— | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) a bheas an duine sin ina chónaí lena bhean chéile nó á cothabháil go hiomlán nó go formhór, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) a bheas an duine sin ag cothabháil a fir chéile go hiomlán nó go formhór agus eisean éagumasach ar é féin a chothabháil mar gheall ar easláine éigin choirp nó mheabhrach, nó | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) a bheas an duine sin, agus é ina fhear singil nó ina bhaintreach, ag cothabháil, go hiomlán nó go formhór, baineannaí os cionn sé bliana déag d'aois atá ag tabhairt aire do leanbh nó leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis, | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | faoi réir na sriantachta nach mbeidh teideal in aghaidh na tréimhse céanna ag an duine sin chun méaduithe ar shochar faoin bhfo-alt seo i leith níos mó ná duine amháin dá sonraítear i mír (c) den fho-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfar an ráta seachtainiúil sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais i gcás duine dá dtagartar i mír (a) d'fho-alt (1) nó i bhfo-alt (2) den alt seo a mhéadú seacht scillinge i leith linbh cháilithe nó gach duine de bheirt leanaí cáilithe a chónaíos go rialta leis an tairbhí. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Athghairmtear leis seo alt 18 d'Acht 1948. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Aon duine a raibh teideal aige, díreach roimh an 7ú lá d'Iúil, 1952, chun sochair bhreoiteachta nó sochair mhíchumais, ní lú a gheobhas sé i bhfoirm shochair bhreoiteachta nó shochair mhíchumais ná mar gheobhadh sé dá mba nár hachtaíodh an t-alt seo. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Féadfar a fhoráil le rialacháin go gcoigeartófar aon tsochar breoiteachta nó míchumais (lena n-áirítear a íoc a dhícheadú go hiomlán nó go páirteach) is iníoctha le duine a bheas ag fáil aon phinsin nó liúntais, i leith aon mhíchumais a bhain dó i bhfórsaí armtha an Stáit nó aon Stáit eile, is pinsean sa ghrád is airde nó, i gcás liúntais, is liúntas sa ghrád is airde nó liúntas arna dheonadh do dhuine a bheas faoi chúrsa speisialta cóireála liachta in aon fhoras nó a bheas ag fáil oiliúna i bhforas teicniúil. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (8) Íocfar isteach sa Chiste Arachais Sláinte Náisiúnta, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, pé suim is dóigh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais is gá faoi chomhair an chaiteachais bhreise a leanfas as an alt seo i gcaitheamh na tréimhse dár tosach an 7ú lá d'Iúil, 1952, agus dár críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, agus íocfar amhlaidh an tsuim sin i pé slí agus pé trátha a chinnfeas an tAire Airgeadais. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (9) Tiocfaidh fo-ailt (1) go (8) den alt seo i ngníomh an 7ú lá d'Iúil, 1952. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Rátaí ranníoca. |
87. —(1) Na ranníoca is iníoctha faoin bPríomh-Acht i leith ranníocóirí fostaithe, beid do réir na rátaí atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí a sonraítear in alt 16 d'Acht 1948, agus forléireofar tagairtí in aon achtachán do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an bPríomh-Acht mar thagairtí don Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo. | ||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 16 d'Acht 1948. | |||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Tiocfaidh fo-ailt (1) agus (2) den alt seo i ngníomh an 6ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952. |