An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952) Ar Aghaidh (CUID II. Forala Airgeadais.)

16 1952

ACHT NA dTITHE (LEASÚ), 1952

CUID I.

Reamhraiteach agus Ginearalta.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

1. —(1) Féadfar Acht na dTithe (Leasú), 1952 , a ghairm den Acht seo.

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíos sé Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1950, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1950, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1950, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1950, a léamh agus d'fhorléiriú mar aon ní amháin leis na hAchta sin faoi seach agus féadfar Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1952, Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1952, na hAchta um Thithe Beaga Cónaithe d'Fháil, 1899 go 1952, agus Achta na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 go 1952, a ghairm den Acht seo agus de na hAchta sin le chéile.

Minithe.

2. —San Acht seo—

ciallaíonn “Acht 1932” Acht na dTithe (Forála Airgeadais agus Forála Ilghnéitheacha), 1932 (Uimh. 19 de 1932) ;

ciallaíonn “Acht 1948” Acht na dTithe (Leasú), 1948 (Uimh. 1 de 1948) ;

ciallaíonn “Acht 1950” Acht na dTithe (Leasú), 1950 (Uimh. 25 de 1950) ;

ciallaíonn “feirmeoir” duine a gheibheann a shlí bheatha ar fad nó go formhór as an talmhaíocht ;

ciallaíonn “údarás tithe”—

(a)  i  gcás ceantair shláinte chontae, comhairle na contae ina bhfuil an ceantar sláinte contae sin ;

(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na contaebhuirge nó na buirge eile sin ; agus

(c)  i  gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair uirbigh sin ;

ciallaíonn “Achta Tithe an Lucht Oibre” Achta Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1950, arna leasú leis an Acht seo ;

ciallaíonn “Achta na Sclábhaithe” Achta na Sclábhaithe, 1883 go 1950, arna leasú leis an Acht seo ;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil ;

ciallaíonn “deontas iomchuí” deontas arna thabhairt, an 29ú lá d'Aibreán, 1952, nó dá éis, faoi alt 16 d'Acht 1948 nó faoi alt 6 d'Acht 1950, arna leasú leis an Acht seo, nó faoi alt 7 den Acht seo nó faoi alt 3 d'Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 ( Uimh. 41 de 1929 ), arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin (agus is deontas feabhsúcháin), nó deontas arna thabhairt go hiomlán nó go páirteach, tar éis an lú lá de Lúnasa, 1950, faoin alt sin 3 (agus is deontas tógála), agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar deontas (seachas deontas tógála faoin alt sin 3) a thabhairt ar an dáta a híocadh an chéad tráthchuid de.

Rialacháin.

3. —(1) Gach rialachán a dhéanfas an tAire faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán sin a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin sin, beidh an rialachán sin ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar d'aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán sin.

(2) Ní dhéanfaidh an tAire aon rialachán faoin Acht seo a mbeidh foráil ann maidir le híocaíocht a bheas le déanamh ag an Aire gan an tAire Airgeadais do thoiliú leis an bhforáil sin.

Caitheachais.

4. —Na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag riaradh an Achta seo, déanfar, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais, iad d'íoc as airgead a sholáthrós an tOireachtas.

Athghairm.

5. —Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal.