Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Dleachta Máil i leith Feithiclí Inneall-ghluaiste a hUsáodtear ar Bhóithre Poiblí.)

24 1952


Uimhir 24 de 1952.


AN tACHT AIRGEADAIS (DLEACHTA MÁIL) (FEITHICLÍ), 1952.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT ÁIRITHE MÁIL I LEITH FEITHICLÍ INNEALL-GHLUAISTE A hÚSÁIDTEAR AR BHÓITHRE POIBLÍ AGUS I LEITH CEADÚNAS TIOMÁNA FAOIN ACHT UM THRÁCHT AR BHÓITHRE, 1933 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE LE hAGHAIDH NITHE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE.    [13ú Nollaig, 1952.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Dleachta máil i leith feithiclí inneall-ghluaiste a húsáidtear ar bhóithre poiblí.

1. —(1) Ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dá éis sin, déanfar, faoi réir forál an Achta seo, dleachta máil, do réir na rátaí a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc i leith feithiclí inneall-ghluaiste a húsáidtear ar bhóithre poiblí.

(2) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, déanfar na dleachta a muirearófar faoin alt seo d'íoc go bliantúil ar cheadúnais a bheas le tógaint amach ag an duine a mbeidh an fheithicil á coimeád aige.

(b) Féadfar ceadúnas a thógaint amach i leith feithicle (nach tram ná feithicil a bhfuil dleacht chúig scillinge inmhuirir uirthi) in aghaidh pé tréimhsí den bhliain, agus ar dhleacht d'íoc do réir pé rátaí, a ordós an tAire Rialtais Áitiúil le rialacháin, ach—

(i) aon ráta dleachta a hordófar amhlaidh, beidh idir é agus an lán-dleacht bhliantúil coibhneas nach lú ná an coibhneas idir tréimhse an cheadúnais agus bliain, agus

(ii) ní mó ná tríocha faoin gcéad den lán-dleacht bhliantúil an ráta dleachta a hordófar amhlaidh i leith ceadúnais feithicle in aghaidh aon ráithe amháin den bhliain.

(3) Chun críocha aon ráta dhleachta a sonraítear sa Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, is do réir rialachán a dhéanfas an tAire Rialtais Áitiúil a ríomhfar na nithe seo a leanas:

(a) toille shorcórach innill,

(b) each-chumhacht feithicle,

(c) an chóiríocht shuite i bhfeithicil.

(4) Ní déanfar dleacht faoin alt seo a mhuirearú ná a thobhach i leith aon cheann de na feithiclí seo a leanas:

(a) cairteacha dramhaíle, innill scuabtha nó innill spréite uisce nach n-úsáidtear ach chun sráideanna agus bóithre poiblí a ghlanadh,

(b) otharchairr, rollóirí bóthair nó innill tóiteán,

(c) feithiclí atá á gcoimeád ag údarás áitiúil agus nach n-úsáidtear ach chun críche a seirbhíse briogáide tóiteán,

(d) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína iompar nó trína tharraingt é) inneallra déanta bóithre nach n-úsáidtear chun aon chríche ach chun bóithre a dhéanamh nó a dheisiú,

(e) feithiclí nach n-úsáidtear ach chun go dtarlófar (pé acu trína n-iompar nó trína dtarraingt é) báid tarrthála agus a bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le daoine agus maoin a chaomhaint i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir.

(5) Ní bheidh feithicil a húsáidtear chun na críche a sonraítear i mír (d) d'fho-alt (4) den alt seo inchurtha faoi ráta dleachta is airde de bharr na húsáide sin.

(6) Ní bheidh éifeacht ag mír (d) d'fho-alt (4) ná ag fo-alt (5) den alt seo ach i gcás an fheithicil nó an leantóir (pé acu é) a bheith déanta nó oir únaithe lena úsáid chun go n-iompróidh inneallra déanta bóithre, a bheas comhfheistithe mar chomhpháirt den fheithicil nó den leantóir sin, nó buan-cheangailte den chéanna ar shlí eile, agus gan é a bheith déanta ná oiriúnaithe chun aon lucht eile d'iompar ach amháin earraí nó ábhar a húsáidtear chun críche an inneallra déanta bóithre.

(7) Ní bheidh feithicil a húsáidtear chun na críche a sonraítear i mír (e) d'fho-alt (4) den alt seo inchurtha faoi ráta dleachta is airde de bharr na húsáide sin.

(8) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, le rialacháin, a fhoráil go dtabharfar díolúine, iomlán nó páirteach, ar feadh tréimhse teoranta ón dleacht faoin alt seo i gcás aon fheithicle a thabharfas duine isteach sa Stát más tréimhse shealadach a bheas an duine sin a chaitheamh sa Stát.

(9) Is dleacht in ionad na dleachta faoi alt 13 den Finance Act, 1920, an dleacht faoin alt seo agus dá réir sin scoirfear den chéad dleacht sin a mhuirearú amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953.

(10) Beidh feidhm maidir leis an dleacht faoin alt seo ag na forála a rinneadh faoi fho-alt (5) d'alt 13 den Finance Act, 1920, agus alt 22 den Finance Act, 1921, go dtí go ndéanfar forála comhréire faoin Acht seo.

(11) San alt seo ciallaíonn “ráithe” aon cheann de na coda seo a leanas de bhliain, eadhon, an tréimhse dár tús an lú lá d'Eanáir, agus dár críoch an 24ú lá de Mhárta, an tréimhse dár tús an 25ú lá de Mhárta agus dár críoch an 30ú lá de Mheitheamh, an trí mhí dár tús an lú lá d'Iúil, agus an trí mhí dár tús an 1ú lá de Dheireadh Fómhair.

(12) Gach rialachán a déanfar faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá agus fiche a shuífeas an Teach sin tar éis an rialachán a leagadh faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

Malairt úsáide.

2. —(1) Más rud é—

(a) go bhfuil ceadúnas faoi alt 1 den Acht seo i bhfeidhm,

(b) go n-úsáidtear an fheithicil i riocht nó ar shlí nó chun críche a bhéarfadh, dá n-úsáidtí í sa riocht nó ar an slí nó chun na críche sin amháin, go mbeadh an fheithicil inchurtha faoi dhleacht do réir ráta is airde ná an ráta ar dá réir a híocadh dleacht, agus

(c) go bhfuil an fheithicil mar a húsáidtear amhlaidh í ina feithicil atá, ar gach slí eile, inchurtha faoi dhleacht do réir an ráta sin is airde,

beidh dleacht inmhuirir ar an bhfeithicil do réir an ráta sin is airde.

(2) Duine a úsáidfeas feithicil ar chuma go mbeidh dleacht inmhuirir do réir an ailt seo ar ráta is airde, beidh sé, murar híocadh dleacht ar an ráta sin is airde roimh thús na húsáide sin, ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear pionós máil fiche punt nó trí oiread na difríochta idir an dleacht a híocadh agus an dleacht ar an ráta sin is airde a chur air (pé acu sin is mó).

(3) D'ainneoin aon fhorála contrártha dhó sin in aon achtachán a bhaineas le pionóis mháil a ghnóthú nó a chur i bhfeidhm, féadfar aon phionós faoin alt seo a ghnóthú agus a chur i bhfeidhm ar agra aon chomhalta den Gharda Síochána, agus sa chás sin beidh de chumhacht ag an gcúirt an pionós a laghdú go dtí pé suim is oiriúnach leis an gCúirt dá roghain féin, agus ní bheidh de chumhacht ag an údarás ceadúnúcháin an pionós a laghdú.

(4) Aon tsuimeanna a híocfar isteach sa Stát-Chiste i leith pionós faoin alt seo, measfar, chun críche ailt 2 den Roads Act, 1920, gur faoin Acht sin a híocadh isteach sa Stát-Chiste iad.

Feidhm an Roads Act, 1920.

3. —(1) Ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus dá éis sin, beidh ag an Roads Act, 1920, arna leasú agus arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus ag na horduithe agus na rialacháin faoin Acht sin a bheas i bhfeidhm díreach roimh an dáta sin, feidhm i leith na ndleacht faoi alt 1 den Acht seo amhail mar bhí feidhm acu i leith na ndleacht faoi alt 13 den Finance Act, 1920, agus chun na críche sin déanfar tagairtí iontu d'aon fhoráil a bhaineas leis na dleachta deiridh sin d'fhorléiriú mar thagairtí don fhoráil chomhréire san Acht seo.

(2) Ní forléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a dhéanas difir don chumhacht chun na horduithe agus na rialacháin dá dtugtar feidhm leis an bhfo-alt sin a leasú nó a chúlghairm.

Dleacht mháil i leith ceadúnas tiomána faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933

4. —(1) Muirearófar agus toibheofar ar gach duine, agus íocfaidh gach duine, a thógfas amach, an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952, nó dá éis sin, ceadúnas tiomána faoin Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933) , dleacht mháil phuint.

(2) Déanfar an dleacht faoin alt seo a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar an gceadúnas a thógaint amach, agus is é an t-údarás ceadúnúcháin a bhaileos í agus is leo a híocfar í agus íocfaidh an t-údarás sin isteach sa Stát-Chiste í do réir pé treoracha a bhéarfas an tAire Airgeadais ó am go ham.

(3) Chun an dleacht faoin alt seo a thobhach, beidh ag údarás ceadúnúcháin, laistigh dá gcontae nó dá gcontae-bhuirg, na cumhachta céanna, agus beidh orthu na dualgais agus na dliteanais chéanna, atá ag na Coimisinéirí Ioncaim agus a gcuid oifigeach agus orthu i leith dleacht máil, agus beidh feidhm dá réir sin ag na hachtacháin a bhaineas le dleachta máil agus le pionóis i ndáil leo sin.

(4) Aon tsuimeanna a híocfar isteach sa Stát-Chiste agus aon phionóis a gnóthófar de bhun an ailt seo, measfar, chun críche ailt 2 den Roads Act, 1920, gur faoin Acht sin a híocadh isteach sa Stát-Chiste iad.

(5) Is dleacht in ionad na dleachta faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926) , an dleacht faoin alt seo, agus scoirfear den chéad dleacht sin a mhuirearú amhail ón 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1952.

Méadú ar rátaí bliantúla dleacht máil i leith ceadúnas trádála.

5. —Beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1922 (a shonraíos na rátaí bliantúla dleacht máil i leith ceadúnas do mhonaróirí, deisitheoirí agus déileálaithe feithiclí inneallghluaiste), mar bheirtear feidhm dó le halt 3 den Acht seo agus d'ainneoin tearmaí an ailt sin, ach—

(i) “thirty-seven pounds ten shillings” a chur in ionad “twenty-five pounds” i mír (a),

(ii) “seven pounds ten shillings” a chur in ionad “five pounds” i mír (a) agus i mír (b), agus

(iii) “one pound ten shillings” a chur in ionad “one pound” i mír (b).

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 , a ghairm den Acht seo.