17 1954


Uimhir 17 de 1954.


AN tACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1954.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DÁ ÚDARÚ MÉADÚ A DHÉANAMH AR NA DLITEANAIS IOMLÁNA A bhFÉADFAIDH BORD SOLÁTHAIR AN LEICTREACHAIS DUL FÚTHU CHUN CRÍOCHA GINEARÁLTA AGUS CHUN TUATH-LÍOMATÁISTÍ A LEICTRIÚ, DO THABHAIRT CUMHACHTA BREISE DON BHORD CHUN AIRGEAD D'FHÁIL AR IASACHT, DO DHÍLSIÚ OIBREACHA NA SIONAINNE SA BHORD AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LE FEIDHMEANNA AN BHOIRD. [27ú Aibreán, 1954.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “na hAchta” na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1952;

ciallaíonn “an Bord” Bord Soláthair an Leictreachais;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Tórainn leis an gcaiteachas iomlán chun críocha ginearálta.

2. —(1) Ní raghaidh caiteachas iomlán an Bhoird chun críocha ginearálta, is é sin le rá, chun críocha caipitiúla seachas leictriú tuath-líomatáistí, thar céad milliún punt.

(2) Aireofar ar chaiteachas caipitiúil chun críche an ailt seo—

(a) suim £6,030,066, is é sin, an caiteachas ar Oibreacha na Sionainne ar thit an dliteanas ina leith ar an mBord faoi alt 15 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ), ar na hOibreacha a thabhairt i seilbh an Bhoird;

(b) suim £38,094,570, is é sin, méid na n-airleacan chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste suas go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1953, faoi na hAchta chun críocha ginearálta;

(c) na suimeanna uile chun creidiúnais Cúlchiste Díluacha Sócmhainní Ginearálta an Bhoird a bheas á n-úsáid go sealadach le haghaidh tionscadal caipitiúla nua:

(d) na suimeanna uile a gheofar ar iasacht faoi alt 8 d' Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , ó iontaobhaithe ciste aoisliúntais;

(e) na suimeanna uile a gheofar ar iasacht go sealadach faoi alt 3 le haghaidh tionscadal caipitiúla nua;

(f) (i) pé suimeanna eile a hairleacfar chun an Bhoird chun críocha ginearálta faoi na hAchta laistigh den tórainn iomlán £58,945,000 atá ceaptha faoi láthair (is é sin le rá, £13,445,000 faoi na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1942, agus £45,500,000 faoin Acht Leictreachais (Soláthar), 1945 (Uimh. 12 de 1945) , arna leasú), agus

 (ii) na suimeanna uile a hairleacfar chun an Bhoird, nó a gheobhas an Bord ar iasacht, faoin Acht seo chun críocha ginearálta,

ach amháin a mhéid a húsáidfear aon tsuimeanna den tsórt sin chun airgead a húsáideach le haghaidh tionscadal caipitiúla nua d'aisíoc le Cúlchiste Díluacha na Sócmhainní Ginearálta nó chun suimeanna a fuarthas ar iasacht le haghaidh na dtionscadal sin faoi alt 3, nó a fuarthas ar iasacht ó iontaobhaithe ciste aoisliúntais, d'aisíoc.

(3) Ní airleacfaidh an tAire Airgeadais airgead chun an Bhoird, ná ní bhfaighidh an Bord airgeadar iasacht ó aon fhoinse, más rud é go gcuirfeadh sin caiteachas caipitiúil an Bhoird thar an tórainn a ceaptar leis an alt seo.

Airgead d'fháil ar iasacht go sealadach.

3. —(1) Féadfaidh an Bord pé suimeanna d'fháil ar iasacht go sealadach a theastós uaidh chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.

(2) Ní fheidhmeoidh an Bord a chumhachta i slí go mbeidh a fhiachas iomlán, i leith airgead d'fháil ar iasacht go sealadach, níos mó, aon uair, ná pé suim a bheas údaraithe ag an Aire le haontú an Aire Airgeadais.

Cumhachta chun airgead d'fháil ar iasacht chun críocha ginearálta.

4. —(1) Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, airgead d'fháil ar iasacht trí stoc nó urrúis de chineálacha eile a chruthnú a heiseofar, a haistreofar, a riarfar agus a fuasclófar i pé slí agus ar pé téarmaí agus coinníollacha a chinnfeas an Bord leis an toiliú adúradh.

(2) Féadfar na cumhachta chun airgead d'fháil ar iasacht, a bheirtear leis an alt seo don Bhord, d'fheidhmiú chun aon chríche a bhainfeas le comhlíonadh a fheidhmeanna seachas leictríú tuath-líomatáistí, ach féadfar coinníoll a chur le toiliú le hairgead d'fháil ar iasacht nach n-úsáidfear an t-airgead ach chun críche cláir d'oibreacha caipitiúla a cheadós an tAire.

(3) Is cead go mbeadh ar na téarmaí ar a bhféadfar airgead d'fháil ar iasacht faoin alt seo forála ag muirearú an airgid agus an úis air ar an maoin uile, pé cineál í, a bheas dílsithe sa Bhord de thuras na huaire nó ar aon mhaoin áirithe leis an mBord agus forála ag leagadh síos tosaíochta na muirear sin ar a chéile agus a dtosaíochta i leith muirear in aghaidh airleacan a rinneadh chun an Bhoird, roimh an Acht seo a rith nó dá éis, as an bPríomh-Chiste, agus féadfaidh na téarmaí sin a fhoráil, d'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in aon achtachán, go bhféadfaidh aon mhuirear i leith airgid a gheofar ar iasacht amhlaidh tosach a bheith aige ar mhuirir i leith airleacan den tsórt sin nó a bheith ar aon-chéim leo.

(4) Ní raghaidh an méid iomlán a gheofar ar iasacht faoin alt seo thar cúig mhilliún fichead punt.

Airleacain chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste.

5. —(1) I dteannta na gcumhacht chun airgead d'fháil ar iasacht a bheirtear le hailt 3 agus 4, beidh cumhacht ag an Aire Airgeadais, ar mholadh an Aire agus faoi réir fo-ailt (3) d'alt 2, airgead d'airleacan chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críocha seachas leictriú tuath-líomatáistí.

(2) Féadfar coinníoll a chur le hairleacan nach n-úsáidfear an t-airgead ach chun críche cláir d'oibreacha caipitiúla a cheadós an tAire.

(3) Tar éis an tAcht seo a rith, ní déanfar aon airleacain eile faoi alt 38 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ).

An Bord d'aisíoc airleacan as an bPríomh-Chiste.

6. —(1) Beidh gach suim a hairleacfar as an bPríomh-Chiste chun an Bhoird faoi alt 5 inaisíoctha ag an mBord pé trátha, i pé slí, agus le hús do réir pé ráta, a ordós an tAire Airgeadais, agus tiocfaidh gach suim den tsórt sin, maraon leis an ús uirthi, chun bheith, agus beidh, láithreach, ina muirear foluaimneach ar an maoin uile, pé cineál í, a bheas dílsithe sa Bhord nó ar únaeracht aige ó am go ham.

(2) Ní oibreoidh aon mhuirear foluaimneach a cruthnaítear leis an alt seo chun cosc ná srian a chur leis an mBord do choimhthiú aon mhaoine ar a luíonn an muirear foluaimneach sin, nó leis an mBord do dhéanamh aon ní eile léi, i bhfeidhmiú nó i gcomhlíonadh a chumhacht agus a dhualgas reachtúla mar is cuí agus mar is cóir.

(3) Beidh gach muirear a cruthnaítear leis an alt seo dílsithe san Aire Airgeadais, agus féadfaidh an tAire sin é a chur i bhfeidhm do réir foirme cuí an dlí aon uair is cuí leis sin a dhéanamh.

(4) Íocfar isteach sa Stát-Chiste nó cuirfear chun tairbhe don Stát-Chiste pé tráth agus i pé slí a threorós an tAire Airgeadais an t-airgead go léir a íocfas an Bord, nó a gnóthófar uaidh, in aisíoc príomhshuime a hairleacadh chun an Bhoird faoin alt seo nó in íoc an úis uirthi.

Méadú airleacan chun tuathlíomatáistí a leictriú.

7. —(1) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna a hairleacfar faoi alt 41 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1945 ( Uimh. 12 de 1945 ), chun tuath-líomatáistí a leictriú thar sé mhilliún déag punt agus, dá réir sin, forléireofar fo-alt (1) den alt sin amhail is dá mbeadh an tsuim sin curtha in ionad na suime a luaitear ann.

(2) Athghairmtear leis seo alt 3 den Acht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1952 ( Uimh. 4 de 1952 ).

An tAire Airgeadais do thabhairt frithgheallúna i leith eisiúna stoic.

8. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar pé coinníollacha is cuí leis, a chomhaontú leis an mBord, má bhíonn aon stoc leis. an mBord, atá ar tí a thairisceana aon tráth áirithe lena shuibscríobh, gan glacadh ag an bpobal i gceann tréimhse sonraithe, go nglacfaidh sé an stoc sin nó cion sonraithe éigin de agus go n-íocfaidh as.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc an airgid go léir a theastós ó am go ham faoi chomhair íocaíochtaí is gá don Aire Airgeadais a dhéanamh leis an mBord i leith aon stoic a ghlacfas sé faoin Acht seo.

Urrúis a ráthú.

9. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais a ráthú, i pé slí agus foirm agus ar pé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí aon airgead a gheobhas an Bord ar iasacht faoi alt 4.

(2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a hairleacfar an t-airgead go léir a theastós ón Aire Airgeadais ó am go ham chun suimeanna d'íoc a bheas iníoctha faoi aon ráthaíocht a thug sé faoin alt seo.

(3) Aisíocfaidh an Bord leis an bPríomh-Chiste, laistigh de dhá mhí dhéag ó dháta an airleacain, aon airleacain as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo (maraon le hús orthu do réir pé rátaí a cheapfas an tAire Airgeadais).

(4) Má bhíonn iomlán na n-airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis chun críche an ailt seo, nó aon chuid díobh, gan aisíoc ag an mBord leis an bPríomh-Chiste do réir fo-ailt (3), aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthrós an tOireachtas an méid a bheas gan aisíoc amhlaidh.

(5) Má sholáthraíonn an tOireachtas airgead faoi fho-alt (4) ní shaorfaidh sin an Bord ón dliteanas chun méid iomlán aon airleacain a rinneadh faoi fho-alt (2), maraon le hús air do réir an ráta a cheap an tAire Airgeadais, d'aisíoc leis an bPríomh-Chiste, agus déanfaidh an Bord an t-aisíoc sin pé trátha agus i pé tráthchoda a cheapfas an tAire Airgeadais.

Ráiteas bliantúil i dtaobh ráthaíochtaí.

10. —Leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas ina luafar i gcás gach ráthaíochta a tugadh faoi alt 9 i rith na bliana sin nó a tugadh aon uair roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm ina tosach—

(a) sonraí na ráthaíochta,

(b) má rinne an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid a haisíocadh (má haisíocadh) leis an Aire de bhun na híocaíochta,

(c) an méid a bheadh de dhliteanas ar an Aire mar phríomhaí faoin ráthaíocht dá gcuirtí an ráthaíocht i bhfeidhm láithreach ar an mbliain sin a bheith caite.

Urrúis an Bhoird a bheith ina n-urrúis iontaobhais.

11. —Measfar aon urrús a cruthnófar faoi alt 4 a bheith ar áireamh sna hurrúis ina bhféadfaidh iontaobhaithe cistí iontaobhais d'infheistiú faoi chumhachta ailt 1 den Trustee Act, 1893.

Ciste Fuascailte.

12. —(1) Tar éis dó soláthar a dhéanamh le haghaidh íoc úis ar urrúis a bheas cruthnaithe faoi alt 4 agus le haghaidh muirear seasta agus oblagáidí eile, cuirfidh an Bord de leataoibh ó am go ham pé suimeanna is cuí leis chun ciste a bhunú le haon urrús d'fhuascailt is infhuascailte in airgead, go páirteach nó go hiomlán, do réir choinníollacha a eisiúna.

(2) Féadfaidh an Bord suimeanna ar bith a chuirfeas sé de leataoibh faoin alt seo agus an t-ioncam astu d'infheistiú—

(a) i pé urrúis a mbeidh údaraithe le dlí de thuras na huaire cistí iontaobhais d'infheistiú iontu agus is cuí leis an mBord tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais;

(b) i pé urrúis eile a bheas ceadaithe chuige sin de thuras na huaire ag an Aire Airgeadais agus is cuí leis an mBord.

(3) (a) Úsáidfear na suimeanna go léir a cuirfear de leataoibh faoin alt seo, maraon leis an ioncam astu, chun nó i leith fuascailte aon urrúis, ar bheith aibidh dó, ar cuireadh de leataoibh iad lena fhuascailt nó, más cuí leis an mBord, féadfar iad d'úsáid chun aon urrús den tsórt sin a cheannach agus díscríobhfar agus cealófar aon urrús a ceannófar amhlaidh.

(b) Ach amháin le haontú an Aire Airgeadais, ní cheannóidh an Bord faoin bhfo-alt seo aon urrús ar phraghas is mó ná a gcomhshuim seo—

(i) praghas fuascailte an urrúis, agus,

(ii) aon ús a bheas dlite ar an urrús ar dháta a cheannaithe agus is iníoctha leis an gceannaitheoir.

Airgead barrachais d'infheistiú.

13. —Féadfaidh an Bord, le toiliú an Aire Airgeadais agus an Aire, aon airgead a bheas faoina réir, agus nach mbeidh ag teastáil uaidh de thuras na huaire chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh, d'infheistiú i pé urrúis is cuí leis an Aire Airgeadais.

Díbhinní, etc., d'íoc isteach sa Stát-Chiste.

14. —Íocfar isteach sa Stát-Chiste na díbhinní, na bónais agus an t-airgead eile go léir a gheobhas an tAire Airgeadais i leith stoic leis an mBord a bheas ina sheilbh.

Cumhachta an Aire Airgeadais i leith stoic ina sheilbh.

15. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais an stoc a shuibscríobh sé faoin Acht seo a choinneáil ina sheilbh chomh fada agus is cuí leis agus féadfaidh, mar is cuí leis agus nuair is cuí leis, an stoc sin go léir nó aon chuid de a dhíol.

(2) Íocfar isteach sa Stát-Chiste na glan-fháltais as díol aon stoic ag an Aire Airgeadais.

Oibreacha na Sionainne a dhílsiú sa Bhord.

16. —(1) Dilsítear Oibreacha na Sionainne leis seo sa Bhord chun eastáit agus leasa uile an Aire.

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (3) d'alt 17 den Acht Leictreachais (Soláthar), 1927 ( Uimh. 27 de 1927 ).

Gan feidhm a bheith ag an Public Authorities Protection Act, 1893.

17. —Ní bheidh feidhm ag an Public Authorities Protection Act, 1893, maidir le haon chaingean, inchúiseamh ná imeacht i gcoinne an Bhoird ná i leith aon ghnímh, faillí nó mainneachtana ag seirbhíseach nó gníomhaire don Bhord ina cháil mar sheirbhíseach nó gníomhaire don Bhord.

Airgead a sholáthar faoi chomhair íocaíochtaí as an bPríomh-Chiste.

18. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, chun soláthar a dhéanamh le suimeanna d'íoc as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo nó leis na suimeanna go léir a híocadh amhlaidh, nó aon chuid díobh, d'aisíoc leis an gCiste sin, nó le haon urrúis a heisíodh faoin alt seo a ghlanadh, a mhéid nach bhfuil soláthar déanta ar shlí eile ina leith sin, airgead d'fháil ar iasacht trí pé urrúis is cuí leis d'eisiúint, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste na suimeanna go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.

(2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheas muirear agus íoc príomhshuime agus úis na n-urrús uile a heiseofar faoin alt seo.

Ráta uasta pinsin chomhaltaí lánaimsire an Bhoird.

19. —Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 d'Acht Bhord Soláthair an Leictreachais (Aoisliúntas), 1942 (Uimh. 17 de 1942) , (a fhorálas go n-íocfar pinsin le comhaltaí lánaimsire an Bhoird trí “an ochtú cuid ceathrachad faoi fhiche ceathair” a chur ann in ionad “an ochtú cuid ceathrachad fé fhiche” mar an cion uasta de thuarastal bliantúil ar a ríomhfar aon phinsean den tsórt sin.

Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.

20. —(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Féadfar na h Achta Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1954, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

(3) Forléireofar mar aon ní amháin na hAchta agus an tAcht seo.