An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN tACHT EADRÁNA, 1954) Ar Aghaidh (CUID II. Eadráin faoi Chomhaontuithe Eadrána.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

CUID I.

Réamhráireach agus Ginearálta.

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1. —(1) Féadfar an tAcht Eadrána, 1954 , a ghairm den Acht seo.

(2) Tiocfaidh an tAcht seo (ach amháin fo-alt (2) d'alt 12 agus Cuid V) i ngníomh an 1ú lá d'Eanáir, 1955.

(3) Tiocfaidh fo-alt (2) d'alt 12 agus Cuid V den Acht seo i ngníomh pé lá a ceapfar chuige sin le hordú ón Rialtas.

Léiriú i gcoitinne.

2. —(1) San Acht seo—

ciallaíonn “comhaontú eadrána” comhaontú scríofa chun easaontais atá ann nó a bheas ann a chur chun eadrána pé acu a hainmnítear nó nach n-ainmnítear eadránaí sa chomhaontú;

ciallaíonn “Coinbhinsiún 1927” an Coinbhinsiún um Dhámhachtana Eadrána Coigríche a Chur i bhFeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927, agus atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “an Chúirt” an Ard-Chúirt;

ciallaíonn “an dáta feidhme” an 1ú lá d'Eanáir, 1955;

ciallaíonn “Prótacal 1923” an Prótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923, agus atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo;

ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás arb é atá ann—

(a) Aire Stáit,

(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn,

(c) Coimisiún Talún na hÉireann, nó

(d) na Coimisinéirí Ioncaim;

folaíonn “reachta na dtréimhsí” aon achtachán a chuireas tórainn leis an tréimhse chun aon imeachta áirithe a thionscnamh.

(2) Folaíonn tagairtí san Acht seo do dhámhachtain tagairtí do dhámhachtain eatramhach.

Tionscnamh eadrána.

3. —(1) Chun críocha an Achta seo agus chun críche reacht na dtréimhsí amhail mar bhainid le headrána agus chun críche ailt 496 den Merchant Shipping Act, 1894, arna leasú le halt 46 den Acht seo, measfar eadráin a thionscnamh nuair a dhéanfas páirtí amháin sa chomhaontú eadrána fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an bpáirtí nó ar na páirtithe eile á cheangal air nó orthu eadránaí a cheapadh nó comhthoiliú le headránaí a cheapadh nó, i gcás an comhaontú eadrána dá fhoráil gur faoi eadráin duine a hainmnítear nó a sonraítear sa comhaontú a cuirfear an díospóid, á cheangal air nó orthu an díospóid a chur faoi bhráid an duine a bheas ainmnithe nó sonraithe amhlaidh.

(2) (a) Féadfar fógra faoi fho-alt (1) den alt seo a sheirbheáil—

(i) trína sheachadadh don duine ar a bhfuil sé le seirbheáil,

(ii) trína fhágaint ag an áit sa Stát inar gnáth cónaí ar an duine sin nó gnó á sheoladh aige,

(iii) trína chur leis an bpost cláraithe i gclúdach a díreofar chun an duine sin ag an áit sa Stát inar gnáth cónaí air nó gnó á sheoladh aige,

(iv) ar aon mhodh eile a foráltar sa chomhaontú eadrána.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar, i gcás cuideachtan atá cláraithe faoi na hAchta Cuideachtan, 1908 go 1924, gnó a bheith á sheoladh aici ina hoifig chláraithe sa Stát, agus measfar, i gcás gach comhluchta chorpraithe eile agus gach comhluchta neamhchorpraithe, gnó a bheith á sheoladh aige ina phríomh-oifig nó ina phríomháit ghnótha sa Stát.

Ceangal a bheith ar údaráis Stáit.

4. —Bainfidh an Chuid seo, Cuid II (ach amháin fo-alt (2) d'alt 12) agus Cuid III den Acht seo le headráin faoi chomhaontú eadrána a mbeidh údarás Stáit ina pháirtí ann.

Eadrána áirithe d'eisiamh.

5. —D'ainneoin aon ní san Acht seo, ní bhaineann an tAcht seo—

(a) le headráin faoi chomhaontú á fhoráil go gcuirfear chun eadrána, nó go socrófar trí eadráin, aon cheist i dtaobh téarmaí nó coinníollacha fostaíochta nó luach saothair aon fhostaithe, lena n-áirítear daoine ar fostú ag an Stát nó ag údaráis áitiúla nó faoin Stát nó faoi údaráis áitiúla, ná

(b) le headráin faoi alt 70 den Acht Caidrimh Thionscail, 1946 ( Uimh. 26 de 1946 ).

Feidhm Choda II agus III.

6. —(1) Ní dhéanfaidh Cuid II den Acht seo difir d'aon eadráin faoi chomhaontú eadrána a tionscnadh roimh an dáta feidhme, ach beidh feidhm aici maidir le haon eadráin a tionscnófar ar an dáta feidhme nó dá éis faoi chomhaontú eadrána a rinneadh roimh an dáta feidhme.

(2) Ní dhéanfaidh Cuid III den Acht seo difir d'aon eadráin faoi aon Acht eile a tionscnadh roimh an dáta feidhme, ach beidh feidhm aici maidir le haon eadráin a tionscnófar ar an dáta feidhme nó dá éis faoi aon Acht eile a ritheadh roimh an dáta feidhme nó a rithfear air nó dá éis.

Pionós mar gheall ar fhianaise bhréagach a thabhairt.

7. —Aon duine a dhéanfas, le linn a cheistithe faoi mhionn nó faoi dhearbhasc os comhair eadránaí nó moltóra nó in aon mhionnscríbhinn in imeachta os comhair eadránaí nó moltóra, fianaise bhréagach a thabhairt go toiliúil agus go héillí nó aon ní bréagach a mhionnú nó a dhearbhasc go toiliúil agus go héillí, dlífear, ar a chiontú ann, na pionóis a ghabhas le mionnú éithigh go toiliúil agus go héillí a chur air.

Athghairm.

8. —(1) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear i gcolún (2) den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo d'athghairm (ach amháin maidir le headrána faoi chomhaontuithe eadrána a tionscnadh roimh an dáta feidhme) a mhéid a luaitear i gcolún (3) den Sceideal sin.

(2) Forléireofar mar thagairt don Acht seo aon tagairt in aon achtachán nó ionstraim d'aon achtachán a hathghairmtear leis an Acht seo.