An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (AN CHEAD SCEIDEAL. An Prótacal um Chlásail Eadrána a hOsclaíodh sa Ghinéibh an 24ú lá de Mheán Fómhair, 1923.) Ar Aghaidh (AN TRIU SCEIDEAL. Achtacháin a hAthghairmtear.)

26 1954

AN tACHT EADRÁNA, 1954

AN DARA SCEIDEAL.

An Coinbhinsiún um Dhámhachtanna Eadrána Coigríche a chur i bhfeidhm a rinneadh sa Ghinéibh an 26ú lá de Mheán Fómhair, 1927.

Ailt 2(1) agus 54 .

Airteagal 1.

I gcríocha aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh lena mbaineann an Coinbhinsiún seo, déanfar dámhachtain eadrána a rinneadh de bhun comhaontuithe, pé acu le heasaontais atá ann nó a bheas ann a bhaineas sé (dá ngairmtear “comhaontú i leith eadrána” anseo feasta) atá faoi réim an Phrótacail um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923, d'aithint mar dhámhachtain cheangailteach agus í a chur i bhfeidhm do réir rialacha nós imeachta na críche ina dtéitear i muinín na dámhachtana, ar choinníoll gur i gcríoch cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha lena mbaineann an Coinbhinsiún seo a rinneadh an dámhachtain sin agus gur idir daoine atá faoi dhlínse cheann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha a rinneadh í.

Chun go n-aithneofaí nó go gcuirfí i bhfeidhm amhlaidh í, ní foláir ina theannta sin:

(a) An dámhachtain a bheith déanta de bhun comhaontuithe i leith eadrána atá bailí faoin dlí a bhaineas leis;

(b) Abhar na dámhachtana a bheith intsocruithe trí eadráin faoi dhlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana;

(c) An dámhachtain a bheith déanta ag an mBinse Eadrána dar foráladh sa chomhaontú i leith eadrána nó a bhí comhdhéanta mar chomhaontaigh na páirtithe agus do réir an dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána;

(d) An dámhachtain a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach sa tír ina ndearnadh í, sa chéill nach meastar í a bheith ina dámhachtain chríochnaitheach más féidir opposition, appelpourvoi en cassation a thabhairt ina coinne (sna tíortha ina bhfuil foirmeacha nós imeachta den tsórt sin) nó má cruthaítear go bhfuil aon imeacht ar feitheamh chun bailíocht na dámhachtana a chonspóid;

(e) Gan aithint na dámhachtana ná a cur i bhfeidhm a bheith contrártha do bheartas poiblí ná do phrionsabail dlí na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul ina muinín.

Airteagal 2.

Fiú má comhlíontar na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1 de seo, diúltófar an dámhachtain d'aithint agus a chur i bhfeidhm más deimhin leis an gCúirt:

(a) Gur cuireadh an dámhachtain ar neamhní sa tír ina ndearnadh í;

(b) Nár tugadh don pháirtí a bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'úsáid ina choinne fógra i dtaobh na n-imeachta eadrána luath go leor chun go bhféadfadh sé a chás a phlé; nó, toisc é a bheith faoi éagumas dlíthiúil, nach raibh ionadaíocht chuí ar a shon;

(c) Nach ndéileálann an dámhachtain leis na heasaontais a raibh beartaithe an comhaontú i leith eadrána do bhaint leo nó leis na heasaontais a thagas faoi réim a théarmaí nó gur tugadh breitheanna inti ar ábhair lasmuigh de réim an chomhaontuithe i leith eadrána.

Murar bhain an dámhachtain leis na ceisteanna uile a tarchuireadh chun an bhinse eadrána; ansin, más cuí leis é, féadfaidh údarás inniúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh an dámhachtain d'aithint nó a chur i bhfeidhm aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a chur siar nó sin a dheonadh faoi réir pé ráthaíochta a chinnfeas an t-údarás sin.

Airteagal 3.

Má chruthaíonn an páirtí a ndearnadh an dámhachtain ina choinne go bhfuil ann, faoin dlí a rialaíos an nós imeachta i gcás eadrána, foras seachas na forais dá dtagartar in Airteagal 1 (a) agus (c) agus in Airteagal 2 (b) agus (c), a bheir teideal dó bailíocht na dámhachtana a chonspóid i gCúirt Dlí, féadfaidh an Chúirt, más oiriúnach léi é, aithint na dámhachtana nó a cur i bhfeidhm a dhiúltú, nó an breithniú air sin a chur ar atráth, agus tréimhse réasúnach a thabhairt don pháirtí sin chun go bhféadfadh an binse inniúil an dámhachtain a chur ar neamhní.

Airteagal 4.

Ní foláir don pháirtí a raghas i muinín dámhachtana nó a éileos í a chur i bhfeidhm na nithe seo a leanas, go sonrach, a chur ar fáil:

(1) An dámhachtain bhunaidh nó cóip di arna fíordheimhniú go cuí, mar is gá do réir dlí na tíre ina ndearnadh í;

(2) Fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú go bhfuil an dámhachtain ina dámhachtain chríochnaitheach, mar mínítear in Airteagal 1 (d), sa tír ina ndearnadh í;

(3) Nuair is gá é, fianaise dhoiciméad nó fianaise eile á chruthú gur comhlíonadh na coinníollacha atá leagtha síos in Airteagal 1, mír 1 agus mír 2 (a) agus (c).

Féadfar tiontó d'iarraidh ar an dámhachtain agus ar na doiciméid eile a luaitear san Airteagal seo i dteanga oifigiúil na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana. Ní foláir an tiontó sin a bheith deimhnithe bheith ina thiontó ceart ag gníomhaire taidhleoireachta nó consalachta don tír lena mbaineann an páirtí atá ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana nó ag tiontaitheoir mionnaithe don tír ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana.

Airteagal 5.

Ní bhainfidh forála na nAirteagal thuas d'aon pháirtí leasmhar an ceart chun leas a bhaint as dámhachtain eadrána sa tslí ina gceadaítear sin agus a mhéid a ceadaítear sin le dlí nó le conartha na tíre ina bhfuiltear ag iarraidh dul i muinín na dámhachtana sin.

Airteagal 6.

Ní bhaineann an Coinbhinsiún seo ach le dámhachtana eadrána a rinneadh tar éis teacht i bhfeidhm don Phrótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923.

Airteagal 7.

Déanfar daingniú ar an gCoinbhinsiún seo, a bheas ar oscailt lena shíniú ag síniúirí uile Phrótacail 1923 um Chlásail Eadrána.

Ní féadfar é a dhaingniú ach amháin thar ceann na gComhaltaí sin de Chumann na Náisiún, agus na Stát sin nach Comhaltaí, ar daingníodh Prótacal 1923 thar a gceann.

Taiscfear na daingniúcháin a luaithe is féidir le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean an taisceadh sin in iúl do na síniúirí go léir.

Airteagal 8.

Tiocfaidh an Coinbhinsiún seo i bhfeidhm trí mhí tar éis a dhaingnithe thar cheann dhá Ard-Pháirtí Chonarthacha. Ina dhiaidh sin beidh éifeacht aige, i gcás Ard-Pháirtí Chonarthaigh, trí mhí tar éis an daingniúchán thar a cheann a thaisceadh le hArd-Rúnaí Chumann na Náisiún.

Airteagal 9.

Féadfar an Coinbhinsiún seo a shéanadh thar ceann aon Chomhalta de Chumann na Náisiún nó aon Stáit nach Comhalta. Cuirfear an séanadh in iúl i scríbhinn d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún agus cuirfidh seisean láithreach cóip de a bheas deimhnithe bheith do réir mar cuireadh in iúl, chun na bPáirtithe Conarthacha eile go léir agus inseoidh dóibh san am céanna an dáta a fuair sé é.

Ní thiocfaidh an séanadh i bhfeidhm ach amháin maidir leis an Ard-Pháirtí Conarthach a chuir in iúl é ná go ceann bliana tar éis é a chur in iúl d'Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún.

Leanfaidh, ipso facto, séanadh an Choinbhinsiúin seo as séanadh an Phrótacail um Chlásail Eadrána.

Airteagal 10.

Mura luaitear go speisialta iad ní bhaineann an Coinbhinsiún seo le Cóilíneachta, Coimircis, ná críocha faoi ardfhlathúnas nó faoi mhandáid aon Ard-Pháirtí Chonarthaigh.

Is féidir aon uair, trí dhearbhú a sheolfas ceann de na hArd-Pháirtithe Conarthacha go dtí Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún, feidhm a thabhairt don Choinbhinsiún seo maidir le ceann nó cinn de na Cóilíneachtaí, de na Coimircis (nó de na críocha lena mbaineann an Prótacal um Chlásail Eadrána a hosclaíodh sa Ghinéibh an 24ú Meán Fómhair, 1923.

Beidh éifeacht ag an dearbhú sin trí mhí tar éis é a thaisceadh.

Féadfaidh na hArd-Pháirtithe Conarthacha aon uair an Coinbhinsiún a shéanadh i leith gach cinn nó aon chinn de na Cóilíneachtaí, na Coimircis nó na críocha dá dtagartar thuas. Baineann Airteagal 9 de seo leis an séanadh sin.

Airteagal 11.

Cuirfidh Ard-Rúnaí Chumann na Náisiún cóip dheimhnithe den Choinbhinsiún seo go dtí gach Comhalta de Chumann na Náisiún, agus go dtí gach Stát nach Comhalta, a shíneos é.