An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV. Crannchuir.) Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL.)

2 1956

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956

CUID V.

Cur i bhFeidhm, Fianaise agus Pionóis.

Conartha cearrbhachais agus geallchuir ar neamhní.

36. —(1) Is conradh ar neamhní gach conradh i modh cearrbhachais nó geallchuir.

(2) Ní bheidh aon ábhar caingin ann chun aon airgead nó rud a ghnóthú a líomhantar a bheith buaite nó íoctha as geall nó a taisceadh ag feitheamh ar an teagmhas ar ar cuireadh geall.

(3) Aon gheallúint, sainráite nó intuigthe, go n-íocfar le duine ar bith aon airgead d'íoc sé faoi chonradh nó i leith conartha lena mbaineann an t-alt seo nó go n-íocfar aon airgead i bhfoirm choimisiúin, táille, luaíochta nó eile i leith an chonartha nó i leith aon tseirbhísí i ndáil leis an gconradh, is geallúint ar neamhní í agus ní bheidh aon ábhar caingin ann chun aon airgead den tsórt sin a ghnóthú.

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le haon chomhaontú chun síntiús nó ranníoc a thabhairt i gcomhair aon phláta, duaise nó suime airgid a bheas le dámhadh do bhuaiteoir nó buaiteoirí aon chluiche, spóirt nó caithimh aimsire nach dtoirmisctear leis an Acht seo, ar choinníoll nach geall an síntiús nó an ranníoc.

Gléasa cearrbhachais d'urghabháil.

37. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon ghléas cearrbhachais d'urghabháil, más scán-inneall é a toirmeasctar le halt 10 nó gléas cearrbhachais ar a bhfuil aon fheiste trínar féidir é d'oibriú go calaoiseach nó má tá cúis aige a chreidiúint go bhfuiltear á oibriú go calaoiseach nó á úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

(2) Ní oibreoidh duine ar bith, ná ní cheadóidh sé go n-oibreofar, aon ghléas cearrbhachais, ná ní bheidh seilbh ná urlámhas aige ar aon ghléas cearrbhachais, ar a bhfuil aon fheiste den tsórt sin.

Cumhacht ag an nGarda Síochána dul isteach i siamsalanna, etc.

38. —Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach agus saor-chead isteach a bheith aige, gach tráth réasúnach, chuig aon tsiamsalann, aonach súgraidh, surcas, seó taistil, carnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail a bhfuil, nó a gcreidtear go bhfuil, cearrbhachas nó crannchur ar siúl ann.

Barántas cuardaigh

39. —(1) Más deimhin le Breitheamh den Chuirt Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire do thabhairt faisnéise faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach ann chun a cheapadh go bhfuil cion in aghaidh an Achta seo déanta, á dhéanamh, nó ar tí a dhéanta, in aon ionad nó áitreabh, féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh d'eisiúint faoin alt seo.

(2) Udaróidh an barántas cuardaigh do chomhalta a hainmneofar den Gharda Síochána agus nach ísle céim ná Cigire, maraon le pé comhaltaí eile den Gharda Síochána is cuí leis an gcomhalta sin, dul isteach san ionad nó san áitreabh aon tráth laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad a chloig tar éis an barántas d'eisiúint, go forneartach más gá sin, chun an t-ionad nó an t-áitreabh agus aon leabhair agus doiciméid a gheofar ann d'iniúchadh agus ainm agus seoladh aon duine a gheofar ann a thógaint, agus aon ghléas cearrbhachais agus aon leabhair agus doiciméid d'urghabháil a gheofar ann agus a dhealraíos a bheith ag baint le cearrbhachas nó crannchuir.

Ciontóirí a ghabháil.

40. —(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine ar bith a ghabháil gan barántas a gheobhas sé ag stiúrú, nó ag cabhrú le stiúrú, aon tsóirt chearrbhachais in áit poiblí a bhfuil cúis aige a chreidiúint gur cearrbhachas é atá contrártha don Acht seo.

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine ar bith a ghabháil gan barántas más rud é, ar a ainm agus a sheoladh d'éileamh air faoin Acht seo, nach dtabharfaidh sé iad nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bhfuil cúis ag an gcomhalta sin a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach.

Garda Síochána a chosc.

41. —Duine ar bith a choiscfeas nó a bhacfas comhalta den Gharda Síochána agus é ag feidhmiú a chumhacht faoin Acht seo nó, nuair a iarrfas an comhalta sin a ainm agus a sheoladh air, nach dtabharfaidh iad nó a bhéarfas ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

Fianaise i dtaobh ionad cearrbhachais neamhdhleathaigh a choimeád.

42. —Má coisctear nó má bactar comhalta den Gharda Síochána ar dhul isteach in aon ionad nó áitreabh, nó in aon chuid de, i bhfeidhmiú a chumhacht faoin Acht seo nó má gheibhtear ansin aon ghléas cearrbhachais, ar scán-inneall é a toirmisctear le halt 10 nó gléas cearrbhachais is féidir d'úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh, glacfar leis go dtí go gcruthófar a mhalairt go raibh nó go bhfuil an t-ionad nó an t-áitreabh sin á choimeád le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

Fianaise i dtaobh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

43. —Ní gá mar thaca le hinchúiseamh maidir le cearrbhachas neamhdhleathach a chruthú gur ar airgead nó geall ar bith a bhí aon duine ag imirt a fuarthas ag imirt aon chluiche.

Cionta.

44. —Duine ar bith a shárós aon fhoráil den Acht seo nach bhforáltar pionós ina leith go sonrach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

Cionta maidir le comhluchta corpraithe agus comhluchta neamhchorpraithe.

45. —(1) Má dhéanann comhlucht corpraithe nó duine a airbheartaíos a bheith ag gníomhú thar ceann comhluchta chorpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine cion i gcoinne an Achta seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó aontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtaint ar thaobh aon duine atá, i gcás comhluchta chorpraithe, ina stiúrthóir ar an gcomhlucht sin nó, i gcás comhluchta neamhchorpraithe, ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialuithe eile an chomhluchta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

(2) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil, chun críche nó i gcúrsa imeacht faoin alt seo, ar chomhlucht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágaint ag oifig chláraithe an chomhluchta sin nó trína chur leis an bpost cláraithe go dtí an oifig sin nó, mura bhfuil aon oifig den tsórt sin sa Stát, trína fhágaint ag an gcomhlucht, nó trína chur leis an bpost cláraithe chuig an gcomhlucht, ag aon áit sa Stát ina mbíonn a ghnó á sheoladh aige.

Ceadúnais agus ceada a chúlghairm.

46. —Má ciontaítear i gcion i gcoinne an Achta seo duine is sealbhóir ar cheadúnas cearrbhachais nó ar cheadúnas nó cead crannchuir, féadfaidh an Chúirt an ceadúnas nó an cead a chúlghairm.

Gléasa cearrbhachais d'fhorghéilleadh.

47. —(1) Nuair a ciontófar duine i gcion i gcoinne an Achta seo féadfaidh an Chúirt a ordú go bhforghéillfear don Aire aon ghléas cearrbhachais a húsáideadh ag déanamh an chiona nó, i gcás ciontuithe faoi alt 5, aon ghléas cearrbhachais a fuarthas san áitreabh nó san ionad a bheas i gceist.

(2) Féadfaidh an tAire déanamh nó déileáil mar is cuí leis le haon ní a forghéillfear amhlaidh.

(3) Déanfar an fáltas glan as aon ní a dhíolfas an tAire de bhun an ailt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

Doiciméid a dhíthiú.

48. —Nuair a ciontófar duine i gcion maidir le crannchur, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndítheofar aon doiciméid a bhaineas leis an gcrannchur.

Pacáidí poist ina bhfuil doiciméid neamhdhleathacha a cuireadh sa phost sa Stát.

49. —(1) Féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa aon phacáid phoist a choinneáil a cuireadh sa phost sa Stát agus a mbeifear in amhras go bhfuil aon doiciméad inti a bhaineas le crannchur neamhdhleathach agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort gach pacáid phoist a coinneofar amhlaidh.

(2) Féadfaidh an comhalta an phacáid d'oscailt agus a scrúdú ach, i gcás seoladh laistigh den Stát, ní dhéanfaidh sé sin ach amháin i láthair an duine chun ar seoladh an phacáid, mura rud é nach dtiocfaidh an duine sin i láthair tar éis fógra i scríbhinn d'fhágaint ag an seoladh ar an bpacáid, nó a chur leis an bpost chuig an seoladh sin, á iarraidh air teacht i láthair.

(3) Má gheibheann an comhalta aon doiciméad den tsórt sin, féadfaidh sé an phacáid agus a bhfuil inti a choinneáil le haghaidh inchúisimh, agus mura bhfaighidh sé aon doiciméad den tsórt sin seachadfaidh sé an phacáid don duine chun ar seoladh í nó, má tá sé as láthair, cuirfidh sé chuige leis an bpost í.

(4) Forléireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951.

Taifid, cuntais agus tuairisceáin.

50. —(1) Féadfaidh Coimisinéir an Gharda Shíochána, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go gcoimeádfar cuntais agus taifid eile maidir le crannchuir agus go dtabharfar tuairisceáin agus eolas ina dtaobh.

(2) Gach duine ar a gcuirfear dualgas le haon rialachán den tsórt sin, comhlíonfaidh sé forála an rialacháin.

Scuabghill na nOspidéal a dhíolmhadh.

51. —Ní bhaineann an tAcht seo le scuabgheall faoi Achta na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1940.