|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID I. Cáin Ioncaim.) | Ar Aghaidh (CUID III. Dleachta Báis.) |
AN tACHT AIRGEADAIS, 1956
[EN] | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
CUID II. Custaim agus Mál. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tobac. |
8. —(1) San alt seo— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1932” an t Acht Airgid, 1932 (Uimh. 20 de 1932) ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1934” an t Acht Airgid, 1934 (Uimh. 31 de 1934) ; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) . | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar an dleacht chustam ar thobac, a forchuireadh le halt 20 d'Acht 1932, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 12 d'Acht 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar an dleacht mháil ar thobac, a forchuireadh le halt 19 d'Acht 1934, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a bhfuil an dleacht sin inmhuirir dá réir anois de bhuaidh ailt 12 d'Acht 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934 agus ag fo-alt (5) de, faoi réir fo-ailt (5) den alt seo, maidir le tobac is inchurtha faoi mhuirear na dleachta máil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin 19, do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin forléireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3), (4) agus (5) den alt sin 19 de Chuid I den Séú Sceideal a ghabhas le hAcht 1934 adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is do réir cúig pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac neamhmhonaraithe a luaitear i bhfo-alt (3) d'alt 20 d'Acht 1932, arna leasú le halt 18 d'Acht 1934, agus i bhfo-alt (5) d'alt 19 d'Acht 1934. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Is do réir dhá scilling déag agus ceithre pingne an punt a bheas an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 ( Uimh. 14 de 1940 ), i gcás aon tobac den tsórt sin a dhíolfas aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfeas sé amach, chun a úsáidte sa Stát, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, nó dá éis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) Maidir le tobac neamhmhonaraithe ag a mbeadh, d'éagmais an fho-ailt seo, teideal de bhuaidh ailt 5 den Acht Airgeadais, 1950 (Uimh. 18 de 1950) , chun na rátaí fábhair dleachta custam a sonraítear sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1949 (Uimh. 13 de 1949) , déanfar an dleacht chustam is inmhuirir air, ar é a sheachadadh as banna-stóras, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí i leith tobac neamhmhonaraithe a sonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Tobac (dleacht mháil ar stoic áirithe). |
9. —(1) Faoi réir forál fo-ailt (2) den alt seo, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar na stoic tobac go léir de gach saghas a bheas, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, ar únaeracht nó ar seilbh ag monaróir ceadúnaithe tobac agus in aon áit sa Stát seachas banna-stóras, dleacht mháil, is iníoctha ag an monaróir, do réir an ráta seo a leanas, is é sin le rá: | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) sa mhéid gur tobac neamhmhonaraithe na stoic, seacht scillinge agus aon phingin déag ar gach punt meáchain de na stoic, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) sa mhéid gur tobac (lena n-áirítear snaois), seachas tobac neamhmhonaraithe, na stoic, seacht scillinge agus aon phingin déag ar gach punt meáchain de thobac neamhmhonaraithe as a bhfuarthas na stoic, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní bheidh an dleacht a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo inmhuirir ar aon tobac monaraithe (lena n-áirítear toitíní, todóga agus snaois, seachas snaois chosamair) a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh sé, ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic agus— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) nár thoradh é ar aon oibríocht a rinne monaróir ar bith a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige an uair sin; nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) go raibh sé ar seilbh an uair sin mar stoc mionreaca in áitreabh a bhí á úsáid chun tobac a dhíol ar mionreic; nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (iii) go raibh sé an uair sin i gcúrsa turais ó dhíoltóir go ceannaitheoir faoi chonradh díolacháin: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | Ar choinníoll nach measfar chun críocha an fho-ailt seo aon tobac a bheith lán-ullmhaithe chun a dhíolta ar mionreic más rud é go raibh sé, i ngnáthchúrsa gnótha an duine a raibh sé ar únaeracht nó ar seilbh aige nó i gcúrsa turais chuige, le cur faoi phróis éigin eile fós (seachas pacáil) sara ndíolfadh sé é. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Bhéarfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, tráth nach déanaí ná an 15ú lá de Bhealtaine, 1956, tuairisceán do na Coimisinéirí Ioncaim, i bhfoirm a cheadóid, ag tabhairt pé eolais dóibh a iarrfaid sa bhfoirm sin agus, go háirithe, ag insint na gcainníochtaí tobac de gach saghas, do réir meáchain, a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, in aon áit sa Stát seachas bannastóras. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) na leabhair trádála agus gach cuntas agus doiciméad is leis an monaróir sin nó atá ina sheilbh, agus is gá chun an tuairisceán d'fhíoradh a thug sé de bhun fo-ailt (3) den alt seo, a thabhairt ar aird, má hiarrtar sin air, d'aon oifigeach Custam agus Máil, agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) gach cabhair réasúnach a thabhairt don oifigeach sin chun cuntas a ghlacadh ar an tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh ag an monaróir sin ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Déanfaidh gach monaróir ceadúnaithe tobac, díreach tar éis an tuairisceán is gá do réir fo-ailt (3) den alt seo a thabhairt nó ar an 15ú lá de Bhealtaine, 1956, pé acu is luaithe, méid iomlán na dleachta a luaitear san alt seo d'íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim ar aon tobac a bhí ar únaeracht nó ar seilbh aige ar a cúig a chlog tráthnóna an 8ú lá de Bhealtaine, 1956, agus a bhí inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más cuí leo é, íoc na dleachta a chur siar go dtí dáta nach déanaí ná an 1ú lá d'Eanáir, 1957, ar an monaróir do thabhairt urrúis trí bhanna nó ar shlí eile chun a sástachta go n-íocfar an dleacht sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (6) Gach monaróir a gceanglaítear air le fo-alt (3) den alt seo tuairisceán a thabhairt den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin agus nach dtabharfaidh an tuairisceán sin, nó a bhéarfas tuairisceán a bheas neamhiomlán, bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha nó a mhainneos nó a dhiúltós aon ní a dhéanamh a gceanglaítear air le fo-alt (4) den alt seo é a dhéanamh, beidh sé ciontach i gcion faoi na reachta a bhaineas le dleachta máil agus in aghaidh gach ciona den tsórt sin dlífear pionós máil caoga punt a chur air agus forghéillfear an tobac go léir a ndearnadh an cion sin maidir leis. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (7) I gcás aistarraingt a bheith iníoctha i leith tobac ar ar híocadh an dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt seo, is aistarraingt mháil a bheas ann chomh fada is théas an dleacht a híocadh de bhun an fho-ailt sin (1), arna cinneadh ag na Coimisinéirí Ioncaim. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ile éadrom udrocarbóin mhianrúil. |
10. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1952” an t Acht Airgeadais, 1952 (Uimh. 14 de 1952) . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin, an dleacht chustam a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931 (Uimh. 43 de 1931) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, do réir dhá scilling agus trí pingne agus feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 6 d'Acht 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Déanfar, maidir le híle éadrom udrocarbóin mhianrúil is inchurtha faoi mhuirear na dleachta sin agus a cuirfear amach, ar díol nó lena díol nó eile, ó áitreabh a monaróra ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, nó dá éis sin, nó a úsáidfeas an monaróir sin ar an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas chun íle udrocarbóin mhianrúil a mhonarú nó a tháirgeadh, an dleacht mháil a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Forála Ilghnéitheacha), 1935 (Uimh. 7 de 1935) , arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir dhá scilling agus pingin is feoirling an galún in ionad an ráta a sonraítear i mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 6 d'Acht 1952. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ile udrocarbóin. |
11. —(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1935” an t Acht Airgid, 1935 (Uimh. 28 de 1935) . | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Amhail ar an 11ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is é is ráta d'aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, scilling agus ocht bpingne an galún; agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus seacht bpingne an galún. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Amhail ar an 11ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, is é is ráta d'aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) i gcás na híle ar a dtugtar de ghnáth íle ghalúcháin tharracóra, scilling agus sé pingne an galún; agus | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) i gcás aon íle udrocarbóin eile, scilling agus cúig pingne an galún. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Lasáin. |
12. —(1) In ionad na dleachta custam a forchuireadh le halt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, dleacht mháil, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar na lasáin uile a hallmhuireofar. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 4 den Acht Airgeadais, 1945 ( Uimh. 20 de 1945 ), arna leasú le halt 15 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ), déanfar, amhail ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus ón lá sin amach, dleacht mháil, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc ar na lasáin uile a déanfar sa Stát. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Geallta. |
13. —Déanfar (faoi réir forál ailt 20 den Acht Airgid, 1931 (Uimh. 31 de 1931) , agus gan dochar do na forála sin) an dleacht ar gheallta a forchuireadh le halt 24 den Acht Airgid, 1926 ( Uimh. 35 de 1926 ), a mhuirearú a thobhach agus d'íoc ar gheallta a déanfar an 1ú lá d'Iúil, 1956, nó dá éis sin, do réir deich faoin gcéad de mhéid an ghill in ionad seacht go leith faoin gcéad, an ráta a luaitear in alt 18 den Acht Airgeadais, 1941 ( Uimh. 14 de 1941 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Uiscí boird. |
14. —(1) Déanfar na dleachta custam ar uiscí boird a forchuireadh le halt 7 den Finance Act, 1916, a mhuirearú a thobhach agus d'íoc, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus dá éis sin, do réir scilling agus ceithre pingne an galún in ionad na rátaí a foráltar leis an alt sin 7, le halt 11 den Acht sin agus le halt 17 den Acht Airgid, 1924 ( Uimh. 27 de 1924 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Déanfar na dleachta máil ar uiscí boird a forchuireadh le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, a mhuirearú a thobhach agus d'íoc, ar an 9ú lá de Bhealtaine, 1956, agus dá éis sin, do réir scilling an galún in ionad na rátaí a foráltar leis an alt sin 4 agus le halt 11 den Finance Act, 1916. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa—ildamhsa nó rince. |
15. —(1) San alt seo ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil ar a dtugtar “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, agus tá le “daonáireamh” agus “baile” na bríonna faoi seach atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1954 ( Uimh. 22 de 1954 ). | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus ón lá sin amach, forléireofar alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus beidh éifeacht aige, amhail is dá bhfolaíodh an focal “entertainment” mar mínítear é san alt sin aon ildamhsa nó rince, agus déanfar, amhail ar an dáta sin agus uaidh sin amach, dleacht shiamsa a mhuirearú a thobhach agus d'íoc ar na híocaíochtaí uile as dul isteach chun aon ildamhsa nó rince, pé acu chun rince a dhéanamh nó chun bheith páirteach san ildamhsa nó sa rince sin nó chun féachaint air a raghfar isteach, agus déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc mar adúradh do réir na rátaí seo a leanas:— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (i) maidir le haon ildamhsa nó rince a bheas ar siúl in áit nach bhfuil a shuíomh in aon ceann acu seo a leanas ná i bhfogas trí mhíle dhó, eadhon— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) contae-bhuirg nó buirg eile, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) ceantar uirbeach, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) baile, | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | ar mó ná dhá mhíle, in aon chás acu, a dhaonra do réir an daonáirimh: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | I gcás an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (ii) in aon chás eile: | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | I gcás an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
| ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (3) Beidh feidhm agus éifeacht ag forála ailt 16 den Acht Airgeadais, 1954 (Uimh. 22 de 1954) , i gcás dleachta siamsa is iníoctha de bhun an ailt seo, faoi réir an choinníll nach ndéanfar aon aisíocaíocht faoi fho-alt (3) den alt sin 16 i gcás dleachta a híocadh ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon ildamhsa nó rince. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (4) Nuair a beifear ag tabhairt feidhme d'fhorála fo-alt (4) agus (6) den alt sin 16 i gcás na dleachta siamsa is iníoctha de bhun an ailt seo, forléireofar mar thagairtí do mhír (i) d'fho-alt (2) den alt seo na tagairtí sna fo-ailt sin d'fho-alt (3) den alt sin. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (5) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1952 ( Uimh. 14 de 1952 ), amhail ar an 1ú lá de Lúnasa, 1956, agus ón lá sin amach. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Dleacht shiamsa— díolúine i gcás taispeántas scannán i nGaeilge. |
16. —(1) San alt seo ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá ngairmtear “entertainments duty” in alt 1, agus is inmhuirir faoi alt 1, den Finance (New Duties) Act, 1916, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (2) Ní déanfar dleacht shiamsa a mhuirearú ná a thobhach ar íocaíochtaí as dul isteach chun aon tsiamsa a dtaispeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gurb é atá ann go huile pictiúirí reatha a déantar le scannán cinematagrafach— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) ar a bhfuil fuaimrian leanúnach a thugann urlabhra i nGaeilge, nó | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) lena ngabhann go leanúnach urlabhra comhaimsearaithe i nGaeilge a déantar go meicniúil agus a fhreagras do na radharcanna a taispeántar sa scannán. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Ceadúnais chearrbhachais. |
17. —Déanfar, i leith agus le haghaidh gach ceadúnais chearrbhachais a heiseofar faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956 ( Uimh. 2 de 1956 ), dleacht mháil a mhuirearú, a thobhach agus d'íoc do réir na rátaí seo a leanas, is é sin le rá:— | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | má tá an tréimhse ar ina leith atá an ceadúnas le heisiúint, mar bheas sonraithe sa deimhniú faoin Acht sin á údarú an ceadúnas d'eisiúint— | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (a) gan bheith níos sia ná trí mhí, deich bpuint; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (b) níos sia ná trí mhí gan bheith níos sia ná sé mhí, fiche punt; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (c) níos sia ná sé mhí gan bheith níos sia ná naoi mí, tríocha punt; | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] | (d) níos sia ná naoi mí, dachad punt. | |||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Leasú ar alt 19 (3) den Acht Airgid, 1933 . |
18. —Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 19 den Acht Airgid, 1933 ( Uimh. 15 de 1933 ), maidir le siamsaí a bheas ar siúl an 1ú lá de Shamhain, 1956, nó dá éis sin, trí “agus” a scrios i ndeireadh míre (c) agus trí mhír (d) a scrios. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Deireadh le dleacht chustam ar líontóirí agus licíní d'ubh-bhoscaí. |
19. —Ní déanfar an dleacht chustam ar líontóirí agus licíní d'ubh-bhoscaí a hallmhuireofar ar leithligh, dleacht a forchuireadh le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1932 (Uimh. 34 de 1932) , agus a luaitear ag uimhir thagartha 9 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, a mhuirearú ná a thobhach ar aon earraí a hallmhuireofar an 1ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis sin. | ||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||||
[EN] |
Orduithe a dhaingniú. |
20. —Daingnítear leis seo an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 370) (Tobhach Speisialta Allmhuirithe), 1956 (I.R., Uimh. 45 de 1956 ), agus an tOrdú chun Dleachta d'Fhorchur go Práinneach (Uimh. 379) (Tobhach Speisialta Allmhuirithe) (Leasú), 1956 (I.R. Uimh. 132 de 1956). |