Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Forála Forlíontacha.)

48 1956


Uimhir 48 de 1956.


AN tACHT UM DHEONTAIS THIONSCAIL, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRUITHE CHUN DEONTAIS A THABHAIRT I gCABHAIR AR FHORBAIRT TIONSCAL I LIMISTÉIRÍ SEACHAS LIMISTÉIRÍ LENA mBAINEANN AN tACHT UM LIMISTÉIRÍ NEAMHFHORBARTHA, 1952 , AGUS DO DHÉANAMH SOCRUITHE I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEAS LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [27 Nollaig, 1956.]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:—

Mínithe.

1. —San Acht seo—

ciallaíonn “an tÚdarás” an tÚdarás Forbartha Tionscail;

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

Deontais le haghaidh tionscail.

2. —(1) Aon uair is dóigh leis an Údarás go raghadh sé chun leasa don eacnamaíocht náisiúnta mór-mhéid d'earra áirithe a bheith á monarú sa Stát agus gur dócha—

(a) go soláthródh sin roinnt mhaith fostaíochta, nó

(b) go gcuirfeadh sé mór-chuid den earra ar fáil sa Stát, nó

(c) go dtabharfadh sé deis chun trádáil onnmhuirithe d'fhorbairt,

ansin, más deimhin leis an Údarás gur gá cabhair airgeadais chun a áirithiú go mbunófar gnóthas tionscail chun mór-mhéid den earra a mhonarú agus gur gnóthas réasúnta buan a bheas ann agus go seolfar go héifeachtach é, féadfaid, ar pé coinníollacha is cuí leo, deontais a thabhairt i leith an chostais a bhainfeas leis na foirgnimh, agus na hoibreacha eile is gá le haghaidh an ghnóthais, d'fháil, a thógáil agus d'oiriúnú.

(2) Ní raghaidh an méid iomlán a deonfar amhlaidh i gcás aon ghnóthais áirithe thar dhá dtrian den chostas sin, nó suim chaoga míle punt, pé acu is lú.

(3) Nuair a bheas an tÚdarás ag breithniú iarratas ar dheontais faoin alt seo, bhéarfaid aird ar a mhéid atá riar a gcáis de na hearraí atá le monarú le fáil ag an bpobal ó ghnóthais atá ar bun cheana.

(4) Ní tabharfar deontais faoin alt seo i leith gnóthais a bhunú i límistéir lena mbaineann an tAcht um Límistéirí Neamhfhorbartha, 1952 (Uimh. 1 de 1952) .

(5) Ní cheadóidh an tÚdarás aon deontas tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1963.

Deontais don Údarás.

3. —(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, deontais a thabhairt don Údarás, as airgead a sholáthrós an tOireachtas, chun a chur ar a gcumas a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.

(2) Ní raghaidh comhiomlán na ndeontas faoin alt seo thar dhá mhilliún punt.

Forála forlíontacha.

4. —Bainfidh forála an Sceidil leis an Údarás chun críocha an Achta seo.

Caiteachais an Aire.

5. —Íocfar as airgead a sholáthrós an tOireachtas, a mhéid a cheadós an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina raghaidh an tAire ag cur an Achta seo í bhfeidhm.

Gearrtheideal.

6. —Féadfar an tAcht um Dheontais Thionscail, 1956 , a ghairm den Acht seo.