|
||||
|
An Chéad Lch. | Lch. Roimhe Seo (CUID II. Faoiseamh Sealadach ó Chánachas.) |
AN tACHT AIRGEADAIS (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1958
[EN] | ||
[EN] |
CUID III. Custaim agus Mál. | |
[EN] |
Dleacht ar earraí áirithe arna dtabhairt ón aerfort isteach i gcuid eile den Stát. |
11. —(1) Ach amháin mar fhoráltar i bhfo-ailt (7) agus (8) den alt seo, baineann an t-alt seo le hearraí atá irgeadh, a monaraíodh, a próisíodh nó a pacáistíodh san aerfort. |
[EN] | (2) Má tharlaíonn an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis, i gcás earraí lena mbaineann an t-alt seo agus a ndearnadh, i gcúrsa iad féin nó aon ní iontu nó a corpraíodh iontu a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam nó máil a úsáid nó a phacáistiú, go dtabharfar na hearraí ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, déanfar dleacht chustam de mhéid is comhionann le comhiomlán na méideanna seo a leanas a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar na hearraí: | |
[EN] | (a) méid (más aon mhéid) dleachta custam dob iníoctha, mura mbeadh alt 14 den Acht Airgeadais, 1946 , ar aon airceadail, ábhair, nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh a thabhairt isteach san aerfort; | |
[EN] | (b) an méid (más aon mhéid) aistarrainge dleachta custam nó máil a íocadh ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát; | |
[EN] | (c) an méid (más aon mhéid) dleachta custam nó máil dob inmhuirir, mura mbeadh alt 5 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát; | |
[EN] | (d) méid (más aon mhéid) aon liúntas onnmhaire a íocadh ar aon airceadail, ábhair nó táthchoda den tsórt sin a úsáideadh nó a pacáistíodh amhlaidh agus a tugadh isteach san aerfort ó aon chuid eile den Stát. | |
[EN] | (3) Má tharlaíonn an lú lá d'Eanáir, 1959, nó dá éis, i gcás earraí lena mbainfidh an t-alt seo agus a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, go mbeidh an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt seo íoctha nó nach inmhuirir í, ní mhuirearófar ná ní thoibheofar aon dleacht chustam eile ar na hearraí. | |
[EN] | (4) Má tharlaíonn, i gcás aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam agus a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa aon earraí lena mbaineann an t-alt seo a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú agus a thabharfar ón aerfort isteach in aon chuid gur eile den Stát, go bhféadfaí ceadúnas, chun an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid a allmhairiú gan dleacht a íoc, nó ar dhleacht is lú ná an dleacht iomlán a íoc, a dheonadh an uair a tugadh an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid isteach san aerfort, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar mholadh an Aire Tionscail agus Tráchtála nó an Aire Talmhaíochta, a cheadú na hearraí a thabhairt amhlaidh ón aerfort gan méid aon dleachta custam is inmhuirir faoi fho-alt (2) den alt seo a íoc nó ar cibé méid is lú ná sin a íoc is iomchuí ag féachaint don cheadúnas a fhéadfaí a dheonadh mar adúradh nó, i gcás inar íocadh aon dleacht den tsórt sin nó aon chuid di, an mhéid a íocadh a aisíoc, ach i gcás inar ceadúnas faoi alt 12 den Acht Airgid, 1932 , an t-aon-cheadúnas den tsórt sin a fhéadfaí a dheonadh, ní thabharfar aon chead ná aon aisíocaíocht den tsórt sin ach amháin le haontú an Aire. | |
[EN] | (5) Má tharlaíonn, i gcás aon airceadail, ábhair nó táthchoda de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam, agus a úsáideadh i gcúrsa aon earraí lena mbaineann an t-alt seo, nó aon ní sna hearraí sin nó a corpraíodh sna hearraí sin, a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, go bhféadfaí, an tráth a tugadh an t-airceadal, an t-ábhar nó an táthchuid isteach san aerfort, an céanna a allmhairiú isteach sa Stát (gan an t-aerfort a áireamh), faoi aon achtachán a bhí i bhfeidhm an uair sin, gan dleacht a íoc chun a úsáidte sa táirgeadh, sa mhonarú, sa phróisiú nó sa phacáistiú sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid na dleachta custam is inmhuirir faoi fho-alt (2) den alt seo a mhaitheamh nó, i gcás ina mbeidh an dleacht sin íoctha, an méid a íocadh a aisíoc. | |
[EN] | (6) Aon duine a tháirgfidh, mhonaróidh, a phróiseoidh nó a phacáisteoidh aon earraí san aerfort déanfaidh sé, mura mbeidh ar intinn aige na hearraí uile a onnmhairiú go dtí áit nó áiteanna lasmuigh den Stát— | |
[EN] | (a) taifid a choimeád a thaispeánfaidh— | |
[EN] | (i) maidir le haon airceadail, ábhair nó táthchoda a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa an táirgthe, an mhonaraithe, an phróisithe nó an phacáistithe, an dáta a fuarthas, cé uaidh agus cad as a bhfuarthas, an luach agus an chainníocht, agus, i gcás airceadail, ábhair, nó táthchoda a úsáideadh amhlaidh, an chainníocht a úsáideadh in aghaidh an aonaid de na hearraí críochnaithe, agus | |
[EN] | (ii) maidir leis na hearraí críochnaithe sin, sonraí a ndiúscairte, lena n-áirítear an praghas ar ar díoladh iad agus an chainníocht a díoladh i gcás gach díola; | |
[EN] | (b) na taifid sin agus gach forchuntas agus doiciméad eile a bhainfidh le hidirbhearta in aon cheann de na hairceadail, de na hábhair, de na táthchoda nó de na hearraí críochnaithe a choimeád ar fáil, go ceann tréimhse dhá bhliain ar a laghad, chun a n-iniúchta ag Oifigigh Chustam agus Máil; agus | |
[EN] | (c) a cheadú d'Oifigigh Chustam agus Máil, gach tráth réasúnach, na taifid sin, na forchuntais agus na doiciméid eile sin a iniúchadh agus samplaí d'aon cheann de na hairceadail, de na hábhair, de na táthchoda nó de na hearraí críochnaithe a scrúdú agus a thógáil. | |
[EN] | (7) Má tharlaíonn, toisc aon chuid de cheanglais mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (6) den alt seo a bheith gan comhlíonadh maidir le haon earraí a tugadh ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát, nó maidir le haon airceadail, ábhair nó táthchoda a úsáideadh nó a pacáistíodh i gcúrsa na n-earraí sin, nó aon ní iontu nó a corpraíodh iontu, a tháirgeadh, a mhonarú, a phróisiú nó a phacáistiú, nach féidir méid na dleachta is inmhuirir ar an gcéanna faoi fho-alt (2) den alt seo a chinneadh ag an Oifigeach Custam agus Máil cuí, measfar nach mbaineann an t-alt seo leis na hearraí. | |
[EN] | ||
[EN] | (8) Ní bhainfidh an t-alt seo le hearraí ar úsáideadh nó ar pacáistíodh á dtáirgeadh, á monarú, á bpróisiú nó á bpacáistiú, nó ina bhfuil nó a bhfuil corpraithe iontu, aon airceadail, ábhair nó táthchoda a tugadh isteach san aerfort agus a bheadh, mura mbeadh alt 4 den Acht Aerfoirt Neamhchustam, 1947, faoi réir sriantachtaí cuóta, sriantachtaí cainníochta nó sriantachtaí onnmhaire eile ar iad a thabhairt isteach san aerfort. | |
[EN] |
Feidhm forálacha áirithe. 1919, c. 32. 1919, c. 32. |
12. —(1) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo agus a consíníodh ón aerfort |
[EN] | 1919, c. 32. | |
[EN] | agus a táirgeadh nó a monaraíodh ann, ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, dá mb'ón Ríocht Aontaithe nó ó Thiarnas Cheanada a consíníodh iad nó gur ansin a táirgeadh nó a monaraíodh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha sin agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a consíníodh agus a táirgeadh nó a monaraíodh iad. | |
[EN] | (2) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí a consíníodh ón aerfort agus nach earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo, ag forálacha ailt 8 den Finance Act, 1919, maidir leis na hearraí fé is dá mb'ón Ríocht Aontaithe nó ó Thiarnas Cheanada a consíníodh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha sin agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a consíníodh na hearraí. | |
[EN] | (3) I gcás ina mbeadh feidhm, i gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (8) d'alt 11 den Acht seo agus a monaraíodh san aerfort, ag aon cheann d'fhorálacha an Achta Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938, maidir leis na hearraí dá mba sa Ríocht Aontaithe nó i gCeanada a monaraíadh iad, beidh feidhm maidir leis na hearraí ag na forálacha seo agus ag na rialacháin a bhaineann leo fé is dá mba mar sin a monaraíodh na hearraí. | |
[EN] |
Earraí indleachta a bheith ar iarraidh. |
13. —(1) Má tharlaíonn, aon tráth agus duine ag tabhairt chuntais do na Coimisinéirí Ioncaim in earraí de chineál is inchurtha faoi dhleacht chustam nó máil nach mbeidh an dleacht sin íoctha orthu agus a thug sé isteach san aerfort, nach féidir leis an duine sin, maidir le cuid de na hearraí sin nó leo uile, a thabhairt de chuntas orthu gur diúscraíodh iad ar mhodh a bhfuil údaraithe dó leis nó faoi na hAchtanna Aerfoirt Neamhchustam, 1947 agus 1958, iad a dhiúscairt agus nach gcruthóidh sé do na Coimisinéirí Ioncaim gur caitheamh nádurtha, díthiú tionóisceach nó cúis eile dá shamhail an fáth nach bhfuil fáil orthu— |
[EN] | (a) íocfaidh an duine sin láithreach an dleacht sin orthu de réir an ráta a bhí i bhfeidhm an tráth sin, agus | |
[EN] | (b) má mhainníonn an duine sin, laistigh de lá agus fiche tar éis éileamh i scríbhinn a fháil ó Oifigeach Custam agus Máil íoc mar adúradh, dlífidh sé dhá oiread na méide is iníoctha a íoc ina theannta sin mar phionós Custam. | |
[EN] | (2) I gcás earraí dá dtagartar i bhfo-alt (1) den alt seo agus a tugadh isteach san aerfort ó áit lasmuigh den Stát, beidh éifeacht ag an bhfo-alt sin d'ainneoin ailt 14 den Acht Airgeadais, 1946 . | |
[EN] |
Cúram agus bainistí dleachtanna. |
14. —Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na dleachta a fhorchuirtear leis an gCuid seo den Acht seo. |