|
||||
|
AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959
[EN] | ||
[EN] |
Caibidil V. Forálacha eile. | |
[EN] |
Pionóis mar gheall ar bhradáin nó bric atá neamhshéasúrach nó a gabhadh go neamhdleathach a cheannach, a dhíol, etc., nó a shealbhú. |
182. —(1) (a) Duine ar bith a cheannóidh, a dhíolfaidh a thaispeánfaidh chun a dhíolta, a choimeádfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, aon bhradán nó breac neamhshéasúrach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo. |
[EN] | (b) Má dhéantar duine, ar carraeir coiteann é, a chúiseamh faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac neamhshéasúrach ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin a chruthú gur mar charraeir coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh aige. | |
[EN] | (2) (a) Duine ar bith a cheannóidh, a dhíolfaidh, a thaispeánfaidh chun a dhíolta, a choimeádfaidh chun a dhíolta, nó a mbeidh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (b) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo i gcoinne duine, is ar an duine sin a bheidh sé de dhualgas a chruthú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac is ábhar do na himeachtaí sin. | |
[EN] | (c) Má dhéantar duine, ar carraeir coiteann é, a chúiseamh faoin bhfo-alt seo i gcion faoi go raibh aon bhradán nó breac, a gabhadh go neamhdhleathach, ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, is cosaint mhaith ar an gcúiseamh sin é don duine sin a chruthú— | |
[EN] | (i) gur mar charraeir coiteann, agus mar sin amháin, a bhí an bradán nó an breac sin ina sheilbh nó faoina urlámhas aige, agus | |
[EN] | (ii) an tráth a ghlac sé an bradán nó an breac sin lena iompar, gur thug an coinsíneoir dó deimhniú i cibé foirm a bheidh ordaithe ag an Aire ó am go ham, arna shiniú ag an gcoinsíneoir sin, nó ag duine a d'údaraigh sé chuige sin, á dheimhniú gur go dleathach a gabhadh an bradán nó an breac sin. | |
[EN] | (d) Más rud é— | |
[EN] | (i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le bradán, agus | |
[EN] | (ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an bradán le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht bradán san áit sin, agus | |
[EN] | (iii) go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas chun bradáin a iascaireacht le slat agus ruaim an duine a ghabh an bradán, agus | |
[EN] | (iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an bradán, | |
[EN] | déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe. | |
[EN] | (e) Más rud é— | |
[EN] | (i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo maidir le breac, agus | |
[EN] | (ii) go gcruthóidh sé gur gabhadh an breac le slat agus ruaim in áit áirithe le linn tréimhse seachas an séasúr coiscthe bliantúil do dhuánacht breac san áit sin, agus | |
[EN] | (iii) má bhí sé toirmiscthe an breac a ghabháil ach amháin de réir cheadúnas chun iascaireacht a dhéanamh le slat agus ruaim, go gcruthóidh sé gur shealbhóir ar cheadúnas den sórt sin an duine a ghabh an breac, agus | |
[EN] | (iv) go gcruthóidh sé gur go dleathach ar gach slí eile a gabhadh an breac, | |
[EN] | déanfar an cúiseamh ina choinne a dhíbhe. | |
[EN] | (f) Más rud é— | |
[EN] | (i) go gcúiseofar duine i gcion faoin bhfo-alt seo faoi gur cheannaigh sé nó go raibh ina sheilbh nó faoina urlámhas aige aon bhradán nó breac a gabhadh go neamhdhleathach, agus | |
[EN] | (ii) go gcruthóidh sé gur cheannaigh sé an bradán nó an breac ó shealbhóir ar cheadúnas (bunaidh nó athnuaite) díolta bradán agus breac a eisíodh faoi fho-alt (1) d'alt 159 agus a bhí i bhfeidhm ar an dáta a cheannaigh sé é agus gur ceannaíodh amhlaidh é in áit a bhí sonraithe sa cheadúnas, | |
[EN] | déanfar an cúiseamh i gcoinne an duine sin a dhíbhe. | |
[EN] | (3) Duine ar bith a dhéanfaidh, i ndeimhniú faoina shíniú a sheachadfar do charraeir coiteann faoi fho-mhír (ii) de mhír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, aon ráiteas atá bréagach, beidh sé ciontach i gcion faoin bhfo-alt seo. | |
[EN] | (4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoi fho-alt (1), (2) nó (3) den alt seo, dlífear, ar a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air, maraon le fíneáil bhreise nach mó ná dhá phunt in aghaidh gach bradáin nó bric a ndearnadh an cion ina leith nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná sé mhí. | |
[EN] | (5) I gcás duine a chiontú i gcion faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, beidh aon bhradán nó breac a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe. | |
[EN] |
Marcáil pacáistí ina bhfuil bradáin nó bric. |
183. —(1) Ní foláir na focail “bradáin agus bric,” nó an focal “bradáin” nó an focal “bric”, cibé acu is gá sa chás, a bheith marcáilte go sofheicthe ar an taobh amuigh de gach pácaiste in bhfuil bradáin nó bric ar bealach sa Stát, agus ainm agus seoladh an choinsíneora a bheith marcáilte air freisin nó ar an lipéad a bheidh greamaithe de. |
[EN] | (2) Gach duine a sheolfaidh nó a choinsíneoidh chun a iompartha sa Stát aon phacáiste bradán nó breac nach mbeidh marcáilte sa tslí a cheanglaítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo. | |
[EN] | (3) Gach duine a iompróidh ar luach saothair, de thalamh sa Stát nó de mhuir ó aon phort sa Stat, aon phacáiste bradán nó breac nach mbeidh marcáilte sa tslí a cheanglaítear leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo mura gcruthóidh sé nach raibh a fhios aige agus nach bhféadfadh sé go réasúnach a fhios a bheith aige go raibh bradán nó breac sa phacáiste sin. | |
[EN] | (4) Gach duine a bheidh ciontach i gcion faoin alt seo, dlífear ar a chiontú ann go hachomair, i gcás an chéad chiona, fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air agus, i gcás an dara cion nó aon chion ina dhiaidh sin, fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile. | |
[EN] | (5) Chun críocha an ailt seo measfar pacáiste a bheith ar bealach sa Stát nuair a bheidh sé á iompar ar mhodh ar bith ó aon áitreabh nó áit sa Stát go dtí aon áitreabh nó áit eile laistigh nó lasmuigh den Stát nó nuair a bheidh sé in aon áit, poiblí nó príobháideach, le linn nó chun críocha a iompartha amhlaidh. |