An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID V. Rátaí ar Iascaigh.) Ar Aghaidh (Caibidil II. Ceadúnais chun Iascaireacht a Dhéanamh in Uiscí Taoide Speisialta.)

14 1959

AN tACHT IASCAIGH (COMHDHLÚTHÚ), 1959

CUID VI.

Ceadúnais chun Bradáin, Bric agus Eascanna a Iascaireacht.

Caibidil I.

Gnáth-Cheadúnais Iascaireachta.

Gan feidhm a bheith ag an gCaibidil seo i gcás uiscí taoide speisialta.

64. —Ní bheidh feidhm ag an gCaibidil seo i gcás inneall iascaireachta a úsáid in aon uiscí taoide speisialta le bradáin nó bric a thógáil.

Pionós mar gheall ar inneall sceidealta neamhcheadúnaithe, seachas slat agus ruaim, a úsáid.

65. —(1) Má dhéanann duine ar bith aon inneall sceidealta a úsáid nó a chur suas in aon cheantar iascaigh chun bradáin, bric nó eascanna a thógáil, agus gan gnáth-cheadúnas iascaireachta a bheith i bhfeidhm ina leith de thuras ua huaire á údarú an t-inneall sin a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an t-inneall a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le slat agus ruaim a úsáid.

Pionós mar gheall ar bhradáin a iascaireacht nó a thógáil le slat agus ruaim ag duine neamhcheadúnaithe.

66. —(1) Más rud é—

(a) go ndéanfaidh duine ar bith bradáin a iascaireacht nó a thógáil nó a mharú le slat agus ruaim i gceantar iascaigh, agus

(b) nach bhfuil an duine sin ina shealbhóir ar ghnáthcheadúnas slaite bradán atá i bhfeidhm de thuras na huaire agus atá ar fáil le haghaidh úsáide sa cheantar iascaigh sin,

beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil a chur air nach lú ná dhá oiread agus nach mó ná trí oiread na gnáth-dhleachta ceadúnais is iníoctha de thuras na huaire i leith gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68.

(2) I gcás duine a chiontú i gcion faoin alt seo beidh an tslat agus an ruaim a ndearnadh an cion ina leith ar forghéilleadh mar iarmairt reachtúil de dhroim an chiontaithe.

Forálacha maidir le gnáthcheadúnais iascaireachta.

67. —(1) Déanfaidh gach bord coimeádaithe, de réir an ailt seo, ceadúnais iascaireachta (dá ngairtear gnáth-cheadúnais iascaireachta san Acht seo) a eisiúint i leith inneall sceidealta.

(2) (a) Ní dhéanfaidh bord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint mura mbeidh ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo i bhfeidhm de thuras na huaire á údarú don bhord coimeádaithe sin ceadúnais den aicme sin a eisiúint.

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, (uaidh féin nó ar iarratas ón mbord coimeádaithe) a údarú do bhord coimeádaithe gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a eisiúint.

(c) Féadfaidh an tAire tráth ar bith, le hordú, ordú faoi mhír (b) den fho-alt seo a chúlghairm.

(3) (a) Is iad na tréimhsí a mbeidh gnáth-cheadúnais iascaireachta le heisiúint ina n-aghaidh—

(i) i gcás gnáth-cheadúnas slaite bradán—seacht lá, lá agus fiche, bliain, agus tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil,

(ii) i gcás gnáth-cheadúnas iascaireachta eile—bliain.

(b) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (seacht lá) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh seacht lá, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(c) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (lá agus fiche) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh lá agus fiche, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(d) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(e) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (bliantúil) (ceantar) a thabharfar ar gnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh bliana agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(f) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(g) Gnáth-cheadúnais slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) a thabharfar ar ghnáth-cheadúnais slaite bradán is ineisithe in aghaidh tréimhse sé mhí dar tosach an chéad lá d'Iúil agus a bheidh ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh iad agus sa cheantar sin amháin, agus sin é a ghairtear díobh san Acht seo.

(4) (a) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse seacht lá dar tosach an dáta a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(b) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(c) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na tréimhse sé mhí dar tosach an dáta (ar chéad lá d'Iúil é) a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(d) Beidh gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáthcheadúnas slaite bradán (seacht lá), gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) bailí agus i bhfeidhm ar feadh na bliana a shonrófar chuige sin sa cheadúnas.

(5) Eiseofar gnáth-cheadúnas iascaireacht ar leithligh i leith gach innill iascaireachta ar leithligh.

(6) I gcás gach gnáth-cheadúnais iascaireachta a eiseoidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh—

(a) is i cibé foirm a ordóidh an tAire ó am go ham a bheidh sé,

(b) luafar ann—

(i) an tréimhse ar ar a feadh a bheidh sé bailí agus i bhfeidhm,

(ii) uimhir nó ainm an cheantair iascaigh sin,

(iii) mura gnáth-cheadúnas slaite bradán (seacht lá) é, nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (lá agus fiche), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar), nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) d'alt 68 nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt sin 68—ainm na toghroinne (ar toghroinn í den cheantar iascaigh sin) inar eisíodh é,

(iv) an cineál innill iascaireachta lena mbaineann sé.

(7) Má iarrtar ceadúnas slaite bradán ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh, eiseofar an ceadúnas sin—

(a) i gcás an t-iarratasóir a bheith ina úinéir nó ina áititheoir ar shlat-iascach bradán sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn den cheantar iascaigh sin ina bhfuil an t-iascach sin, nó

(b) in aon chás eile—

(i) mura bhfuil ach aon toghroinn fíoruisce amháin sa cheantar iascaigh sin, sa toghroinn fíoruisce sin, nó

(ii) má tá dhá thoghroinn fíoruisce nó níos mó sa cheantar iascaigh sin, i cibé ceann de na toghranna sin a iarrfaidh an t-iarratasóir.

(8) Má dhéantar iarratas chun bord coimeádaithe ar cheadúnas d'inneall iascaireachta (arb éard é inneall seasmhach, bosca i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó súil, bearna nó cliabh chun eascanna a thógáil i gcora iascaireachta nó i ndamba muilinn iascaireachta nó orthu sin), eiseofar an ceadúnas sin sa toghroinn ina bhfuil an t-inneall sin.

(9) Gach gnáth-cheadúnas a eiseofar i leith innill iascaireachta (seachas slat agus ruaim) beidh ar a aghaidh—

(a) i gcás innill a bheidh le húsaid in iascach eisiatach, ainm an duine (dá ngairtear an t-úinéir san alt seo) a bheidh de thuras na huaire i dteideal an t-inneall sin a úsáid chun a thairbhe féin nó, má iarrann an t-úinéir é trí fhógra i scríbhinn chun an bhoird choimeádaithe lena mbainfidh, ainm cibé duine eile a shonróidh an t-úinéir san fhógra, nó

(b) i ngach cás eile, ainm agus seoladh an duine a íocfaidh an dleacht cheadúnais ar an inneall sin.

(10) Séalófar gach gnáth-cheadúnas iascaireachta le séala an bhoird chiomeádaithe a eiseoidh é.

(11) Beidh gach ceann de na gnáth-cheadúnais iascaireachta seo a leanas ar fáil le húsáid i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é agus sa cheantar iascaigh sin amháin—

(a) gnáth-cheadúnas iascaireachta (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán),

(b) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar),

(c) gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar).

(12) Beidh gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) ar fáil le húsáid i ngach ceantar iascaigh.

(13) Inseofar i ngach gnáth-cheadúnas slaite bradán ainm agus seoladh an duine chun ar eisíodh é agus ní bheidh an ceadúnas sin ar fáil le húsáid ag aon duine ach amháin ag an duine a bheidh ainmnithe ann ná ní aistreofar é chun aon duine eile.

(14) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas iascaireachta (seachas gnáth-cheadúnas slaite bradán) chun údarás a thabhairt inneall iascaireachta den chineál a shonrófar ann a úsáid i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus sa cheantar iascaigh a shonrófar ann, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(15) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (nach gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) ná gnáthcheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar)) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i ngach ceantar iascaigh, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(16) Oibreoidh gach gnáth-cheadúnas slaite bradán (is gnáthcheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) nó gnáth-cheadúnas slaite bradán (séasúr déanach) (ceantar) chun a údarú don duine a ainmneofar ann, agus dósan amháin, slat bhradán a úsáid, i gcaitheamh na tréimhse a shonrófar ann agus i gceantar iascaigh an bhoird choimeádaithe a d'eisigh é, ach sin faoi réir fhorálacha an Achta seo agus aon ionstraime arna déanamh faoi.

(17) Ní fhorléireofar gnáth-cheadúnas iascaireachta mar ní a thugann nó a bhronnann aon cheart chun iascaireacht a dhéanamh nó aon inneall a úsáid le hiasc a thógáil ar bhealach ar bith ná in áit ar bith sa chás nach mbeadh an ceart sin ag an duine a bhfuil an ceadúnas aige nó a úsáideann é dá mba nár ritheadh an tAcht seo ná mar ní a athraíonn cearta aon duine eile nó a dhéanann difir dóibh.

Dleachtanna ar ghnáthcheadúnais iascaireachta.

68. —(1) (a) Faoi réir mhíreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas slaite bradán den aicme a shonraítear i gcolún (2), (3), (4), (5), (6), nó (7) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo an tsuim atá leagtha amach i cibé colún acu sin a bhaineann le gnáth-cheadúnas slaite bradán den aicme sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán d'aicme áirithe a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athrú, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shocraítear ina leith le mír (a) den fho-alt seo.

(c) Ní bhaineann an fo-alt seo leis an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith—

(i) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, nó

(ii) gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann fo-alt (3) den alt seo.

(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil), féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantuil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(3) (a) Baineann an fo-alt seo le gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) a bheidh bailí ar feadh bliana áirithe agus a eisíodh chun duine is sealbhóir ar cheadúnas slaite bradán (Limistéar an Fheabhail) a bheidh bailí ar feadh na bliana sin.

(b) Faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is deich scilling an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbaineann an fo-alt seo.

(c) Aon uair a dhéanfaidh an tAire, faoi mhír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, ordú ag athrú na dleachta gnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) féadfaidh sé, le hordú, an dleacht cheadúnais bhliantúil is iníoctha i leith gnáth-cheadúnas slaite bradán (bliantúil) (ceantar) lena mbainfidh an fo-alt seo a athrú.

(4) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha an tsuim atá leagtha amach i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(b) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, an dleacht ghnáth-cheadúnais a athrú i leith gnáthcheadúnas iascaireachta a údaraíonn inneall iascaireachta a úsáid de chineál a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha, ach sin i slí nach n-athrófar a dleacht ghnáth-cheadúnais sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(5) Má bhíonn an dleacht cheadúnais i leith ceadúnais chun inneall (nach inneall sceidealta) a úsáid socraithe faoi alt 69 maidir le ceantar iascaigh áirithe, ansin, i gcás an cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag an forálacha seo a leanas—

(a) chun críocha an Achta seo tiocfaidh an t-inneall sin chun bheith, agus beidh sé, ina inneall sceidealta,

(b) faoi réir mhír (c) den fho-alt seo, is í an dleacht ghnáthcheadúnais is iníoctha i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid an dleacht a bheidh socraithe amhlaidh faoin alt sin 69,

(c) féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, athrú a dhéanamh ar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadúnas chun an t-inneall sin a úsáid, ach sin i slí nach n-athrófar an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith ceadunais den chineál sin ionas go mbeidh sí níos mó ná dhá oiread na suime a bheidh socraithe ina leith faoin alt sin 69.

(6) Má athraítear an dleacht ghnáth-cheadúnais i leith gnáthcheadúnas iascaireachta faoi aon cheann de na forálacha seo a leanas den alt seo, eadhon, mír (b) d'fho-alt (1), mír (c) d'fho-alt (2), mír (c) d'fho-alt (3), mír (b) d'fho-alt (4) agus mír (c) d'fho-alt (5), beidh an dleacht arna hathrú amhlaidh iníoctha i leith aon ghnáth-cheadúnas iascaireachta den chineál a bheidh bailí ar feadh tréimhse a thosóidh an 1ú lá, nó tar éis an 1ú lá, den chéad Eanáir eile tar éis an t-ordú a dhéanamh a d'athraigh an dleacht sin amhlaidh.

Dleachtanna ceadúnais ar innill nach sonraítear sa Cheathrú Sceideal agus srianta le húsáid na n-inneall sin.

69. (1) Má bheartaíonn duine úsáid a bhaint in aon cheantar iascaigh as inneall (nach inneall sceidealta chun bradán, bric nó eascanna a iascaireacht, agus nach bhfuil aon dleacht ghnáthcheadúnais socraithe ina leith faoin alt seo ag bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, féadfaidh an duine sin a iarraidh de réir an ailt seo ar an mbord coimeádaithe sin an dleacht ghnáthcheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun an t-inneall sin a úsáid, agus ar an iarratas sin a fháil, féadfaidh an bord coimeádaithe sin, le ceadú an Aire an dleacht cheadúnais sin a shocrú, ag tabhairt aird chomh fada agus is féidir é ar an gcumas gabhála a mheastar don inneall sin i gcomparáid le hinnill sceidealta.

(2) I ngach iarratas faoin alt seo maidir le hinneall tabharfar tuairisc ar an inneall, an cumas gabhála a mheastar dó i gcomparáid le hinnill sceidealta, agus an t-ainm atá le bheith air.

(3) Má dhéanann bord coimeádaithe cheantair iascaigh, faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht ghnáth-cheadúnais a shocrú i leith gnáth-cheadúnas iascaireachta chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar i nuachtán éigin a léitear sa cheantar iascaigh sin fógra faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin.

(4) I gcás ina ndéanfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh, de bhun iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo, an dleacht cheadúnais a shocrú i leith ceadúnas chun inneall neamhsceidealta a úsáid sa cheantar iascaigh sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:—

(a) féadfaidh an t-iarratasóir nó aon duine eile arb éagóir leis méad na dleachta ceadúnais a shocrófar amhlaidh, má thugann sé, laistigh de dheich lá tar éis fógra a fhoilsiú faoi shocrú na dleachta ceadúnais sin, do chláraitheoir contae an chontae nó na contae-bhuirge a bhfuil sé beartaithe an t-inneall sin a úsáid ann agus don bhord coimeádaithe sin, fógra go bhfuiltear chun an t-achomharc sin a dhéanamh i gcoinne méad na dleachta sin.

(b) déanfaidh Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta don Chuaird ina bhfuil an contae nó an chontae-bhuirg sin, an t-achomharc sin a éisteacht,

(c) féadfaidh an Breitheamh sin, tar éis dó an t-achomharcóir agus an bord coimeádaithe sin a éisteacht, méad na dleachta sin a laghdú, a dhaingniú nó a mhéadú, de réir mar is cuí leis, agus is breith chríochnaitheach a bhreith,

(d) gabhfaidh an bhreith ar an achomharc sin siar go dtí an dáta ar ar shocraigh an bord coimeádaithe sin an dleacht sin, agus dá réir sin—

(i) má laghdaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, aisíocfaidh an bord coimeádaithe sin an bhreis a íocadh,

(ii) má mhéadaítear méad na dleachta sin de thoradh an achomhairc sin, beidh an íocaíocht a rinneadh cheana ina urscaoileadh pro tanto.

(5) Má dhéanann aon duine (seachas an tAire) aon inneall neamhsceidealta a úsáid in aon cheantar iascaigh, gan fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a chomhlíonadh roimh ré agus gan an tsuim a thaisceadh le bord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin a éileoidh an bord sin i leith na dleachta ceadúnais a bheidh le socrú ina dhiaidh sin i leith an innill sin, ansin beidh an duine sin ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach lú ná cúig phunt a chur air agus, i gcás ciona leanúnaigh, fíneáil bhreise nach lú ná caoga punt in aghaidh gach lae a d'úsáid an duine sin an t-inneall sin amhlaidh.

Gníomhairí chun gnáthcheadúnais iascaireachta a eisiúint.

70. —(1) Féadfaidh bord coimeádaithe cheantair iascaigh cibé daoine agus cibé líon daoine is cuí leis a cheapadh chun bheith ina ngníomhairí don bhord le gnáth-cheadúnais iascaireachta a eisiúint, agus beidh gach duine a cheapfaidh bord coimeádaithe amhlaidh ina ghníomhaire údaraithe don bhord sin chun na críche sin.

(2) Glacfaidh an bord coimeádaithe ó gach duine is gníomhaire údaraithe don bhord sin leor-urrús go dtabharfaidh sé cuntas cuí in aon dleacht cheadúnais a íocadh leis agus go gcomhlíonfaidh sé a dhualgas go cuí, agus beidh costas aon liúntais a thabharfar i leith ceadúnas a eisiúint ina chuid de chaiteachas an bhoird choimeádaithe sin.

(3) Déanfaidh gach gníomhaire údaraithe do bhord coimeádaithe cuntas ar na dleachtanna ceadúnais go léir a fuair sé a thabhairt don bhord coimeádaithe sin gach mí nó a mhinice a iarrfaidh an bord é agus leagfaidh sé amach sa chuntas sin—

(a) na suimeanna a fuair sé i leith ceadúnas do gach inneall ar leith chun iasc a thógáil, agus

(b) ainmneacha agus áiteanna cónaithe na ndaoine ar eisíodh ceadúnais chucu, agus

(c) an toghroinn dár eisíodh gach ceadúnas díobh sin.

Ceart chun gnáthcheadúnais iascaireachta a fháil.

71. —Más rúd é—

(a) go n-iarrfaidh duine ar bhord coimeádaithe cheantair iascaigh nó ar ghníomhaire údaraithe don bhord coimeádaithe sin gnáth-cheadúnas iascaireachta a eisiúint chuige chun inneall sonraithe a úsáid chun iasc a thógáil, agus

(b) go ndéanfaidh an duine sin an dleacht ghnáth-cheadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin a thairiscint don bhord coimeádaithe sin nó don ghníomhaire údaraithe sin,

déanfaidh an bord coimeádaithe sin nó an gníomhaire údaraithe sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, an ceadúnas sin a eisiúint chun an duine sin.

Dleachtanna gnáthcheadúnais ar líonta tarraingthe agus ar shruth-líonta a íoc ina dtráthchodanna.

72. —Más rud é—

(a) tráth nach déanaí ná an chéad lá den séasúr oscailte le haghaidh iascaireachta le hinnill seachas slat agus ruaim in aon bhliain do cheantar iascaigh, go n-iarrfar ceadúnas chun bradáin a iascaireacht le líon tarraingthe nó le sruth-líon ar bhord coimeádaithe an cheantair iascaigh sin, agus

(b) go dtairgfidh an t-iarratasóir i dteannta a iarratais leath na dleachta ceadúnais is iníoctha i leith an cheadúnais sin,

beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas—

(i) eiseoidh an bord coimeádaithe sin an ceadúnas sin chun an iarratasóra ach sin faoi réir an choinníll (a fhormhuineofar ar an gceadúnas sin) go n-íocfar iarmhéid na dleachta ceadúnais sin tráth nach déanai ná an tríochadú lá tar éis an chéad lá den séasúr oscailte sin,

(ii) mura ndéantar de réir an choinníll sin scoirfidh an ceadúnas sin de bheith i bhfeidhm an tríochadú lá sin agus uaidh sin amach.