|
||||
|
[EN] | ||
Uimhir 32 de 1960. | ||
[EN] |
AN tACHT UM GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA, 1960. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DÁ ÚDARÚ DON AIRE AIRGEADAIS SCAIREANNA DE CHUID GHABHÁLTAIS CHRUACH NA hÉIREANN TEORANTA A THÓGÁIL, DO DHÉANAMH SOCRÚ CHUN SCAIR-CHAIPITEAL NA CUIDEACHTA A MHÉADÚ AGUS CHUN IASACHTAÍ AG AN gCUIDEACHTA A RÁTHÚ AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [15 Samhain, 1960.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
Mínithe. |
1. —San Acht seo— |
[EN] | ciallaíonn “na hAchtanna Cuideachtaí” na hAchtanna Cuideachtan, 1908 go 1959; | |
[EN] | ciallaíonn “an Chuideachta” Gabháltais Chruach na nÉireann Teoranta; | |
[EN] | ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála. | |
[EN] |
Scair-chaipiteal na Cuideachta. |
2. —D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cuideachtaí nó i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais na Cuideachta, is é scair-chaipiteal na Cuideachta ceithre mhilliún punt arna roinnt ina scaireanna punt an ceann agus beidh cumhacht ag an gCuideachta, le toiliú an Aire Airgeadais, na scaireanna i gcaipiteal na Cuideachta a roinnt ina n-aicmí leithleacha agus aon chearta, pribhléidí nó coinníollacha tosaíochta, siarainn, cáilithe nó speisialta a chur ag gabháil leo faoi seach. |
[EN] |
An tAire Airgeadais do thógáil scaireanna. |
3. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, scaireanna d'aon aicme nó aicmí sa Chuideachta a thógáil trí shuibscríobh nó trína gceannach ón sealbhóir suas go dtí méid nach mó san iomlán ná £4,000,000, lena n-áirítear aon suim a caitheadh roimh dháta an Achta seo a rith le ceannach den sórt sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas. |
[EN] | (2) Is as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a airleacfar an t-airgead go léir a bheidh ag teastáil ó am go ham, tar éis dáta an Achta seo a rith, ón Aire Airgeadais faoi chomhair íocaíochtaí is gá dó a dhéanamh i leith aon scaireanna a thógfaidh sé nó a gheobhaidh sé ar shlí eile. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais do shealbhú scaireanna. |
4. —(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais aon scaireanna sa Chuideachta a bheidh sé tar éis a thógáil nó a fháil, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, a shealbhú an fad is oiriúnach leis é agus, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, féadfaidh sé, mar is oiriúnach agus nuair is oiriúnach leis é, na scaireanna sin uile nó aon chuid díobh a dhíol nó a dhiúscairt ar shlí eile. |
[EN] | (2) Déanfar an glan-fháltas ó dhíol scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | |
[EN] |
An tAire Airgeadais d'fheidhmiú cirt nó cumhachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna. |
5. —Féadfaidh an tAire Airgeadais na cearta agus na cumhachtaí go léir a fheidhmiú i leith scaireanna a bheidh aige sa Chuideachta is infheidhmithe ag sealbhóir scaireanna den sórt sin agus, más trí aturnae is infheidhmithe ceart nó cumhacht, féadfaidh sé an céanna a fheidhmiú trína aturnae. |
[EN] |
Díbhinní, etc., a íoc isteach sa Státchiste. |
6. —Déanfar na díbhinní agus an t-airgead eile go léir a gheobhaidh an tAire Airgeadais i leith scaireanna sa Chuideachta a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. |
[EN] |
An meabhrán comhlachais agus na hairteagail chomhlachais a athrú. |
7. —Déanfaidh an Chuideachta na beartanna sin is gá faoi na hAchtanna Cuideachtaí chun meabhrán comhlachais agus airteagail chomhlachais na Cuideachta a athrú chun go mbeidh siad ar comhréir leis an Acht seo. |
[EN] |
Leasú ar an Acht Ráthaíocht Stáit, 1954 . |
8. —Leasaítear leis seo an tAcht Ráthaíocht Stát, 1954, tríd an ábhar go léir atá ag uimhir thagartha 4 a scriosadh as an Sceideal a ghabhann leis an Acht sin. |
[EN] |
An tAire do ráthú airgid a gheofar ar iasacht. |
9. —(1) Más oiriúnach leis an Aire é, féadfaidh sé, le toiliú an Aire Airgeadais, iasacht don Chuideachta a ráthú. |
[EN] | (2) Aon uair a ráthóidh an tAire iasacht faoin alt seo féadfaidh sé ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha a cheadóidh an tAire Airgeadais, go n-aisíocfaidh an Chuideachta go cuí príomhshuim na hiasachta nó go n-íocfar ús ar an iasacht nó go ndéanfar an phríomhshuim sin a aisíoc agus fós an t-ús sin a íoc. | |
[EN] | (3) Ní dhéanfaidh an tAire na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) den alt seo a fheidhmiú i slí go mbeidh méid, nó méid comhiomlán, na príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoi na fo-ailt sin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, maraon le méid na príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana ag an Aire ar scór aon ráthaíochtaí den sórt sin agus nach mbeidh aisíoctha ag an gCuideachta, níos mó ná £500,000. | |
[EN] | (4) I gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh ráthaíocht faoin alt seo a thabhairt, tabharfaidh an Chuideachta, má éilíonn an tAire é, cibé urrús (lena n-áirítear, go sonrach, bintiúirí) a shonrófar san éileamh chun aisíoc aon airgid a dhlífidh an tAire a íoc, nó a bheidh íoctha aige, faoin ráthaíocht a áirithiú don Aire. | |
[EN] | (5) Déanfaidh an tAire, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina luafar maidir le gach ráthaíocht a tugadh faoin alt seo i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin,— | |
[EN] | (a) sonraí na ráthaíochta, | |
[EN] | (b) i gcás ina ndearna an tAire aon íocaíocht faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (má b'ann) a aisíocadh leis an Aire ar scór na híocaíochta, | |
[EN] | (c) an méid príomhshuime a bhí faoi réim na ráthaíochta agus a bhí gan aisíoc ag deireadh na bliana sin. | |
[EN] | (6) Déanfar airgead is gá don Aire a íoc faoi ráthaíocht faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis. | |
[EN] | (7) Déanfaidh an Chuideachta airgead a d'íoc an tAire faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis an Aire (maraon le hús air de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) laistigh de dhá mhí déag ó dháta an airleacain. | |
[EN] | (8) I gcás ina mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a airleacadh faoi fho-alt (6) den alt seo gan aisíoc leis an Aire de réir fho-alt (7) den alt seo, déanfar an tsuim a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (9) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (8) den alt seo chun suim a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Chuideachta de bheith faoi dhliteanas ag an Aire i leith na suime sin agus aisíocfaidh an Chuideachta an tsuim sin (maraon le hús uirthi de réir cibé rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) leis an Aire cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh an tAire Airgeadais agus, mura ndéantar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla. | |
[EN] | (10) Déanfar airgead a aisíocfaidh an Chuideachta leis an Aire nó a ghnóthóidh an tAire ón gCuideachta faoin alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste. | |
[EN] |
Airgead a airleacan as an bPríomh-Chiste. |
10. —(1) Chun airgead a sholáthar le haghaidh airleacan as an bPríomh-Chiste faoin Acht seo, féadfaidh an tAire Airgeadais aon suim nó suimeanna a fháil ar iasacht ó dhuine ar bith, agus, chun a céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a chruthnú agus a eisiúint, agus iad faoi cibé ráta úis agus faoi réir cibé coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte, nó eile, is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead a gheobhaidh sé ar iasacht amhlaidh. |
[EN] | (2) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuime agus úis aon urrús a eiseoidh an tAire Airgeadais faoin Acht seo agus an chaiteachais faoina rachfar i ndáil le heisiúint na n-urrús sin. | |
[EN] |
Díolúine ó dhleachtanna stampa. 1891, c. 39. |
11. —Ní oibreoidh alt 112 den Stamp Act, 1891, chun a cheangal ar an gCuideachta aon ráiteas a sheachadadh do Chláraitheoir na gCuideachtaí nó aon dleacht stampa a íoc faoin alt sin i leith aon mhéadú ar chaipiteal na Cuideachta a dhéanfar tar éis dáta an Achta seo a rith. |
[EN] |
Forálacha ag a mbeidh éifeacht i gcúinsí áirithe. |
12. —Beidh éifeacht ag forálacha an Sceidil a ghabhann leis an Acht seo an fad— |
[EN] | (a) a bheidh aon scaireanna sa Chuideachta ag an Aire Airgeadais, | |
[EN] | (b) a bheidh aon airgead gan aisíoc a fuair an Chuideachta ar iasacht agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe ag an Aire faoin Acht seo, nó | |
[EN] | (c) a bheidh aon airgead a fuair an Chuideachta ar iasacht, agus a mbeidh a aisíoc cuí ráthaithe amhlaidh agus a mbeidh a mhéid íoctha ag an Aire faoin ráthaíocht (maraon le hús air de réir na rátaí a cheap an tAire Airgeadais), gan aisíoc ag an gCuideachta leis an Aire nó gan gnóthú ón gCuideachta ag an Aire. | |
[EN] |
Caiteachas an Aire. |
13. —Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. |
[EN] |
Gearrtheideal. |
14. —Féadfar an tAcht um Ghabháltas Chruach na hÉireann Teoranta, 1960, a ghairm den Acht seo. |