|
||||
|
Ar Aghaidh (AN SCEIDEAL. Achtacháin a Aisghairtear.) |
[EN] | ||
Uimhir 18 de 1961. | ||
[EN] |
ACHT NA nALTRAÍ, 1961. | |
[An tiontú oifigiúil.] |
ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ ACHT NA nALTRAN, 1950 , AGUS D'AISGHAIRM ALT 44 D'ACHT NA mBAN CABHARTHA, 1944 . [11 Iúil, 1961.] |
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— | ||
[EN] |
An Priomh-Act. |
1. —San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nAltran, 1950 . |
[EN] |
Altraí a fhéadfaidh votail chun comhaltai an Bhoird a thoghadh. |
2. —(1) Aon rialacha a dhéanfar chun críocha alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaidh siad an aicme nó na haicmí altraí a shonrú a fhéadfaidh vótáil chun duine nó daoine a shonraítear in aon cheann de mhíreanna fho-alt (2) den alt sin a thoghadh. |
[EN] | (2) Rialacha na nAltraí, 1953, agus na toghcháin a seoladh de réir na Rialachán sin roimh dháta an Acht seo a rith, beidh siad, agus measfar iad a bheith ariamh, chomh bailí chun gach críche amhail is dá mbeadh fo-alt (1) den alt seo achtaithe sula ndearnadh na Rialacha sin. | |
[EN] |
Costais comhaltaí a chomhlíonann feidhmeanna thar ceann an Bhoird. |
3. —I gcás ina gcomhlíonfaidh comhalta den Bhord nó den Choiste nó d'aon choiste eile den Bhord aon fheidhm thar ceann an Bhoird, féadfaidh an Bord a chostais taistil agus cothabhála a íoc leis agus is de réir scála a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheidh na híocaíochtaí. |
[EN] |
Deontais bhliantúla i lei caiteachais an Bhoird. |
4. —(1) Tabharfaidh an tAire deontais bhliantúla i leith caiteachais an Bhoird. |
[EN] | (2) Aon deontas faoin alt seo— | |
[EN] | (a) is é méid a bheidh ann cibé méid a chinnfidh an tAire agus é i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBord, agus | |
[EN] | (b) íocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas. | |
[EN] | (3) Beidh feidhm ag forálacha alt 60 den Phríomh-Acht maidir le deontas faoin alt seo agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí san alt sin d'iarmhéid faoi alt 59 den Phríomh-Acht mar thagairtí do dheontas faoin alt seo. | |
[EN] |
Fáltas ó tháillí. |
5. —I gcás táillí dá dtagraítear in alt 24 den Phríomh-Acht a bheith inmhuirir, socróidh an Bord a méid ó am go ham le rialacha ar mhodh gur leor an fáltas uathu, bliain ar bhliain, chun íoc as caiteachas an Bhoird (seachas cibé cuid den chaiteachas a chinnfidh an tAire). |
[EN] |
Eolas ón mBord. |
6. —Tabharfaidh an Bord don Aire, cibé tráth agus i cibé foirm a iarrfaidh an tAire, cibé eolas, maidir le comhlíonadh a ndualgas, a iarrfaidh an tAire. |
[EN] |
Ceapadh agus téarma oifige uachtarán an Bhoird. |
7. —(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana toghcháin, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord. |
[EN] | (2) Má tharlaíonn folúntas in oifig uachtarán an Bhoird ar shlí eile seachas deireadh a bheith le téarma oifige an uachtaráin, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] | (3) Murab éag, éirí as oifig mar uachtarán, nó scor de bheith ina uachtarán roimhe sin dó faoi fho-alt (5) den alt seo, sealbhóidh uachtarán an Bhoird a oifig mar uachtarán go dtí an chéad cheapachán eile faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis a cheaptha mar uachtarán nó, i gcás duine a bheidh ina uachtarán de bhua fho-alt (6) den alt seo, tar éis dáta an Achta seo a rith. | |
[EN] | (4) Féadfaidh uachtarán an Bhoird éirí as a oifig mar uachtarán tráth ar bith trí litir a chuirfear leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as ag tosach an chéad chruinniú eile den Bhord a chomórfar tar éis an litir a fháil mura ndéanfar an éirí as a tharraíngt siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin. | |
[EN] | (5) Má scoireann uachtarán an Bhoird de bheith ina chomhalta den Bhord le linn a théarma oifige mar uachtarán, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé láithreach de bheith, ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] | (6) I gcás duine a bheith i seilbh oifig uachtarán an Bhoird díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin d'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht a aisghairm leis an Acht seo. | |
[EN] | (7) I gcás oifig uachtarán an Bhoird a bheith folamh díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord. | |
[EN] |
Aisghairm. |
(8) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin. |
[EN] |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua. |
9. —(1) Féadfar Acht na nAltraí, 1961 , a ghairm den Acht seo. |
[EN] | (2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin. | |
[EN] | (3) Féadfar Achtanna na nAltraí, 1950 agus 1961, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile. |