An Chéad Lch. Lch. Roimhe Seo (CUID IV An Chúirt Dúiche) Ar Aghaidh (AN CHÉAD SCEIDEAL Achtacháin a Aisghairtear)

39 1961

ACHT NA gCÚIRTEANNA (FORÁLACHA FORLÍONTACHA), 1961

CUID V

Forálacha Ilghnéitheacha

Riaradh ceartais ar chuma seachas go poiblí.

45. —(1) Féadfar ceartas a riaradh ar chuma seachas go poiblí in aon chás acu seo a leanas:

(a) iarratais a mbeidh práinn ag baint leo ar fhaoiseamh i modh habeas corpus, bannaí, toirmisc nó urghaire;

(b) cúiseanna agus ábhair maidir le pósadh;

(c) ábhair maidir le gealtacht agus mionaoisigh;

(d) imeachtaí a dtiocfaidh nochtadh próis rúnda déantóireachta i gceist iontu;

(2) Is cásanna de bhreis ar aon chásanna eile a ordaítear le haon Acht ón Oireachtas na cásanna a ordaítear le fo-alt (1) den alt seo.

(3) Beidh lánfheidhm agus lánéifeacht ag aon fhoráil in aon reacht ó Pharlaimint na sean-Ríochta Aontaithe nó ó Oireachtas Shaorstát Éireann a rinne foráil le haghaidh ceartas a riaradh ar chuma seachas go poiblí agus nach bhfuil i bhfeidhm ar an aonchúis go bhfuil sé ar neamhréir le forálacha Bhunreacht Shaorstát Éireann nó an Bhunreachta, cibé acu é.

Forálacha maidir le tuarastail agus pinsin bhreithiúna.

46. —(1) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte an tuarastal seo a leanas—

(a) leis an bPríomh-Bhreitheamh suim £5,335 sa bhliain,

(b) le hUachtarán na hArd-Chúirte agus le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí suim £4,070 sa bhliain,

(c) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na hArd-Chúirte suim £3,575 sa bhliain.

(2) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Cuarda an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Cuarda suim £3,575 sa bhliain,

(b) le gach duine de ghnáth-bhreithiúna na Cúirte Cuarda suim £2,835 sa bhliain.

(3) Íocfar le breithiúna ar leith na Cúirte Dúiche an tuarastal seo a leanas—

(a) le hUachtarán na Cúirte Dúiche suim £2,500 sa bhliain,

(b) le gach Ard-Bhreitheamh do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,215 sa bhliain,

(c) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta do Dhúiche Chathrach Bhaile Átha Cliath suim £2,070 sa bhliain,

(d) leis an mbreitheamh den Chúirt Dúiche a bheidh de thuras na huaire buansannta don dúiche chúirte dúiche arb é atá ann nó a n-áirítear ann Contae-Bhuirg Chorcaí suim £2,070 sa bhliain,

(e) le gach breitheamh eile den Chúirt Dúiche suim £1,925 sa bhliain.

(4) Muirearófar ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus íocfar as an gcéanna—

(a) an tuarastal is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, agus

(b) an pinsean is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Uachtarach, den Ard-Chúirt nó den Chúirt Chuarda nó den Chúirt Dúiche, agus

(c) an t-aoisliúntas agus an liúntas breise is iníoctha faoin Acht seo le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus

(d) an aisce is iníoctha faoin Acht seo i leith breithimh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(5) Ní bheidh thar aon phinsean amháin iníoctha faoin Acht seo leis an aon duine amháin.

(6) I gcás duine a bheidh ag fáil pinsin faoin Acht seo a bheith ar fostú i bpost a n-íoctar tuarastal ina leith as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas nó as an bPríomh-Chiste, ansin—

(a) ní bheidh an pinsean sin iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh tuarastal an duine sin sa phost sin comhionann lena thuarastal san oifig bhreithiúnach a bhfuil sé i dteideal an phinsin sin ina leith nó níos mó ná an tuarastal sin, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean sin in aghaidh aon tréimhse inar lú tuarastal an duine sin sa phost sin ná a thuarastal san oifig bhreithiúnach sin ach an oiread de a dhéanfaidh i dteannta a thuarastail sa phost sin méid a thuarastail san oifig bhreithiúnach sin.

(7) Nuair a bheidh fo-alt (5) den alt seo á chur chun feidhme maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, déanfar tagairtí do phinsean a fhorléiriú mar thagairtí d'aoisliúntas agus do liúntas breise.

(8) Nuair a bheidh fo-alt (6) den alt seo á chur chun feidhme maidir le breitheamh den Chúirt Dúiche lena mbaineann mír 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an alt seo, déanfar tagairtí do phinsean a fhorléiriú mar thagairtí d'aoisliúntas.

Ús ar fhiacha breithiúnais.

1840, c. 105.

47. —(1) Gach fiach breithiúnais a bheidh dlite ar bhreithiúnas ón gCúirt Chuarda a gheofar ar an dáta feidhme nó dá éis measfar gur fiach breithiúnais é de réir bhrí alt 26 (a fhorálann go ngabhfaidh ús le fiacha breithiúnais) den Debtors (Ireland) Act, 1840.

(2) Bainfidh alt 26 den Debtors (Ireland) Act, 1840, agus an t-alt sin 26, arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo, le fiach breithiúnais a bheidh dlite d'údarás Stáit nó uaidh.

Feidhm achtachán a bhaineann leis na cúirteanna do láthair agus le breithiúna agus le hoifigigh na gcúirteanna sin, agus rialacha cúirte.

1951, Uimh. 2 .

1961, Uimh. 16 .

48. —(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, baineann an t-alt seo leis na hachtacháin seo a leanas—

(i) aon achtachán atá sa hAchtanna Cúirteanna Breithiúnais, 1924 go 1961, in Achtanna na nOifigeach Cúirte, 1926 go 1961, nó san Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 ,

(ii) aon achtachán eile a bhfuil tagairt ann do chúirt a bunaíodh le hAcht 1924 nó do bhreitheamh nó oifigeach di,

(iii) aon ionstraim (seachas rialacha cúirte) a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme agus a rinneadh faoi aon achtachán dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) den mhír seo.

(b) Ní bhaineann an t-alt seo—

(i) le haon achtachán a aisghaireadh roimh an dáta feidhme nó a aisghairtear leis an Acht seo, ná

(ii) le fo-alt (2) d'alt 19 ná le hailt 77 agus 78 d'Acht 1924.

(2) Nuair a bheidh an t-alt seo á chur chun feidhme maidir leis an gCúirt Dúiche do láthair agus leis an gCúirt Dúiche déanfar tagairt do bhreitheamh a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den Chúirt sin.

(3) Beidh feidhm ag gach achtachán lena mbaineann an t-alt seo maidir leis na cúirteanna a bunaíodh leis an bPríomh-Acht agus le breithiúna agus oifigigh na gcúirteanna sin ionann is dá mba san Acht seo a achtaíodh é, i dteannta agus faoi réir—

(a) na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo,

(b) cibé oiriúnuithe agus modhnuithe eile a dhéanfaidh an tAire faoi fho-alt (6) den alt seo.

(4) Measfar rialacha cúirte, a rinneadh faoi na hachtacháin lena mbaineann an t-alt seo agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme a bheith arna ndéanamh faoi na hachtacháin sin, mar a chuirtear chun feidhme iad le fo-alt (3) den alt seo, agus beidh éifeacht acu dá réir sin, ach sin i dteannta agus faoi réir na modhnuithe a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo, agus féadfar aon rialacha cúirte den sórt sin a athrú nó a neamhniú ionann is dá mba faoi na hachtacháin sin arna gcur chun feidhme amhlaidh a rinneadh iad.

(5) Is iad seo a leanas na modhnuithe dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (3) agus i bhfo-alt (4) den alt seo—

(a) déanfar tagairt don chúirt a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an acht seo ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt don chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin,

(b) déanfar tagairt do bhreitheamh den chúirt a luaitear i gcolún (2) den Chuid sin I ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt do bhreitheamh den chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin, agus

(c) déanfar tagairt don bhreitheamh a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ag uimhir thagartha áirithe a fhorléiriú mar thagairt don bhreitheamh a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin.

(6) (a) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le hordú, oiriúnuithe nó modhnuithe (nach mbeidh ar neamhréir leis na modhnuithe a dhéantar le fo-alt (5) den alt seo) a dhéanamh in nó ar aon achtachán lena mbaineann an t-alt seo mar is dóigh leis is gá agus is cuí chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an Achta seo.

(b) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoi mhír (a) den fho-alt seo beidh éifeacht aige agus measfar éifeacht a bheith aige riamh, má fhoráiltear amhlaidh san ordú, ar an dáta feidhme agus uaidh sin amach.

(7) Aon áit a bhfuil “an tAcht seo” in aon achtachán a chuirtear chun feidhme leis an alt seo déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, é a fhorléiriú mar thagairt don Acht a bhfuil an t-achtachán sin ann.

(8) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 51 d'Acht 1936, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gcuirfí “seasamh deich mbliana” in ionad “seasamh sé mblian”.

(9) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) d'alt 27 d'Acht 1953, mar a chuirtear chun feidhme é leis an alt seo, ionann is dá gcuirfí tagairt d'alt 40 den Acht seo in ionad na tagartha atá ann d'alt 11 (a aisghairtear leis an Acht seo) d'Acht 1946.

(10) (a) Ní mheasfar mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 2 d'Acht 1961 a bheith ag tagairt do dhuine a bhí díreach roimh Acht 1961 a rith, ina bhreitheamh den Chúirt Uachtarach do láthair, den Ard-Chúirt do láthair, den Chúirt Chuarda do láthair nó den Chúirt Dúiche do láthair agus a cheapfar ina bhreitheamh ar an dáta feidhme.

(b) Measfar an tagairt atá i bhfo-ailt (2), (4), agus (5) d'alt 4 d'Acht 1961 do na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951, d'fholú tagartha don Acht seo.

(c) Beidh éifeacht ag alt 5 d'Acht 1961 ionann is dá gcuirfí isteach ann i ndeireadh fho-alt (2) “nó faoi alt 58 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961 .”

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “Acht 1961” Acht na gCúirteanna Breithiúnais agus na nOifigeach Cúirte (Aoisliúntas), 1961 .

Riaradh ceartais agus a chur i bhfeidhm a bheith leanúnach.

49. —(1) Ní bhrisfear leanúnachas riartha ceartais ná leanúnachas a churtha i bhfeidhm tríd an bPríomh-Acht nó an tAcht seo a theacht i ngníomh.

(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo—

(a) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair sa chúirt a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh faoi seach sa chúirt a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin,

(b) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair an bhreithimh a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag uimhir thagartha áirithe (arb í uimhir thagartha 1 nó 2 í) a bheith arna dhéanamh sa chúis nó san ábhar sin os comhair an bhreithimh a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin II ag an uimhir thagartha sin,

(c) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair agus é ag feidhmiú dlínse aimiréalachta a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí,

(d) measfar aon ghníomh a rinneadh nó aon imeachtaí a tionscnaíodh roimh an dáta feidhme i leith aon chúise nó ábhair os comhair Bhreitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí agus é ag feidhmiú dlínse féimheachta do láthair a bheith arna dhéanamh nó arna dtionscnamh i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí.

(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair” an breitheamh den Chúirt Chuarda do láthair don chuaird den Chúirt Chuarda do láthair arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí.

Achomhairc ón gCúirt Dúiche i gcásanna coiriúla i gcoinne na pianbhreithe amháin.

50. —I gcás—

(a) ina ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche ordú i gcás coiriúil ag ciontú duine agus á chur de phianbhreith air suim phionósach nó suim eile a íoc nó ní ar bith a dhéanamh ar chostas ar bith nó téarma príosúnachta a chur isteach nó é a bheidh le coinneáil i bhForas Naomh Pádraig, agus

(b) ina ndéanfar achomharc i gcoinne an ordaithe, agus

(c) (i) ina ndéarfar san fhógra achomhairc nach bhfuil an t-achomharc á dhéanamh ach i gcoinne na coda den ordú a bhaineann leis an bpianbhreith, nó

(ii) ina gcuirfidh an t-achomharcóir in iúl, tráth éisteachta an achomhairc, nach mian leis achomharc a dhéanamh ach i gcoinne na coda den ordú a bhaineann leis an bpianbhreith,

ansin, d'ainneoin aon rialach dlí, ní dhéanfaidh an Chúirt Chuarda, tráth éisteachta an achomhairc, an cás a athéisteacht ach an méid is gá chun go bhféadfaidh an chúirt ceist na pianbhreithe a bhreithniú.

Alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, a leathnú.

1857, c. 43.

51. —(1) Déantar leis seo alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, a leathnú ionas go bhféadfaidh aon pháirtí in imeachtaí ar bith a éistfidh agus a chinnfidh breitheamh den Chúirt Dúiche (seachas imeachtaí maidir le cion indíotáilte nár thriail an chúirt go hachomair), má bhíonn sé míshásta leis an gcinneadh sin faoina bheith earráideach i bponc den dlí, a iarraidh i scríbhinn laistigh de cheithre lá dhéag i ndiaidh an chinnte sin ar an mbreitheamh sin cás a shonrú agus a shíniú ag leagan amach fíorais agus forais an chinnte sin le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte air.

(2) Ar iarratas a dhéanamh faoi alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, mar a leathnaítear é le fo-alt (1) den alt seo, ag iarraidh cás sonraithe, fionrófar an cinneadh a ndéanfar an t-iarratas ina leith—

(a) má ghéilleann an breitheamh den Chúirt Dúiche a ndéanfar an t-iarratas chuige don iarratas, go dtí go mbeifear tar éis an cás sonraithe a éisteacht agus a chinneadh, agus

(b) má dhiúltaíonn sé géilleadh don iarratas, go dtí go ndiúltóidh sé amhlaidh.

(3) Déanfar na tagairtí atá in ailt 6, 8, 9, 10 agus 14 den Summary Jurisdiction Act, 1857, don Acht sin a fhorléiriú mar thagairtí don Acht sin arna leathnú le fo-alt (1) den alt seo.

(4) In alt 2 den Summary Jurisdiction Act, 1857, ciallaíonn “party”, agus san alt seo, ciallaíonn “páirtí”, duine ar bith a bhí i dteideal éisteacht a fháil agus a éisteadh sna himeachtaí inar tugadh an cinneadh a ndearnadh iarratas ar chás sonraithe ina leith.

Cás a shonrú don Ard-Chúirt ar cheist dlí.

52. —(1) Déanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche, arna iarraidh sin air d'aon duine a éisteadh in aon imeachtaí ar bith os a chomhair (seachas imeachtaí maidir le cion indíotáilte nach bhfuil á thriail go hachomair ag an gcúirt), mura rud é gur dóigh leis gurb iarratas suaibhreosach é, agus féadfaidh sé (gan a iarraidh air), aon cheist dlí a éireoidh sna himeachtaí sin, a chur faoi bhráid na hArd-Chúirte, lena cinneadh.

(2) Féadfar, le cead na hArd-Chúirte, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Uachtaraí i gcoinne gach cinneadh ag an Ard-Chúirt ar cheist dlí a tarchuireadh chun na hArd-Chúirte faoi fho-alt (1) den alt seo.

Feidhm alt 26 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 .

1960, Uimh. 15 .

53. —Bainfidh alt 26 den Acht Fruilcheannaigh (Leasú), 1960 , le haon chaingean a bheidh ar feitheamh san Ard-Chúirt agus a bheidh bunaithe ar chomhaontú díola chreidmheasa (de réir bhrí na nAchtanna Fruilcheannaigh, 1946 agus 1960).

Dlínse chun bannaí síochána nó dea-iompair a chur ar dhuine.

54. —An dlínse a bhí tráth inoibrithe ag giúistísí síochána chun ordú a dhéanamh ag cur bannaí síochána nó dea-iompair nó bannaí síochána agus dea-iompair ar dhuine agus á cheangal air dul faoi chúirtbhanna chuige sin, beidh sí inoibrithe ag—

(a) breitheamh den Chúirt Uachtarach nó den Ard-Chúirt, nó

(b) breitheamh den Chúirt Chuarda laistigh den chuaird a mbeidh sé sannta di de thuras na huaire, nó

(c) breitheamh den Chúirt Dúiche laistigh den dúiche a mbeidh sé sannta di de thuras na huaire.

Oifigí agus oifigigh, etc., faoi na h Achta Oifigigh Cúirte, 1926 go 1951.

1951, Uimh. 8 .

55. —(1) Beidh feidhm ag na forálacha atá leagtha amach san Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le hoifigí agus oifigigh atá le bheith ag gabháil leis an Ard-Chúirt, leis an gCúirt Uachtarach agus le hUachtarán na hArd-Chúirte faoi seach.

(2) (a) Tiocfaidh gach oifig Chúirte Cuarda chun bheith, agus beidh sí, ag gabháil leis an gCúirt Chuarda.

(b) Tiocfaidh gach cláraitheoir contae chun bheith, agus beidh sé, ag gabháil leis an gCúirt Chuarda.

(c) Gach sannadh a rinneadh nó a mheastar a rinneadh i gcás cláraitheora contae faoi alt 10 d'Acht 1945 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 10; mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(3) (a) Tiocfaidh gach cléireach cúirte dúiche chun bheith, agus beidh sé, ag gabhail leis an gCúirt Dúiche.

(b) Gach sannadh a rinneadh i gcás cléireach cúirte dúiche faoi alt 48 d'Acht 1926 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 48 mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(4) Aon cheanglas a rinneadh faoi alt 9 d'Acht 1945 roimh an dáta feidhme, má bhíonn sé i bhfeidhm díreach roimh an dáta feidhme, leanfaidh sé de bheith i bhfeidhm agus measfar é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 9, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(5) Aon cheapachán a rinneadh faoi alt 4 (a bhaineann le hionadaithe do chléirigh chúirte dúiche) den Acht Oifigeach Cúirte, 1951 , roimh an dáta feidhme, measfar, mura bhfoirceannfar é roimh an dáta feidhme, é a bheith arna dhéanamh faoin alt sin 4, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo.

(6) Bainfidh na forálacha seo a leanas le haon duine a bheidh, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh aon oifige, fostaíochta nó poist faoi na hAchta Oifigeach Cúirte, 1926 go 1951—

(a) leanfaidh sé de bheith i seilbh a oifige, a fhostaíochta nó a phoist ionann is nár ritheadh an tAcht seo,

(b) ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difir do na téarmaí agus na coinníollacha ar dá réir nó faoina réir a shealbhaigh sé a oifig, a fhostaíocht nó a phost díreach roimh an dáta feidhme.

(7) Aireofar sa ghnó a bheidh le déanamh san oifig Chúirte Cuarda don chuaird ina bhfuil contae agus contae-bhuirg Chorcaí de bhun alt 37 d'Acht 1926, gnó Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí, agus beidh éifeacht dá réir sin ag alt 65 d'Acht 1936 (a bhaineann le táillí cúirte a ordú).

Cumhacht chun cláraitheoirí contae a choimeád in oifig tar éis cúig bliana is seasca d'aois a shlánú.

56. —(1) (a) San alt seo ciallaíonn “an Coiste” coiste arb iad a bheidh ann—

(i) an Príomh-Bhreitheamh,

(ii) Uachtarán na hArd-Chúirte, agus

(iii) an tArd-Aighne.

(b) Féadfaidh an Coiste gníomhú trí thromlach dá chomhaltaí agus beidh barántas faoin alt seo fíordheimhnithe go leordhóthanach má bhíonn sé sínithe ag beirt chomhalta den Choiste.

(2) I gcás—

(a) ina mbeidh cláraitheoir contae ar tí cúig bliana is seasca a shlánú, agus

(b) ina gcruthóidh sé chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a thabharfadh go mbeadh sé neamhinniúil chun dualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste más cuí leo é tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, le barántas a dhéanfar sula slánóidh an cláraitheoir contae sin an aois sin, é a choimeád in oifig go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánóidh sé an aois sin.

(3) I gcás—

(a) ina mbeidh cláraitheoir contae lena mbaineann barántas faoi fho-alt (2) den alt seo nó faoin bhfo-alt seo, nó a measfar go mbaineann barántas faoin bhfo-alt seo leis, ar tí sé bliana is seasca, seacht mbliana is seasca, ocht mbliana is seasca nó naoi mbliana is seasca (cibé acu é) d'aois a shlánú, agus

(b) ina gcruthóidh sé chun sástachta an Choiste nach bhfuil sé faoi aon mhíchumas a thabharfadh go mbeadh sé neamhinniúil chun leanúint de dhualgais a oifige a chomhlíonadh go héifeachtúil,

féadfaidh an Coiste, más cuí leo tar éis dul i gcomhairle leis an Aire, le barántas a dhéanfar sula slánóidh an cláraitheoir contae sin an aois sin, é a choimeád in oifig go ceann bliana dar tosach an dáta a shlánóidh sé an aois sin.

(4) Más rud é, díreach roimh an dáta feidhme, go mbeidh cláraitheoir contae ann ar fadaíodh a aois scortha faoi fho-alt (6) d'alt 35 d'Acht 1926, measfar an cláraitheoir contae sin a bheith arna choimeád in oifig le barántas faoi fho-alt (3) den alt seo agus é a bheith ina chláraitheoir contae lena mbaineann an t-alt seo.

(5) Beidh éifeacht ag forálacha an ailt seo d'ainneoin aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (6) d'alt 35 d'Acht 1926.

Pinsean Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais agus chláraitheora contae.

57. —(1) I gcás—

(a) duine atá i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae a scor de bheith i seilbh na hoifige sin (ar shlí seachas ar é dá chur as an oifig sin ag an Rialtas ar fhoras mí-iompair nó neamhéafeachtúlachta) tar éis cúig bliana is seasca a shlánú nó ar dheimhniú dochtúra go bhfuil sé éagumasach, mar gheall ar easláinte aigne nó coirp, ar dhualgais na hoifige sin a chomhlíonadh agus gur dóigh don easláinte sin bheith buan, agus

(b) cúig bliana nó níos mó de sheirbhís leanúnach a bheith tugtha aige in oifig nó in oifigí acu sin

beidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, cáilithe le haghaidh pinsin arb é a bheidh ann—

(i) má tá fiche bliain, nó níos mó ná fiche bliain, seirbhíse den sórt sin slán aige, dhá thrian den tuarastal bliantúil i leith na hoifige a bhfuil scortha aige de bheith á sealbhú, nó

(ii) mura bhfuil fiche bliain seirbhíse den sórt sin slán aige, an séú cuid den tuarastal bliantúil i leith na hoifige a scoirfidh sé de bheith á sealbhú maraon leis an tríochadú cuid den tuarastal sin in aghaidh gach bliain slánaithe (más ann) seirbhíse den sórt sin de bhreis ar chúig bliana.

(2) I gcás duine a bheidh ag fáil pinsin faoin alt seo a bheith ar fostú i bpost a n-ioctar tuarastal ina leith as airgead a sholáthraíonn an tOireachtas, ansin

(a) ní bheidh an pinsean iníoctha in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh a thuarastal i leith an phoist sin comhionann leis an tuarastal, nó níos mó ná an tuarastal, ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean, agus

(b) ní bheidh iníoctha den phinsean in aghaidh aon tréimhse ina mbeidh a thuarastal i leith an phoist sin níos lú ná an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh a phinsean ach an oiread de a dhéanfaidh, i dteannta a thuarastail i leith an phoist sin, méid is ionann agus an tuarastal ar faoina threoir a ríomhadh an pinsean.

(3) Déanfar tagairt san alt seo do sheirbhís duine ar bith a fhorléiriú mar thagairt do sheirbhís ag an duine sin ar íocadh tuarastal leis ina leith, taobh amuigh d'aon tréimhse a bhí sé as láthair mar gheall ar bhreoiteacht agus inar íocadh tuarastal leis de réir an ráta ba chuí dá mbeadh sé ar pinsean.

(4) Féadfaidh an tAire Airgeadais pinsin faoin alt seo a dheonú.

Forálacha speisialta do dhuine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae.

58. —(1) D'ainneoin téarmaí alt 57 den Acht seo, ní bheidh feidhm ag an alt sin maidir le duine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae mura roghnóidh ná go dtí go roghnóidh sé faoin alt seo glacadh le forálacha an ailt sin 57.

(2) Duine a bheidh, ar an dáta feidhme, i seilbh oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a chuirfear go dtí an tAire sula mbeidh trí mhí caite i ndiaidh an dáta feidhme, a roghnú go nglacfaidh sé le forálacha alt 57 den Acht seo.

(3) D'ainneoin ailt 4 agus 5 d'Acht 1945 a aisghairm leis an Acht seo—

(a) leanfaidh na hailt sin d'éifeacht a bheith acu maidir le duine a bhí, ar Acht 1945 a rith, i seilbh oifig Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae agus a bheidh i seilbh na hoifige sin ar an dáta feidhme, mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine sin faoin alt seo glacadh le téarmaí alt 57 den Acht seo;

(b) leanfaidh alt 4 d'éifeacht a bheith aige maidir le duine a ceapadh d'oifig Mháistir na hArd-Chúirte, Mháistir Fómhais nó chláraitheora contae tar éis Acht 1945 a rith agus a bheidh i seilbh na hoifige sin ar an dáta feidhme, mura roghnóidh agus go dtí go roghnóidh an duine sin faoin alt seo glacadh le téarmaí alt 57 den Acht seo.

Oifigigh Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

59. —(1) San alt seo—

ciallaíonn “Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair” breitheamh na Cúirte Cuarda do láthair don chuaird den Chúirt Chuarda do láthair arb é atá inti contae agus contae-bhuirg Chorcaí;

ciallaíonn “Cláraitheoir Contae Chorcaí” an cláraitheoir contae do chontae agus contae-bhuirg Chorcaí.

(2) (a) San fho-alt seo ciallaíonn “an Chúirt” Cúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí a chomhdhéantar le fo-alt (2) d'alt 23 den Acht seo.

(b) Beidh na hoifigigh seo a leanas ag gabháil leis an gCúirt—

(i) cláraitheoir,

(ii) marascal.

(c) Is é Cláraitheoir Contae Chorcaí a bheidh ina chláraitheoir don Chúirt.

(d) Is é an tAire a cheapfaidh marascal na Cúirte agus sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(e) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna chláraitheoir na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an oifigeach a ghabhann leis an Ard-Chúirt agus atá ag gníomhú mar Chláraitheoir Aimiréalachta na hArd-Chúirte.

(f) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna mharascal na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an oifigeach a ghabhann leis an Ard-Chúirt agus atá ag gníomhú mar Mharascal Aimiréalachta na hArd-Chúirte.

(g) An duine (má b'ann) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh oifig mharascail nó ag gníomhú mar mharascal chun críocha na dlínse aimiréalachta a bhí á hoibriú, díreach roimh an dáta feidhme, ag Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair, tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhua na míre seo, ina mharascal don Chúirt agus sealbhóidh sé an oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar shealbhaigh sé, díreach roimh an dáta feidhme, an oifig chéadluaite sin.

(3) (a) San fho-alt seo, ciallaíonn “an Chúirt” Cúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí a chomhdhéantar le fo-alt (3) den Acht seo.

(b) Beidh na hoifigigh seo a leanas ag gabháil leis an gCúirt—

(i) cláraitheoir,

(ii) sannaí oifigiúil,

(iii) teachtaire,

(iv) cibé oifigigh eile (más ann) a chinnfidh an tAire le comhthoiliú an Aire Airgeadais.

(c) Is é Cláraitheoir Contae Chorcaí a bheidh ina chláraitheoir don Chúirt.

(d) Is é an tAire a cheapfaidh gach oifigeach don Chúirt (seachas cláraitheoir na Cúirte) agus sealbhóidh sé oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

(e) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna chláraitheoir na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear ar dhuine de na Scrúdaitheoirí nó ar an Scrúdaitheoir (mura bhfuil ach Scrúdaitheoir amháin ann) le fomhír (2) de mhír 11 den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.

(f) Beidh údaráis, cumhachtaí, dualgais agus feidhmeanna shannaí oifigiúil na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

(g) An mhaoin, an t-eastát agus na héifeachtaí uile agus a leithéid uile a dhílseofaí don sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht i gcás imeachtaí a thionscnamh san Ard-Chúirt dílseofar do Shannaí oifigiúil na Cúirte iad i gcás imeachtaí a thionscnamh sa Chúirt, agus na hachtacháin lena ndéantar rialú agus ag a bhfuil éifeacht ar dhílsiú aon mhaoine, eastáit, agus éifeachtaí den sórt sin don Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht agus ar a ndídhílsíú rialóidh siad agus beidh éifeacht acu freisin ar dhílsiú an chéanna do shannaí oifigiúil na Cúirte agus ar a ndídhílsiú.

(h) An duine (má b'ann) a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, i seilbh oifige nó ag gníomhú mar shannaí oifigiúil chun críocha na dlínse i bhféimheacht a bhí á hoibriú díreach roimh an dáta feidhme ag Breitheamh Cúirte Cuarda Chorcaí do láthair tiocfaidh sé chun bheith agus beidh sé, de bhua na míre seo, ina shannaí oifigiúil don Chúirt agus sealbhóidh sé an oifig sin ar na téarmaí agus na coinníollacha ar ar shealbhaigh sé an oifig chéadluaite sin díreach roimh an dáta feidhme.

(i) Beidh cearta, cumhachtaí, dualgais agus oibleagáidí theachtaire na Cúirte ar comhréir leis na cinn a bhronntar nó a chuirtear le reacht nó le riail chúirte ar an teachtaire a ghabhann le hOifig an tSannaí Oifigiúil i bhFéimheacht.

(4) In alt 9 d'Acht 1945, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 48 den Acht seo, déanfar na tagairtí do chúirt a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do Chúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus do Chúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

Ceart éisteachta ag aturnaetha sa Chúirt Chuarda, i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí agus i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí.

1954, Uimh. 36 .

60. —Beidh ceart éisteachta sa Chúirt ag aturnae a bheidh ag gníomhú go ginearálta do pháirtí i gcaingean, in agra, in ábhar nó in imeachtaí coiriúla sa Chúirt Chuarda, i gCúirt Aimiréalachta Áitiúil Chorcaí nó i gCúirt Féimheachta Áitiúil Chorcaí agus ag aturnae a bheidh cáilithe chun cleachtadh (de réir bhrí an Achta Aturnaetha, 1954) agus a bheidh ag gníomhú mar chúntóir dó.

Aturnaetha agus coimisinéirí mionnaí.

61. —Na daoine go léir a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina n-aturnaetha do na cúirteanna a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus na daoine go léir a bhí, díreach roimh an dáta feidhme, ina gcoimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn, tiocfaidh siad ar an dáta feidhme chun bheith faoi seach ina n-aturnaetha do na cúirteanna a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I agus ina gcoimisinéirí chun daoine a chur faoi mhionn.